Popular Posts

Showing posts with label Féinmhuinín. Show all posts
Showing posts with label Féinmhuinín. Show all posts

Monday, July 07, 2014

Aistear Anama

Réamhrá


Leathanach samplach den Bhailiúchán
Éinne a bhfuil cúpla teanga nó níos mó ar a dtoil acu is amhlaidh go mothaíonn siad uaireanta mar scitsifréinigh.  Ar a laghad mothaímse féin mar sin ar uairibh.  Fanaigí liom go míneoidh mé an scéal ina iomláine daoibh, a chairde.

Ar an gcéad dul síos caithfidh me a rá nach bhfuil an Ghaeilge agam ón gcliabhán agus nach raibh ach cúpla focal ag m'athair is mó mháthair.  Ach bhí bá acu le gach rud Gaelach agus an teanga san áireamh.  Bhí an t-ádh dearg orm nuair a chuaigh mé ar scoil go raibh múinteoirí maithe tuisceanacha agam a raibh neart Gaeilge acu sa bhunscoil agus sa mheánscoil.  Rinne mé leath de mo mheánscoilíocht tré mheán na Gaeilge mar ba muidne an rang deireanach a rinne an Mheánteist as Gaeilge i Scoil Uí Chonaill.  Ina dhiaidh sin thiontaigh sraith na Gaeilge ar an mBéarla cosúil leis an gcuid eile den scoil. B'amhlaigh nach raibh na múinteoirí ann ag an am sin a raibh ar a gcumas na h-ábhair éagsúla, go h-áirithe an Eolaíocht, an Cheimic, an Fhisic agus an Bhitheolaíocht, a mhúineadh trén' mheán.  Ach sin scéal eile agus táim ag tosnú mo smaointe a ligint chun fáin.

Ar aon nós nuair a bhí mé i mo dhalta beag ní raibh foirm cheart agam riamh de mo shloinne i nGaeilge.  Thug gach múinteoir  foirm nua den sloinne orm gach bliain.  Bhaist fear amháin Ó Ceanndulabháin orm, fear eile Ó Caoindealbháin, múinteoir eile arís Ó Coinnealáin agus an fhoirm is fearr liom anois agus is fusa a rá na Ó Caoinleáin a bhí ag fear tuisceanach eagnaí amháin.

Féinaithne agus Féiniúlacht

Níl aon argóint ann nó gurb í an fhéiniúlacht ceann de phríomhaidhmeanna na beatha.  Ní gá d'éinne bheith ina shiceoalaí, síciatraí nó comhairleoir chun é sin a thuiscint.  Gan dabht  déanaim an chuid is mó den chíoradh nó den iniúchadh sin ar an ábhar seo as Béarla, ach caithfidh mé a admháil go ndéanaim cuid thábhachtach den mhacnamh sin i mo chuid dánta a chumaim as Gaeilge.  Cén fath go gcumaim dánta as Gaeilge?  Tá an freagra suimiúil ar shlí.  Baineann sé le fuaimeanna, ceol agus ceolmhaireacht na Gaeilge féin. Chomh maith leis sin, caithim a lán de mo laethanta saoire i gCalabria na hIodáile agus is fíorshuimiúil é dom i gcónaí go dtagann an Ghaeilge chun tosaigh i m'intinn, fiú ina srutháin, rud nach bhfuil amhlaidh nuair a bhím sa bhaile in Éirinn.  Cén fáth? Is rud bunúsach é ar shlí go mothaím níos mó mar Éireannach agus mar Ghael agus na focail sin ina rabharta i mo chloigeann ar ithir eachtrannach.  Mar a dúirt mé, séard atá ag dul i gcionn orm ná rithim agus ceol agus ceolmhaireacht an dá theanga.  Níl sa Bhéarla ach fuaimeanna leadránacha monatonacha i gcomparáid le ceachtar acu.

Is suntasach an fud é, ceapaim, go bhfuil réimse i bhfad níos leithne fuaimeanna sa Ghaeilge ná mar atá sa Bhéarla.  Chun a rud a shimpliú, níl ach cúig chinn de ghutaí  sa Bhéarla ach tá dhá oiread níos mó sa Ghaeilge.  Ar a shon san is amhlaidh gur thiteas i ngrá leis an Iodáilis agus an nGaeilge.

Chomh maith leis sin tugann gach teanga réimse dhifriúil smaointe agus réimse éagsúil slithe chun an smaoineamh sin a chur in iúl nó i bhfeidhm.  

Aistear Anama

I ndiaidh sin uile táim tagtha chun ceann scríbe sa phost seo, sé sin go bhfuilim tar éis bailiúchán beag de dhánta as Gaeilge a chur le chéile le fíordhéanaí agus an teideal air sin ná Aistear Anama.  Iar-scoláire liom darb ainm Mathew Staunton, a bhfuil gnó beag foilsitheoireachta aige ar a bhaist sé The Onslaught Press, a mhol dom bailiúchán beag de mo chuid dhánta a chur le chéile agus sin a rinne mé.  Is maisitheoir iontach e Mathew agus tharraing sé léaraidí bréatha don leabhar seo.  

