tag:blogger.com,1999:blog-206582642024-03-07T06:18:28.645+00:00AislingIs é seo mo chéad bhlag as Gaeilge. Beidh gach iontráil sa bhlag seo sa teanga sin - teanga ar náisiúin agus ár sinsear. Táim an-bhróidiúil ar fad as bheith i mo Ghael agus as an nGaeilge atá ar mo thoil agam. Is cuid thábhachtach dár bhféinaitheantas í an Ghaeilge agus tá súil agam cur leis an méid Gaeilge atá cheanna féin ar an mblagchruinne! Beannacht leat a scríbhinn agus beannachtaí breise ar gach a léann thú!Timhttp://www.blogger.com/profile/17341790378869111524noreply@blogger.comBlogger142125tag:blogger.com,1999:blog-20658264.post-5790565089910602562016-04-17T13:12:00.000+01:002016-05-02T16:03:29.989+01:00Labhairt na Gaeilge 1
Tá cleachtadh tábhachtach i ngach réim den saol
Doras feasa fiafra?
Timhttp://www.blogger.com/profile/17341790378869111524noreply@blogger.comtag:blogger.com,1999:blog-20658264.post-32478911159468080322014-07-07T14:27:00.000+01:002014-07-08T14:17:59.885+01:00Aistear Anama
Réamhrá
Leathanach samplach den Bhailiúchán
Éinne a bhfuil cúpla teanga nó níos mó ar a dtoil acu is amhlaidh go mothaíonn siad uaireanta mar scitsifréinigh. Ar a laghad mothaímse féin mar sin ar uairibh. Fanaigí liom go míneoidh mé an scéal ina iomláine daoibh, a chairde.
Ar an gcéad dul síos caithfidh me a rá nach bhfuil an Ghaeilge agam ón gcliabhán agus nach raibh ach cúpla focal ag m'athair is mó mháthair. Ach bhí bá acu le gach rud Gaelach agus an teanga san áireamh. Bhí an t-ádh dearg orm nuair a chuaigh mé ar scoil go raibh múinteoirí maithe tuisceanacha agam a raibh neart Gaeilge acu sa bhunscoil agus sa mheánscoil. Rinne mé leath de mo mheánscoilíocht tré mheán na Gaeilge mar ba muidne an rang deireanach a rinne an Mheánteist as Gaeilge i Scoil Uí Chonaill. Ina dhiaidh sin thiontaigh sraith na Gaeilge ar an mBéarla cosúil leis an gcuid eile den scoil. B'amhlaigh nach raibh na múinteoirí ann ag an am sin a raibh ar a gcumas na h-ábhair éagsúla, go h-áirithe an Eolaíocht, an Cheimic, an Fhisic agus an Bhitheolaíocht, a mhúineadh trén' mheán. Ach sin scéal eile agus táim ag tosnú mo smaointe a ligint chun fáin.
Ar aon nós nuair a bhí mé i mo dhalta beag ní raibh foirm cheart agam riamh de mo shloinne i nGaeilge. Thug gach múinteoir foirm nua den sloinne orm gach bliain. Bhaist fear amháin Ó Ceanndulabháin orm, fear eile Ó Caoindealbháin, múinteoir eile arís Ó Coinnealáin agus an fhoirm is fearr liom anois agus is fusa a rá na Ó Caoinleáin a bhí ag fear tuisceanach eagnaí amháin.
Féinaithne agus Féiniúlacht
Níl aon argóint ann nó gurb í an fhéiniúlacht ceann de phríomhaidhmeanna na beatha. Ní gá d'éinne bheith ina shiceoalaí, síciatraí nó comhairleoir chun é sin a thuiscint. Gan dabht déanaim an chuid is mó den chíoradh nó den iniúchadh sin ar an ábhar seo as Béarla, ach caithfidh mé a admháil go ndéanaim cuid thábhachtach den mhacnamh sin i mo chuid dánta a chumaim as Gaeilge. Cén fath go gcumaim dánta as Gaeilge? Tá an freagra suimiúil ar shlí. Baineann sé le fuaimeanna, ceol agus ceolmhaireacht na Gaeilge féin. Chomh maith leis sin, caithim a lán de mo laethanta saoire i gCalabria na hIodáile agus is fíorshuimiúil é dom i gcónaí go dtagann an Ghaeilge chun tosaigh i m'intinn, fiú ina srutháin, rud nach bhfuil amhlaidh nuair a bhím sa bhaile in Éirinn. Cén fáth? Is rud bunúsach é ar shlí go mothaím níos mó mar Éireannach agus mar Ghael agus na focail sin ina rabharta i mo chloigeann ar ithir eachtrannach. Mar a dúirt mé, séard atá ag dul i gcionn orm ná rithim agus ceol agus ceolmhaireacht an dá theanga. Níl sa Bhéarla ach fuaimeanna leadránacha monatonacha i gcomparáid le ceachtar acu.
Is suntasach an fud é, ceapaim, go bhfuil réimse i bhfad níos leithne fuaimeanna sa Ghaeilge ná mar atá sa Bhéarla. Chun a rud a shimpliú, níl ach cúig chinn de ghutaí sa Bhéarla ach tá dhá oiread níos mó sa Ghaeilge. Ar a shon san is amhlaidh gur thiteas i ngrá leis an Iodáilis agus an nGaeilge.
Chomh maith leis sin tugann gach teanga réimse dhifriúil smaointe agus réimse éagsúil slithe chun an smaoineamh sin a chur in iúl nó i bhfeidhm.
Aistear Anama
I ndiaidh sin uile táim tagtha chun ceann scríbe sa phost seo, sé sin go bhfuilim tar éis bailiúchán beag de dhánta as Gaeilge a chur le chéile le fíordhéanaí agus an teideal air sin ná Aistear Anama. Iar-scoláire liom darb ainm Mathew Staunton, a bhfuil gnó beag foilsitheoireachta aige ar a bhaist sé The Onslaught Press, a mhol dom bailiúchán beag de mo chuid dhánta a chur le chéile agus sin a rinne mé. Is maisitheoir iontach e Mathew agus tharraing sé léaraidí bréatha don leabhar seo.
Bhí mé ar tí tairicint Mhaitiú a dhiúltú mar thuig mé nach raibh mé ag bogadh timpeall sa chiorcal ceart, nach raibh mé mar a deirtear i mBéarla "ar an inside track." Ach ansin smaoinigh mé go bhfuil claochló tagaithe ar an nGaeilge ó thaobh a labhartha de, cuir i gcás, na mílte cainteoirí Gaeilge atá sna Stáit Aontaithe agus in áiteacha eile ar fud an domhain. Cuireann Séamas Ó Neachtain ó Nua Abhrach irisleabhar as Gaeilge amach gach ráithe dar teideal An Gael: Irisleabhar Idirnáisiúnta na Gaeilge. (Buail an nasc seo AN GAEL)  Séard atá a rá agam nach bhfuil aon mhonaplacht nó seilbh eisiach ag éinne ar aon teanga.
Ar aon nó seo mar a scríobh mé ar an mblurba don leabhar nua:
Is é seo an chéad chnuasach ó pheann Thaidhg Uí
Chaoinleáin cé is go bhfuil sé ag cumadh dánta ar feadh i bhfad. Is turas taisceadála é an bailiúchán seo a
chíorann a fhorbairt phearsanta mar Éireannach nua-aoiseach a léiríonn a ghrá
dá theanga dhúchais, dá mhuintir is dá chairde.
Tá bá doimhin ag an údar leis an nádúr i gcoitinne ach go h-áirithe le
dúile mar fharraige, salann, clocha, cré agus gaineamh. Tá an saothar seo bunaithe ar shraith de
thurasanna comhcheangailte óna óige i ranganna scoile a bhí dáinséareach
uaireanta go dtí aois fir dhó le luí aige le h-iontaisí an tsaoil mar
radharcanna, fuaimeanna agus bolaithe na tuaithe agus na cathrach araon. Cuimsíonn
na h-aistir éagsúla seo dhá thuras thábhachtacha – ar láimh amháin, an turas ón
domhan neamhchomhfhiosach chuig an domhan comhfhiosach agus ar an láimh eile dhe
turasanna corpartha fisiciúla ó thalamh glas na hÉireann go dtí garráin
líomóide na hIodáile Theas. Is múinteoir
méanscoile agus comhairleoir páirt-aimsire é Tadhg Ó Caoinleáin atá ag obair i
mBaile Átha Cliath mar a bhfuil cónaí air le blianta.
Leathanach samplach eile
Roinnt Poiblíochta
Má ta suim ag éinne an leabhar beag seo a cheannach ní gá ach buaileadh isteach ar shuíomh gréasáin Amazon ag an nasc seo leanas:
Aistear Anama
Doras feasa fiafra?
Timhttp://www.blogger.com/profile/17341790378869111524noreply@blogger.comtag:blogger.com,1999:blog-20658264.post-34232210902404748182014-03-03T23:06:00.001+00:002014-03-03T23:06:06.930+00:00Stair Mhúineadh na Gaeilge i Scoil Iósaif, Fionnradharc
Is oth liom a rá, a léitheoirí dílse, nár scríobhas puinn anseo sa bhlag seo le níos mó ná bliain anuas!. Deacair a chreidiúint cé chomh scioptha is a theitheann na laethanta uainn. Bhuel, ar aon nós, seo chugaibh píósa próis a chum mé le fíordhéanaí ar stair mhúineadh na Gaeilge d' Irishleabhar Cuimhneacháin a chuireas in eagar do chomóradh 125 bliana na scoile, sé sin, Scoil Iosaif, Fionnradharc, Baile Átha Cliath, 3.
An Príomhoide, mé féin agus beirt dalta ag láinseáil an Irisleabhair
iarracht cuntas a thabhairt ar stair a múinte agus a labhartha anseo i Scoil
Iósaif. Nuair a fostaíodh mé sa scoil sa
bhliain 1988 bhí an Ghaeilge go líofa ag a lán den fhoireann ag an am, fiú
taobh amuigh de roinn na Gaeilge féin.
Bhí cúigear againn sa roinn sin: Mícheál Ó Catháin (an leas-phríomhoide
ó 1980 go dtí 1997 nuair a chuaigh sé amach ar pinsean), Tomás Mac Ádhaimh
(Ciarraíoch agus cainteoir ó dhúchas a d’éirigh as sa bhliain 2000), Bairbre Uí
Dhéadaigh, Mánas Ó Luathaire (cainteoir dúchais eile) agus ansin mé féin Tadhg
Ó Caoinleáin. Labhraímis an Ghaeilge le chéile de ghnáth mar bhí
sean-traidisiún a labhartha coitianta i scoileanna na mBráithre Críostaí agus
níorbh aon eisceacht í Scoil Iósaif. <o:p></o:p>
an bhfoireann taobh amuigh den roinn, mar a bhí: Róisín Nic Chába, cainteoir
dúchais eile de bhunadh Chonamara di.
Mhúin Róisín an Spáinnis amháin sa scoil, más buan mo chuimhne agus bhí
deartháir leí, Éanna in a léachtóir le Gaeilge i gColáiste Phádraig, Droim
Conrach leis na blianta. Bhí neart Gaeilge
ag a leithéidí mar Róisín Nic Ghuidhir (Mata a mhúin Róisín don chuid is mó ach
in am an ghátair líonfadh sí an bhearna go huchtúil) agus Antaine de Barra a
sheas an fód ar son na cúise go dtí le déanaí nuair a chuaigh sé amach ar pinsean
sa bhliain 2013. Bhí togha na Gaelainne
fós ag Gearóid Brockie a rinne a scolaíocht ar fad tréna meán agus fiú ag Breandán
Ó Lathaigh, a d’éag sa bhliain 2002 agus gan ach timpeall caoga bliain
slánaithe aige, go ndéana Dia trócaire ar a anam uasal. Ach faraor, tá formhór na ndaoine atá
thuasluaite agam éirithe as gairm na múinteoireachta agus braithimid uainn iad.<o:p></o:p>
teanga a chaomhnú agus a chur chun cinn.
Nuair a tosnaíodh ar mhúineadh na Gaeilge ag an am sin in Éirinn tugadh
Ceiltis mar ainm ar an ábhar. Scoláirí
na mBráithre nach mór a roghnaigh an t-ábhar agus a bhformhór a bhain na
marcanna ab’airde amach sna Scrúdaithe Meánteistiméireachta. Mar shampla, sa bhliain 1895 bhain 528 dalta
pas amach sa Cheiltis sa scrúdú sin agus tháinig 449 den uimhir sin ó
scoileanna na mBráithre Críostaí.<o:p></o:p>
Conchubhar Ó Raghallaigh leis an gcéad chóip!
lán dá gcuid ama ag múineadh na Gaeilge agus bhí fear amháin ar an bhfoireann
anseo i Scoil Iósaif, an Bráthair J.V. Ó Cathasaigh agus do scríobh seisean
leabhar scoile dar teideal Aids to Irish
Composition. Le linn na bhfichidí den bhfichiú haois chuaigh stáid na
Gaeilge go mór chun cinn sa scoil agus de réir a chéile múineadh ní ba mhó
ábhair tréna meán. Tosnaíodh ar í a
labhairt fiú taobh amuigh den seomra ranga. De thoradh na dtréan-iarrachtaí a
rinne na Bráithre bronnadh corn speisialta, Corn na Dála, ar Scoil Iósaif,
Fionnradharc. Chuir Dáil Éireann an corn
sin ar bun chun aitheantas a thabhairt d’aon scoil ina raibh an líon ba mhó
scoláirí le Gaeilge ar a dtoil acu.
Bhain Scoil Iósaif an corn sin dhá uair: sa bhliain1926 agus arís sa
bhliain 1928.<o:p></o:p>
chomh mór sin chun tosaigh sa scoil gur tosnaíodh ar gach ábhar a mhúineadh
tréna meán sna luath-thriochaidí. Sa
bhliain 1937 bhain Scoil Iósaif céim iontach amach, sé sin, stádas ar a
nglaoití “Scoil A.” Seárd a bhí i gceist
leis an stádas “A” ná scoil inar múineadh gach abhar tré mheán na Gaeilge. Lean an stádas sin ar aghaidh ins an scoil
seo ’gainne go dti an bhliain 1957 – tréimhse fiche bliain ar fad. <o:p></o:p>
nIar-Scoláirí (sé sin, an PPU) sna luath-daichidí. Matamaiticeoir agus Gaeilgeoir den scoth a bhí
san fhear céanna, chomh maith le físí thar an ngnáth. (Is maith is cuimhin liom féinig úsáid a
bhaint as a chuid leabhar mata a bhí scríofa as Gaeilge nuair a bhíos i Scoil
Uí Chonaill mar dhalta sna seachtóidí).
Dob í an Ghaeilge meán cumarsáide Chumann na nIarscoláirí sna blianta
tosaigh sin agus dob é Annraoi Ó Beoláin ceannródaí an Chumainn sin leis na
blianta, fiú síos chun an am i láthair, agus gura fada buan an fear céanna. <o:p></o:p>
scoile agus bhí an-dúil aige i gcúrsaí spóirt agus sa Ghaeilge araon agus
bhunaigh sé craobh den eagraíocht Ógra Éireann a raibh mar aidhm aige ár
dteanga dhúchais a chur chun cinn trén í a labhairt le linn gnáthimeachtaí agus
caitheamh aimsire i gcoitinne. <o:p></o:p>
Caithnia seal sé bliana ar an bhfoireann múinte ó 1960 – 1966. Scríobh sé leabhar iontach agus tábhachtach,
saothar mór scolárthachta agus taighde, dar teideal Scéal na hIomána a foilsíodh sa bhliain 1980. Scríobh sé dhá leabhar shuimiúla eile eile,
ceann ar stair na peile gaelaí agus dírbheathaisnéis duine de bhunaitheoirí an
Chumann Lúthchleas Gael, viz, Micheál Ó Cíosóig. Dúirt an tOllamh le Gaeilge Alan Titley
(léachtóir i gColáiste na Tríonóide ag an am) go raibh Scéal na hIomána ar cheann dena leabhair ba thábhachtaí a
scríobhadh i nGaeilge sa bhfichiú haois.
