Sunday, November 22, 2009

Randamacht agus Oirchill






Is amhlaidh gurb é ceann de na rudaí is mó a chuireann sceon orainn - agus uafás fiú - ná an randamacht neamhphearsanta a bhaineann leis an saol i gcoitinne. Tarlaíonn a lán rudaí de sheans nó de thaisme, ach táthar ann a deir nach dtarlaíonn aon rud faoin spéir saolta go randamach, gurb amhlaidh go dtiteann rudaí amach faoi stiúr phleananna doiléire dothuigthe rúndiamhaire Dé. Uair amháin agus mé im’ ógánach neamhurchóideach agus fiú im’ fhear óg soineanta chreid mé a leithéid siúd, sé sin nach dtarlódh aon rud de sheans nó de thaisme ar an saol seo ach go dtitfeadh gach rud amach ina am cuí féinig agus in a am cuí féinig arís faoi scáth diamhair mistéireach oirchill Dé. Séard atá i gceist ag na diagaithe le h-oirchill nó le deonú Dé ná go bhfuil plean nó cuspóir uileghábhálach ag an gCruthaithóir – cuspóir uileghabhálach nach bhfuilimid in inmhe a shamhlú fiú gan trácht ar é a thuiscint in aon chur. Sea cinnte, is daoine beaga neamhshuntasacha sinn i gcomparáid le fairsinge agus scóipiúlacht na cruinne féin. Tagann an rann clúiteach sin de chuid Shakespeare chun chuimhne dom, na focail a chuir sé i mbéal Gloucester i dtraigéide King Lear:
“As flies to wanton boys are we to th' gods,
They kill us for their sport.”

Bhuel bíodh sin nó na bíodh. Bíodh Dia ann nó ná bíodh. Is cuma sa tsioc ar shlí. Nílim chun Dia a dhiúltú nó a bhréagnú anseo mar a dhéanann a léitheidí mar Richard deisbhéalach binnbhriathrach Dawkins. Ar an láimh eile dhe nílim chun é nó í a chosaint ach an oiread – a rá go bhfuil oirchill de shaghas éigint taobh thiar den domhan tathagach seo ‘gainne.


Séard atá i gceist agam anseo ná an eispéireas dothuigthe, uafásach, scanrúil sin a bhriseann is a scriosann an duine daonna nuair a thiteann rudaí tragóideacha truamhéalacha amach cosúil leis an timpiste uafásach sin a tharla le déanaí ar bhóithre na Gaillimhe. Gan dabht tagraím don tionóisc chinniúnach sin (Feictear an nasc seo: Tragóid ) a tharla ar an mbóthar idir Baile an Mhuilinn agus Ballindine i gContae na Gaillimhe Dé Máirt seo caite a d’fhág ceathrar scolaire óga – cailíní óga iad go léir ins na ficheadaí luatha – chomh marbh le clocha fuara ar an ród fuarchúiseach. Ba mhicléinn iad uile in Ollcoil na Gaillimhe. Ní raibh siad ach ag tairseach an tsaoil. Ba randamach tragóideach an buille dóibhsan agus dá muintir uilig. Tháinig cailín bocht amháin slán ach tá an créatúr bocht fós i mbaol - í sínte gan aithne gan urlabhra ar chlár a droma in oispidéal Beaumont anseo láimh liom i mBaile Atha Cliath. Ba mhaith liom mo bheannachtaí a chur chuici agus chuig a muintir uilig in am seo a ngátair. Ní féidir linn a mbuairt ná a bhfulingt a thuiscint. Chuala mé nath éigint uair amháin a deir: "Scríobhann an Cruthaitheoir le línte cama nach féidir linn a léamh." Fágaim cíoradh an natha ait sin libh a leitheoirí díle.

Scriostar sinn i ndiaidh tragóide chomh h-uafásach leis an gceann a luaigh mé díreach ansin - agus ba cheart agus ba chóir go scriosfaí mar is fíor luachmhar leochailleach an bláth é an saol. Agus, a chairde croí, ní bláth ilbhliantiúil é ach an oiread.


