Is é seo mo chéad bhlag as Gaeilge. Beidh gach iontráil sa bhlag seo sa teanga sin - teanga ar náisiúin agus ár sinsear. Táim an-bhróidiúil ar fad as bheith i mo Ghael agus as an nGaeilge atá ar mo thoil agam. Is cuid thábhachtach dár bhféinaitheantas í an Ghaeilge agus tá súil agam cur leis an méid Gaeilge atá cheanna féin ar an mblagchruinne! Beannacht leat a scríbhinn agus beannachtaí breise ar gach a léann thú!
Popular Posts
-
Anois tá na h-uimhreacha de na daoine bochta a maraíodh to tubaisteach sa chrith talún in Abruzzo na hIodáile fós ag ardú. Ó scríobh mé sa ...
-
Seanbhád in Árainn Mhór Bhuel tá an iomarca ama sleamhnaithe isteach ó scríobhas puinn ar phár na blagchruinne anseo in Aisling! Déanta...
-
Dánta is Geal Liom 7 Táim ag filleadh arís san alt seo ar dhánta an Díreánaigh. Ní bhíonn sé ag plé mórán le cúrsaí achrannacha an anama a...
-
Mo choischéimeanna féin i gCoill Sheantraibh le déanaí Bhuel, a chairde dile, tá an aimsir atá againn anois ar a laghad feiliúnach don Sé...
-
Ins an bpost deireanach luaigh mé cé chomh doimhin, géarchúiseach, agus gan dabht tuisceanach, is atá léargas Nic Dhomhnaill ar chúrsaí ban...
-
De ghnáth ní dhéanaim fógraíocht ar an mblag seo, ach tá mé díreach tar éis ríomhphost molta cineálta a fháil ó bhean arb ainm dí Nóra Áine ...
-
Dánta is Geal Liom 4 Mar a dúirt mé i mo phost inné is breá liom dánta de chuid Sheáin Uí Ríordáin. “Cén fáth sin?” a deir tú. Bhuel tá me...
-
Is cuimhin liom na blianta ó shin bheith i láthair ag léacht iontach i gColáiste na hOllscoile , Baile Atha Cliath . Is amhlaidh gur tugadh ...
-
Alan Harrison (1943-2005) Is maith is cuimhin liom an sár-léachtóir le Gaeilge agus an cumarsáidí cumachtach sin Alan Harrison . Is cúis mh...
-
Dánta is Geal Liom 10 Ba mhaith liom caint faoi dhá dhán is ansa liom sa phost cuíosach fada seo. Is féidir leis an léitheoir an dá cheann ...
Saturday, December 30, 2006
An tSail
An tSail, An Séú Litir Déag den tSeanaibítir
Ciallaíonn an tsail “sallow” nó “willow” i mBéarla. Dar leis an Duinníneach thugadh na seanghramadóirí “banríon na litreach” (“Bainríoghan na litreach”) nó “méirdhreach” (meretrix) ar an litir ilghnéitheach seo. (Feictear lch 962 dá fhoclóir iontach).
Fásann an tsail go h-iondúil taobh le h-uisce agus nuair a chuirtear chomh tapaidh is a fhásann sí maille lena caitíní áille san áireamh is fuirist a fheiceáil gur siombal iontach í den torrthúlacht agus den bheatha. Cloistear na focail seo go minic uirthi i mBéarla nuair a luaitear an tsail, sé sin, “sally” nó “sallow” agus tagann na focail seo chomh maith lena h-ainm Gaeilge ón bhfréamh Laidine i.e., “salix.”
Nuair a luaitear an tsail séard a léimeann isteach de ghnáth inár n-intinn ná go bhfuil an tsail bainteach leis an mbrón agus leis an ologón agus leis an gcaoineadh. Eascrann an nós seo againn dar le Roy Vickery ón salm iontach clúiteach sin Salm 137: “By the rivers of Babylon we sat down and wept/ when we remembered Zion./ There on the willow trees/ we hung up our harps.” Uaidh sin go h-iondúil cloistear an téarma “weeping willow” i mBéarla ar aon nós. Níl a fhios agam an bhfuil an téarma sa Ghaeilige nó in aon teanga eile.