D’éag an t-údar sa bhlian 2001 agus cúig bliana d’éag is trí scór
slánaithe aige.<o:p></o:p>
b’eisean an tUas Fiachra Ó Dufaigh a theagaisc sa scoil ó 1964-1970. Nuair a d’fhág Ó Dufaigh scoil Iósaif
fostaíodh é mar léachtóir i Roinn an Oideachais i gColáiste na hOllscoile, Má
Nuad mar ar mhúin sé Módheolaíocht na Gaeilge. Is cuimhin liom féinig úsáid a bhaint as
leabhar fíor-áisiúil a scríobh sé don Ardteistiméireacht Onóireacha sa Ghaeilge. <o:p></o:p>
tráite agam. Fágaim todhchaí na Gaeilge
sa scoil seo ag a leithéidí mar Shinéad Ní Ghleannáin, Conchubhar Mac Ghloinn
agus Séadhan de Poiré, múinteoirí óga fuinniúla den scoth a bhfuil an teanga ar
a dtoil agus suim thar na bearta sa chultúr Gaelach i gcoitinne acu. Má tá múinteoirí cosúil leo i scoileanna eile
na tire beidh todhchaí geal ag an nGaeilge. Go n-eirí an t-ádh leo.<o:p></o:p>
Doras feasa fiafra?
Timhttp://www.blogger.com/profile/17341790378869111524noreply@blogger.comtag:blogger.com,1999:blog-20658264.post-31651690757200493922012-07-16T16:31:00.000+01:002012-07-16T22:21:44.422+01:00An Aimsir Arís
Iascaire ar thrá Monasterace, Calabria, Meitheamh 2012
Táim díreach tar éis filleadh ar Éirinn i ndiaidh mí the ghrianmhar a chaitheamh i gCalabria na hIodáile mar a bhfuil arasán beag agam féin agus mo bheirt dheartháireacha. Admhaím go raibh an aimsir thar a bheith deas leis an teocht sna luaththriochadaí i rith an lae agus sna meánfhicheadaí um thráthnóna sa Mezzogiorno. Agus sin ráite is deas teacht ar ais go dtí an tOileán Iathghlas seo agus bualadh le h-aeráid mheasartha na hÉireann arís, bíodh is go bhfuil sé sórt bog agus tais i láthair na h-uaire. Anois, nílim ag iarraidh daoine mach bhfuil deis acu - de dhíth airgid nó de bharr chúinsí pearsanta - dul thar lear ar saoire ghréine a mhagadh nó fiú a chiapadh leis an ráiteas sin. Táim dáiríre - dar liom go bhfuil an aimsir lastuigh dem' intinn i bhfad níos tábhachtaí ná an sórt aimsire atá lasmuigh díom.
Gan dabht ar domhan tá an samhradh seo sna h-aird ó thuaidh thar a bheith neamhghnáthach don tráth seo den bhliain agus tuigim do na páistí agus do na déagóirí atá ar a laethanta saoire ón scoil. Cloisim iad ag síorghearán mar gheall ar an aimsir. Dúirt iarscolaíre liom cúpla lá ó shin go raibh áthas thar na bearta air an "poll xxxxx de thír" cosúil le hÉirinn a fhágáil fiú ar feadh dhá sheachtain a chaitheamh lena chairde i Santa Ponsa.
Sa deireadh thiar, is amhlaidh gurb é an diabhal ruda sin An Téamh Domhanda faoi deara na drochaimsire ó thuaidh. Deir na saineolaithe go bhfuil Sruth na Murascaile ag dul i bhfuaire agus nach bhfuil na Scairdsruthanna ag feidhmiú mar ba cheart agus ba chóir. (Buail an nasc seo a leanas fá choinne níos mó eolais air seo: Aeráid na hÉireann).
Is cuimhin liom blianta ó shin bualadh le turasóir ón nGearmáin ar chósta thiar na hÉireann - ar Ailltreacha Móthair, ceapaim, agus bhí mé féin is mo chairde ag gabháil leithscéil leis mar gheall ar chomh h-uafásach is a bhí an aimsir. Thosaigh sé ag gáírí, agus d'fhiafraíomar dhe cén fáth. Is mar seo a d'fhreagair sé muid: "Níl aon rud mar dhrochaimsir ann - bíonn tú feistithe ina comhair nó ní bhíonn!" Thosaigh mé ag smaoineamh i ndiaidh sin. Nach bhfuil an ceart aige? Má bhíonn an dearcadh ceart ag an duine in aon chúinse ar bith, titfidh cúrsaí amach gan mhórán trioblóide sa deireadh thiar.
Bíonn sinne Éireannaigh i bhfad ró-dhiúltach fúinn féin agus faoin tír i gcoitinne. Agus sin ráite, deir cara liom - Iodálach é - go bhfuil rianta na h-aimsire le feiceáil ar litríocht agus ar fhealsúnacht na hÉireann agus go bhfuil an chuid is mó dhíobh ana-dhiúltach agus tugann sé oeuvre Samuel Beckett mar shampla. Ní aontaím go h-uile is go h-iomlán leis mar faightear féith an ghrinn ina lán dár scríbhneoiri chomh maith, agus deir a lan saineolaithe go bhfaightear an fhéith chéanna i saothar Beckett má chreideann tú iad!
Ar aon nós, éiríonn mé tuirseach traochta den ghearán faoin aimsir gidh is go dtuigim é. Chomh maith leis sin éirím fíorthraochta den síordhiúltacht sin a chloisimid faoi chúrsaí geileagair ar a léithéid sin de chláracha mar Morning Ireland. Cothaíonn cláracha mar sin meon diúltach agus dearcadh diúltach in intinní an naisiúin. Cosúil leis an aimsir ba cheart dúinn bheith feistithe i gceart ó thaobh na h-eacnamaíochta dhe chomh maith le cúrsaí aimsire.
Bíodh lá maith agaibh uile, agus téigí amach bíodh soineann nó doineann ann. Mar a deir an sríbhneoir iontach uilíoch sin Pauo Coelho: "Má théann tú amach ar laethanta grianmhara amháin, ni bhainfidh tú do cheann scríbe amach ariamh!" (Aleph san Alchemist).
Doras feasa fiafra?
Timhttp://www.blogger.com/profile/17341790378869111524noreply@blogger.comtag:blogger.com,1999:blog-20658264.post-18812739637327554152011-12-21T20:59:00.000+00:002011-12-22T00:50:56.132+00:00Beannachtaí na Nollag
Is ró-annamh a leagaim peann ar phár, a chairde, nó b'fhéidir go mba cheart dom a rá gur ró-annamh ar fad a leagaim mó lámha ar eochairchlár mo ríomhaire glúine is an Ghaeilge á scíobh agam. Is mór an náire dom é gan roinnt chleachtaidh a dhéanamh ionas nach ndearmadfadsa mo chuid Ghaeilge. Ar aon nós ta séisiúr na Nollag inár mullach aríst agus ró-thapaidh ar fad! Ní fios cá n-imíonn an t-am ar chor ar bith. Táim ag iarraidh gach rud a chur in ord agus in eagar sa bhaile anseo i gcomhair na Nollag. Caithfidh mé a adhmháil nach bhfuil mórán suime agam sa tráth seo den bhliain. Tuigim daoibh a bhfuil páistí agaibh mar is tráth iontach spéisiúil, tráth draíochta, fiú misteach ar bhealach dóibh siúd. Is maith is cuimhin liom cé chomh mór is a bhíodh sceitimíní áthais agus ionaidh orm nuair a bhí mé an-óg.
Ar a laghad is briseadh ocáideach tráthúil é chun ár suaimhneas a ghlacadh ó fhrustrachas an ghnáthlá oibre. Táimse féin is mo dheartháir ag dul soir ó dheas go dtí Soverato i gCalabria na hIodáile Lá 'le Stiofáin ar feadh coicíse. De ghnáth nuair a ghluaisim go dtí an Mhór Roinn braithim i bhfad níos Gaelaí ná mar a bhraithimse ag a' baile. Nuair a chloisim an Iodáilis mórthimpeall orm braithim gur Gael mé seachas duine a bhfuil Béarla ar a thoil aige. Is amhlaidh go mb'fhearr liom mé fhéin a chur i iúl ar dóigh difriúil ón mBéarla. Ar scor ar bith níl mo chuid Iodailise chomh maith le mo chuid Ghaeilge ach tá sí á feabhsú agam. Is breá liom teangacha a fhoghlaim agus a labhairt. Nuair a bhíonn duine sa chomhtháacs ceart, sé sin i measc comhluadair ar dúchas dó an teanga sin tagann na focail i bhfad níos éasca do theanga an fhoghlaimeora. Sin mar a bhíonn cúrsaí nuair a théimse féin siar go dtí aon ceann dena Gaeltachtaí nó fiú soir ó dheas go dtí an Iodáil - tagann na teangacha éagsúla faoi seach chun chuimhne gan stró.
Maithigí dom nach bhfuil aon rud ró-dhomhain a rá seachas na rámhaillí cinn seo. Go dtí go mbeidh rud éigint níos fiúntaí le rá agam, slán agaibh.
Ar aon nós sula scarfaidh mé libh, ba cheart dom Nollaig shona a bheannú le cách. Go mbaine sibh sult is súp is 'chuile shórt áthais, craic is aoibhneas as an mbriseadh.
Doras feasa fiafra?
Timhttp://www.blogger.com/profile/17341790378869111524noreply@blogger.comtag:blogger.com,1999:blog-20658264.post-85339495687950454652011-07-15T12:44:00.000+01:002012-05-20T17:18:44.954+01:00Filíocht 3
Sé mo bharúil gurb iad an ceol is an fhilíocht go h-áirithe a speagann sinn, a ardaíonn an spiorad is an mheanma, a thugann dóchas dúinn dul i ngleic le fadhbanna móra na linne agus fiú aghaidh a thabhairt ar an lá agus ar laethana uile na bliana romhainn amach. Duine des na mórscríbhneoirí agus mórfhilí a chuaigh i bhfeidm go mór orm féin is mé i mo mhacléinn ar an ollscoil ná Samuel Taylor Coleridge, mórfhealsamh thréimhse na Rómánsaíochta i stair an Bhéarla. B'eisean a dúirt gurbh é an focal cuí san áit cuí croílár na stíle, "the right word in the right place," más buan mo chuimhne.
Ceann des na ráitisí is fearr liom ó bhéal binnbhriathrach deisbhéalach dhuine dár bhfilí náisiúnta i mBéarla Patrick Kavanagh ná "The standing army of Irish poets never falls below 20,000! " B'fhíor dhó gan aon agó. Cumann a lán dúinn dánta, gidh is nach gcuirtear i gcló a bhformhór. Cén fáth go bhfuil an "standing army" d'fhilí ann in aon teanga ar bith? Ar láimh amháin de deirtear nach léitear agus nach gceannaítear mórán leabhar filíochta sa domhan inniu nuair a chuirtear sin i gcomparáid leis an méid sin d'úrscéalta nó blockbusters a chuirtear i gcló agus a dhíoltar. Ach mar a dúirt saoi éigint uair amháin: "Is cuma sa tsioc mar i ndáiríre píre is sláintiúla sinn ó thaobh mheabhairshláinte dhe i ngeall ar an scríbhneoireacht chéanna." Ach ar an láimh eile dhe is deas an rud é do chuid dhánta a fheiceáil curtha i gcríoch i bhfoirm fhisiciúil thathagach mar irisleabhar nó cnuasach éigint bainteach le comórtas nó grúpa cumtha scéalta nó filíochta.
Ar an ábhar sin ba mhaith liom bolscaireacht a thabhairt anseo d'éacht mhór ata curtha i gcrích ag Séamus Ó Neachtain in athbheochan na seanirise sin An Gael. (Buail an nasc seo: An Gael.) Tuigim ar shlí gur poiblíocht leithleasach dom é ar bhealach óir gurb eisean, an tUasal Ó Neachtain a chuir a lán de mo chuid dhánta fein i gcló san iris cheanann chéanna. Tá buíochas ag dul dó as ucht an éacht mhór ata déanta aige maidir le dul chun chinn na Gaeilge sna Stáit Aontaithe agus fiú ar fud an domhain mhóir. Baisteann Séamus "Irisleabhar Idirnaisiúnta" ar an iris chéanna agus is fíor dó. Chaitheas féin ocht mbliana fichead ag gabhail do theagasc na Gaeilge agus tugann an éacht atá curtha i gcrích ag an bhfear seo - a d'fhoghlaimigh an Ghaeilge ina aonar ar dtús agus ansin i rangannaí go dtí go bhfuil an Ghaeilge ar a thoil aige anois - instealladh dóchais dom maidir le todhchaí na teanga. Gan dabht is mionteanga í an Ghaeilge. Ach tá go leor mionteangacha ar fud an domhain agus is sinne mar chine daonna is daibhre agus is boichte nuair a théann siad in éag.
Tháinig mé ar an laithreán seo nuair a bhí me ag scimeáil ar an Idirlíon inné agus is fíorshuimiúil é ó thaobh chur chun chinn mionteangacha tré leabhair iontu a chur i gcló Evertype. (clódóireacht, foilsitheoireacht, clóghrafaíocht.)
Doras feasa fiafra?
Timhttp://www.blogger.com/profile/17341790378869111524noreply@blogger.comtag:blogger.com,1999:blog-20658264.post-88002448939421865062011-07-12T14:05:00.000+01:002011-07-12T14:05:26.494+01:00Filíocht 2Cén fath a gcumann éinne dánta ar chor ar bith? Tuigimid go furasta cen fáth a gcumtar altanna próis and leabhair próís agus fiú úrscéalta - chun eolas faoi rud éigint a chur in iúl do dhaoine eile, chun cur leis an eolaíocht agus leis an teicneolaíocht i gcoitinne, nó chun caitheamh aimsire nó faoiseamh aigne a thabhairt do leitheoirí. Ceapaimse féin go gcumtar filíocht ar bhealach cosúil leis, nó ar a laghad comhthreomhar leis an dóigh ina gcumtar ceol. Tagann an inspioáid ó áit fhíordhomhain sa chroí nó san anam, agus níos minicí ná a chéile ón neamhchomhfhios. Sé sin, go bunúsach is rudaí draíochta, fiú misteacha iad iad filíocht agus ceol araon - tagann siad ó shiombóis iontach idir an comhfhios agus an neamhchomhfhios. Sin an fáth nach feidir le h-aon chumadóir, bíodh sé ina fhile nó ina cheoltóir miniú a thabhairt ar bhrí a bhfuil cumtha aige.
Mar a dúirt me sa phost inné bím ag scríobh liom as Gaeilge. Ní chumaim dánta anois as Béarla in aon chor, cé go scríobhaim prós an t-am ar fad as an teanga san. Ceapaimse go bhfeileann rithmeacha agus rímeanna na Gaeilge i bhfad níos éifeachtaí dona smaointe a thagaim chugham ó am go chéile i bhfoirm dáin nó ar a laghad i gcruth roinnt línte fileata.
Mar sin cuirim roinnt cheisteanna orm fhéin ó am go cheile ar chéard atá sna dánta sin a chruthaím ar phár? Leis an fhírinne a rá faightear ceol mo chroí iontu, ceol ar féidir le h-aon éisteoir nó léitheoir a chloisteáil nuair a théann sé nó sí i ngleic leo. Ar shlí amháin no eile is aistear spioradálta iad mo dhánta, aistear ar thóir na féiniúlachta, ar thóir ghaois de shórt éigin, ar thóir bhrí nó míniú taobh thiar den domhan seo ina mairimid. Is aistear fionnachtaine é chomh maith dom mar faightear léargas eile ar an saol agus aithne níos fearr agus níos doimhne orm féin. Uaireanta bíonn an t-eolas breise seo iontach cabhrúil agus uaireanta eile bíonn an fhírinne searbh. Ach ar dhóigh amháin nó eile caithfidh an scríbhneoir cruthaitheach glacadh le focail mar a fhaigheann sé iad agus mar a thiteann siad óna pheann a fhad is atá sé macánta agus ionraic ann féin. Is í an mhacántacht nó an t-ionracas an bua is luachmhaire in aon saothar cruthaitheach.
Tá trí leibhéal de chaidreamh, ceapaim, sna dánta seo – caidreamh liom féin, caidreamh le leannán agus caidreamh le Dia nó leis an bhfórsa pearsanta nó neamhphearsanta taobh thiar den domhan is den chruinne. Nílim ró-chinnte faoi cad nó cé is Dia ann – uaireanta braithim go bhfuil fórsa pearsanta ann agus uaireanta eile braithim uaim an phearsantacht sin agus is aindiagaí mé ansin. Fágaim ceist Dé oscailte ar fad – níl a fhios agam leis an fhírinne a rá an bhfuil sé nó sí ann ar chor ar bith agus i ndáiríre is amhlaidh gur cuma sa tsioc.