Bainigí uile súp agus sult as an saol fad a mhaireann sibh! Mar a deir an seanrann sin:
“Maireann an chraobh ar an bhfál ach ní mhaireann an lámh do chur.”

Saturday, November 14, 2009

Féith na Cruthaíochta




De réir mar a théim in aois déanaim iarracht nach beag an tsiniciúlacht a sheachaint. Dar liom gurb í an tsiniciúlacht chéanna ceann de na míbhuntaistí a bhaineann le sleamhnú isteach na mblianta. Uair dá raibh is cuimhin liom siúl isteach i seomra foirne amháin i meánscoil chlúiteach ins na h-ochtóidí luatha den aois seo caite agus mé in ard-ghiúmar faoi rang maith a bhí tar éis bheith agam agus gurbh é an freagra a fuair mé ó sheanmhúinteoir a bhí suite i gcúinne amháin ná: "Foghlaimeoidh tú an fhírinne sar i bhfar!" Caithfidh mé a rá gur bhain an ráiteas sin uaidh siar asam ag an am. Bíodh sin mar atá, caithfidh mé a rá leis go dtuigim dó anois tar éis tríocha bliain dom a chaitheamh ag obair sa ghort, nó chun meafar eile a mhúnlú, tar éis tríocha bliain dom a chaitheamh ag treabhadh na mara.

Ní thugtar mórán cúrsaí traenála do mhúinteoirí le linn a saoil mhúinteoireachta. Go deimhin tá méid beag cúrsaí tacaíochta ann maidir le h-ábhair an churaclaim ach ní thugtar aon inseirbhísí ar an gcéird fhéinig maidir le cúrsaí proifisiúnta mar bhainistíocht ranga, iompar nó mí-iompar na ndaltaí, forbairt phearsanta agus forbairt phroifisiúnta an mhúinteora féin, módhanna nua teagaisc, athraithe móra sóisialta na linne, rangannaí ar an siceolaíocht nó ar an soceolaíocht féin. Is mithid dom stopadh mar tá go leor lochtanna ar an gcóras oideachais taobh amuigh de na cinn a bhaineann leis an gcéird fhéinig - na gearrthaí siar go léir 7rl.

Ar aon nós ní hí an tsiniciúlacht atá mar ábhar an phoist bhig seo dom ach a frithnimh, sé sin féith na cruthaíochta. Tar eis tríocha bliain dom ag treabhadh na mara mar a mhúnlaigh mé an meafar sin thuas, táim anois díreach sáite i gcúrsa mór maith inseirbhíse, nó leis an fhírinne a rá, cúrsa traenála nua - táim ag déanamh cleachtadh múinteioreachta arís, ag ullmhú pleananna ranga, pleananna téarma agus ag déanamh staidéir ar mhódhanna nua múinte, ar bhainistíocht ranga, ar chur chuige nua maidir le Mata, Béarla, Cumarsáid agus mar a bhaineann siadsan le múineadh daltaí laga. Ní mór dúinn go léir iniúchadh a dhéanamh ar ár saol proifisiúnta chun athbhrí a chur ann nó chun é úrú nó fiú a athbheoú.

Taobh amuigh de sin caithfimid go léir caithimh aimsire a bheith againn a scaoileann an strus is an brú chun siúil, is cuma sa tsioc cad iad na caithimh aimsire céanna. Téigh amach ag siúl fá na bóithre nó fa na cnoic má bhíonn an deis sin agat. Nó fiú bí ag ceol nó ag canadh nó ag scríobh. Le linn na tríocha bliain sin ata caite agam im' mhúinteoir thugas fé ndear gurbh iad na múinteoirí cruthaitheacha na daoine a bhí in ann coinneáil ar siúl, na daoine a bhí in ann an tsiniciúlacht a sheachaint, a bhí in inmhe iad fein a athbheoú bliain i ndiaidh bliana.

Gan dabht ar domhan is e féith na cruthaíochta íocshláinte nó frithnimh na siniciúlachta.



