Is é seo mo chéad bhlag as Gaeilge. Beidh gach iontráil sa bhlag seo sa teanga sin - teanga ar náisiúin agus ár sinsear. Táim an-bhróidiúil ar fad as bheith i mo Ghael agus as an nGaeilge atá ar mo thoil agam. Is cuid thábhachtach dár bhféinaitheantas í an Ghaeilge agus tá súil agam cur leis an méid Gaeilge atá cheanna féin ar an mblagchruinne! Beannacht leat a scríbhinn agus beannachtaí breise ar gach a léann thú!
Popular Posts
-
Anois tá na h-uimhreacha de na daoine bochta a maraíodh to tubaisteach sa chrith talún in Abruzzo na hIodáile fós ag ardú. Ó scríobh mé sa ...
-
Seanbhád in Árainn Mhór Bhuel tá an iomarca ama sleamhnaithe isteach ó scríobhas puinn ar phár na blagchruinne anseo in Aisling! Déanta...
-
Dánta is Geal Liom 7 Táim ag filleadh arís san alt seo ar dhánta an Díreánaigh. Ní bhíonn sé ag plé mórán le cúrsaí achrannacha an anama a...
-
Mo choischéimeanna féin i gCoill Sheantraibh le déanaí Bhuel, a chairde dile, tá an aimsir atá againn anois ar a laghad feiliúnach don Sé...
-
Ins an bpost deireanach luaigh mé cé chomh doimhin, géarchúiseach, agus gan dabht tuisceanach, is atá léargas Nic Dhomhnaill ar chúrsaí ban...
-
De ghnáth ní dhéanaim fógraíocht ar an mblag seo, ach tá mé díreach tar éis ríomhphost molta cineálta a fháil ó bhean arb ainm dí Nóra Áine ...
-
Dánta is Geal Liom 4 Mar a dúirt mé i mo phost inné is breá liom dánta de chuid Sheáin Uí Ríordáin. “Cén fáth sin?” a deir tú. Bhuel tá me...
-
Is cuimhin liom na blianta ó shin bheith i láthair ag léacht iontach i gColáiste na hOllscoile , Baile Atha Cliath . Is amhlaidh gur tugadh ...
-
Alan Harrison (1943-2005) Is maith is cuimhin liom an sár-léachtóir le Gaeilge agus an cumarsáidí cumachtach sin Alan Harrison . Is cúis mh...
-
Dánta is Geal Liom 10 Ba mhaith liom caint faoi dhá dhán is ansa liom sa phost cuíosach fada seo. Is féidir leis an léitheoir an dá cheann ...
Saturday, May 20, 2006
An Séú Litir d'Aibítir na Gaeilge
An Séú Litir den Aibítir
Fearn (F) : The Alder Tree.
Uaireanta tugtar an fhearnóg ar an bhfearn. Bhaintí úsáid as adhmad an fheárna sna seanlaethanta chun sciatha (=shields) a dhéanamh. Nuair a ghearrtar adhmad na fearnóige athraíonn an dath ó bhán go fuil-dhearg agus mar sin tá an crann seo bainteach leis an mbás agus leis an gcogadh. Tá baint aige, chomh maith, leis an tine ós rud é go bhfuil an t-adhmad dearg agus leis an uisce toisc go bhfásann sé taobh le haibhneacha agus taobh le portaigh.
De ghnáth is crann mí-ádhúil é an fearn dar leis an mbéaloideas – go speisialta má ghabhtar thar an gcrann seo ar aistear nó ar thuras duit.
Creidtear gurb í an fhearnóg “An Chraobh Rua” den traidisiún ársa scéalaíochta sin ar an nglaotar “An Rúraíocht”. Is in Uladh a d’fhás an traidisiún seo agus b’ Ultaigh iad na saighdiúirí agus na laochra a bhí bainteach leis. Clann Ruai(dh)rí a tugadh ar an gclann ónar eascair “An Chraobh Rua.” Gan dabht ar domhan ciallaíonn an focal “Rua(dh)” “dearg” nó “red” i mBéarla.
Baineadh úsáid as adhmad an fhearna chun sciatha a dhéanamh chomh maith le babhlaí agus soithigh eile an tí. Úsáideadh é, maille leis sin, chun gualach (=charcoal) a dhéanamh. Baineadh úsáid as na caitíní (catkins) agus as an gcoirt (bark) le haghaidh dathacháin.