Ach tá caidreamh eile sna dánta seo chomh maith, caidreamh leis an domhan mór, leis an chruinne féin, leis an timpeallacht, leis an dúlra - na sléibhte, na gleannta, na clocha, na crainn, na plandaí, na h-aibhneacha, an fharraige mhór agus leis na h-ainmhithe agus le gach a bhogann mé, le gach a cuireann ag gáire nó ag gol mé. Ceist eile a chíoraim arís agus arís nó fadhb na péine agus fadhb na fulaingte. An féidir iad a shárú? Ní féidir ach féadtar glacadh leo. Is amhail le machnamh spioradálta dom dán a chruthú. An dreac nó an cruth a bhíonn ar aon dán, cuimsíonn sé mothú áirithe ag am faoi leith, ar ocáid faoi leith, in áit faoi leith. Is cuimhim liom bheith ag léamh faoi na scuainí fada bia a bhí sa Rúis díreach tar éis titim don chumannachas. D’fhiafraigh seanbhean de stróinséar a bhí in aice leí cad ba ghairm dó agus arna cloisteáil di gurbh fhile é d’fhiafraigh sí de an mbéadh sé ar a chumas an ganntanas, an easpa bia agus braistintí na ndaoine a bhí sa scuaine sin a chruthú. D’fhreagair an file go mbéadh cinnte. Sin an saothar is dual don fhile, d’aon scríbhneoir cruthaitheach i ndáiríre.
Más cumadóir d'aon sórt thú, ar aghaidh leis an obair agus bail ó Dhia ort agus ar do chuid shaothair.
Doras feasa fiafra?
Timhttp://www.blogger.com/profile/17341790378869111524noreply@blogger.comtag:blogger.com,1999:blog-20658264.post-2818275997594263772011-07-11T16:01:00.000+01:002011-07-11T16:01:01.146+01:00Filíocht 1Réamhrá
Bhuel, a chairde, is mithid dom um an dtaca seo post a scríobh anseo ó tharla go bhfuil trí mhí sleamhnaithe isteach ó leagas peann ar phár. Is fíor-iontach an rud é go bhfuilimid in ann teacht chomh h-éasca sin ar ábhar scríofa as Gaeilge ar an idirlíon sna laethanta nua-aimseartha seo. Mar sin níl aon leithscéal ag éinne a rá nach bhfuil deis aige nó aici an teanga a léamh, bíodh sé sin ar bhonn laethúil, seachtainiúil nó fiú míosúil. Bíodh sin amhlaidh, caithfidh mé a admháil anseo go macánta nach léim go leor ábhar scríofa as Gaeilge na laethanta seo agus is cúis náire é sin dom gan aon agó. Is brónach an rud é, fíorbhrónach i ndairíre nach bhfaighimid mórán deiseanna teanga ársa uasal ár sinsear a úsáid go rialta sa saol thart timpeall, orainn. Ach sin mar atá cúrsaí.
Filíocht
Rud amháin a mbainim ana-thaitneamh go deo as na laethanta seo ná bheith ag cumadh liom san fhilíocht as Gaeilge. Bhí mé timpeall fiche bliana d'aois nó tuairim sin nuair a chromas don chéad uair ar dhánta a scríobh, agus leanas ar aghaidh á gcumadh thar na blianta ach ba as Béarla amháin a chumas iad ag an am sin.
An file is mó a chuaigh i bhfeidhm orm sa Ghaeilge ná Seán Ó Ríordáin (1917-1977) toisc a dhoimhne is a bhí na dánta. Chomh maith leis sin chuaigh rithimí a chainte fhíornadúrtha i gcion go mór orm, a mbinneas is a gceolmhaireacht. Is cuimhin liom go geal a dhán den chéadscoth "Fill Arís" a léamh i gcomhair na hArdteiste sa bhliain chiniúnach sin, 1976, agus ag an am chuaigh na focail go ndúirt sé go fileata sa dán céanna "bain ded mheabhair//Srathar shibhialtacht an Bhéarla,//Shelley, Keats, is Shakespeare://Fill arís ar do chuid...// go mór i bhfeidhm orm ag an am. Cén fath go dtabharfadh éinne droim don Bhéarla go h-áirithe dos na mórscríbhneoirí sin a luaigh sé? Ach is amhlaidh gurbh é an paisean is an grá a bhí ina chroí don Ghaeilge ba chúis leis an ráiteas sin uaidh, mar léiríonn a chuid scríbhneoireachta ina dhialanna chomh leathan is a léigh sé litríocht an domhain uilig - mórscríbhneoirí an Bhéarla agus fiú litríocht na Fraince is na Rúise chomh maith.
File eile a chuaigh go mór i bhfeidhm ar an mblagálaí seo ná Mícheál Ó hAirtnéide (1941 – 1999) a chum a chuid dhánta as Béarla agus as Gaeilge araon. Sa bhliain 1975 i gcnuasach ar bhaist sé an teideal Farewell to English air d'fhógair sé go soiléir go raibh sé ar intinn aige a dhroim a thabhairt go deo ar chumadh dhánta as Béarla, a rá nach raibh sa Bhéarla céanna ach teanga a bhí oiriúnach amháin do dhíol agus do cheannach muc. Ina dhiaidh sin chum sé na cnuasaigh seo leanas as Gaeilge: Adharca Broic (1978), An Phurgóid (1983) agus Do Nuala: Foighne Chrainn (1984).
Ach ó 1985 d'fhill sé ar chumadh a chuid dhanta as Béarla. Is amhlaidh gur theastaigh pobal leite i bhfad ní b'fhairsinge uaidh. Chomh maith leis sin ní raibh rudaí go ró-mhaith ina shaol féin - chuaigh sé ar an drabhlás i ndairíre - alcólaí cruthaithe a bhí ann agus chlis ar a phósadh. Inchicore Haiku, a chéad cnuasach nua as Béarla a foilsíodh sa bhlian 1985. Ina dhiadh sin thainig na cnuasaigh Bhéarla seo óna pheann: A Necklace of Wrens (1987), Poems to Younger Women (1989) and The Killing of Dreams (1992).
Ach níor thug sé a dhroim go h-uile is go h-iomlán ar scríobh as teanga ársa a shinsear mar thosnaigh sé ar aistriúchán a dhéanamh ón nGaeilge mar atá: Ó Bruadair: Selected Poems of Dáibhí Ó Bruadair (1985) and Ó Rathaille:The Poems of Aodhaghán Ó Rathaille (1999). Foilsíodh a dhánta cnuasaithe i ndá imleabhar i 1984 agus i 1987 faoi seach. Bhásaigh an Hairtnéideach ar an tríú la déag de Mhéan Fómhair, 1999 ón alcólachas.
Caidreamh
Is dual dúinn uile caidreamh a dhéanamh lenár gcomhdhaoine. Déantar an caidreamh seo i móran slite – go fisiciúil, go spioradálta agus ar leibhéal na mothúchán. Ar ndóigh baintear úsáid nach beag as bua na cainte is an chomhrá sa chumarsáid chéanna. Ní gá ach smaoineamh ar an méid sin glaonna agus teachtaireachtaí téacsa a dhéantar gach lá sa domhan ar an bhfón póca. Is nádúrtha dúinn fosta litreacha nó ríomhphoist a sheoladh ó dhuine go chéile chomh maith. Tá scríbhneoirí proifisiúnta ann dála an iriseora agus scríbhneoirí cruthaitheacha idir phrós agus fhilíocht mar úrscéalaithe, gearrscéalaithe agus filí.
I dtreo Sainmhínithe
Cad is filíocht ann? Is deacair a rá go baileach ach is fíor a rá go mbaineann sí le h-ord agus le h-eagar na bhfocal nó mar a deir Coleridge, “an focal ceart san áit cheart.” Chomh maith leis sin baineann an fhilíocht go mór le ceol, le rím agus le rithim na bhfocal. Cen fáth go mbíonn daoine againn in ann sleachta fada de dhánta a thabhairt chun chuimhne. Bhuel, ’sé mo bharúil go mbímid in ann seift seo na cuimhne a dhéanamh toisc go bhfuil ceol iontach draíochta ag gabháil le filíocht ar bith. Tagann an ceol seo díreach ón anam agus leanann sí an scríbhneoir mar chompánach ar oilithreach na beatha.
Beirt mhórfhile chomhaimseartha a tháinig faoi anáil chumhachtach na teanga Gaeilge ná Cathal Ó Searcaigh agus Nuala Ní Dhomhnaill, fear agus bean beagnach ar chomhaois atá ag scríobh agus ag cumadh as canúintí Dhún na nGall agus Chiarraí faoi seach. Is cumasach go mór an bheirt acu mar fhilí agus tá siad i gcónaí ag saothrú go dian is go dúthrachtach i ngort na filíochta. Is dual don bheirt acu an obair seo - ní daoine daonna lena n-aidhmeanna curtha i gcrích iad muna mbíonn siad ag cumadh leo sa Ghaeilge. Ní féidir linn dánta le ceachtar acu a léamh gan bheith corraithe ag neart na Gaeilge ó dhá thaobh éagsúla na hÉireann. Braithimid go bhfuilimid i láthair thraidisiún beo beathach seanfhilí na hÉireann nuair a léimid dánta leo. Arís agus arís eile titimid faoi dhraíocht agus faoi chumhacht na bhfocal a thiteann ar pháipéar óna bpeann. Tuigimid go bhfuilimid i ríocht fhíorthábhachtach thobar na Gaeilge. Braithimid mar dheisceabaill agus tumaimid isteach i sruth beo beathach ár dteanga dhúchais.
Ar lean
Doras feasa fiafra?
Timhttp://www.blogger.com/profile/17341790378869111524noreply@blogger.comtag:blogger.com,1999:blog-20658264.post-86339053368195892792011-04-17T20:57:00.000+01:002011-04-17T20:57:40.444+01:00Cuairt an Dalai Lama ar Éirinn
An Spioradáltacht
Tá a fhios a cách go bhfuil na mílte tuiscintí ar fáil ar cad is spioradáltacht ann. Sa chás seo tagraím di sa chomhthéacs is leithne ar fad, sé sin le rá ná an cumas domhain atá sa duine daonna ceangal nó nasc a dhéanamh le daoine eile agus fiú leis an bhfórsa atá ina chroí féin agus fiú taobh thiar den chruinne ina iomláine agus ina fairsinge. Is cuma sa tsioc más Críostaí nó Moslamach nó Iúdach nó Budaí nó fiú aindiagaí thú. Sa tslí ina bhfuilimse ag baint úsáide as an téarma anseo tagraím don inniúlacht bhunúsach sin is dúil do gach duine atá luaite agam anseo nó do gach duine daonna nasc nó ceangal a dhéanamh le Pointe Socair na Beatha.
Cuairt an Dalai Lama
Taithníonn an Búdachas go mór liom toisc gur féidir brí neodrach oibiachtúil a bhaint as, seachas an brí reiligiúnda, dhiaganta nó chráifeach. Bím de shíor ag léamh leabhar ar ábhar machnaimh ó phinn scoláirí mar Daniel Goleman, Ram Dass (Richard Alpert), William Johnston, (C.I), Thomas Merton (Cistéirseach)Thomas Keating (Cistéirseach) Tony de Mello, (C.I), Thich Nhat Hanh (ó Vitneam) agus gan dabht ar domhan ó pheann an Dalai Lama féin. Léim na leabhair seo ar dhóigh neodrach oibiachtúil, ar dhóigh siceolaíoch. Mar a dúirt mé is cuma sa tsioc i ndáiríre píre cad a chreideann nó nach gcreideann tú! Ní gá ach bheith oscailte d' Fhírinne na Beatha.
Tá a fhios ag cách na laethanta seo go bhfuil traidisúin nó scoileanna éagsúla den Bhúdachas á gcleachtadh in Éirinn, Búdachas na Tibéide agus Zen san áireamh. Creidim anois gur daingean iad fréamhacha an Bhúdachais inár dtír bheag, thuaidh agus theas, agus is iomaí tearmann breá atá ar fáil dóibh siúd atá suaite cráite ag an saol. Chomh maith leis sin táid ann a bhfuil gach sórt spioradáltachta á cleachtadh acu, fiú an Spioradáltacht Cheilteach agus Spioradáltacht Dhúchais.
Feicim go ndeir suíomh gréasain Inis Oírr go bhfeileann a n-áras cultúrtha, Áras Éanna go mór do ghrúpaí ar mian leo cúrsaí a reachtáil i dtimpeallacht chiúin fhrithchaiteach. Deir an laithreán fós go gcuirtear fáilte chuile bhliain roimh ghrúpaí a dhéanann staidéar ar Spioradáltacht Cheilteach, ar mhachnamh agus ar fhorbairt phearsanta. (Feictear: Áras Éanna) Is go díreach sa chomhthéacs seo a dtagraím féin don spioradáltacht!
Is iontach go deo an Dalai Lama mar dhuine daonna. Fear é ar bronnadh an Duais Nobel air toisc go ndearna sé éacht chomh mór sin ar son na síochána. Leanann sé leis an misean nó leis an mbunchuspóir seo i gcónaí gan dabht. Creidim gurb eisean an duine is iomráití agus is aithnidiúla ar na ceannairí domhanda uilig - bíodh is gur ceannairí reiligiúnda nó polaitiúla iad. Tugaim féin an leasainm Lama na hAoibhe air toisc chomh áthasach, iontach fairsing is trócaireach is atá a mhiongháire!
Is amhlaidh gur thug Lama na hAoibhe cuid bheag ar a laghad dá dhóchas dúchasach agus dá dhearfacht dhúchasach dochuimsithe do mhuintir na hÉireann! Go dtéigh tú slán sábhailte ar do bhóthar, a Dalai Lama!
Doras feasa fiafra?
Timhttp://www.blogger.com/profile/17341790378869111524noreply@blogger.comtag:blogger.com,1999:blog-20658264.post-4121294829572490682011-03-19T15:36:00.001+00:002011-03-20T01:48:45.492+00:00Sa Tóir ar an Aisling Arís!
Nuair a cailleadh Luachanna na hAislinge
Dhá chapall: Trá Dhomhnach Bhait, Meitheamh 2008
Níl dabht ar bith ann ná gur chailleamar, sinne Éireannaigh nó Gaeil atá i gceist agam anseo gan aon agó, ár mbealach i gceo trom millteanach ré an Tíogair Cheiltigh. Leanamar an Droch-Aisling, Aisling an Rachmais nó Aisling an tSaibhris amháin. Tá cara liom a deir gur shórt frithfhreagartha ar an nGorta Mór a tharla sna blianta cinniúnacha sin 1845-1848 nuair a thréig an tír go léir nach mór na seanluachanna i bhfábhar luachanna bréagacha an ábharachais agus an tomhaltachais. Sea, leanamar an Droch-Aisling agus sa deireadh thiar bhíomar gafa i dTromluí uafásach na féimheachta.
Sa Tóir ar an Sean-Aisling Arís
Cad a bhí sa tSean-Aisling? Bhuel, bhí luachanna bunúsacha ann cosúil le cuidiú lenár gcomharsana, luachanna a bhaineann leis an gcomhphobal, luachanna a bhaineann leis an mbeagán seachas an mórán, leis an dóthain seachas an bharraíocht. Le linn ré an Tíogair Cheiltigh ní raibh aon mhaith sa dóthain. Is sa bharraíocht amháin a bhí an fiúntas. Ar bhealach chailleamar ár n-anam, fiú anam na tíre leis an fhírinne a rá. Is cuimhin liom nuair a bhí me i mo pháiste beag bídeach go mbuaileadh uncail linn isteach inár dtigh-ne agus go n-insíodh se seanscéalta dúinn, agus tharla sin i mBaile Átha Cliath agus ní in aon bhaile beag thíos faoin tuath. Ach, mo léan, tharla sin sna seascaidí is sna luathsheachtóidí den chéad seo caite. Na laethanta seo bíonn paistí beaga agus déagóirí gafa i gcluichí ríomhaireachta don chuid is mó. Tá ré na leitheoireachta marbh nach mór. Sin luach mhór amháin eile a bhí againne mar ógánaigh - bua na léitheoireachta. Sin rud tábhachtach, rud nach féidir a mheas nó a luacháil i gcultúir ar bith. Ní féidir luach airgeadúil a chur ar shamhlaíocht an duine dhaonna.