Bhí mé ar tí tairicint Mhaitiú a dhiúltú mar thuig mé nach raibh mé ag bogadh timpeall sa chiorcal ceart, nach raibh mé mar a deirtear i mBéarla "ar an inside track."  Ach ansin smaoinigh mé go bhfuil claochló tagaithe ar an nGaeilge ó thaobh a labhartha de, cuir i gcás, na mílte cainteoirí Gaeilge atá sna Stáit Aontaithe agus in áiteacha eile ar fud an domhain. Cuireann Séamas Ó Neachtain ó Nua Abhrach irisleabhar as Gaeilge amach gach ráithe dar teideal An Gael: Irisleabhar Idirnáisiúnta na Gaeilge. (Buail an nasc seo AN GAEL)  Séard atá a rá agam nach bhfuil aon mhonaplacht nó seilbh eisiach ag éinne ar aon teanga. 

Ar aon nó seo mar a scríobh mé ar an mblurba don leabhar nua:

Is é seo an chéad chnuasach ó pheann Thaidhg Uí Chaoinleáin cé is go bhfuil sé ag cumadh dánta ar feadh i bhfad.  Is turas taisceadála é an bailiúchán seo a chíorann a fhorbairt phearsanta mar Éireannach nua-aoiseach a léiríonn a ghrá dá theanga dhúchais, dá mhuintir is dá chairde.  Tá bá doimhin ag an údar leis an nádúr i gcoitinne ach go h-áirithe le dúile mar fharraige, salann, clocha, cré agus gaineamh.  Tá an saothar seo bunaithe ar shraith de thurasanna comhcheangailte óna óige i ranganna scoile a bhí dáinséareach uaireanta go dtí aois fir dhó le luí aige le h-iontaisí an tsaoil mar radharcanna, fuaimeanna agus bolaithe na tuaithe agus na cathrach araon. Cuimsíonn na h-aistir éagsúla seo dhá thuras thábhachtacha – ar láimh amháin, an turas ón domhan neamhchomhfhiosach chuig an domhan comhfhiosach agus ar an láimh eile dhe turasanna corpartha fisiciúla ó thalamh glas na hÉireann go dtí garráin líomóide na hIodáile Theas.  Is múinteoir méanscoile agus comhairleoir páirt-aimsire é Tadhg Ó Caoinleáin atá ag obair i mBaile Átha Cliath mar a bhfuil cónaí air le blianta. 

Leathanach samplach eile

Roinnt Poiblíochta

Má ta suim ag éinne an leabhar beag seo a cheannach ní gá ach buaileadh isteach ar shuíomh gréasáin Amazon ag an nasc seo leanas: 

Aistear Anama








Saturday, March 19, 2011

Sa Tóir ar an Aisling Arís!

Nuair a cailleadh Luachanna na hAislinge


Dhá chapall: Trá Dhomhnach Bhait, Meitheamh 2008
Níl dabht ar bith ann ná gur chailleamar, sinne Éireannaigh Gaeil atá i gceist agam anseo gan aon agó, ár mbealach i gceo trom millteanach ré an Tíogair Cheiltigh.  Leanamar an Droch-Aisling, Aisling an Rachmais Aisling an tSaibhris amháin.  Tá cara liom a deir gur shórt frithfhreagartha ar an nGorta Mór a tharla sna blianta cinniúnacha sin 1845-1848 nuair a thréig an tír go léir nach mór na seanluachanna i bhfábhar luachanna bréagacha an ábharachais agus an tomhaltachais.  Sea, leanamar an Droch-Aisling agus sa deireadh thiar bhíomar gafa i dTromluí uafásach na féimheachta.

Sa Tóir ar an Sean-Aisling Arís 

Cad a bhí sa tSean-Aisling?  Bhuel, bhí luachanna bunúsacha ann cosúil le cuidiú lenár gcomharsana, luachanna a bhaineann leis an gcomhphobal, luachanna a bhaineann leis an mbeagán seachas an mórán, leis an dóthain seachas an bharraíocht.  Le linn ré an Tíogair Cheiltigh ní raibh aon mhaith sa dóthain.  Is sa bharraíocht amháin a bhí an fiúntas.  Ar bhealach chailleamar ár n-anam, fiú anam na tíre leis an fhírinne a rá.  Is cuimhin liom nuair a bhí me i mo pháiste beag bídeach go mbuaileadh uncail linn isteach inár dtigh-ne agus go n-insíodh se seanscéalta dúinn, agus tharla sin i mBaile Átha Cliath agus ní in aon bhaile beag thíos faoin tuath.  Ach, mo léan, tharla sin sna seascaidí is sna luathsheachtóidí den chéad seo caite.  Na laethanta seo bíonn paistí beaga agus déagóirí gafa i gcluichí ríomhaireachta don chuid is mó.  Tá ré na leitheoireachta marbh nach mór.  Sin luach mhór amháin eile a bhí againne mar ógánaigh - bua na léitheoireachta. Sin rud tábhachtach, rud nach féidir a mheas nó a luacháil i gcultúir ar bith.  Ní féidir luach airgeadúil a chur ar shamhlaíocht an duine dhaonna.  

