

An t-ochtú litir d’Aibítir na Gaeilge: Uath = h
Anois, a chairde, tá se in am dúinn leanúint ar aghaidh leis an ngnó atá idir lámha againn, sé sin cur síos ar na litreacha éagsúla den chló gaelach. An babhta seo is í an litir “h” atá faoi chaibidil againn, nó “uath” mar a thugtar uirthi sa seanchóras. (h)
Seo mar a deir foclóir an Duinnínigh: “Uath, whitethorn (hawthorn) tree, auxiliary letter in the Irish Alphabet, used to express aspiration, prevent hiatus etc…” Tugtar “an sceach gheal”ar an “uath”agus aistrítear go Béarla é mar “whitethorn” nó “hawthorn”nó fiú “Maybush.”Tá sé éasca go leor an crann seo a aithint mar fásann bláthanna bána go tiubh is go trom air le linn Mhí an Mheithimh agus feictear é go forleathan ar fud na hÉireann. Sa bhéaloideas tá an crann seo bainteach leis an slua sí nó “na daoine beaga.” Uaidh sin luaitear mí-ádh, tinneas agus fiú bás leis an gcrann céanna, go h-áirithe leis an gcrann aonair. Cloistear scéal bealoideasa faoi fhear a ghoid roinnt sceacha geala ón reilig i gCill Rialaig i gCo, Chiarraí. Deirtear gur tháinig an slua sí ina dhiaidh agus go raibh air iad a athchur sa reilig. Fágadh fear eile gan lúth na gcos is na lámh i ndiaidh an cleas céanna a dhéanamh.
Rinne an “Folklore Society”sa Bhreatain suirbhé le déanaí agus fuarthas amach go bhféachtar ar bhláthanna na sceiche gile mar chomharthaí an mhí-áidh fiú sa la inniu. (Féachtar, Irish Trees: Myths, Legends and Folklore le Niall Mac Coitir, Collins Press, 2003, pp. 52-3)
Rud coitianta fosta an milleán a chur ar an sceach gheal toisc gurbh aisti a rinneadh crois Chríosta agus gurbh óna dealga a rinneadh an chóróin spíne.
Bhí sa de nós i gCo. Chiarraí bláthanna na sceiche gile a fhágaint ar an ndríosúr le linn Mhí an Mheithimh chun na h-ainsprioraid a choiméad taobh amuigh den teach.
Thuas tá pictiúr den sceach gheal fé bhláth a ghlacas cúpla seachtain ó shin i Newbridge House.