B'shin a thuig ár scríbhneoirí chumasacha mar W.B. Yeats, J.M. Synge agus James Joyce féin. Thuigeadar go domhain an tábhacht agus an éifeacht a bhí sa tsamhlaíocht mar bhua luachmhar d'aon phobal ar bith, d'aon náisiún ar bith ar dhomchla an domhain bhig ghlais seo. Mar a dúirt Stephen Dedalus, agus gan dabht ar domhan ba é an Stephen Dedalus seo an carachtar ba ghaire ina gcuid leabhar do phearsantacht Joyce féin. D'fhág sé tír na hÉireann chun a Aisling fhéin a leanúint. Séard a chuir sé roimhe mar aidhm in a shaol nó: "to forge in the smithy of my soul the uncreated conscience of my race."
Filleadh ar na Sean-Luachanna
Spéir ar Thrá Bettystown, Iúl 2008
Is amhlaidh go bhfuil gaois na h-aoise sna sean-luachanna sin mar chosain agus chothaigh siad seanfhundúirí ár gcultúr síos tríd na h-aoiseanna. Sin iad na luachanna a chailleamar le linn ré an Tíogair Cheiltigh - atá adlactha faoi dheireadh, Buíochas leis na Déithe uilig. Ceapaim go bhfuil ceacht tábhachtach foghlamtha againn, sé sin nach féidir droim láimhe a thábhairt leis an gcultúr agus leis na luachanna suntasacha a ghabhann leis. Sin a bhí i gceist, ceapaim leis an bhfuinneamh agus leis an spriorad agus leis an anamúlacht agus leis an spraoi dosmachtaithe a bhí so-fheicthe agus so-mhothaithe fiú sna paráideanna Lá 'le Phádraig a tharla ar fud an domhain mhóir nach mór, in aon áit ar chuir an Diaspóra Gaelach fúthu ní amhain sna seanlaethanta ach sa nua-haois chomh maith.
Ar an gcaoi chéanna sin a bhí i gceist i gcuairt an taoisigh ar Washington. Sé sin, bhronn Éanna Ó Cionnaith i bhfad níos mó ná babhla seamróige ar Uachtarán na Stát Aontaithe. I ndairíre píre bhronn sé Aisling Nua, Aisling na Sean Éireann agus na Nua-hÉireann, Aisling na SeanGhael agus Aisling na Nua Ghael ar Obama. Agus bhronn an tUachtaran Óbama Aisling Gheal thar n-ais ar an Taoiseach agus fianaise na hAislinge ar fáil sa chuairt a thabharfaidh sé orainn anseo i Mí Bealtaine. Ní feidir clabhsúr a chur leis an alt beag seo agam gan tagairt a dhéanamh d'oráid bhreá chorraitheach a rinne an tIar Uachtarán Bill Clinton le déanaí nuair a bhí sé ag caint ag lón speisialta sa New York Yacht Club, áit ar bhronn sé duais bliantúil iris Irish America ar John L Lahey, fear a bhí bainteach in eagrú Pharáid Lá 'le Phádraig le ní ba mhó ná tríocha bliain sa mhórchathair sin. Seo mar a dúírt Clinton:
“Somehow, we need to help our friends there not just to recover but to keep their heads on straight while they are recovering.” Ireland, he said, had voted to make a new beginning by way of a political change.
It should never be assumed again, he said, that any given level of prosperity was permanent, that any economic arrangement could not be improved, and that any clever thing done might not be tinged with a little arrogance carrying the seeds of its destruction. “We should remember that what we loved about Ireland was how green and beautiful it was . . . how beautiful the poetry and prose were . . . and how wonderful the music and the dance are.”
Mr Clinton said he was convinced if everybody had “30 lucid minutes” before passing away, almost nobody would use them to think “how cool it was when we got rich”. He added: “We would think about who we liked and who we loved and how the flowers smelt in the springtime . . . when we made the passage from youth to adulthood . . . and what it was like when our children were born or when we gave our daughters away at the altar.”
Mr Clinton said the thing people loved about Ireland had almost nothing to do about whether it was financially successful or not. “It was what it was at the core. Ireland will be great and prosperous and wonderful again, simply by recovering what it is at the core. So it is for us not only to give advice, investment and support, but to scrape away the barnacles which have clouded the vision of the place we love.” (Buail ar an nasc seo: Irish Times )
Nach fíor dhó, a chairde?
Doras feasa fiafra?
Timhttp://www.blogger.com/profile/17341790378869111524noreply@blogger.comtag:blogger.com,1999:blog-20658264.post-1261489257033767412011-03-18T23:33:00.001+00:002011-03-19T02:04:38.830+00:00Dóchas vs Éadóchas
Ceannasaíocht
An rud is mó a bhí de dhíth ar Éirinn le linn chomhrialtas Fhianna Fáil agus na nGlasach nó easpa ceannasaíochta. Bhí sé sin thar a bheith soiléir. An lá cinniúnach úd nuair a bhailigh na h-iar-airí den chomhrialtas lofa sin i dTeach Farmleigh i bPáirc an Fhionnuisce agus gur thánadar go léir ina gcarranna stáit - mercs agus a leitheidí - amhail is gur phrionsaí meánaoiseacha iad bhí sé soiléir go raibh an port seinnte ag an rialtas céanna. Bhíos féin ag éisteacht le clár raidio Joe Duffy - gídh is nach maith liom an clár céanna - an lá sin nó b'fhéidir an lá dar gcionn - ní cuimhin liom go baileach anois, ach is cuimhin liom go rí-shoiléir an méid fuatha is a bhí ag na gnáthdhaoine a bhí i dteagmháil fóin leis an seó leis na boic sin is iad ag sodar i ndiaidh na n-uasal. Dúirt cainteoir amháin gur chuir an radharc mhustrach mhórchúiseach sin des na h-airí is iad go léir ina gcarr féin, duine ar duine, réim na gCumannach sa Rómáin faoin deachtóir Nicolae Ceaușescu i gcuimhne dhó. Is liosta le h-áireamh na rudaí amaideacha agus fiú leithleiseacha a rinne an lucht riaracháin chéanna ach cur amu ama a bhéadh i gceist iad a liostáil anseo. Ach an rud ar mhaith liom béim a leagan air anseo díreach ná nár thugadar aon cheannasaíocht fhiúntach ar bith d'éinne ar bith.
Éanna Ó Cionnaith agus an Cheannasaíocht
Nach iontach an fhíorchaoin fháilte a fearadh roimh an Taoiseach Nua sa Teach Bán i Washington Mheiriceá inné. Agus nach iontach mórtasach iad na h-oráidí a thug sé fad b'ann dó. Gan dabht ar domhan d'fhág sé an t-iarThaoiseach Cowen faoi scáth mór. Státaire cumasach amach is amach atá in Éanna Ó Cionnaith, agus nílimse im' bhall d'Fhine Gael ná d'aon pháirtí polaitíochta eile. Rinne mé an rud ceanann céanna is a rinne mo chomh-Éireannaigh is mo chomhshaoránaigh, sé sin, vótail me i gcoinne Fhianna Fáil toisc gurbh iadsan a dhíol an tír ar bhabhla anraith ("mess of pottage") má cheadaítear dom meafar ón Sean-Thioma a úsáid anseo. Easpa ceannasaíochta den chéad scoth a bhí i gceist maidir leis an sean-rialtas lofa sin. Ach tá sé sin go léír caillte i gceo tiubh an am ata caite. Caithfimid maireachtáil san am i láthair. Ta ré nua polaitíochta ann anois in Éirinn. Tá ceannasaíocht chumasach dá cur i bhfeidhm. Tá gearrthaí siar déanta i bpá, i sochair chomhchineáil, i gcostaisí cothabhála agus i gcarrannaí stáit d'airí agus d'iarThaoisigh. Agus nach tráthúil é sin sa deireadh thiar?
Ar aon nós tá an lámh in uachtar anois ag an Dóchas ar an Éadóchas. Sheas Fianna Fáil agus a gcomhleacaithe na Baincéirí mímhacánta agus na Forbróirí mí-ionraice don Éadóchas im' thuairimse. Nach rí-chumasach dóchasach iad na páráideanna Lá 'le Phádraig a tharla ní h-amhain ó cheann ceann na tír seo ach ins na mórbhailtí eile ar fud an domhain mhóir, cathracha cosúil le Nua Abhrac Mheiriceá mar a ndeachaigh an Diaspóra Gaelach mar a thug an t-iarUachtarán Máire Nic Róibín ar na mílte imircigh ó Éirinn chuig gach cearn den phlainéad beag glas seo.
Agus tuar mór dóchais é dúinn go léir in Éirinn go bhfuil Uachtarán na Stát Aontaithe Barak Óbama le teacht go hÉirinn go luath - Dúirt sé go dtabharfaidh sé cuairt oifigiúil orainn i Mí Bealtaine ar a bhealach chun na Breataine. Slán go deo leis na seanlaethanta leithleasacha Fhianna Fáil lofa agus fáilte Uí Cheallaigh roimh ré nua an Dóchais leis an gComhrialtas Nua! Tá ré an Éadóchais adlactha agus ré an Dóchais ar tí tosú!
Doras feasa fiafra?
Timhttp://www.blogger.com/profile/17341790378869111524noreply@blogger.comtag:blogger.com,1999:blog-20658264.post-61563299739059851972011-02-10T23:57:00.001+00:002011-02-11T00:21:26.444+00:00Todchaí na Tíre agus Todhchaí na Teanga
Seanbhád in Árainn Mhór
Bhuel tá an iomarca ama sleamhnaithe isteach ó scríobhas puinn ar phár na blagchruinne anseo in Aisling! Déanta na fírinne, a léitheoirí díle, caithfidh mé an botún sin a réiteach anois díreach. An bhfuil sibh bréan fós de na polaiteoirí agus de na h-ábhair pholaiteoirí agus a gcomhleacaithe atá ag fánaíocht thart ó dhoras go doras ag lorg vótaí dóibh féin nó dá n-iarrthóirí san ollthoghchán atá ar tí titim amach? Táimse! Is amhlaidh go bhfuilimid go léir tinn tuirseach den bhladar a bhíonn ar bhéal gach duine acu - ag cáineadh agus ag fáil lochta ar a chéile. I ndáiríre píre is deacair muinín a bheith againn as an gcóras polaitíochta féin i ndiaidh dos na polaiteoirí (cuid acu ar a laghad) an méid sin caimiléireachta agus corbtha a dhéanamh. Táim féin ag gríosadh na buachaillí a bhfuil in aois vótála dul amach agus a vótaí a chaitheamh ar son an daonlathais féin, agus tá sé sin deacair go leor a dhéanamh de bharr na h-easpa suime atá acu sa chóras polaitiúil!
Ach is ar staid na Gaeilge atá m'aird fhéinig dírithe na laethanta cinniúnacha seo. Tá Éanna Ó Cionnaith (Enda Kenny) agus a lucht leanúna i bhFine Gael ag rá go bhfuil sé ar intinn acu deireadh a chur leis an Ghaeilge éigeantach díreach i ndiaidh an Teastais Shóisearaigh. Cuireann an intinn sin imní orm (agus ar a lán againn gan dabht ar domhan) faoi thodhchaí na Gaeilge mar theanga labhartha. Go dtí le gairid (nuair a d'éirigh mé as an ngnáthmhúinteoireacht ranga le bheith i mo mhúinteoir do dhaltaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu) bhí tuairim is tríocha bliain dem' shaol caite agam i mbun theagasc na Gaeilge do gach leibhéal scoláire sa mheánscoil.
Aillteacha Áranna Móire
Caithfidh mé a rá nach n-aontaím in aon chor leis an bplean seafóideach seo atá ag Fine Gael. Ceapaim gur smaoineamh éadomhain éadrom é, baoththuairim nár thug siad go leor ama dhó ar chor ar bith. Is ar na cúiseanna seo leanas a cheapaim gur baoththuairim seafóideach áta ann: (i) Más í ár gcéad theanga an Ghaeilge de réir an Bhunreachta nach náireach an rud é gan í a bheith ar eolas - bíodh sé sin beag nó mór - ag saoránaigh na tíre? (ii) Nach mbéadh saoránaigh tíortha eile ag gáirí fúinn anois nuair atá an Ghaeilge aitheanta mar theanga oifigiúil sa Chomhphobal Eorpach agus sinne ag tabhairt droim láimhe di sa chóras oideachais?
(iv) Pointe tábhachtach eile, fiú rí-thábhachtach, leis an fhírinne a rá, ná cad faoi phostanna na múinteoirí Gaeilge? Agus smaoineamh eile - (v) cad a tharlóidh ansin do na scoileanna samhraidh sna Gaeltachtaí éagsúla? Nach gcaillfidh muintir na Gaeltachta - na mná tí go speisialta - a gcuid ioncaim bhliantiúla? Nach loitfear na comhluadair is na pobail bheaga éagsúla a labhraíonn an Ghaeilge de bharr easpa airgid má théitear ar aghaidh leis an smaoineamh seafóideach baoth millteanach seo? (vi) Cén t-éileamh a bhéadh ar an nGaelscoilíocht ansin fiú?
Táim díreach tar éis alt breá tomhaiste cothrom a léamh san Irish Times. Alt atá ann de chuid Mhíchíl Uí Rúairc ar múinteoir le Gaeilge agus cainteoir binnbhriathrach deisbhéalach ó dhúchas é, chomh maith le bheith ina fhile cumhachtach agus iriseoir breá. Is díreach ar an ábhar céanna - sé sin éigeantas na Gaeilge mar ábhar scoile agus todhchaí na teanga sin - atá faoi chaibidil ag an Ruairceach. Is féidir teacht ar a shár-alt ag an nasc seo leanas: Beatha nó Bascadh Irish Times Seo sliocht beag óna alt:
Ceist chonspóideach í ceist na Gaeilge éigeantaí, ar ndóigh. Is ionann éigeantas agus riail agus bíonn fadhb ag an-chuid daoine óga le rialacha. Ar an dtaobh eile de is léim chandaim atá ann ó ábhar scoile éigeantach go hábhar roghnach.
Bíonn ísliú stádais i gceist le hábhar roghnach i gcónaí. Is í an Ghaeilge teanga oifigiúil an Stáit de réir Bhunreacht na hÉireann. Ar an ábhar sin is “teanga chosanta” í agus caithfear í a chaomhnú nó an gcaithfear? Deir saineolaithe áirithe agus páirtí polaitíochta nó dhó go mba chóir bogadh ar aghaidh agus an t-éigeantas a bhaint agus an roghnachas a chur ina áit.
Sa bhliain 1974, nuair a bhí comhrialtas d’Fhine Gael agus de Pháirtí an Lucht Oibre i gcumhacht, cuireadh deireadh le riachtanas le haghaidh pas sa Ghaeilge chun Scrúdú na hArdteistiméireachta a bhaint agus chun post a fháil sa státseirbhís.
B’é toradh na reachtaíochta sin ná gur fágadh an Ghaeilge in áit na leathphingine sa státseirbhís ó shin le státseirbhísigh áirithe gan aon Ghaeilge acu nó níos measa fós, namhdach ina leith.
Aontaím go h-uile is go h-iomlán leis an méid atá raite ag an Ruairceach ansin thuas. Gan dabht ar bith bhéadh ísliú stádais i gceist maidir leis an nGaeilge. Ní bheadh sí ar an leibhéal céanna fiú leis na teangacha roghnacha eile mar Spáinnis nó Fraincís nó Gearmáinis ar a bhfuil níos mó fáil ag scolairí ar thaisteal chuig na tíortha seo. Ní smaointeoidis ar dhul chuig na Gaeltachtaí ach an oiread.
Tá mo dheartháir féin ag obair sa Státsheirbhís agus eisean an t-aon duine amhain in a oifig - i Roinn na nOibreacha Poiblí - a bhfuil an Ghaeilge ar a thoil aige. Níl ar chumas éinne eile san oifig litir a chumadh nó a scríobh i gcéadtheanga na tíre. Is náire an-mhór é sin ceapaim.