Thuas, grianghraf a ghlacas ar chiumhais abhainn an Arno - lungarno - Firenze cúpla blian ó shin. Dar liom is í cathair Firenze croílár na cruthaíochta

Sunday, September 27, 2009

Déjà vu




"Is amhlaidh go raibh mé díreach san áit cheannann chéanna seo uair dá raibh," arsa mise liom féin ar dul isteach dom tré gheata tosaigh Choláiste Phádraig an Luan seo caite. Go deimhin is maith is cuimhin liom dul faoi agallamh iontrála sa bhliain chinniúnach san, míle naoi gcéad is a seachtó sé - bliain m'ardteise. Ag an uair sin bhí ar an ábhar múinteora amhrán a chanadh mar ceapadh go mba chóir don teagascóir bheith in inmhe canadh. Bhí an t-ádh liom bheith in ann é a dhéanamh agus is cuimhin liom an t-amhrán clúiteach sin "Preab san Ól" a cheol. D' éirigh go geal liom san agallamh ach dhiúltaigh mé an an t-ionad sa choláiste sin mar theastaigh uaim bheith im' mheánmhúinteoir. Mar a dúirt mé cheana sna poist ar an mblag seo'gam bhí Micheál Ó Muircheartaigh (an tráchtaire clúiteach sin ar chluichí Chumann Lúthchleas Gael ar Raidio 1 gan aon agó atá faoi chaibidil agam anseo, agus é beagnach in aois a cheithre scór anois - go maire tú an céad, a Mhíchíl uasail) ó Chiarraí agus Mícheál Ó hEaráin ó Chontae Shligigh agam mar mhúinteoirí Gaeilge. Is maith is cuimhin liom an chéad Mhícheál díobh san á rá nár cheart d'éinne dul isteach sa bhunmhúinteoireacht gan bheith sásta a shaol oibre a chaitheamh le páistí beaga agus nár cheart d'éinne dul le méanmhúinteoireacht gan bheith in ann cur suas le déagóirí. Dob é sin an chomhairle ab fhearr a fuair mé riamh faoi chéird an oide. Fear fíorphraiticiúil é an Mícheal céanna. Bhí an scoth den Ghaeilge ag an mbeirt acusan. Iarbhunmhúinteoirí ab ea iad sula ndeachadar isteach sa dara leibhéal. Bhíodar bheirt anseo i gColáiste Phádraig sna caogaidí luatha.

Ar aon nós, séard a bhí ar siúl agam ná gur thosnaigh mé ar chúrsa eile iarchéime - Dioplóma Iarchéime sna Riachtanais Speisialta Oideachais. Bhraith mé gurbh amadán ceart mé bheith ag tosnú as an nua ar phleananna ranga, scéimeanna oibre, nótaí agus níos mó nótaí, gan trácht ar dhiabhal na téarmaíochta uafásaí atá ag baint leis an diabhal-rud céanna. Sea amadán ceart mé ach is fíor le rá gur tosú nua é i mbliain mo dhara bliain caogad dom. Mar sin ní dóigh liom go mbeidh a lán deiseanna agam scríobh ar phár na blagchruionne anseo mar ceapaim go mbeidh me ró-ghnóthach. Ach bíodh sin nó na bíodh leanfaidh mé ar aghaidh ag léamh an méid sin a scríobhann mo chairde dile ina mblaganna éagsúla. Slán beo leis na seanlaethe! Ní thiocfaidh siad ar ais choíche. Is maith is cuimhin liom an t-ógánach neamhurchóideach soineanta a bhí ionam na blianta ó shin agus mé ag siúl liom trén ngeata sin. Chuir sé ionadh, gliondar agus fiú sceon ar mó chroí an Luan cinniúnach seo caite go raibh an t-ógánach sin caillte leis na blianta agus é claochlóite anois ina fhear meánaosta le taithí na mblianta ar a sheanghuailne.