Ach dar leis an gCoitireach níl an tsail bainteach leis an mbrón nó leis an gcaoineadh i nGaeilge ná i seantraidisiúin na nGael. Go deimhin glaonn Suibhne Geilt “sail ghlan grinn” uirthi. Is crann uasal amach agus amach í an tsail. Luaití go minic í sa tseanfhilíocht ó thaobh a h-áílleachta dhe. Bhéadh an t-ádh leat dá dtabharfá slat saile leat ag dul ar aistear duit. Dá gcuirfeá slat saile agus an craiceann bainte de timpeall ar chuinneog (churn) bhéadh im deas agat.
Ar nóta pearsanta is cuimhin liom m’athair a rá go raibh sé de nós ag na seanmhúinteoirí náisiúnta lena linn (na ficheadaí den fhichiú h-aois in Éirinn) slait nó bataí a ghearradh ón tsail. Tá clú agus cáil ar an sail chéanna de bharr a solúbthachta – úsáidtear na péacáin (shoots) chun ciseáin a dhéanamh.
Dheintí an Chláirseach Éireannach go traidisiúnta as adhmad na saile – tá an chláirseach is mó clú in Éirinn, sé sin ceann Bhriain Bhorraimhe (an ceathrú h-aois déag) atá le feiceáil i gColáiste na Tríonóide i mBaile Átha Cliath déanta go huile is go hiomlán as adhmad na saile.
Labels:
Aibítir,
An Léann Ceiltigh,
Crainn,
Eiceolaíocht
Thursday, December 28, 2006
An Ruis
An Ruis, An Cúigiú Litir Déag den tSeanaibítir
An litir ata faoi chaibidil agam anseo nó an litir “r” nó an ruis mar a ghlaoití uirthi. Ciallaíonn an ruis “elder”i mBéarla. Níl cruth ró-ghalanta ar an gcrann seo. Chomh maith leis sin tugann sé boladh uafasach uaidh. Is siombal é dá bharr don olc agus don draíocht nó don asarlaíocht (withcraft). Ach chomh maith leis sin caithfimid a mheabhrú dúinn féin go bhfuil luibh agus leigheas ann in aghaidh gríos cnis nó gríos coirp.
Dar leis an gCoitireach, deirtear go mbaineann trí chomhartha shuntasacha le h-áit thréigthe viz., an Ruis fein, an neantóg agus an traonach/an gear goirt (corncrake). Ós rud é go bfuil an ruis bainteach le caillí agus le h-asarlaíocht tá sé thar a bheith mí-ádhúil cliabhán a dhéanamh as a h-adhmad – ar eagla go dtitfeadh an leanbh bocht tinn nó go ngoidfeadh na síóga é/í. Ma bhuailtear páiste le slat ón Ruis nach bhfásfadh sé nó sí amach ansin.
Cosúil le crainn eile atá bainteach leis an olc – an sceach gheal agus an crann creathach – chreidtí gurbh é seo an crann ar ar cuireadh Íosa Críost chun báis. In Éirinn uair amhain chreidí gur dhiúltaigh an Ruis fothain a thabhairt do Chríost agus uaidh sin amach dob í an crann ba mhoille a theacht faoi bhláth .
Níl tairbhe ar bith in adhmad na Ruise ach is féidir fíon bhreá a dhéanamh as a bláthanna agus as a caortha.