Mar mhúinteoir le taithí tríocha bliain sa seomra ranga ag teagasc na Gaeilge, ach éirithe as le déanaí, caithfidh mé a rá gur mhúin mé daltaí de gach leíbhéal ó bhonn go gnáth go h-árdleibhéal sa teanga sin. Gan dabht ar bith thugas faoi deara na daltaí sin nach raibh suim dá laghad acu ina dteanga dhúchais, ach caithfidh mé a admháil gur mhionlach a bhí i gceist i gcónaí. D'admhaigh buachaill lag amháin liom díreach inniu, buachaill a raibh díolúine faighte aige ó fhoghlaim na Gaeilge go raibh áiféala air nach raibh sé in ann fiú abairt a rá i nGaeilge - teanga a sheanmhuintire. Fiú má tá an bonnleibhéal á leanúint ag scoláire thiocfaidh leis comhrá bunúsach a dhéanamh i dteanga a shinsear.
Na laethanta seo agus go leor aíonna nua-thagaithe isteach sa tír ón Rúis, an Laitvia, an Liotuáin, an Nígéir, an Aifric Theas, an Bhraisíl agus ón tSiombáib - chun na tíortha óna bhfuil scoláirí nua-thagaithe ins an scoil s'againne - tuigeann ár ndaltaí dúchasacha tábhacht na Gaeilge maidir lena bhféin-aitheantas mar Éireannaigh nó mar Ghaeil. Ní Gaill muid!
Mar bhuille scoir ba mhaith liom a rá go bhfuil cumhacht rí-thábhachtach ag gach teanga dhúchasach. Mar a dúirt mé is cuid bhunúsach í an Ghaeilge mar chuid lárnach dar bhféinaitheantas, agus fiú dár féin-aithne chomh maith. Mar dhuine a bhfuil an Iodailis ar a thoil aige chomh maith tuigim go dtugann gach teanga a draíocht speisialta féin leí agus a módh speisialta smaointe. Mar sin ba chailliúint mhór dúinn mar Ghaeil dá gcaillfí an Ghaeilge. Bheimis i bhfad níos boichte mar naisiún agus mar dhaoine ina éagmais!
Doras feasa fiafra?
Timhttp://www.blogger.com/profile/17341790378869111524noreply@blogger.comtag:blogger.com,1999:blog-20658264.post-20448420798710801632010-12-19T21:20:00.000+00:002010-12-19T21:20:58.598+00:00Dánta don Séisiúr
Mo choischéimeanna féin i gCoill Sheantraibh le déanaí
Bhuel, a chairde dile, tá an aimsir atá againn anois ar a laghad feiliúnach don Séisiúr. Bhíomar uile idir thuath is chathair plúchta faoi bhrat mór bán sneachta le tuairim is coicís le déanaí. I ndiaidh an bhrait bháin dob é an an leac oighir a fágadh ar na cosáin ba mhó a chuir as dúinn, agus go h-áirithe dos na h-aostaigh. Leis an fhírinne a rá briseadh a lán géaga agus bhí scuainí móra sna h-oispidéil de bharr na drochaimsire seo. An dara h-ocáid seo fágadh Cathair Bhaile Átha Cliath le fíorbheagán sneachta gidh is go bhfuil an aimsir tuairim is ceithre chéim faoi bhun an reo-phointe. Bíodh sin is uile, caithfear a admháil gurb é ceann amháin des na buntáistí a bhaineann leis an sneachta ná go gcuireann sé iacall orainn moilliú síos agus rudaí a thógáil i bhfad ní ba shocaire agus ní ba shuaimhní.
Ós rud é go mba cheart agus go mba chóir dúinn moilliú nó socrú síos; go mba chóir dúinn a bheith níos suiamhní do Shéisiúr na Nollag, bhéadh sé thar a bheith feiliúnach cúpla dán séasúracha a chur i gcló anseo. Caithfidh mé a rá gurbh iad an bheirt mhórfile sin - Máirtín Ó Díreáin (An File Aniar)agus a chomhaimsearach Seán Ó Ríordáin (An File Aneas) a chuaigh go mór i bhfeidhm ormsa sa mheánscoil agus san ollscoil. Admhaím anseo gurb iad an bheirt fhile chomhaimseartha Cathal Ó Searcaigh (An File Aniar-Aduaidh) agus Nuala Ní Dhomhnaill (An File Aniar-Aneas) an bheirt mhórfhile atá fós i mbarr na sláinte agus atá fós ag saothrú leo go dian i ngort torrthúil na filíochta. Tá feith na cruthaíochta thar barr ins na scríbhneoirí seo, a léitheoirí. Ba mhaith liom dán le Máirtín Ó Díreáin agus ceann le Seán Ó Ríordáin a chur i gcló díreach thíos faoin réamhrá gearr seo:
1. Coinnle ar Lasadh (Do mo mháthair)
Le Máirtín Ó Direáin
In oileán beag i gcéin san Iarthar
Beidh coinnle ar lasadh anocht,
I dtíthe ceann tuí, is i dtíthe ceann slinne,
Dhá cheann déag de choinnle geala a bhéas ar lasadh anocht
Mo chaoinbheannacht siar leis na coinnle geala
A bhéas ar lasadh anocht
Is céad beannacht faoi dhó
Le láimh amháin a lasfas coinnle anocht.
Oíche Chinn an Dá Lá Dhéag, 1939.
2. Oíche Nollaig na mBan
le Seán Ó Ríordáin
Bhi fuinneamh sa stoirm a éalaigh aréir,
Aréir Oíche Nollaig na mBan,
As gealt-teach iargúlta 'tá laistiar den ré
Is do scread tríd an spéir chughainn 'na gealt,
Gur ghíosc geatai comharsan mar ghogallach gé,
Gur bhúir abhainn slaghdánach mar tharbh,
Gur múchadh mo choinneal mar bhuille ar mo bhéal
A las 'na splanc obann an fhearg.
Ba mhaith liom go dtiocfadh an stoirm sin féin
An oiche go mbeadsa go lag
Ag filleadh abhaile o rince an tsaoil
Is solas an pheaca ag dul as,
Go lionfai gach neomat le liúraigh on spéir,
Go ndéanfai don domhan scuaine scread,
Is na cloisfinn an ciúnas ag gluaiseacht fám' dhéin,
Ná inneal an ghluaisteáin ag stad.
Fear Sneachta i gCoill Sheantraibh arís!
Bhuel, a leitheoirí díle, chuireas an dá dhán san le cheile toisc go bhfuil nasc soileir follasach eatartha ar leibhéal amháin, an leibhéal dromchlach mar a déarfá. Tá téama an Da Lá Dhéag de Nollaig mar théama sa dá cheann acu. Ach taobh amuigh de sin is léir agus gídh rí-shoiléir go bhfuil an Díreanach fíor-uaigneach agus go mbraitheann sé uaidh a oileán dúchais, sé sin Inis Mór, Contae na Gaillimhe. Agus go h-áirithe mothaíonn se uaidh a mháthair: "Is céad beannacht faoi dhó//Le láimh amháin a lasfas coinnle anocht."
Sa dara dán séard atá i gceist na téama an bháis agus go h-áirithe téama na h-eagla roimh an mbás céanna. Cruthaíonn Ó Ríordáin íomhánna glana geala beoga dúinn mar shampla "an ghaoth" atá ana-stoirmiúil agus ana ghlórach dá bharr. Cuireann an ghaoth chumhachtach seo gach rud bun os cionn. Chomh maith leis sin cuireann sí na crainn, an abhainn áitiúil agus geataí na dtithe is na bpáirceanna ag screadaíl. Tugann an file cuireadh don ghaoth sin teacht an oíche a bhéadh sé ag saothrú an bháis. Sa chaoi sin, dar leis an bhfile, thig leis gan a bheith buartha nó eaglach roimh an mbás.
Cruthaíonn an Ríordánach íomhánna tathagacha eile leis, cosúil le h-íomhá inneal an ghluaisteáin ag stad. Meafair eile as a mbaineann se úsáid éifeachtach sa dán deas seo ná "rince an tsaoil" a sheasann do gach rud saolta agus domhanda a dhéanann an gnáthdhuine ar dhromchla an phlainéid bhig ghlais seo.
An íomhá lárnach as a mbaineann Ó Díreain úsáid eifeachtach ná iomhá an tsolais. Sa chás atá sa dán is é solas na gcoinnle Nollag atá igceist ag an bhfile. Chuirtí na coinnle sna fuinneoga chun fáilte a chur roimh gach éinne chuig an teach, agus bhí an gnás nó an nós seo forleathain in Éirinn trath dá raibh. Baintear úsáid as cinn leictreacha na laethanta seo.
Mar nóta scoir ba mhaith liom a rá gurb iad ceol agus rithim na bhfocal na feiniméin a chruthaíonn iontas agus draíocht aon dáin ar bith. Má léitear dán ós ard is ansin a chloistear agus a bhlastar an t-iontas is an draíocht.
Doras feasa fiafra?
Timhttp://www.blogger.com/profile/17341790378869111524noreply@blogger.comtag:blogger.com,1999:blog-20658264.post-47346452473527524702010-12-05T22:19:00.001+00:002010-12-05T22:23:47.447+00:00Tadhal Éadrom an tSneachta
Cailín óg ag glacadh grianghraif i gCoill Seantraibh le déanaí
Sinne a bhfuil cónaí orainn san Eoraip na laethanta geimhriúla seo d'fhéadfaimis a chreidiúint nach bhfuil a leithéid de rud ann mar théamh domhanda leis an aimsir olc uafásach sin atá againn. Agus é sin ráite agam, bhéadh dul amú glan orainn mar is iad na h-uimhreacha domhanda, seachas the cinn áitiúla nó náisiúnta na cinn tábhachtacha, sé sin le rá is é an meán staitistiúil den teocht domhanda an uimhir is tábhachtaí agus tá sé sin méadaithe 0.7 gcéim Celsius sa tréimhse ó 1900 go dtí 2000. Chomh maith leis sin meastar go mbeidh méadú idir 1.1 agus 6.4 chéim Celsius ar an teocht dromchla domhanda san aonú haois fichead atá romhainn. Bhuel, ar a laghad, is éalú í an droch-aimsir ó na síor-dheamhan-fhabhanna lena mbodhraítear sinn na laethanta seo: na géarchéimeanna sa gheileagar agus sna bainc agus ansin míchinniúint an bhuiséid atá direach le h-eisiúint Dé Máirt seo chugainn. Tá an méid sin d'fháithe anró is ainnise ar na meáin chumarsáide idir mheáin chraolachán agus mheáin chlóite go bhfuilim dubh dóite acu go léir agus braon den ghruaim agus den duairceas atá á leathadh go fial mar choincréit acu ar na héisteoirí bochta.
Ar aon nós caithim a rá go dtugann an sneachta deis iontach dúinn moilliú síos agus cúrsaí a ghlacadh i bhfad níos suaimhní. Ar shlí amhain nó eile thig linn dearcadh níos socaire agus níos suaimhní a ghlacadh i leith gnáthbhuarthaí an tsaoil. I ndáiríre píre an bhfuil aon éifeacht ar bith leis an síor-dheabhadh agus an síor-dheifir? Bainfimid ár gceann scríbe amach mall nó luath. Ar aon nós seo libh thíos dán beag faoin sneachta a chum bean darb ainm Máire Ní Chuinn:
Fear Sneachta le deireanas i gCoill Seantraibh arís!!
Sneachta
Sneachta a síobadh is é a dul siarain
Ag tíocht o’n tSíbear le gile fám’ chomhair.
Sneachta eiteogach a ciorcladh san oíche
Is rithfidh go díreach go talamh gan treoir.
Teachtaireacht chugam gan phost is gan ghuthán.
Thuit as na spéartha gan fothram gan ghlór.
Ráiteas a rá liom go bhfuil sin le fáil ann
Áit ins an aerbhrat nach éascaidh a chlaoi.
Áit nach bhfuil tíorán a thig chun a loiteadh.
Áit a mbeidh sneachta go deire an tsaoil.
Sneachta síbhíalta a thig insa chuibhreann
Le bráillín an Gheimhridh fáil réidh ar an fhraoigh.
Máire Ní Chuinn a scríobh.
(Feic an nasc seo a leanas: MNíC Sneachta)
Doras feasa fiafra?
Timhttp://www.blogger.com/profile/17341790378869111524noreply@blogger.comtag:blogger.com,1999:blog-20658264.post-58703073511785625012010-10-21T20:57:00.000+01:002010-10-21T20:57:12.430+01:00Grá don Ghaeilge 8Feicim go bhfuil níos mó ná mí sleamhnaithe isteach ó scríobh mé focal ins an gcúinne beag seo den bhlagchruinne. Ins na poist atá foilsithe agam le déanaí anseo bhíos ag tabhairt m'airde ar conas a d'fhás an grá atá i mo chroí don Ghaeilge. Mar a dúirt mé cúpla uair anseo, ba ó na sármhúinteoirí críochnúla a bhí agam ar scoil a d'fhoghlaim mé mo chuid Ghaeilge go léir nach mór. Ba cheart go dtuigfeadh gach éinne cé chomh tábhachtach is atá múinteoirí maithe i saol acadúil aon scoláire ar bith. Tuigim, gan dabht, agus an fhianaise feicthe agam im' shaol féinig, go bhfuil tionchar nach beag acu i ngnáthshaol na ndaltaí chomh maith, ach táim ag díriú m'airde ar fhoghlaim teanga anseo, go h-áirithe foghlaim na Gaeilge. Bhí an chuid is mó den ghramadach foghlamtha againne sa bhunscoil sna seanlaethanta agus nílim "ag rómánsaíocht" anseo ach an oiread. Ach ba laethanta difriúla iad na seascaidí i ndáiríre píre.
Ceann dena lochtanna a fhaighimse ar churaclam na bunscoile sa lá atá inniu ann ná go gcaitheann an bunmhúinteoir bocht réimse i bhfad ró-leathan d'ábhair éagsúla a theagasc. Tá an rud ceanannn céanna tarlaithe ag an dara leibhéal mar a gcaithfimid níos mó ábhair a bhrú isteach ar churaclam atá leathan go leor mar atá - ábhair mar SPHE, CSPE, RSE agus a leithéidí. Ach tá an curaclam i bfad níos leithne ná sin sa bhunscoil. Mar sin níl go leor ama ag na múinteoirí bochta féachaint chuige go bhfuil rudaí bunúsacha foghlamtha acu fiú sna trí R-anna. Chomh maith leis sin bíonn daltaí le riachtanaisí speisialta acu sa ghnáthrang. Go bunúsach ní féidir leis an ngobadán an dá thrá a fhreastal. Maille leis sin feicim go mbeidh na ciorraithe ag cur isteach go mór ar mhúinteoirí - mar shampla, cheana féin tá uimhreacha na gcúntóirí riachtanaisí speisialta gearrtha siar agus is cosúil go mbeidh an cóimheas daltaí le múinteoir méadaithe sa chéad bhuiséad eile.
Feicim go bhfuilim imithe ar strae ó mo chéad alt ansin thuas agam, ach agus an méid sin ráite agam is míorúilt cheart é go bhfuil Gaeilge ag a lán dena scoláirí a thagann isteach chuig an mhéanscoil againn agus go bhfuil grá ag cuid acu do theanga ár sinsear. Is fíorbhrónach an scéal é go bhfuil líon na ndaltaí imithe i laghad sa scoil s'againne agus go bhfuil uimhir na ndaltaí le riachtanaisí speisialta ó lár na cathrach imithe i méid. Séard atá tite amach ná go bhfuil caighdeán acadúil na ndaltaí i gcoitinne imithe i laghad agus nach bhfuil sé ar chumas a lán acu dul i ngleic le teangacha iasachta gan tagairt don Ghaeilge féin. Ta cuid acu chomh lag sin go bhfuil fadhbanna acu le scríobh a gcéad teanga fiú.
Ach fós féin nílim éadóchasach agus nílim ciniciúil ach an oiread, mar caithfimid deighleáil leis an sórt scoláire atá ós ár gcomhair amach. Tá a bhformhór deas béasach dea-mhúinte buíochas le Dia agus táid i dteideal an oideachais is fearr ar féidir linn a thabhairt dóibh. Sin an fáth go ndeachaigh mé le dioplóma i riachtanaisí oideachais speisialta a dhéanamh anuraidh, agus i mbliana go bhfuilim tosaithe ar rang beag bonnleibhéal a theagasc don Ardteist, agus caithfidh mé a rá go bhfuilim ag baint an-suilt agus ana-shásaimh as an rang céanna toisc go bhfuil an bhéim go léir ar an gcaint is ar an gcomhrá, nó mar a deirtear go h-oifigiúil go bhfuil módh múinte cumarsáideach curtha i bhfeidhm ag an múinteoir sa rang. Creidim go bhfuil sé ar inmhe gach scoláire, bíodh is go bhfuil sé nó sí lag go leor, Gaeilge a labhairt ar shlí bhunúsach iontuigthe, agus gur féidir leo bheith bróidiúil as an bhfíric sin. Má ta an múinteoir dearfach i leith a ábhair agus má tá módh múinte cumarsaideach aige eireoidh leis ar a laghad gan na scoláirí a chur i gcoinne an ábhair agus fiú iad a ghríosadh níos mó de a fhoghlaim.
