Is é seo mo chéad bhlag as Gaeilge. Beidh gach iontráil sa bhlag seo sa teanga sin - teanga ar náisiúin agus ár sinsear. Táim an-bhróidiúil ar fad as bheith i mo Ghael agus as an nGaeilge atá ar mo thoil agam. Is cuid thábhachtach dár bhféinaitheantas í an Ghaeilge agus tá súil agam cur leis an méid Gaeilge atá cheanna féin ar an mblagchruinne! Beannacht leat a scríbhinn agus beannachtaí breise ar gach a léann thú!
Popular Posts
-
Anois tá na h-uimhreacha de na daoine bochta a maraíodh to tubaisteach sa chrith talún in Abruzzo na hIodáile fós ag ardú. Ó scríobh mé sa ...
-
Seanbhád in Árainn Mhór Bhuel tá an iomarca ama sleamhnaithe isteach ó scríobhas puinn ar phár na blagchruinne anseo in Aisling! Déanta...
-
Dánta is Geal Liom 7 Táim ag filleadh arís san alt seo ar dhánta an Díreánaigh. Ní bhíonn sé ag plé mórán le cúrsaí achrannacha an anama a...
-
Mo choischéimeanna féin i gCoill Sheantraibh le déanaí Bhuel, a chairde dile, tá an aimsir atá againn anois ar a laghad feiliúnach don Sé...
-
Ins an bpost deireanach luaigh mé cé chomh doimhin, géarchúiseach, agus gan dabht tuisceanach, is atá léargas Nic Dhomhnaill ar chúrsaí ban...
-
De ghnáth ní dhéanaim fógraíocht ar an mblag seo, ach tá mé díreach tar éis ríomhphost molta cineálta a fháil ó bhean arb ainm dí Nóra Áine ...
-
Dánta is Geal Liom 4 Mar a dúirt mé i mo phost inné is breá liom dánta de chuid Sheáin Uí Ríordáin. “Cén fáth sin?” a deir tú. Bhuel tá me...
-
Is cuimhin liom na blianta ó shin bheith i láthair ag léacht iontach i gColáiste na hOllscoile , Baile Atha Cliath . Is amhlaidh gur tugadh ...
-
Alan Harrison (1943-2005) Is maith is cuimhin liom an sár-léachtóir le Gaeilge agus an cumarsáidí cumachtach sin Alan Harrison . Is cúis mh...
-
Dánta is Geal Liom 10 Ba mhaith liom caint faoi dhá dhán is ansa liom sa phost cuíosach fada seo. Is féidir leis an léitheoir an dá cheann ...
Friday, October 13, 2006
An Naoú Litir den Seanaibítir
An Naoú Litir den seanaibítir
Is mór an náire dom é go bhfuil achar fada imithe tharainn ó scríobh mé sna leathanaigh seo an uair dheireanach. Tá go leor fáthanna nó cúiseanna leis an easnamh uafásach seo. Ar an gcéad dul síos bhí mé as baile nó ar laethanta saoire san Iodáil agus in Éirinn, go raibh méachan mór oibre le déanamh agam sa bhaile agus ar scoil, agus go raibh me gnóthach leis an dá bhlag eile atá agam.
Ach caithfidh me a adhmháil gur cuid thábhachtach de mo shaol í an Ghaeilge. Cé nach bhfaighim cleachtadh sa bhaile bainim úsáid aisti ar scoil. Is múinteoir le Gaeilge mé a bhfuil tuairim agus aon cheathrú d’aon chéad amháin curtha isteach agamsa ag an gclár dubh. Cén fáth nach mbeinn tuirseach den seomra ranga nó den mhúineadh i ndiaidh na tréimhse fada seo? Ar shlí amháin tá an ráiteas seo thar a bheith fíor, ach ar an taobh eile den scéal is bréag cruthanta é! Is bréag cruthanta é mar cé go bhfuilim tuirseach nílim bréan den mhúineadh. Is geal liom bheith ag deighleáil le daoine óga, go h-áirithe iadsan idir ceithre bhliana déag d’aois agus ocht mbliana déag d’aois. Chomh maith leis sin tá suim ag cuid bheag acu ina dteanga dhúchais agus tá meon cuíosach dearfach ag a lán acu ina leith. Admhaím go bhfuil meon uafásach diúltach ag a lán eile ina h-aghaidh.
Bíodh sin is uile tá sé mar aidhm agam anseo leanúint ar aghaidh ón áit ar chríochnaigh me leis an sean aibítir.
An íodha nó an “i” nó an naoú litir den aibítir. An t-aistriúchán Béarla ar an litir seo ná “The ivy tree" nó fiú "the yew tree". Ós rud é go dtugtar “gath” ar an G gaelach uaireanta agus go gciallaíonn an litir sin an planda“ivy” sa Bhéarla agus go bfuil béaloideas na litreach sin mínithe agam sa pbost a scríobh mé faoin “g” cheana féin cloífidh me leis an míniú ar “ivy tree”. Nuair a sheiceálann tú an Ghaeilge ar “yew tree” in aon nuafhoclóir faigheann tú an focal “iúr”. Ach is breá liom an focal “íodha” mar fuaimíonn sé cosúil leis an litir féinig.
Tá duilleoga síorghlasa an íodha an-nimhneach go deo agus mar sin is siombal iontach é den bhás. Ta an t-adhmad féin an-chrua agus is siombal maith é chomh maith den tsíoraíocht nó den saol atá le teacht. Faightear an íodha (na h-íodhadha) go flúirseach sna reiligí agus gan dabht taobh le séipéil. Cuireadh na h-íodhadha chun teoranacha an tséipéil a leagadh amach. Tá an focal “íodha” bainteach leis an focal SeanGhaeilge “fid nemed” nó “sacred grove”. San Albain deirtear go bhfaigheann an t-oileán beag “Iona” nó Oileán Í a hainm ó chrann an íodha.
Chomh maith leis an méid thuas tá traidisíun eile ann a deireann gur cuireadh Íosa Chríost chun báis ar an gcrann seo toisc go bhfuil sé chomh baintach sin leis an mbás agus leis an síoraíocht. In Éirinn fadó dheintí bachaill na n-easpag as adhmad an íodha ar an gcúis seo.
Maireann an íodha sách fada, i bhfad níos mó na céad bliain. Tá sé ráite is scríofa fiú gur chodlaíodh Suibhne Geilt nó "Mad Sweeney" sna crainn seo agus go h-áirithe sna h-iodhadha i nGleann Bolcáin.
Toisc gur deineadh soithigh, boghanna, saighid, sleánna, agus doirse, frámaí fuinneoige agus rl as an adhmad seo ba cheann de chrainn uaisle na coille é an íodha, ball dena Airig Fedo.
Labels:
Aibítir,
An Léann Ceiltigh,
Crainn,
Eiceolaíocht,
Spioradáltacht