Is amhlaidh gurb é ceann de na rudaí is mó a chuireann sceon orainn - agus uafás fiú - ná an randamacht neamhphearsanta a bhaineann leis an saol i gcoitinne. Tarlaíonn a lán rudaí de sheans nó de thaisme, ach táthar ann a deir nach dtarlaíonn aon rud faoin spéir saolta go randamach, gurb amhlaidh go dtiteann rudaí amach faoi stiúr phleananna doiléire dothuigthe rúndiamhaire Dé. Uair amháin agus mé im’ ógánach neamhurchóideach agus fiú im’ fhear óg soineanta chreid mé a leithéid siúd, sé sin nach dtarlódh aon rud de sheans nó de thaisme ar an saol seo ach go dtitfeadh gach rud amach ina am cuí féinig agus in a am cuí féinig arís faoi scáth diamhair mistéireach oirchill Dé. Séard atá i gceist ag na diagaithe le h-oirchill nó le deonú Dé ná go bhfuil plean nó cuspóir uileghábhálach ag an gCruthaithóir – cuspóir uileghabhálach nach bhfuilimid in inmhe a shamhlú fiú gan trácht ar é a thuiscint in aon chur. Sea cinnte, is daoine beaga neamhshuntasacha sinn i gcomparáid le fairsinge agus scóipiúlacht na cruinne féin. Tagann an rann clúiteach sin de chuid Shakespeare chun chuimhne dom, na focail a chuir sé i mbéal Gloucester i dtraigéide King Lear:
“As flies to wanton boys are we to th' gods,
They kill us for their sport.”
Bhuel bíodh sin nó na bíodh. Bíodh Dia ann nó ná bíodh. Is cuma sa tsioc ar shlí. Nílim chun Dia a dhiúltú nó a bhréagnú anseo mar a dhéanann a léitheidí mar Richard deisbhéalach binnbhriathrach Dawkins. Ar an láimh eile dhe nílim chun é nó í a chosaint ach an oiread – a rá go bhfuil oirchill de shaghas éigint taobh thiar den domhan tathagach seo ‘gainne.
Séard atá i gceist agam anseo ná an eispéireas dothuigthe, uafásach, scanrúil sin a bhriseann is a scriosann an duine daonna nuair a thiteann rudaí tragóideacha truamhéalacha amach cosúil leis an timpiste uafásach sin a tharla le déanaí ar bhóithre na Gaillimhe. Gan dabht tagraím don tionóisc chinniúnach sin (Feictear an nasc seo: Tragóid ) a tharla ar an mbóthar idir Baile an Mhuilinn agus Ballindine i gContae na Gaillimhe Dé Máirt seo caite a d’fhág ceathrar scolaire óga – cailíní óga iad go léir ins na ficheadaí luatha – chomh marbh le clocha fuara ar an ród fuarchúiseach. Ba mhicléinn iad uile in Ollcoil na Gaillimhe. Ní raibh siad ach ag tairseach an tsaoil. Ba randamach tragóideach an buille dóibhsan agus dá muintir uilig. Tháinig cailín bocht amháin slán ach tá an créatúr bocht fós i mbaol - í sínte gan aithne gan urlabhra ar chlár a droma in oispidéal Beaumont anseo láimh liom i mBaile Atha Cliath. Ba mhaith liom mo bheannachtaí a chur chuici agus chuig a muintir uilig in am seo a ngátair. Ní féidir linn a mbuairt ná a bhfulingt a thuiscint. Chuala mé nath éigint uair amháin a deir: "Scríobhann an Cruthaitheoir le línte cama nach féidir linn a léamh." Fágaim cíoradh an natha ait sin libh a leitheoirí díle.
Scriostar sinn i ndiaidh tragóide chomh h-uafásach leis an gceann a luaigh mé díreach ansin - agus ba cheart agus ba chóir go scriosfaí mar is fíor luachmhar leochailleach an bláth é an saol. Agus, a chairde croí, ní bláth ilbhliantiúil é ach an oiread.
Bainigí uile súp agus sult as an saol fad a mhaireann sibh! Mar a deir an seanrann sin:
“Maireann an chraobh ar an bhfál ach ní mhaireann an lámh do chur.”