Thuas chuireas grianghraf den fheá mhaith mhór álainn a leagadh le déanaí. Bhí an fheá roinnt mhéadair lastuigh den gheata tosaigh. Moladh an leagadh toisc go raibh an crann ró-shean agus ana-chontúirteach. Feictear an nasc seo a leanas: Feá na Feasa

Saturday, September 05, 2009

Cad is Grá Ann?






Caithfidh mé a rá go bhfuil mé fada go leor ar dhomchla an phlainéid bhig seo agus nach dtuigim in aon chor cad tá i gceist nuair a luaitear an focal "grá." Is amhlaidh go luaitear go ró-mhinic an focal seo agus go laghdaíonn an mhinicíocht sin an bhrí. Ní h-é sin le rá nar léigh mé leabhair faoin ábhar - idir dhiagacht agus fhealsúnacht, gan trácht ar na dánta is na h-úrscéalta go léir. Lena chois sin, gan dabht, bhíos sáite i gcúpla caidreamh ó am go chéile im 'am ar an saol seo agus adhmhaím gur mhothaigh mé go rabhas i ngrá. Gan dabht ar domhan is rud é an rómánsúlacht a d'eascair agus a d'fhás ó aimsir na dTroubadours i leith agus ceapaim gur rud nó feiniméan siceolaíochta é a chruthaítear inár samhlaíocht fhéin. Bíodh sé sin nó na bíodh is amhlaidh go n-aithnímid feiniméan an ghrá nuair a mhothaímid é nó nuair a bheirtear orainn ina líon. Ar aon nós seo dhaoibh an dara dán a chumas ar laethanta saoire dhom san Iodáil. Níl ann ach focail ach is leor iad na focail. Bíonn an bhrí is an míniú de shíor sna focail seachas i gcoincheapanna teibí na meitifisice.






Iomar an Ghrá

Thíos ar thrá Isca
Trathnóna breá Lúnasa
Is páistí beaga ag léimt
In aghaidh na dtonnta
Tá beirt leannán ag pógadh -
Béal in aghaidh béil-
Ag tochailt go domhain
In iomar an ghrá.

Thíos ar thrá Isca
Is an ghrian fós go h-ard
Tá Iodálaigh dhonna dóite
Ag déanamh bolg le gréin.
Tá beirt fhear i mbád beag
Ag iomramh mar dhiabhail -
Ina bpáistí aríst.

Thíos ar thrá Isca
Trathnóna breá Lúnasa
Is sinn uilig ag iarraidh
Fuascailt ón mbuairt
Tá an fharraige mar mhantra
Dár saoradh ón mbrú.

Thíos ar thrá Isca
Trathnóna breá Lúnasa
Tá an ghrian is an gaineamh,
An t-uisce is an ghaoth
Ag tochailt go domhain
In iomar an ghrá.






Thuas - cúr na farraige ar thrá Isca Marina i gCalabria na hIodáile!

Saturday, August 29, 2009

Ní Bhíonn in aon rud ach Seal




Is í ceann de na mórfhabhanna a bhíonn againne mar dhaoine ná chomh tapaidh is a cheapaimid go sleamhnaíonn na laethanta uainn - is deacair i ndáiríre bhreith ar eireaball an am i láthair. Molann na daoine feasa dúinn conaí san am i láthair nó díreach i láthair na h-uaire gan a bheith caillte ar láimh amháin in aithreachas nó áiféala faoi rudaí a tharla san am atá caite agus nach féidir linn puinn a dhéanamh fúthu anois, agus ar an láimh eile dhe a bheith sáite in umar domhain na buartha faoin am atá le teacht. Má mhairimid faoi chathú nó faoi bhuairt nílimid saor dá laghad. Is é chroí-lár na saoirse é bheith in ann maireachtáil gan chathú agus gan bhuairt san am i láthair. Ach is fusa a rá ná a dhéanamh. Is obair saoil é i ndáiríre maireachtaint san am i láthair. Bhuel, ar aon nós, sin iad na smaointe a ritheann liom agus mé tagtha ar n-ais go hÉirinn tar éis cúig sheachtainí a chaitheamh san Iodáil Theas. Sin an fáth, i ndairíre, gur rith an seanfhocal sin thuas liom - Ní bhíonn in aon rud ach seal - mar theideal oiriúnach ar an bpost beag seo. Níor bhraith mé uaim an baile in aon chor mar is mó go mór a bhraithim mar Éireannach nó mar Ghael nuair a bhím thar lear. Níor scríobh mé mórán i nGaeilge nuair a bhí mé ann seachas cúpla dán. Seo ceann amháin díobh daoibh:

