Popular Posts

Monday, November 26, 2007

Ní Bhíonn Saoi Gan Locht





Ar Thóir na Gaoise



Ní Bhíonn Saoi gan Locht


Caithfidh mé a rá gur maith liom an seanfhocal seo. Déanann ‘chuile dhuine botúin ó am go chéile – fiú na daoine is cliste agus is éirimiúla atá ann. Is cuimhin liom m’athairse ag rá nach gcruthaíonn an fear nach ndéanann aon bhotún ar bith riamh faic na ngrást. Ceapaim gurbh fhíor dhó. Nuair a théim siar go laethanta m’óige is mé ar ollscoil tagann a leithéidí d’fhealsaimh mar Socrates, Plato agus Aristotle isteach go soiléir i m’intinn. Séard a dúirt Socrates nó go mba cheart do chuile dhuine a aineolas fhéin faoi aon rud a bhí á iniúchadh aige a admháil ag an tús. Uaidh sin dar leis bhéadh sé ar chumas an duine seo an fhírinne lom a bhaint amach.


Gan dabht ar domhan tuigimid go léir go ndéanann siad siúd a cheapann go bhfuil an t-eolas go léir ar a dtoil acu na botúin is bunúsaí ar fad. Ciallaíonn an focal “saoi” duine léannta nó máistir nó duine céimiúil agus dar leis an seanfhocal seo go ndéanann gach máistir nó duine léannta botúin ó am go chéile. An seanfhocal Béarla is gaire dó ná “Even Homer nods.”


Is ó bhéal go béal agus ó ghlúin go glúin is ea a tháinig na seanfhocail iontacha chugainn agus is fiór gur tobar iontach na gaoise agus na heagna iad. Faighimid iontu scagadh cinn agus gaois ár gcine. Táim cinnte go bhfuil seanfhocal ann a deir go bhfuilsé rí-dheacair an seanfhocal féin a sharú agus ceapaim go bhfuil se seo ana fhíor go deo.



Is amhlaidh go n-oireann an pictiúr de mhanach ón iarthar ag machnamh dó fhéin do théama na gaoise and don seanfhocal a roghnaigh me thuas!