Labels:
Aibítir,
An Léann Ceiltigh,
Crainn,
Eiceolaíocht,
Spioradáltacht
Saturday, May 13, 2006
An Cúigiú Litir: An Eadhadh
An Cúigiú Litir d’Aibítir na Gaeilge:
An Eadhadh: E :
I mBéarla tugtar an “Aspen” ar an gcrann seo nó an “Populus tremula” sa Laidin. Ciallaíonn an aidiacht“tremula”rud a bhíonn ag croitheadh. Mar sin uaireanta cloisimid an leagan Gaeilge seo ar an gcrann, sé sin, An Crann Creathach.
Nuair a bhíonn fiú leoithne bheag ghaoithe ann tosaíonn duilleoga an eadhadh ag croitheadh agus ag siosarnach. Mar sin deirtear gur comhartha é de theacht an bháis agus do ghiorracht an domhain atá le teacht nó don ósnádúr! Deirtear chomh maith go bhfuil baint ó thaobh na fuaime dhe le ceol na mara.
Sa bhéaloideas deirtear go bhfuil an crann seo mí-ádhúil toisc é a bheith bainteacht leis an mbás. Mar sin d’fhás nós traidisiúnta suas I measc an phobail go raibh Crois Chríosta déanta as adhmad an Eadhadh. Sin an fáth go mbíonn an Eadhadh ag croitheadh – mar tá an méid sin náire air de bharr an drochghnímh seo! I nGluais Chormaic léimid faoin slat draíochta ar a dtugadh “An Fé”a bhí déanta as adhmad an Eadhadh. Baineadh úsáid as an diabhal rud seo chun corpáin na marbh a mheá nó a thomhas. Chomh maith leis sin leimid ins na scéalta fiannaíochta go raibh na seanlaochra úd, Oscar, mac Oisín, agus Oisín féin ag croitheadh ar a gcosa cosúil leis an Eadhadh nuair a bhuail an seanaois iad! Leimid fosta sa scéal iontach san “Uidheadh Clainne Uisnigh”gur thosnaigh Deirdre ag croith cosúil leis an Eadhadh nuair a leag sí a súile don chéad uair ar Naoise Mac Uisnigh! Is amhlaidh go raibh an mbás nó an chinniúint ins an braistint seo! Ta an Eadhadh gaolmhar leis an Phoibleog (Poplar) agus tá traidisiún an chaointe bainteach leosan chomh maith. Tá adhmad an Eadhadh ana-bhog ar fad agus mar sin níor baineadh mórán úsáide as le haghaidh aon rud don teach ná don fheirm!
An Eadhadh: E :
I mBéarla tugtar an “Aspen” ar an gcrann seo nó an “Populus tremula” sa Laidin. Ciallaíonn an aidiacht“tremula”rud a bhíonn ag croitheadh. Mar sin uaireanta cloisimid an leagan Gaeilge seo ar an gcrann, sé sin, An Crann Creathach.
Nuair a bhíonn fiú leoithne bheag ghaoithe ann tosaíonn duilleoga an eadhadh ag croitheadh agus ag siosarnach. Mar sin deirtear gur comhartha é de theacht an bháis agus do ghiorracht an domhain atá le teacht nó don ósnádúr! Deirtear chomh maith go bhfuil baint ó thaobh na fuaime dhe le ceol na mara.
Sa bhéaloideas deirtear go bhfuil an crann seo mí-ádhúil toisc é a bheith bainteacht leis an mbás. Mar sin d’fhás nós traidisiúnta suas I measc an phobail go raibh Crois Chríosta déanta as adhmad an Eadhadh. Sin an fáth go mbíonn an Eadhadh ag croitheadh – mar tá an méid sin náire air de bharr an drochghnímh seo! I nGluais Chormaic léimid faoin slat draíochta ar a dtugadh “An Fé”a bhí déanta as adhmad an Eadhadh. Baineadh úsáid as an diabhal rud seo chun corpáin na marbh a mheá nó a thomhas. Chomh maith leis sin leimid ins na scéalta fiannaíochta go raibh na seanlaochra úd, Oscar, mac Oisín, agus Oisín féin ag croitheadh ar a gcosa cosúil leis an Eadhadh nuair a bhuail an seanaois iad! Leimid fosta sa scéal iontach san “Uidheadh Clainne Uisnigh”gur thosnaigh Deirdre ag croith cosúil leis an Eadhadh nuair a leag sí a súile don chéad uair ar Naoise Mac Uisnigh! Is amhlaidh go raibh an mbás nó an chinniúint ins an braistint seo! Ta an Eadhadh gaolmhar leis an Phoibleog (Poplar) agus tá traidisiún an chaointe bainteach leosan chomh maith. Tá adhmad an Eadhadh ana-bhog ar fad agus mar sin níor baineadh mórán úsáide as le haghaidh aon rud don teach ná don fheirm!