Im’ Aonar in Isca

Anseo in Isca na hIodáile
Is teanga mo dhúchais in easnamh
Is mé ag tóraíocht an fhocail iasachta
Braithim uaim aibítir mo chroí.

Anseo in Isca na hIodáile
Is Luke Kelly dá sheint
Ar mo ríomhaire glúine
Braithim pas beag uaigneach.

Ach is cuma sin is uile:
Is breá liom mo chomhluadar fhéinig
Is an ghrian dom’ dhó
Ag ruaigeadh uaim allas na sáighe.

Anseo in Isca na hIodáile
Fad ó spéartha liatha na gruaime
Suím faoi bhrat gorm gan scamall
Is ardaítear m’anam.

Anseo in Isca na hIodáile
Is teach beag nua agam faoin ngrian
Airím fréamhacha mo dhúchais
Ag bogadh faoin talamh tirim.



Chomh maith leis sin, a leitheoirí dile, feicim go bhfuil níos mó agaibh ann anois. Failte rómhaibh go léir.

Slán tamall.





Thuas chuireas pictiúr a ghlacas dena cnoic thart fá Isca i gCalabria na hIódáile

Monday, July 20, 2009

Sos Beag




Níl a fhios agam cá dtéann an t-am in aon chor - sleamhnaíonn sé chomh gasta sin uainn. Ar aon nós caithfidh mé sos míosa nó níos mó a ghlacadh ón mblag seo. An fáth ná go bhfuilim ag dul síos go dtí an Iodáil Theas - Isca Marina - sráidbhaile beag ar chósta Mhuir Ionio. Anois, táimid chomh fada sin thíos ar mhéar na coise mar a déarfá nach bhfuil mórán fáil againn ar an idirlíon. Ar aon chaoi, níl an t-árasán ach tar éis a bheith tógtha.


Ansin, tá sé beartaithe agam briseadh a thógáil roimh fhilleadh ar obair - ag teagasc buachaillí a bhfuil Asperger's orthu. Is post é atá an-díocasach go deo, ach ar a shon san is obair an-sásúil í. Ós rud é go bhfuil cúpla galar nó tinneas orm - brú fola, airtríteas agus colaistéaról ard chomh maith leis an ghruaim, bíonn orm mám mór drugaí a thógáil in aghaidh an lae. Lena chois sin bíonn mo dhochtúir de shíor ag tathaint ort dhá chloch de mheáchan a bhaint díom, agus caithfidh mé éalú uaidh ar feadh míosa ar a laghad. Ar aon nós coinníonn na piollaí ag gluaiseacht mé ar scor ar bith. Anois, nílim ag gearáin in aon chor. Mar a deireadh mo dhaid, slán beo lena anam uasal, tá a lán sínte sa reilig a thabharfadh aon rud bheith beo ar an saol fós - fiú is dá mbéadh na tinnis éagsúla atá orainne orthu mar fhulaingt. Is amhliadh gurbh fhíor dhó.

Bhuel, ó bhí me an-óg bhí suim riamh agam i scríbhneoireacht - i mBéarla agus i nGaeilge, an dá ábhar arbh fhearr liom ar scoil. Nuair a bhíos sa mhéanscoil thosaigh mé ag scríobh d'irisleabhar na scoile, agus fós im' scoilse anois is mise eagarthóir an irisleabhair bhliantúla. Chomh maith leis sin tá grúpa beag scríbhneoireachta agam ar scoil agus é beartaithe agam blag a chur suas le nasc dár suíomh scoile. Ar aon nós sin an plean atá agam.