Labels:
Aibítir,
An Léann Ceiltigh,
Crainn,
Eiceolaíocht,
Spioradáltacht
Peith nó an Litir "P"
An Ceathrú Litir Déag den tSeanaibítir – nó an pheith nó an litir “p”
Ciallaíonn an focal “peith” an tor darb ainm “dwarf elder” (Sambucus ebulus) sa Bhéarla. Dar leis an suíomh idirlíne www.botanical.com tá comhchiallaigh eile uirthi, mar atá “danewort, walewort, blood hilder.” Is planda luibheach nó planda lusach é (herbaceous) ar féidir a chur ag fás i gcuimhseog bhláthanna (herbaceous border) agus ní fhásann sí thar trí throigh ar airde. Tá duilleoga, bláthanna agus sméartha na peithe cosúil le cinn an troim (The Elder Tree) féinig. Dar leis an suíomh céanna go dtagann an seanainm “Daneswort” ón gcreideamh gur eascair an planda gránna seo ó fhuil na nDanar a bhí ina naimde ag Éireannaigh agus Sasanaigh araon. Oibríonn an planda seo mar phurgóid (purgative), mar sheileachán (expectorant), agus mar fhualbhrostach (diuretic). Faightear an planda seo go minic in áiteanna mar sheanfhothraigh nó seanfhoirgnimh.
Labels:
Aibítir,
An Léann Ceiltigh,
Crainn,
Eiceolaíocht
Tuesday, December 26, 2006
An Tri Litir Déag den Sean Aibítir
An Triú Litir Déag den tseanaibítir – an Oir – nó an litir “O”
Is mithid dom leanúint ar aghaidh leis an sraith ar na seanlitreacha a thosnaíos na míonna ó shin. An litir atá faoi chaibidil agam anseo nó an “Oir” nó an litir “O”.
Tugann an Duinníneach trí chrann nó trí thor mar aistriúchán ar an bhfocal “Oir”, viz., “broom, furze, spindle tree; name of the letter o and the diphthong oi.” (p. 813) ach ar sheiceáil dhom na trí thor seo i leabhar iontach Mhic Choitir, Irish Trees: Myths, Legends and Folklore(The Collins Press, 2003) is é an “spindle tree” an t-aistriúchán is cruinne agus is beichte ar an oir. Feictear leathanaigh 146-7 ach go h-airithe i leabhar an Choitirigh. Luann Mac Coitir seanscéal amháin ón Dindshenchus (Dinnsheanchas) faoi character darbh ainm Cairpre Lifechair a bhí ciapaithe céasta ag ceithre éan Aonghusa – leanaidís é ‘chuile áit a théadh sé. Chuaigh sé i gcomhairle le draoi darbh ainm Bicne. D’fhiafraigh an draoi de cén treo as ar thainig na h-éin. Dob é an freagra a fuair sé ná gurbh ón oirthear agus ó áit éirí na gréine a tháinig siad dá sciúirseáil. Chuir Bicne an oir faoi dhraíocht tré ortha speisialta a chanadh. D’fhás an oir seo suas thar barr na gcoillte uile agus rug sé ar an gceithre éan agus choiméad iad i ngéibheann ansan gan bheith ag cur isteach a thuilleadh ar Chairpre Lifechair bocht. An rud is suimiúla sa mhéid seo ná go nasctar an oir leis an éanlaith agus leis an ngrian.
Ós rud e go bhfuil adhmad na h-oire an-chrua go deo déantar briogúin (skewers), bioranna fiacla (toothpicks), pionnaí (pegs) agus fearsaidí (spindles), agus is ón bfocal deiridh anseo a fhaigheann an crann a ainm féinig gan dabht. Deir an Coitireach go bhfuil an “spindle tree” bainteach leis an an litir oghamach “Ór” a chiallaíonn “gold”. (leathanach 147) N’fheadar an bhfuil sé sin fíor nó an bhfuil sé ag meascadh suas an “oir” leis an “ór”?
Labels:
Aibítir,
An Léann Ceiltigh,
Crainn,
Eiceolaíocht
Subscribe to:
Posts (Atom)