
An tOchtú Litir Déag den Seanaibítir – An t-Úr , an litir U
Tugann an Duinníneach “the heath tree” nó “the tree heath” mar mhíniú ar an litir U nó ar an Úr. Níl eolas ar bith faoin gcrann nó faoin tor seo i leabhar Mhic Choitir, leabhar iontach suimiúil a dtagraím go minic dó sna leathanaigh seo. Ach is tor síorghlas é an t-úr céanna a fhaightear go forleathan ar fud na Méanmhara. An téarma laidine air ná Erica Arborea. Fásann bláthanna bána cumhra ar an tor céanna i míonna Bealtaine agus Meithimh agus fásann sé go h-airde 3 mheadar ar a mhéid. Is ait an t-ainm é mar mhíniú ar an litir U i nGaeilge mar ní fhaightear an tor seo go nadúrtha nó go dúchasach in Éirinn. Caithfidh me níos mó staidéir a dhéanamh ar conas a tharlaíonn an rud ait seo. Baintear úsaid as fréamhacha an úir chun píopaí a dhéanamh – píopaí i gcomhair chaitheamh tabac atá i gceist agam anseo dar ndóigh -na píopaí ar a dtugtar “Bruyère” nó “Briar”.
Seo dhaoibh thuas pictiúr beag den úr.