Doras feasa fiafra?
Timhttp://www.blogger.com/profile/17341790378869111524noreply@blogger.comtag:blogger.com,1999:blog-20658264.post-69924957171875291792010-09-19T13:54:00.002+01:002010-09-19T15:24:57.823+01:00Grá don Ghaeilge 7Ní ait an rud é i ndáiríre píre go nascaimid aon ní is dual agus is dúchasach dúinn leis na daoine a chuaigh i bhfeidhm orainn go mór le linn ár saoil. Luaigh mé an sármhúinteoir bunscoile a bhí agam, an tUasal Ó Muirí go minic sna leathanaigh seo, fear a chuaigh go mór i gcionn orm mar dhuine agus mar mhúinteoir nuair nach raibh mé ach dhá bhliain déag d'aois. Is maith is cuimhin liom dul abhaile agus a rá le mo mháthair go raibh dúil mhór agam sa mhúinteoireacht mar ghairm bheatha. Bhuel, d'éist mo mháthair liom gan aon agó agus thosaigh sí ag ceannach a lán leabhair dom mar bhí suim nach beag agam riamh sa léitheoireacht. Is maith is cuimhin liom go raibh leabharlann de chúpla céad leabhar agam agus mé sa mheánscoil agus ba rud neamhghnách é sin ag an am do bhuachaill a raibh cónaí air i measc an lucht oibre agus gurbh fhear an phoist é a athair.
Rud a ritheann liom anois ná gur shúigh mé isteach an chríonnacht, an ghaois nó an eagna a bhí ag na seanmhúinteoirí sin - agus ag m'athairse agus mo mháthairse gan dabht ar bith - ciall na gcianta i ndáiríre a thug na daoine seo leo ón tuath mar thánadar go léir nach mór ó cheantair éagsúla lasmuigh des na bailte móra. Séard atá a rá agam ná gur thuathánaigh ab ea a bhformhór agus gan dabht ar domhan táim ag tagairt do thuathánaigh sa chás seo sa bhrí is fearr agus is dearfaí den fhocal céanna. Rud b'fhéidir nach eol do chách, sé sin go dtagann na focal "peasant" nó "tuathánach" ó na focail "pays" agus "tuath" faoi seach. Fiú sa lá atá inniu ann buailim le daoine a cheapann gur focal maslach é an focal céanna. Bhuel, mar a dúirt an fealsamh spioradálta Gaelach úd an Dr John Ó Donohue, go ndéana Dia trócaire ar a anam dílis, go bhfuil nasc nó ceangal nach beag idir an tírdhreach nó an talamh dúchasach agus an spriodáltacht nó an fhealsúnacht mhaireachtála a bhíonn ag aon treibh ar bith ar domhan.
Ó scríobh mé an post deireanach sa bhlag seo tá dearbhaithe ag an mórthráchtaire Mícheál Ó Muircheartaigh go bhfuil sé ag éirí as a phost inniu díreach tar eis tráchtaireacht a dhéanamh ar an gcluiche ceannais sa Pheil Ghaelach idir Corcaigh agus an Dún. Is deireadh ré é seo i ndáiríre. Agus ar maidin bhíos ag éisteacht leis an bhfear céanna in agallamh le Miriam O Callaghan ar a clár iontach suimiúl sin Miriam Meets atá le fáil ag an nasc seo leanas: Miriam. Bhí beirt dá ochtar páiste á gcur faoi agallamh leis an athair, sé sin, a mhac Cormac agus a iníon Doireann. Bhuel, fuaireamar uile mar éisteoirí léargas iontach ar fhealsúnacht agus ar spriodáltacht an Mhuircheartaigh ar an gclár seo - an eagna, an ghaois nó ciall na gcianta mar a bhaist mé ar an bhfealsúnacht chéanna thuas. Mar a dúirt mé tá baint nach beag aige sin leis an tírdhreach agus leis an talamh dúchasach. Deir Ó Muircheartaigh nach raibh sé riamh buartha ina shaol, go gcaithfimid sult agus súp a bhaint as an saol - sé sin, "carpe diem," mar is achar beag i ndáiríre é an saol céanna.
Deireann Doireann go dtosnaíonn lá an chluiche cheannais ar a leath i ndiaidh a sé ar maidin agus ó thús go nglaodh Mícheál ar a gclann iníonacha agus ar a gclann mhac leis na focail: "Éirigí suas. Is cleachtadh báis é an codladh!" Nathanna eile a léiríonn an fhealsúnacht agus an spioradáltacht atá ag an Muircheartach ná seanfhocail mar: "Bíonn Dia ar an mbóthar" nó "Is gaire cabhair De ná an doras." Sé sin níl aon éifeacht ar bith ag baint le bheith buartha faoi chúrsaí an tsaoil - caithfear éirí suas, aghaidh a thabhairt ar an saol agus beidh na freagraí ar fáil leis an gcur i ngleic sin, leis an gcur chuige, fiú sa streacailt agus sa choimhlint.
Seanfhocal eile is cuimhin liom go minic i mbéal an Mhuircheartaigh nuair a bhí mé ar scoil agus fiú ag obair leis ar an bhfoireann múinte céanna ná, "Beatha duine a thoil." Sé sin go mba cheart agus chóir d'aon duine ar bith a mhianta, a shoilse, a chroí agus a aislingí féin maidir leis an ghairm bheatha is dual dó nó di a leanúint. Sa tslí sin beidh an duine sona sásta nó gar dó ar a laghad ina shaol.
Seo ar bharr na rudaí a chorraíonn agus a bhogann mé maidir le mo ghrá mór don Ghaeilge. Tá a h-eagna féin nó a fealsúnacht féin ag baint le h-aon teanga ar bith ar domhan, agus leis an nGaeilge féin gan dabht. Cloisim agus aithním mó ghrá do mo theanga dúchais agus do m'oidhreacht agus do mo dhúchas mar Ghael agus mar dhuine daonna ar chaint nádúrtha diesbhéalach binnbhriathrach an Mhuircheartaigh.
Doras feasa fiafra?
Timhttp://www.blogger.com/profile/17341790378869111524noreply@blogger.comtag:blogger.com,1999:blog-20658264.post-59271771703499638132010-09-12T13:34:00.002+01:002010-09-13T23:19:46.225+01:00Grá don Ghaeilge 6
Leis an fhírinne a rá ceanglaím an grá atá agam don Ghaeilge le mo shaol mar scoláire agus mar mheánmhúinteoir. Bhí an t-ádh dearg orm go raibh sármhúinteoirí Gaeilge agam ar scoil agus go h-áirithe sa bhunscoil. Is cuimhin liom Mícheál Ó Muircheartaigh mar mhúinteoir sa mheánscoil le mo linnse mar dhalta agus ansin mar chomhmhúinteoir ar an bhfoireann teagaisc, gidh is gur éirigh se as an gceird bliain i ndiaidh dom tosnú ar an ngairm bheatha iontach tábhachtach sin mé fhéin. Bhíodh sé riamh de nós ag na múinteoirí Gaeilge labhairt le chéile sa teanga san i gcónaí, agus mar a dúirt mé d'fhoghlaim mé a lán uathu thar na blianta.
Mar a dúirt mé, táim díreach tar éis dírbheathaisnéis Uí Mhuircheartaigh a léamh agus cé nach bhfuil an leabhar céanna scríofa as Gaeilge is féidir rithimí na Gaeilge a fháil i gcónaí ar Bhéarla an údair. Anseo is ansiúd fiú faightear an feiniméan Éireannach iontach sin -an Hiberno English - i mbéal an údair. Is fíor a rá, a chairde, go bhfuil an feiniméan sin ag fáil bháis le teacht chun cinn an idirghréasáin. Mar shampla faightear an Hiberno-English san abairt seo leanas: "... and we gave most of the day in the church singing Latin hymns to the Blessed Virgin." Níl an tuiscint is atá i gceist ag an Muircheartach anseo maidir leis an mbriathar "give" ag gabháil leis an mbriathar sin sa Bhéarla. An Ghaeilge atá ar an abairt seo gan aon agó ná "!... agus thugamair an chuid is mó den lá sa tséipéal ag canadh 7rl." Ciallaíonn "thugamair" an rud ceanann céanna is a chiallaíonn "chaitheamair", sé sin, gan aon agó "and we spent..." sa Bhéarla. Níl an chiall sin ag gabháil leis an mbriathar "give" sa Bhéarla, ach gan dabht tá an chiall sin ag baint le "give" sa Hiberno-English. Mar a dúirt mé is féidir rithimí na Gaeilge a chloisint ar Bhéarla an Mhuircheartaigh i gcónaí.
Gan dabht ar domhan tá dlúthcheangal idir an dírbheathaisnéis nua-aimseartha seo leis na dírbheathaisnéisí iontacha fíorthábhachta a thagann ón gcuid sin sin den tír, dírbheathaisnéisí Mhuiris Uí Shúilleabhain, Thomáis Ui Chriomhthain agus Peig Sayers i mblianta luatha an chéid seo caite agus fiú le dírbheathaisnéis Mhaidhc Dainín Uí Shé, ceann a foilsíodh níos déanaí ar fad. Luann an Muircheartach go gcaitheadh sé agus a chlann dheartháireacha a lán dá gcuid ama ag cuardach na farraige i gcomhair raice ó longa a scriosadh le linn an Dara Cogadh Domhanda. Faightear an rud ceanann céanna sna leabhair a luaigh mé thuas, sé sin cuardach raice. Chomh maith leis sin luann an Muircheartach na dírbheathaineisí cáiliúla seo ina leabhar fhéinig. Admhaíonn sé go raibh grá mór ag a dheartháir Pádraig, RIP (iar-Phríomhfheidhmeannach Bhórd Soláthair an Leictreachais) ar na dírbheathaisnéisí clúiteacha cáiliúla sin a d'eascair as ithir Chiarraí agus as ithir an seanoileáin sin d'arbh ainm An Blascaod Mór.
Maille leis sin, luaitear a lán rudaí agus imeachtaí eile i leabhar an Mhuircheartaigh is a luaitear ins na dírbheathaisnéisí clasaiceacha eile, sé sin fiach coiníní agus iascaireacht bhradán. Chomh maith leis sin, ní raibh aon aibhléis nó leictreachas ar fáil ag daoine sa chuid sin den tír nó fiú in a lán áiteacha sa tír ag an am sin roimh scéim leictriú na tuaithe. Tugann an t-údar cur síos iontach ar an gcaoi a dhéanaidis a gcoinnlí féin ag an am, coinnlí féin-déanta nó féinseirbhíse ar a thugtaí padóga nó "padógs" - coinnle féinseirbhíse déanta as ceirteacha clúdaithe le saill ainmhíoch. Chomh maith leis sin tugann an Muircheartach cúntas maith dúinn ar bhairille céire a fuaireadar mar raic ón bhfarraige agus ar an slí a ndearnadar coinnlí as agus gur mhair na coinnlí céanna tráth an Chogaidh Dhomhanda go léir.
Ar lean
Doras feasa fiafra?
Timhttp://www.blogger.com/profile/17341790378869111524noreply@blogger.comtag:blogger.com,1999:blog-20658264.post-14394749931552274642010-09-07T23:22:00.002+01:002010-09-13T23:36:11.843+01:00Grá don Ghaeilge 5Sa phost deireanach agam sa bhlag seo bhí mé ag tagairt don chraoltóir agus don tráchtaire iontach san Mícheál Ó Muircheartaigh a bhí ina mhúinteoir sa scoil ar ar fhreastailíos sna seachtóidí mar dhéagóir, sé sin Scoil Uí Chonaill anseo i mBaile Átha Cliath. Ní raibh sé mar mhúinteoir agam ach chaitheas bliain amháin ag múineadh ar an bhfoireann chéanna le Mícheál agus caithfidh mé a admháil gur fear fíórdheas cairdiúil é agus gur Gaeilgeoir fíorbhlasta deisbhéalach binnbhriathrach é ar deas bheith ag comhrá leis.
Mar a dúirt mé sa phost deiridh chomh maith táim díreach tar éis a chéad dhírbheathaisnéis From Dún Síon to Croke Park a léamh agus is fíorshuimiúil an léamh é domsa mar bhí aithne agam ar an bhfear céanna agus chomh maith leis sin luann sé daoine óna shaol múinteoireacha a bhfuil ar aithne agam.
Rud suimiúil amháin eile a bhfuil spéis agam féin ann ná na Coláistí Ullmhúcháin - coláistí ullmhúcháin speisialta lánGhaeilge a cuireadh ar bun in áiteacha éagsúla ar fud na tíre i mblianta luatha an Stáit s'againne chun ábhar múinteoirí idir bhuachaillí agus chailíní a ullmhú do na Coláistí Oiliúna. Gheobhaidh tú léirmheas críochnúil ar leabhar taighde a scríobhadh faoi na coláistí féin A Gaelic Experiment : The Preparatory System 1926 – 1961 and Coláiste Moibhí le Valerie Jones ag an nasc seo leanas Léirmheas Feasta. Deireadh na seanmhúinteoirí Gaeilge liom thar na blianta - agus is amhlaidh go bhfuil cuid mhaith den fhírinne sa tuairim chéanna - gur thug an t-oideachas a bhí ar fáil sna coláistí céanna lámh chúnta nach beag do chur chun cinn na Gaeilge sna Coláistí Oiliúna agus uaidh sin amach go dtí na scoileanna naisiúnta i mblianta luatha an Stáit bhig seo. Deirtear nach bhfuil béim ró-mhór ar an nGaeilge sna coláistí seo sa lá atá inniu ann. Ach is tuairim mhaol í seo nach bhfuil mé ró-chinnte faoi in aon chor - mar níl aon fhianaise bheacht agamsa - agus tá a fhios agam, leis, go bhfuil na léachtóirí is na cúntóirí éagsúla Gaeilge sna colaistí éagsúla ag saothrú go díograiseach dúthrachtach i ngort na teangan céanna i gcónaí.
An coláiste ar fhreastail an Muircheartach air ná Coláiste Íosagáin i gContae Chorcaigh a bhí suite sa Ghaeltacht díreach idir Baile Mhic Íre agus Cúil Aodha. Bhí an colaiste céanna faoi chúram na mBráithre ón Ord De La Salle. Dob é an Bráthair Peadar, uachtarán agus príomhoide an choláiste, croí agus anam na scoile, a raibh suim nach beag aige sa teanga agus sa chultúr Gaelach. Tugadh cuireadh d' aoínna speisialta chun labhairt leis na micléinn - scríbhneoirí, filí, amhránaithe agus cumadóirí éagsúla Gaeilge. Ní nach ionadh go raibh an Muircheartach sáite sa chultúr Gaelach ón tús gan trácht ar an bPeil Gaelach ina raibh sé páirteach mar imreoir díograiseach ó thús ar scoil agus sa choláiste. Chaith sé seal chomh maith mar thraenálaí d'imreoirí fhoireann Chiarraí a bhí lonnaithe i mBaile Átha Cliath.
Nuair a bhí mé sa séú bliain sa mheánscoil chuir mé iarratais isteach ar na coláistí éagsúla chun bheith i mo mhúinteoir agus is cuimhin liom freastal ar chaint bheag a thug Mícheál ar ghairm an oide. Séard a dúirt sé go bunúsach ná nár cheart ná cóir d'éinne dul le bunmhúinteoireacht gan suim a bheith aige i agus cion a bheith aige ar scoláirí óga ó cheithre bliana go dhá bhliain déag d'aois agus nár cheart d'éinne dul le meánmhúinteoireacht gan suim agus cion dá shamhail a bheith aige nó aici do dhéagóirí mar bíonn ar an múinteoir an chuid is mó den lá a chaitheamh leo. Comhairle mhaith uaidh an méid sin is dóigh liom.
Ar lean
Doras feasa fiafra?
