Is é seo mo chéad bhlag as Gaeilge. Beidh gach iontráil sa bhlag seo sa teanga sin - teanga ar náisiúin agus ár sinsear. Táim an-bhróidiúil ar fad as bheith i mo Ghael agus as an nGaeilge atá ar mo thoil agam. Is cuid thábhachtach dár bhféinaitheantas í an Ghaeilge agus tá súil agam cur leis an méid Gaeilge atá cheanna féin ar an mblagchruinne! Beannacht leat a scríbhinn agus beannachtaí breise ar gach a léann thú!
Popular Posts
-
Anois tá na h-uimhreacha de na daoine bochta a maraíodh to tubaisteach sa chrith talún in Abruzzo na hIodáile fós ag ardú. Ó scríobh mé sa ...
-
Seanbhád in Árainn Mhór Bhuel tá an iomarca ama sleamhnaithe isteach ó scríobhas puinn ar phár na blagchruinne anseo in Aisling! Déanta...
-
Dánta is Geal Liom 7 Táim ag filleadh arís san alt seo ar dhánta an Díreánaigh. Ní bhíonn sé ag plé mórán le cúrsaí achrannacha an anama a...
-
Mo choischéimeanna féin i gCoill Sheantraibh le déanaí Bhuel, a chairde dile, tá an aimsir atá againn anois ar a laghad feiliúnach don Sé...
-
Ins an bpost deireanach luaigh mé cé chomh doimhin, géarchúiseach, agus gan dabht tuisceanach, is atá léargas Nic Dhomhnaill ar chúrsaí ban...
-
De ghnáth ní dhéanaim fógraíocht ar an mblag seo, ach tá mé díreach tar éis ríomhphost molta cineálta a fháil ó bhean arb ainm dí Nóra Áine ...
-
Dánta is Geal Liom 4 Mar a dúirt mé i mo phost inné is breá liom dánta de chuid Sheáin Uí Ríordáin. “Cén fáth sin?” a deir tú. Bhuel tá me...
-
Is cuimhin liom na blianta ó shin bheith i láthair ag léacht iontach i gColáiste na hOllscoile , Baile Atha Cliath . Is amhlaidh gur tugadh ...
-
Alan Harrison (1943-2005) Is maith is cuimhin liom an sár-léachtóir le Gaeilge agus an cumarsáidí cumachtach sin Alan Harrison . Is cúis mh...
-
Dánta is Geal Liom 10 Ba mhaith liom caint faoi dhá dhán is ansa liom sa phost cuíosach fada seo. Is féidir leis an léitheoir an dá cheann ...
Wednesday, June 21, 2006
An Seachtú litir d'Aibítir na Gaeilge
An Seachtú litir d’Aibítir na Ghaeilge.
Tá achar fada ann ó scríobh mé aon rud sa bhlag seo. Maithigí dom é, a léitheoirí. Bhíos ró-ghnóthach ar scoil ar ndóigh! Chomh maith leis sin bhuail slaghdán samhraidh mé agus níor dhoiligh dom é a chur díom – tá cuid bheag de fós orm. Anois ar aghaidh leis na h-iontrálacha ar ár n-aibítir cháiliúil.
Tugtar “gath” nó, níos minicí “gort” ar an G gaelach. Ciallaíonn an litir seo an planda“ivy” nó“field” sa Bhéarla. Tugtar “eidhneán”nó “eidheann” ar an ngath nó ar an ngort sa nua-Ghaeilge agus san alt seo bainfidh me úsaid as an téarma nua-ghlactha seo. Tá an t-eidhneán ana-áisiúil ar fad chun seanbhallaí gránna a chlúdach. Is san Eoraip is mó a bhaintear úsaid as an bplanda úsáideach seo, sé sin le rá gur minic a fhéachtar ar an eidheann mar fhiaile sna Stáit Aontaithe mar ionsaíonn sé na crainn ansin murab ionann agus san Eoraip mar a mbíonn na geimhrí níos measa.
Sa traidisiún tá an t-eidhneán bainteach leis an bhfiniúin – tá a gcuid dhuilleoga ar an gcruth ceanann céanna – i bhfoirm triantáin nó fiú I bhfoirm an chroí ar ndóigh. Go deimhin, is amhlaidh go bhfuil an carúl Nollag san “The Holly and The Ivy” cloiste go min-minic againn uilig. Gan dabht ar domhan tuigimid go h-éasca go bhfuil caora an chuilinn bainteach le dath na fola – dath dearg fhuil Chríost. Ach tuigtear go forleathan go bhfuil siombalachas ársa págánach i bhfad níos sine sa chúlra chomh maith. San aimsir réamhchríostúil bhíodh garsún gléasta i gculaith déanta as duilleoga an chuilinn agus an cailín gléasta is ceann déanta as duilleoga an eidhneáin agus do théidís timpeall an bhaile gléasta mar sin – sé sin ag tabhairt an nádúr mar a déarfá díreach tríd an chuid is dorcha den bhliain – am na Nollag.
Sa dá traidisiún – sa Phágántacht agus sa Chríostaíocht – tá an t-eidhneán ( agus an cuileann ar ndóigh) fite fuaite leis an síoraíocht agus leis an aiséirí ó na mairbh. Deir saineolaithe áirithe go bhfuil Íosa Críost féin bainteach leis an seandia Rómánach san Bacchus nó leis an dia Gréigeach Dionysus – déithe araon na fíona agus an óil alcólaigh. Deir siad go bhfuil baint ag an eidhneán agus an cuileann leis an mbeirt acu. In Éirinn deirtear go gcónaíonn an dreoilín bocht, a ndéantar fiach air go traidisiúnta lá Fhéile Stíofáin, san eidhneán.
Chomh maith leis an méid atá luaite agam thuas tá traidisiún eile ann – traidisiún ceangailte le hOíche Shamhna. In áiteanna in Éirinn sna seanlaethanta chuireadh gach duine sa teaghlach duilleog amháin den eidhnéan i mbáisín uisce thar oíche agus an mhaidin dar gcionn thagadh siad ar ais féachaint an raibh aon athrú tagtha ar na duilleoga. Na daoine nár tháinig aon athrú dá laghad ar a nduilleoga mhairfidís le bliain nó níos mó gan ghalar ar bith. Na daoine eile, bhuel, fágfaidh mé fúibh an cheist sin a fhreagairt.
Labels:
Aibítir,
An Léann Ceiltigh,
Crainn,
Eiceolaíocht,
Spioradáltacht