Bhuel, is oth liom a rá go gcaithfidh mé scarúint le pé duine atá amuigh ansin ag léamh na bhfocal seo. Gurab míle maith agaibh as bheith im' chomhluadar. Is mór agam é leis an fhírinne a rá. Mar a dúras roimhe seo caithfidh mé a lán nithe praicticiúla a dhéanamh, mar shampla, cistin a cheannach dár n-arasán nua san Iodáil, cúntais bhainc a oscailt, cúntais leictreachais, gáis agus uisce a oscailt agus a íoc astu, troscáin agus leabaí a ordú 7rl Anois níl ach an tríú chuid nó trian den chostas le h - íoc agam mar tá beirt deartháireacha agam agus roinnimid gach rud eadrainn. Is árasán teaghlaigh é i ndáiríre píre.

Anois caithfidh mé ullmhúcháin a dhéanamh don turas, siopadóireacht agus a leithéid, gan trácht ar an bpacáil uafásach nach maith liom ar chor ar bith.

Bhuel, fágaim agaibh mó bhuíochas, mo dea-ghuí agus mo bheannachtaí, chomh maith le mo chuid dhánta agus guím samhradh mór maith oraibh go léir. Slán tamall.

Tim.



Thuas, chuir mé pictiúr eile a ghlacas den nóinín mór, bláth simpli álainn siméadrach a thaitníonn go mór liom.

Sunday, July 19, 2009

Seandánta 13




Bhuel, caithfidh mé a rá, go dtarlaíonn míorúiltí ó am go chéile. Sé sin le rá, go bhfuil roinnt leitheoirí amuigh ansin ar an mblagchrinne a léann na blaganna éagsúla. Táim tar éis cuireadh a fháil ó Shéamas Ó Neachtain, eagarthóir irise breá nua as Gaeilge agus í siúd foilsithe sna Stáit Aontaithe. Táim ag déanamh tagairte don iris nua An Gael. Feic an nasc seo le do thoil: An Gael . Ós rud é go bhfuilim ag tabhairt tagairtí anseo bhéadh sé oiriúnach nasc a chur anseo leis chuig bhlag Shéamuis fhéin: brúigh anseo le do thoil: Séamus Ó Neachtain. Ar aon nós d'iarr an t-eagarthóir orm dha dhán a sheoladh chuige don chéad eagrán den iris ghalánta seo. Is féidir an chéad chóip a iniúchadh ag an nasc seo: brúigh anseo le do thoil: An Chéad Eagrán .


Bhuel, mar a dúirt mé cúpla uair roimhe seo, táim ag dul siar ar seandánta a scríobh mé agus á gcur i gcló anseo. Seo ceann eile dhaoibh:


Dathanna uile na mBláthanna

Bláthanna úra agus dhá shoitheach díobh,
Coinnle agus soilse ísle agus muidne ar an tolg
Agus guth iontach tarraingteach Luca Carboni sa chúlra,
An rithim bhreá rialta Iodáileach –
Gutaí oscailte agus dúnta
Agus muid ag éisteacht le fadhbanna a chéile agus eile
Agus screadaíl na ngirseach ag an gceolchoirm bheo –
Agus an t-amhránaí ag díol a anama leis an slua –
Anam ar díol, anam ar díol, anam ar díol,
Quanti colori di sassi e di fiori, di strade e di muri
Agus an guth éadrom ag mealladh an lucht éisteachta
An síol a ithe as a lámha.
Tú mar éinín beag bídeach eaglach i mo lámha
Agus mise dod’ chiúiniú, dod’ chur ar do shuaimhneas
Agus ár dteangacha ag cuimilt a chéile
Ar thóir an chompóird spiordálta,
Ag iarraidh breith ar an ngaoth.
Tá boladh breá úr óna bláthanna is óna coinnle.
Sar i bhfad múchfar iad agus rachfar a luí.
Sa dorchadas ní thabharfar faoi deara
Dathanna uile na mbláthanna.




Thuas tá pitiúr curtha agam de nóinín mór fiáin a ghlacas cúpla bliain ó shin.