Timhttp://www.blogger.com/profile/17341790378869111524noreply@blogger.comtag:blogger.com,1999:blog-20658264.post-2334749260664158702010-09-05T23:18:00.004+01:002010-09-07T21:07:25.994+01:00Grá don Ghaeilge 4
Ar na múinteoirí ar an bhfoireann i Scoil Uí Chonaill sna seascaidí agus sna seachtóidí den aois seo caite bhí Mícheál Ó Muircheartaigh an sárthráchtaire sin atá fós ag obair leis ar an raidio, gidh is go bhfuil sé tar éis ceithre scór bliain a shlánú ar dhromchla an phlainéid bhig ghoirm seo. Go deimhin rinne sé an tráchtaireacht raidio ar an gcluiche sinsearach san iomáint inniu idir Tiobraid Árann agus Cill Chainnigh agus aréir bhí sé mar aí speisialta ar an gclár teilifíse Up for the Match nuair a d'iompair sé Corn Liam Mhic Chárthaigh isteach sa stiúidio teilifíse. Ta Mícheál fós lán de chroí is d'aigne agus de dhíograis is de dhúthracht. Ní chreidfeá go raibh ochtó bliain slánaithe aige - cheapfá nach raibh sé ach timpeall trí scór bliain d'aois. Go maire tú an céad, a Mhíchíl!
Cén fath go bhfuil Mícheál Uasal Ó Muircheartaigh faoi chaibidil agam anseo? Bhuel bhí sé ina mhúinteoir bunscoile is meánscoile i Scoil Uí Chonaill i Sráid Risteamain Thuaidh, An Cuarbhóthar Thuaidh, Baile Átha Cliath , 1, scoil iontach stairiúil ar leag an Fuascailteoir Dómhnall Ó Conaill an bhunchloch sa bhliain chiniúnach sin 1828. D'fhreastailíos féin ar an meánscoil sin sna seachtóidí. Ach mo léan ní raibh Mícheál agam mar mhúinteoir ach mhúin sé mo dheartháir óg Pádraigh. Bhí Gaeilge bhreá bhinn riamh ag Mícheál. D'eírigh sé as an mhúinteoireacht sa bhliain 1981 nuair a bhí sé bliain is caoga d'aois agus chuaigh sé go lánaimseartha isteach mar chraoltóir in RTE agus Raidio na Gaeltachta.
Nuair a chláraigh mé mar mhéanmhúinteoir sa bhliain 1980 agus nuair a thosaíos ag múineadh sa mhéanscoil chéanna bhí Micheál ar an bhfoireann liom ar feadh bliana. Fear deas séimh cairdiúil ab ea an fear céanna agus sin mar a chuireann sé é féin i láthair fós ar na meáin chraolacháin fiú sa lá atá inniu ann. Fear mór Gaeilge is ea é gan aon agó a rinne agus a dhéanann a lán ar son chúis na teangan. Bhí sé ina chathaoirleach ar Bhord na Gaeilge uair amháin - eagraíocht ab ea í sin a aistríodh go Foras na Gaeilge - an comhlacht nua a bunaíodh ag deireadh na bliana 1999 i ndiaidh Chonradh Aoine an Chéasta ó thuaidh.
Léigh me chéad dhírbheathaisneis Mhíchíl Uí Mhuircheartaigh, From Dún Síon to Croke Park (Penguin Ireland, 2004)  le déanaí . Léamh iontach deas comhráiteach atá sa leabhar seo - cheapfá go raibh Micheál ina shuí in aice leat ag insinst an scéil duit. I ndáiríre píre is scéalaí iontach é an Mícheál céanna. Sciobtar isteach sa scéal thú agus ní bhraitheann tú an t-am ag sleamhnú isteach is tú ag léamh na dírbheathaisnéise seo. Rugadh é i nDún Síon, sráidbhaile beag cúpla míle soir an bóthar ón Daingean, Contae Chiarraí. Breac-Ghaeltacht a bhí i nDún Síon agus bhí idir Ghaeilge is Bhéarla ag a chlann. Mar sin bhí Gaeilge aige ón gcliabhán. Caithfidh mé a rá go labhraíonn an Muircheartach binnbhriathrach deisbhéalach an Ghaeilge agus an Béarla leis na rithimeacha céanna. Uaireanta ní bheadh fhios agat cé acu an Béarla nó an Ghaeilge a bhíonn á labhairt aige, tá na rithimeacha chomh cosúil le chéile.
Anseo is ansiúd sa leabhar faightear nathanna traidisiúnta a d'úsáidí sa Ghaeltacht nuair a bhí an t-údar ag fás aníos, mar shampla an bheannacht seo leanas a thug comharsa d'Aintín May nuuair a d'fhill sí ar an mbaile tar éis beagnach caoga bliain a chaitheamh sna Stái;t Aontaithe: "Dé do bheatha-sa abhaile." Slí eile é sin chun "fáilte romhat abhaile a rá." Abairt iomlán eile as Gaeilge sa leabhar atá scríofa as Béarla gan aon agó ná "Is cinnte go bhfuil solas na bhFlaitheas ar Chonn scéalach anois." Ag tagairt do thaistealaí bóthair - nár thincéir é - d'arbh ainm Conn Riordan - fear fíor dheisbhéalach a raibh guth galánta Etonian aige.
Rud amháin eile a d'fhoghlaimíos ón leabhar ná gur smaoinigh an Muircheartach dul le múinteoireacht don chéad uair nuair a d'fhoghlaim sé go raibh scrúdú ann a thuill deontas nó scoláireacht i gcomhair an Choláiste Ullmhúcháin chlúitigh sin Coláiste Íosagáin a bhí suite cóngarach do Bhaile Mhic Íre. Sé an fáth gur tugadh coláiste ullmhúcháin ar an sórt sin scoile ná gurbh ullmhúchán do na Colaistí Ollúna na coláistí sin. Thagadh na scoláirí ó gach cearn den tír agus bhí gach canúint le cloisint ann - ó Chorca Dhuibhne i gCiarraí, ó gach contae sa Mhumhain, Ó Chonamara, Ó Thír Chonaill, Ó Phort Láirge agus ó Bhaile Átha Cliath. Mar sin bhí cleachtadh ag gach ábhar múinteora ar gach canúint faoi leith - bhí sé nádurtha go leor nathanna mar "Conas ata tú?" "Conas taoi?" "Conas atánn tú?" "Cad é mar ata tú?" "Cén chaoi bhfuil tú?" a úsaid nuair a bhuailfeadh tú le duine ó na Gaeltachtaí éagsúla.
Ar lean
Doras feasa fiafra?
Timhttp://www.blogger.com/profile/17341790378869111524noreply@blogger.comtag:blogger.com,1999:blog-20658264.post-59782549659812748392010-08-28T22:05:00.003+01:002010-08-29T22:58:20.225+01:00Grá don Ghaeilge 3
Teach an tSolais, Árainn Mhór
Is maith is cuimhin liom an chéad uair a tháinig an teilifíseán - an gléas iontach úrnua sin a d'fhógair tús an chultúir nua-aimseartha in Éirinn - chun an bhaile bhig inar rugadh mé - sé sin, Ros Cré, Contae Thiobraid Árann sa bhliain 1962 nuair a bunaíodh Teilifís Éireann. Ó thús tugadh áit speisialta don Ghaeilge - bíodh is go raibh sé sin beag go leor ó thaobh ama dhe - mar chuid thábhachtach d'ár n-oidhreacht agus d'ár gcultúr. Sa bhliain 1965 chraol Teilifís Éireann sraith fhoghlamtha darbh ainm Labhair Gaeilge Linn ina raibh Eoin Ó Súilleabhain, aisteoir cáiliúil, mar láithreoir. Buail ar an nasc seo leanas chun breathnú ar chartlann Amharclann na Mainistreach: Eoin Ó Súilleabháin . Mac ab ea é den scríbhneoir cumasach cailiúil sin Muiris Ó Súilleabháin a bádh go tobann tragóideach i mBá na Gaillimhe sa bhliain 1950. Sa bhliain 1967 craoladh sraith fhíor-thábhachtach eile de chláracha dar teideal Buntús Cainte. Cheannaigh ár máthair na leabhair a bhí ag gabháil leis an tsraith dúinn. Tá na láimhleabhair sin fós ar mo sheilfeanna áit éigint. Chun blas a fháil ar an sórt ruda a bhí i gceist sa chlár sin breathnaigh ar an nasc seo: Buntús Cainte .
An fáth go luaim na sraitheanna seo ná gurbh amhlaidh gur fhéach gach uile chlann a bhí ar aithne agam ar na cláracha sin. Fáth eile a luaim na cláracha seo ná go ndeachaigh leabhar a scríobh Muiris Ó Súilleabháin (1904-1950) go mór i gcionn orm sé sin Twenty Years a-Growing (1933) a léigh mé nuair nach raibh mé ach deich mbliana d'aois. Caithfidh mé a rá gur léigh mé an leagan Béarla den leabhar ar dtús mar ní raibh mo chuid Ghaeilge chomh snasta líofa sin chun Gaeilge shaibhir órga Uí Shúilleabhain a láimhseáil, ach is cuimhin liom gur léas an leagan Gaeilge dhe nuair a bhí mé sé bhliana déag d'aois. Bhí múinteoir iontach agam don Ghaeilge ar scoil ag an uair sin, an tUasal Pádraig Ó Súilleabháin a raibh Gaeilge nádúrtha ó dhúchas aige - Ciarraíoch ab ea é ó bhaile beag éigint i gCorca Dhuibhne. Bhí a fhios agam ansin go raibh neart Gaeilge ar mo thoil agam chun dul i ngleic leis an mbunthéacs Gaeilge Fiche Bliain ag Fás don dara h-uair. Blianta ina dhiaidh sin d'athléas an leabhar arís nuair a bhí an Ghaeilge á déanamh agam mar ábhar sa chéim B.A. i gColáiste na hOllscoile Bhaile Átha Cliath.
Doras feasa fiafra?
Timhttp://www.blogger.com/profile/17341790378869111524noreply@blogger.comtag:blogger.com,1999:blog-20658264.post-15898863551024022302010-08-17T23:16:00.002+01:002010-08-24T01:12:52.516+01:00Grá don Ghaeilge 2
An Loch Thoir, Árainn Mhór, Iúl 2010
Is cuimhim liom nach ndearnamar mórán Gaeilge leis an múinteoir a bhí againn sa séú rang sa bhunscoil - an tUasal Mac Diarmada. Cé go raibh neart Gaeilge aige bhí ní ba mhó spéise aige sa Mhata agus chaitheamar go leor ama ar an ábhar sin agus ar na h-ábhair eile seachas an Ghaeilge. Ach dob'iad na Bráithre Críostaí a bhí i mbun na scoile sin - Scoil Ceanach Naofa, An Cuarbhóthar Thuaidh, BÁC, 1 - agus cuireadh Bráthair éigint nach cuimhim liom a ainm anois isteach chugainn cúpla h-uair in aghaidh na seachtaine chun cur leis an méid Gaeilge a bhí á teagasc ag an nDiarmadach. Rinneamar na ceachtanna go léir nach mór sa leabhar clúiteach sin gramadaí a bhí ag na Bráithre Críostaí ag an am - Nua Chúrsa Gaeilge. Tá an leabhar sin fós agam agus bhain me úsaid aisti ag tús mo shaol múinteoireachta. Beidh togha na Gaeilge ag éinne a deir gur fhoghlaim sé a chuid ghramadaí ón téacleabhar iontach críochnúil sin! Bhí an leabhar ceannann céanna againn nuair a d'aistríomar isteach sa mheánscoil - Scoil Uí Choanaill sa bhliain 1971. Chomh maith leis sin is maith is cuimhim liom go ndearamar gach ceist Ghaeilge ó na h-iarpháipéirí scrúdaithe den sean Teastas Bunscoile.
Sa mheánscoil rinneamar na h-ábhair go leir as Gaeilge don Mheán Teist. Bhí se sin cosúil le tumadh isteach i gceann domhain linn snámha gan cumas snámha ionat. Ach ba ghearr gur fhoghlaimíomar na téarmaí éagsúla a bhí bainteach le Mata, le Laidin, le Fraincís, le h-Eolaíocht agus le Tráchtáil i dteanga ár sinsear. Sar i bhfad bhíomar go léir ag labhairt Ghaeilge go nádúrtha. Go dtí an lá inniu fanann téarmaí mar thacair uilechumachtacha, fo-thacair, triantáin chomhshleasacha, ús, brabús, crios measartha, iompó Cancer, iompó Capricorn, an Mol Thuaidh is an Mol Theas agus a lán eile nach iad ar bharr mo theangan agam.
Bhí a lán múinteoirí iontacha againn dona h-ábhair go léir nach mór. Ba neamhghách ag an am drochmhúinteoir a bheith agat i Scoil Uí Chonaill a bhí mar long na brataí i measc scoileanna na mBráithre i mBaile Átha Cliath. Na múinteoirí Gaeilge a bhí ann lem' linnse ná Mícheál Ó Muircheartaigh - an mórthráchtaire ar chluichí de chuid an Chumann Lúthchleas Gael - Mícheál Ó hEaráin ó Chontae Shligigh, agus Pádraig Uas. Ó Súilleabháin ó Chontae Chiarraí. Ba ó na sármhúinteoirí críochnúla seo a d'fhoghlaim mé mo chuid Ghaeilge go léir is fíor a rá.
Seanbhád Iascaigh, Árainn Mhór, Iúl 2010
Ní cuimhin liom go baileach an t-ainm a bhí ar scoil ina ndéanadh sraith amháin na scrúdaithe as Gaeilge agus na ranganna go léir eile na scrúdaithe as Béarla. Ach bhí na h-amanta ag athrú áfach agus ba sinne an rang deireannach a rinne ár scrúdaithe stáit as Gaeilge i Scoil Uí Chonaill. Bhí mo dheartháir Pádraig sa rang díreach fúmsa ar scoil agus rinne seisean a scrúdaithe as Béarla agus bhí na múinteoirí ceannanna céanna aigesean is a bhí agamsa.
Doras feasa fiafra?
Timhttp://www.blogger.com/profile/17341790378869111524noreply@blogger.comtag:blogger.com,1999:blog-20658264.post-11133663718346640412010-08-07T13:38:00.003+01:002010-08-24T01:02:37.847+01:00Grá don Ghaeilge 1
Teach an tSolais, Arainn Mhór, Iúl, 2010
Nuair a bhí mé sé bhliana d'aois buaileadh tinn m'athair leis an ngalar polaimiailítis - chaill sé úsáid a láimhe deise, ach bhí an t-ádh dearg leis nár chaill sé ní ba mhó. Ag an am sin chaill a lán daoine ar buaileadh tinn iad leis an ngalar uafásach sin úsáid a gcos agus fágadh a lán eile fiú ag maireachtaint ar scámhóg iarainn mar a tugadh ar an diabhal de mheaisín a rinne análú dóibh. Ar aon nós bhí ar an gclann s'againne aistriú go Baile Átha Cliath ó bhaile beag Ros Cré i gContae Thiobraid Árann,agus ba sa chathair mhór a thosnaigh agus a d'fhás mó ghrá don Ghaeilge.
An bhliain chinniúnach míle naoi gcéad agus a seasca ceathair a bhí ann - deirim "cinniúnach" mar bíonn gach bliain cinniúnach, nach mbíonn? Ar aon nós is cuimhin liom mo chéad lá ar scoil leis na mná rialta - ba cheart agus ba chóir dom bheith ag dul isteach sa chéad rang ag an am mar bhí mé in aois dó. Chuir seanchailleadh de bhean rialta scrúdú léitheoireachta orm sa Bhéarla agus d'éirigh go geal liom leis sin. Ansin chuir sí téacsleabhar Gaeilge ós mo chomhair amach agus d'iarr orm léamh. Ambaist, ní raibh mé ábalta fiú is focal amháin a aithint agus d'fhanas im' thost neirbhíseach. "Amadán," ar sise liom, bhain sí craith mhór asam agus is féidir liom fós fiú a mhéaracha tanaí géara a bhraitstint im' lámha. "Caithfidh tú dara rang na naionán a dhéanamh arís, níl léamh agat!" Agus sin mar a thit se amach go ndeara mé dara rang na naionán faoi dhó - an chéad uair i Ros Cré agus an dara h-uair i mBaile Átha Cliath." Ag an uair sin ghlac na tuismitheoirí le moltaí na múinteoirí agus níor cheistigh siad aon rud. Ar aon nós níor chuir an eachtra seo isteach nó amach ar mo thuistí féin. Is cuimhin liom gur gháir m'athairse, agus dúirt go ndéanfadh an bhliain sa bhreis ar scoil maitheas mór dom. Mar a thit cúrsaí amach bhí an ceart ag mo dhaid.