Labels:
Aibítir,
An Léann Ceiltigh,
Crainn,
Eiceolaíocht,
Spioradáltacht
Friday, May 12, 2006
An Dair - an Ceathrú Litir d'Aibítir na Gaeilge
An Dair (D) nó an ceathrú litir d’Aibítir na Gaeilge
Tugann an dair adhmad maith áisiúil dúinn - adhmad atá an-láidir ar fad. Chomh maith leis sin, fásann a lán dearcán air a sholáthraíonn bia cothaitheach d’ainmhithe éagsúla. Freisin, is féidir a rá gur crann uasal galánta é a mhaireann na cianta. Uaidh sin is siombal é den neart, den torrthúlacht, den ríogacht agus den bhuanseasmhacht. Léitear sa Táin go leagann Cú Chulainn dair mhór ar a scríobhann sé litreacha ogham i mbearna chun arm Mhéadhbhe a shárú. Maille leis sin, léimid sa scéal iontach Fiannaíochta sin, Tóraíocht Dhiarmada agus Ghráinne gur stop na leannáin cháiliúla seo ag áit darb ainm Doire Dá Bhaoth. Nuair a ráinig an bheirt acu an áit san do ghearr Diarmuid seacht ndoirse as adhmad an doire (oakgrove) (Gan dabht ar domhan is ón bhfocal san a tháinig ainm na cathrach clúití “Doire”). Rinne Diarmuid an gníomh seo chun iad féin a chosaint ar a lucht leanta nó ar a dtóraitheoirí, sé sin Fionn agus an Fhian. Bhí cumhacht dhraíochta ag na doirse seo déanta as adhmad na daire – ní raibh na Fianna in ann dul tríothu. Bhí orthu fanúint taobh amuigh go dtí go dtiocfadh an laoch amach dá dheoin féin. Chomh maith leis sin feicimid láithreach go bhfuil imeartas focal in aigne an scríbhneora – “doire” agus “doirse”!
Is fada atá sé inghlactha gurb é an dair crann mór na ndraoithe. Is ón scríbhneoir agus ón staraí clúiteach Rómánach Pliny a fhaighimid an t-eolas iontach tábhachtach seo. Mar a deir sé fein: “The druids…held nothing more sacred than the mistletoe and the tree that bears it, always supposing that tree to be an oak. But they chose groves formed of oaks for the sake of the tree alone, and they never perform any of their rites except in the presence of a branch of it; so it seems possible that the priests themselves may derive their name from the Greek word for that tree.” (See Irish Trees: Myths, Legends and Folklore, Niall Mac Coitir, Collins Press, 2003, p. 60) A mhalairt ar fad a chreideann na saineolaithe nua-aimseartha faoi bhunús an fhocail “druid” nó “draoi”. Deir siad go dtagann an focal seo ón gCeiltis, “dru-vid”, focal a chiallaíonn “an-léannta ar fad.”
Gan dabht tuigimid inniu go raibh leanúnachas idir an phágántacht agus an Chríostaíocht in Éirinn – sé sin do bhaist na Críostaithe nua na sean áiteanna agus na sean rudaí, mar shampla – Bhaist siad Cruach Phádraigh ar an sliabh a bhí tiomnaithe do shean dia na gCeilteach, sé sin Lugh. Mar an gcéanna leis an dair i ndairíre píre, mar shampla “Daire Calgaich” nó “Doire” (Derry) a bhunaigh Naomh Colmcille. Bhí scoil mhainistreach ag Maigh Daireach (Oak Plain) nó Durrow. Áit chailiúil eile gan dabht ná Cill Dara nó Kildare a bhunaigh Naomh Bríd. Glacadh leis go raibh an seanchrann daireach beannaithe aici agus gur mhair sé leis na blianta mar fhoinse míorúiltí!