B'shin a thuig ár scríbhneoirí chumasacha mar W.B. Yeats, J.M. Synge agus James Joyce féin.  Thuigeadar go domhain an tábhacht agus an éifeacht a bhí sa tsamhlaíocht mar bhua luachmhar d'aon phobal ar bith, d'aon náisiún ar bith ar dhomchla an domhain bhig ghlais seo.  Mar a dúirt Stephen Dedalus, agus gan dabht ar domhan ba é an Stephen Dedalus seo an carachtar ba ghaire ina gcuid leabhar do phearsantacht Joyce féin.  D'fhág sé tír na hÉireann chun a Aisling fhéin a leanúint.  Séard a chuir sé roimhe mar aidhm in a shaol nó: "to forge in the smithy of my soul the uncreated conscience of my race."

Filleadh ar na Sean-Luachanna

Spéir ar Thrá Bettystown, Iúl 2008
Is amhlaidh go bhfuil gaois na h-aoise sna sean-luachanna sin mar chosain agus chothaigh siad seanfhundúirí ár gcultúr síos tríd na h-aoiseanna.  Sin iad na luachanna a chailleamar le linn ré an Tíogair Cheiltigh - atá adlactha faoi dheireadh, Buíochas leis na Déithe uilig.  Ceapaim go bhfuil ceacht tábhachtach foghlamtha againn, sé sin nach féidir droim láimhe a thábhairt leis an gcultúr agus leis na luachanna suntasacha a ghabhann leis.  Sin a bhí i gceist, ceapaim leis an bhfuinneamh agus leis an spriorad agus leis an anamúlacht agus leis an spraoi dosmachtaithe a bhí so-fheicthe agus so-mhothaithe fiú sna paráideanna Lá 'le Phádraig a tharla ar fud an domhain mhóir nach mór, in aon áit ar chuir an Diaspóra Gaelach fúthu ní amhain sna seanlaethanta ach sa nua-haois chomh maith.

Ar an gcaoi chéanna sin a bhí i gceist i gcuairt an taoisigh ar Washington.  Sé sin, bhronn Éanna Ó Cionnaith i bhfad níos mó ná babhla seamróige ar Uachtarán na Stát Aontaithe.  I ndairíre píre bhronn sé Aisling Nua, Aisling na Sean Éireann agus na Nua-hÉireann, Aisling na SeanGhael agus Aisling na Nua Ghael ar Obama.  Agus bhronn an tUachtaran Óbama Aisling Gheal thar n-ais ar an Taoiseach agus fianaise na hAislinge ar fáil sa chuairt a thabharfaidh sé orainn anseo i Mí Bealtaine.  Ní feidir clabhsúr a chur leis an alt beag seo agam gan tagairt a dhéanamh d'oráid bhreá chorraitheach a rinne an tIar Uachtarán Bill Clinton le déanaí nuair a bhí sé ag caint ag lón speisialta sa New York Yacht Club, áit ar bhronn sé duais bliantúil iris Irish America ar John L Lahey, fear a bhí bainteach in eagrú Pharáid Lá 'le Phádraig le ní ba mhó ná tríocha bliain sa mhórchathair sin.  Seo mar a dúírt Clinton:

“Somehow, we need to help our friends there not just to recover but to keep their heads on straight while they are recovering.” Ireland, he said, had voted to make a new beginning by way of a political change.
It should never be assumed again, he said, that any given level of prosperity was permanent, that any economic arrangement could not be improved, and that any clever thing done might not be tinged with a little arrogance carrying the seeds of its destruction. “We should remember that what we loved about Ireland was how green and beautiful it was . . . how beautiful the poetry and prose were . . . and how wonderful the music and the dance are.”

Mr Clinton said he was convinced if everybody had “30 lucid minutes” before passing away, almost nobody would use them to think “how cool it was when we got rich”. He added: “We would think about who we liked and who we loved and how the flowers smelt in the springtime . . . when we made the passage from youth to adulthood . . . and what it was like when our children were born or when we gave our daughters away at the altar.”

Mr Clinton said the thing people loved about Ireland had almost nothing to do about whether it was financially successful or not.  “It was what it was at the core. Ireland will be great and prosperous and wonderful again, simply by recovering what it is at the core. So it is for us not only to give advice, investment and support, but to scrape away the barnacles which have clouded the vision of the place we love.” (Buail ar an nasc seo: Irish Times )
Nach fíor dhó, a chairde?