Nuair a chuaigh mé ar an mbunscoil bhí mé bliain amháin ní ba shine ná na buachaillí eile ach bhí mé i bhfad ní b'aibí agus bhain mé sult agus taithneamh as bheith ag déanamh m'obair scoile is bhaile i ndiaidh blianta ag gabháil do cúrsaí na naíonán. Chuir na h-ábhair go léir iontas an domhain orm agus bhain mé taitneamh nach beag as iad a fhoghlaim. Bhí mé i mo scoláire maith mar bhí mé ábalta gach rud nach mór a thuiscint. Dúirt an chéad mhúinteoir a bhí agam, fear óg le folt maith mór gruaige rua air, nach cuimhin liom a ainm anois, go raibh bua na dteangacha agam, agus go raibh mé go maith ag an nGaeilge.
Ach an múinteoir ab fhearr a bhí agam riamh ná seanfhear d'arbh ainm an tUasal Ó Muirí, fear a bhí chomh maol le h-ubh. Sár-mhúinteoir a bhí ann agus d'fhoghlain mé mórán i ngach ábhar go h-éasca uaidh, agus duine mór ceoil ab ea é agus chuireamar a lán amhrán, idir Bhéarla agus Ghaeilge go glanmheabhar ina rang. Bhí O Muirí againn do rang a trí agus rang a ceathair agus b'uaidh a smaoinigh mé ar bheith i mo mhúinteoir don chéad uair i ndáiríre i mo shaol. Le linn an dá bhliain sin thagadh Bráthair Críostaí d'arbh ainm Ó Cathasaigh isteach chun faobhar agus snas a chuir ar ár gcuid Ghaeilge. Fear mór gramadaí ab ea é agus b'uaidh-sean a d'fhoghlaimigh mé na briathra go léir - gach aimsir, gach módh agus fiú An Módh Foshuiteach. Ag an uair sin bhí béim an-mhór ar an ngramadach. Bhí an t-ádh liom mar bhí an ceart ag an múinteoir rua go raibh bua na dteangacha agam. Is cuimhin liom go bhfaigheadh cuid des na daltaí laga nó iadsan nár fhoghlaimigh a chuid cheachtanna buille den leathar, gléas uafásach smachtaithe a bhí ag na múinteoirí ag an am sin.
Uair nó dhó roimh dhul faoi na gréine: Árainn Mhór
Ansin cuireadh mé i rang a 5 A mar cheap an tUasal Ó Muirí go mba cheart dom roinnt ábhar sa bhreis a dhéanamh as Gaeilge. Rinneamar Stair agus Tír Eolas ansin as Gaeilge. Bhí múinteóir iontach againn sa rang sin - an tUasal Seán Ó Sé. Fear mór Gaeilge ab ea eisean chomh maith. Ní raibh pearsantacht ró-chairdiúil nó ró-thairraingteach aige ach bhí sé an-ordaithe go deo i leagan amach a ranganna agus i gcur chuige an teagaisc. Bhíodh jab beag nó ról beag ag gach duiine dena scoláirí sa rang, duine chun giúirléidí na céimseatan a bhailíú ón gcófra agus iad a leagan faoi bhun an chláir dhuibh speisialta a bhí iage don chéimseata amhain. Bhíodh ar dhalta eile seasamh suas as am faoi leith agus an focal "paidreacha" a ghlaoch amach agus ar chlos an gháir chatha san sheasadh na daltaí go léir suas chun paidreacha an lae a rá go béasadh solúnta. Bhíodh ar dhaltaí eile garannaí beaga eile a dheamhach chomh maith - an chailc agus an glantóir a chur amach fé bhun an chláir dhuibh, na chláir éagsúla a ghlanadh, na cóipleabhair a bhailiú, agus fiú sean rothar Raleigh mór dubh a shiúil trasna an ranga chun an dorais le h-aghaidh chleachtadh coirp an tseanmhúinteora - théadh sé ag rothaíocht síos go dtí lár na cathrach gach lón nach mór.
Bhí clár dubh speisialta eile aige don ailgéabar agus don uimhiríocht. Ansin bhí clár beag tanaí ar leith aige d'fhoclóir na Gaeilge. Chuireadh sé nathanna úsáideacha a bhí orainn a chur go glanmheabhar ar an gclár dubh speisialta sin. Thugadh se "focla mairceálta" ar na nathanna cainte úsaideacha sin. Mar a dúirt mé fear searbh ab ea é a dúradh go raibh crosta cantalach agus baisteadh an t-ainm "An Tarbh" air ó na seanlaethanta. Bhí bata mór adhmaid aige ach ní chuimhin liom gur bhain se úsáid mhór as an mbata céanna ach dhá uair ar a mhéid nuair a thuill buachaillí dána an píonós sin. Mar sin is féidir liom a rá go raibh glam Uí Shé i bhfad ní ba mheasa ná a ghreim. Táimse fein ana-shásta go raibh múinteoirí den scoth sin againn - sár-mhúinteoirí críochnúla maithe, a raibh meas acu ar a gceárd is ar a ndaltaí. Muimhnigh nach mór a bhí sna múinteoirí a bhí againn ar scoil - mic fheirmeoirí beaga ó Chiarraí, ó Chorcaigh agus ón gClár. D'fhoghlaimigh mé a lán uatha, go speisialta mo ghrá d'ár gcultúr agus dár dteanga ársa.
Ar lean
Doras feasa fiafra?
Timhttp://www.blogger.com/profile/17341790378869111524noreply@blogger.comtag:blogger.com,1999:blog-20658264.post-57643154832700189192010-07-29T19:58:00.000+01:002010-07-29T19:58:55.368+01:00Sos agus Saoire in Isca Marina
Ceann des na seanghiúirléidí ar taispeáint sna Due Casette
Tá an post seo á scríobh agam ó áit an-bheag d’arbh ainm Isca Marina, sráidbhaile beag iascaireachta timpeall deich gciliméadar ó dheas de chathair Soverato anseo ar chósta thiar Calabria, díreach ag bun an Mezzogiorno. Is anseo atá árasán ceannaithe agam fhéin agus mo bheirt dheartháireacha. Tá sé againn anois le bliain an mhí seo d’imigh tharainn agus táim cleachtaithe ar an timpeallacht máguaird um an dtaca seo. Tá na daoine dúchasacha an-chairdiúil ar fad mar is tuathánaigh iad go léir nach mór nó de bhunadh na tuaithe ar a laghad. Mar a dúirt bean an tí amháin a bhí i bhfeighil na cócaireachta i dteach Agriturismo ar a dtugtar Le Due Casette: “Sono Contadina,” sé sin, “Is tuathánach mé,” agus bhí sí ana-mhórtasach as sin. Caithfidh mé a rá go bhfuil meas mór agus cion nach beag agam ar a leithéid sin de dhaoine – daoine neamh-shoifisticiúil a chaitheann gnáthshaol agus a bhaineann an méid sin suilt agus súip as an saol gan bheith sa tóir ar an saibhreas as cuimse nó ar an rachmas.
Is amhlaidh go bhfuilim ag dul in aois, éirithe tuirseach de bheith sa tóir ar ardú céime i mo phost, nó dioplóma nua a bhaint amach nó carr níos fearr nó níos cumhachtaí a bheith agam nó pé rud nua eile atá sa bhfaisean ag an am seo. Ach, nuair a smaoiním air arís tá níos mó ná sin ag dul i bhfeidhm orm. Mar a deir na fealsaimh tá dhá mhódh ann chun an saol a chaitheamh – sé sin (i) rudaí a dhéanamh de shíor agus (ii) go simplí bheith beo, “to do” agus “to be” mar a thugtar orthu de ghnáth sa Bhéarla. I ndáiríre píre is é an chothromaíocht an rud is fearr – gach rud a bheith i gcothrom, gan a bheith ag dul thar fóir leis seo nó leis siúd. De ghnáth is é an chéad cheann a leanann an chuid is mó de dhaoine na nua h-aoise seo – daoine an aonú aois is fichead. Ta dearmad nach mór déanta acu ar an tarna módh maireachtála. Arís chun bheith praicticiúil agus réalaíoch caithfimid ár gcúraimí a chomhlíonadh, ár maireachtaint a thuilleamh, agus chucu-san caithfimíd bheith gníomhach agus ag déanamh. Admhaím sin ach caithfimid cothromaíocht a choiméad inár saol. Sin an fáth go mba cheart agus go mba chóir do gach éinne saoire mhaith a bheith acu, briseadh suntasach nó sos ó shaol na h-oibre d’fháilt go rialta. Sa tslí sin tugtar áird ar an sláinte mheabhrach
Doras feasa fiafra?
Timhttp://www.blogger.com/profile/17341790378869111524noreply@blogger.comtag:blogger.com,1999:blog-20658264.post-90958013889431317672010-07-09T15:05:00.002+01:002010-09-24T14:07:14.390+01:00Árainn Mhór Abú
Bhuel, a chairde, táim díreach tar éis filleadh ar mo theach tar éis sos ró-bheag a chaitheamh istigh ar an oileán. Bhí an áit bríomhar beomhar mar is gnách ag an am seo den bhliain le glórtha geala na scoláirí óga atá ag freastal ar an chéad chúrsa foghlamtha. Bhí spiorad iontach, mar is gnách gan aon agó i measc na múinteoirí fosta. Agus chuala mé nuacht ana-shuntasach gurbh í Gaeltacht Árainn Mhóir an t-aon Ghaeltacht a raibh méadú (as cuimse) ar líon na scoláirí inti, agus go raibh na huimhreacha titithe beagnach i ngach aon Ghaeltacht eile. Bhuel, comhghairdeachas do Mhánas agus dá fhoireann iontach - tá sibh ag déanamh éachta thuas ansin. Cathfidh mé a rá go mbraithim uaim an t-oileán, na daoine cairdiúla ón oileán agus gan dabht an fhoireann bhreá mhaith atá thuas ag Mánas - tá an t-ádh leis na scolairí múinteoirí den scoth sin a bheith acu -aon uair a fhágaim í. Bím suite go brónach i mo charr ar an mbád farraingteoireachta ag amharc isteach ar an chloch ghalánta ghlas breactha le h-aol.
Is doiligh go leor na laethanta gruama seo nuair nach gcloistear aon rud ar na meáin seachas drochscéalta faoi oibrithe dá ligean chun siúil bheith in ísle brí. Is rí-dhoiligh fosta éirí siniciúil faoin bpolaitíocht, faoi gheileagar na tíre, faoi chaimiléireacht na mbaincéirí, faoi fhíor-dhrochstaid an chórais leighis, fiú faoi staid na Gaeilge agus faoi fhabhanna eile gan aon agó. Ach is amhlaidh gurb iad na daoine óga lena mbeocht, lena mbrí agus lena bhfuinneamh a choimeádann muid óg agus dearfach. Chomh maith leis sin is rí-dheas a fheiceáil go bhfuil suim fós ag an méid sin daoine óga sa Ghaeilge. Tugann sé instealladh dóchais dom tar éis beagnach ocht mbliana fichead a chaitheamh ag gabháil dá teagasc go bhfuil siad ann a bhfuil grá acu don Ghaeilge, seantheanga ár muintire. Sin an fáth go bhfuil scoileanna samhraidh chomh tábhachtach sin dúinn go léir mar Ghaeil agus mar chultúr atá i bhfad níos difriúla ná an cultúr Béarla a roinnimid leis na Sasanaigh. Agus nílim ag fáil aon lochta ar an dara cultúr sin atá againn.
Chun críoch a chur ar an bpost beag seo ba mhaith liom mo bheannachtaí a sheoladh siar ó thuaidh don Choláiste, dá fhoireann iontach uile agus do mhuintir an oileáin. Chuir sé idir bhrón agus inspioráid i mo chroí bhocht nuair a ghlaoigh mé isteach ar Kathleen Boyle, bean uasal cróga lena bhfanainn sna seanlaethanta dom nuair bhí mé ag teagasc sa choláiste. Mar is eol do chách tá Kathleen ag tabhairt togha na h-aire dá chéadmhac Neil sa bhaile. Bheannaigh mé don leaid bocht. Chaitheas uair a chloig léí agus caithfidh mé a rá go raibh mo chroí nach mór briste ar mo bhealach síos chun an bháid - a leithéid sin d'fhulaingt a fheiceáil ar láimh amháin agus a leithéid sin de ghrá máthara ar an láimh eile. Gheall mé di go bhfillfinn sara i bhfad.
Caithfidh mé iarphost a chur lena bhfuil ráite agam thuas. D'iarr Mánas orm léitheireacht bheag de mo chuid dhánta fein a thabhairt don dá ardrang i Scoil Athphoirt. Caithfidh mé a rá gur bhain me an taithneamh agus sult as sin a dhéanamh dó. Pribhléid domsa ab ea é scaifte chomh béasach, tuisceanach, múinte a bheith mar lucht éisteachta, agus gan dabht ar domhan scaifte a raibh an méid suime sin acu sa Ghaeilge. Bhí a fhios agam go raibh mé ar thalamh naofa an fhile dhúchais, talamh naofa Phroinsias Mhic an Bhaird, ach tá súil agam go maithfidh sé dom é. Mar a dúirt mé sa teideal ar an bpíosa beag omóis seo: Árainn Mhór abú!
Doras feasa fiafra?
Timhttp://www.blogger.com/profile/17341790378869111524noreply@blogger.comtag:blogger.com,1999:blog-20658264.post-19842765643741650362010-06-01T23:27:00.000+01:002010-06-01T23:27:11.357+01:00Ar Ais Arís!!Bhuel a chairde, ní thuigim cé chomh scioptha is a ghabhann na laethanta tharainn. Seo sinn agus mí an Mheithimh buailte linn agus muid ar thairseach an tsamhraidh. An uair dheiridh a scríobhas ar phár na blagchruinne bhí an domhan Gaelach faoi mhórbhrat bán an tsneachta. Sleamhnaíonn an t-am isteach ró-thapaidh ar fad. Ach sin mar a bhíonn cúrsaí i gcónaí is amhlaidh.
Táim díreach tagtha abhaile ó shocraid mo chol ceathar agus ualach an bhróin trom go leor ar mo ghuaillí. Fuair Briain bás go tobann an deireadh seachtaine seo d'imigh tharainn. Is amhlaidh gur bhuail taom titimis é - bhí an laige sin ann leis na blianta. Ní raibh sé ach cúpla bliain thar seasca agus é roinnt bhlianta éirithe as obair. Níor mhair sé fada go leor chun luach mhaith a shaothair a bhaint as a phinsean. Ach sin an saol.
Anois táim beagnach saor ó shrianta na bliana acadúla - faighimid laethanta saoire an tsamhraidh ar an Aoine seo. Bliain fhada thuirsiúil a bhí ann dom óir bhíos gafa le cúrsa acadúil - dioplóma san oideachas do dhaoine a bhfuil riachtanais speisialta orthu. Mar sin ní bhfuir mé deis aon rud a chumadh nó a scríobh sa bhlag Gaeilge seo agam. Caithfidh mé a admháil gur bhraitheas uaim an Ghaeilge. Chomh maith leis sin táim éirithe as an Ghaeilge a mhúineadh agus is amhlaidh go gcuireann sé sin isteach agus amach ar mo chumas sa teanga chéanna. Ar an láimh eile dhe bainim sásamh thar na bearta as an post nua atá agam ag teagaisc macléinn le Siondróm Asperger, Uathachas,nó iad siúd a bhfuil míchumais eile mar dhisléicse, diospraicse nó míchumais fhoghlama ginearálta orthu, bíodh sé sin éadrom nó meánach. (Asperger's Syndrome, Autism, dyslexia, dyspraxia, general learning disability, whether mild or moderate.)
Bhuel, táim druidte anois chun deiridh. Caithfidh mé críoch de shórt éigin a chur leis na smaointe fánacha seo agam. Caithfidh mé filleadh ar thobar na Gaeilge, bíodh sé sin sa léitheoireacht nó sa scríbhneoireacht féin. Gan dabht ba cheart agus ba chóir dom blaganna as Gaeilge a léamh agus fiú machnamh a dhéanamh orthu. Uatha san cuirfidh mé le mo stór focal gan aon agó.
Doras feasa fiafra?
Timhttp://www.blogger.com/profile/17341790378869111524noreply@blogger.com