Popular Posts

Sunday, February 25, 2007

Dánta is Geal Liom 10


Dánta is Geal Liom 10

Ba mhaith liom caint faoi dhá dhán is ansa liom sa phost cuíosach fada seo. Is féidir leis an léitheoir an dá cheann a chur i gcomparáid agus i gcodarsnacht lena chéile é féin. Is amhlaidh go raibh an file nua-aimseartha ag smaoineamh ar dhán an fhile ón seanaimsir gan dabht ar bith. Séard is ainm nó teideal don chéad dhán ná Valparaiso leis an Monsignor Pádraig de Brún (Monsignor Pádraig de Brún, 1945-1959 – uncail ab ea é don fhile cailiúil Máire Mhac an tSaoi ar chóir dom dán dá cuidse a chur ar an mblag seo gan aon agó. Ach sin gnó don fháistin.)

Caithfidh me a rá gur chuireas Valparaiso go glanmheabhair nuair a bhí mé im’ dhalta sa séú rang ar an mbunscoil. Arís mar a dúirt mé maidir le dánta eile atá curtha i gcló agamsa ar an mblag seo go ndeachaigh rithimí agus rím an dáin seo go mór i bhfeidhm orm. Arís mar a dúirt mé cheana cheap mé gur sheafóid amach is amach é bheith ag foghlaim dánta go glanmheabhair is mé óg. Ach leis an fhírinne a rá ba tréna mheán a chuaigh rithimí is ceol na Gaeilge i gcionn go mór orm. Sin ceann dena fáthanna go bhfuil an Ghaeilge ar mo thoil agam. Ar aon nós ar aghaidh leis an ngnó atá romham. Seo dhaoibh an chéad dhán.



Valparaiso

Tháinig long ó Valparaiso
Scaoileadh téad a seol sa chuan;
Chuir a hainm dom i gcuimhne
Ríocht na gréine, tír na mbua.

“Gluais,” ar sí ar thuras fada
Liom ó scamall is ó cheo;
Tá fé shleasaibh gorm-Andes
Cathair scáfar, glé mar sheod.”

Ach bhíos óg is ní imeoinnse,
Am an dóchais, tús mo shaoil;
Chreideas fós go raibh i ndán dom
Iontaisí na ndán is na scéal.

Ghluis an long thar lintibh mara
Fad ó shin’s a crann mar ór;
Scríobh a scéal ar phár na hoíche,
Ard i rian na réiltean mór.

Fillfidh sí arís chugham áfach;
Chífead cathair bhán fén sléibh
Le hais Mara na Síochána –
Creidim fós beagnach, a Dhé.

Dán iontach simplí atá anseo. Is amhlaidh go bhfuil cathú de shórt éigin ar an bhfile toisc nár lean sé na brionglóidí a bhí aige agus é an-óg. Cé againne ná fuil cathú de shaghas éigin air nó uirthi? Cuireann sé an dán de chuid Robert Frost i gcuimhne dhom, sé sin, “Two Roads diverged in a yellow wood.” Sin é an line tosaigh ar aon nós, ní chuimhin liom an teideal go cruinn beacht anois agus mé ag scríobh, ach is cuma sa tsioc.

Anois ba mhaith liom an dán de chuid Nuala Ní Dhomhnaill a chur i gcló díreach fé bhun an dáin chumhachtaigh seo. Seo dhaoibh é:



Athchuairt ar Valparaiso

Chuamar go Valparaiso
scaoileamar an téad sa chuan,
fuaireamar faoi shleasa Andes,
cathair ghléineach, tír na mbua.

Ach laistigh de chúpla lá
thosnaigh an bolcán múchta
Popocatapetl
ag glanadh a scórnaigh ifreanda
is ag rúscadh lasracha anuas orainn.

Chromas chun aibhleog
a ghlanadh de mo sciorta,
bhí spréanna teo ag titim orainn
mar chloichshneachta.

Ritheamar i gcoinne an tuille daoine
ag cuardach mo linbh
ach bhí mo leanbh slán
is ar thaobh na fothana.

Idir na tithe beaga
d’eascair an amhailt,
bláth mar lile.
Ní lile bhán Naomh Iósaif
ach lile bhreac an tíogair
a fhásann i bhforaoiseacha
tonntaoscach, rúndiamhair.

Is shiúlamar i dtriúr isteach i lár an bhlátha
Is mhúch an seirglile seo an ghrian orainn.



Go deimhin má tá brionglóidí nó aislingí an bhuachalla óig go h-an rómánsúil ar fad tá físeanna úafásacha feicthe ag an mbean – gan dabht ar domhan is tromluí i ndairíre atá i gceist sa dara dán. Téann an dá dán go maith mar sin lena chéile – ceann amháin an-dearfa ar fad agus an ceann eile an-diúltach ar fad. Bheadh an síciatraí Carl Gustave Jung an-sásta leis an dá cheann a bheith ag tagairt dá chéile – séard atá i gceist agam ná go bhfuil “iomláine” nó “wholeness” nó aonad amháin anseo maidir leis an saol féin agus maidir lenár dtaithí ina iomláine air. Cuireann an chontrárthacht nádurtha seo Songs of Innocence agus Songs of Experience de chuid William Blake i gcuimhne go cumhachtach dom.



Thuas ag barr an phoist seo tá pictiúr beag a ghlac mé 09/2003 de long beag seoil ar a sli isteach i gCaladh Bhinn Éadair.