Ta pictiúr de dhilleoga na daire curtha ag barr an phoist seo agam!
Labels:
Aibítir,
An Léann Ceiltigh,
Crainn,
Eiceolaíocht,
Scríbhneoireacht
Tuesday, May 02, 2006
An Coll nó an Tríú Litir den Aibítir
An Tríú Litir den Aibítir
Táim tar éis an cló a athrú don phost seo. Anocht táim ag baint úsaid as Cló Gaelach (Twomey). Mar a fheiceann sibh tá “s” (s) agus “r” (r) faoi Leith ag an gcló seo. Taobh amuigh de sin níl mórán difríochtaí idir an cló seo agus sin de chuid Mhorley. Feicim go bhfuil fadhb bheag leis an gcló féin, sé sin go bhfágtar spás litreach amháin díreach I ndiaidh “ú” i bhfocal ar bith!
Is é Coll an tríú litir den sean-aibítir. Ciallaíonn coll “hazel tree” i mBéarla. Tugtar “Corylus avellana” ar an gcoll i dtéarmaíocht eolaíochta na Laidine. Arís faightear an coll taobh le haibhneacha nó locha agus mar sin is siombal é de thorthúlacht, d’aigne nó de ghaois, d’ionspioráid an fhile agus den eolas misteach. Bhí ceangal nach beag ag Fionn Mac Cumhaill leis an gcoll, go háirithe le cnónna an choill. Fuair Fionn a chuid eolais agus a chuid aigne tar éis dó a mhéar a dhó agus é ag cócaireacht an bhradáin fheasa. Deirtear go raibh cnónna an choill mar bhia ag an mbradán ceanann céanna. Fiú amháin deirtear go raibh sciath Fhinn déanta as adhmad an choill. Na trí rudaí a chuir lucht Dé Danann muinín mhór iontu ná an Chéacht, an Ghrian agus an Coll. Go deimhin is iad seo a leanas ainmneacha na dtrí ríthe deiridh den Tuatha Dé: Mac Cecht, Mac Gréine agus Mac Cuill. Mar bhuille scoir ba mhaith liom an bhaint le hOíche Shamhna a lua – toisc go mbíonn cnónna an choill aibí um Shamhain. I seandlíthe na mBreithiumhan luaitear an coll mar ceann de na “Airig fedo” nó crainn uaisle na coille.
Labels:
Aibítir,
An Léann Ceiltigh,
Crainn,
Eiceolaíocht,
Spioradáltacht
Monday, May 01, 2006
An Dara Litir den Aibítir
Beith nó “Birch”
Beith = B = an dara litir d’ aibítir na Gaeilge.
Tugtar an t-ainm “Betula pendula” ar an “Silver Birch” agus an t-ainm “Betula pubescens” ar an “Downy Birch” sa Laidin – sé sin na hainmneacha beachta eolaíochta atá orthu araon. Tá an bheith bainteach le breith agus le páistí óga. Baintí úsaid as an gcrann seo sna seanlaethanta chun scuaba a dhéanamh toisc a leithéid de chraobhacha beaga is atá aici. Bhíodh scuab beithe nach mór i ngach tigh sna seanlaethanta. Is siombal í an bheith mar sin den bhreith agus den athbhreith, den tsíoraíocht, den óige, den ghrá agus den ghlaineacht (= purity). Sa scéal iontach sin a d’fhoghlaimíomar ar scoil – “Tóraíocht Dhiarmada agus Ghrainne” – léigheamar go ndearna Diarmaid leaba as luachair (rushes) agus as barr chraobhacha na beithe mar leaba grá dó fhéin agus do Ghráinne.
I bhfilíocht na Gaeilge sna sean laethanta tugtaí “finnbhean na coille” nó “the fair woman of the woods” ar an mbeith chéanna. Chomh maith leis an leamhnán nó an ailm luaitear an bheith mar “aithig fedo” nó gnáthchrainn na coille.
Ag barr an phoist seo tá pictiúr de dhuilleog na beithe iniata agam.
Labels:
Aibítir,
An Léann Ceiltigh,
Crainn,
Eiceolaíocht,
Spioradáltacht
Subscribe to:
Posts (Atom)