Popular Posts

Saturday, October 20, 2007

"Is iomaí lá sa Chill orainn"




An Bás agus a dhosheachaint



Bhí tráth ann a dúradh gurbh é an gnéas an rud ba mhó a brúadh faoi chois. I lathair na huaire a mhalairt is ea atá an scéal. Tá an gnéas fite fuaite inár saol laethúil ó nuachtáin agus irisí go na meáin chraolacháin féin. Ach nílim ag gearáin faoi seo cé is gur féidir gearáin a dhéanamh faoi ísliú seo nó dí-ghrádú na mná go ginearálta. Ach nílim ag gabháil don mhóraltacht san alt seo ach ag déanamh pointe ginearálta.


Tá siceolaithe agus socheolaithe ann a deir gurb é an rud is mó a bhrúitear faoi chois inniu ná an bás nó réaltacht an bháis féin. Ceapaim go bhfuil an fhírinne á rá acu. Is cuimhin liom dhá leabhar ó pheann an Athar Joe Dunn á léamh agam – leabhair dhírbheathaisnéise i ndairíre a bhí iontu, cé gur dhírigh siad ar shaol an tsagairt mar chraoltóir reiligiúnda – é siúd a bhí ina cheannródaí ar an sraith iontach sin de chláracha dar teideal Radharc sna seascaidí amach. Sna leabhair siúd luaigh an tAthair Joe fíric iontach dar liom – sé sin go raibh an bás i gcónaí i gcloigeann an duine dhaonna san aois sin roimh na seascaidí. Sin ceann dena fáthanna dar leis a chuaigh an méid ollmhór sin de fhir óga agus de mhná óige chomh maith isteach san Eaglais. Bhí an saol gearr go leor – nó fiú ró-ghearr. Fuair a lán daoine bás an t-am a raibh sé ag tagairt dó de ghalair a bhfuil leigheas orthu againn inniu.


Tá an saol comhaimseartha an-dromchlach agus an-éadoimhin go deo. Brúitear an bás síos i gcónaí ón gcomhfhios (conscious mind) nó ón gcomhfhiosacht (awareness). Ní gá anois dul go dtí Sasana nó na Stáit Aontaithe le teacht ar dhiúltú an bháis agus ar ábhalmhéadú thábhacht na beatha saolta. Tá ‘chuile shórt againn in Éirinn na haoise nua – piollaí agus leigheasana a gheallann fad saoil dúinn go léir ó instealladh Bhotox go dtí na piollaí beaga gorma sin Viagra a dhéanann an chomhlacht Pfizer inár gCórcaigh féin. Níl aon dabht ar domhan nó go bhfuil ré an ábharachais linn. Cé go gceaptar go bhfuil réim an Tíogair Cheiltigh ag tosú ar theacht chun deiridh tá muid uile i bhfad bhfad níos saibhre agus i bhfad bhfad níos soifisticiúla. In go leor slite cónaímid i ndomhain dromchlach éadomhain. I ndomhan mar sin brúitear an bás faoi chois.


Ach, go h-íorónta, ar an láimh eile dhe, tá i bhfad bhfad níos mó coiriúlachta againn inniu in Éirinn – ionsaithe neamhspreagtha (unprovoked) ar dhaoine neamhurchóideacha soineanta inár sráideanna, gan tagairt a dhéamhamh dona dúnmharaithe uafásacha atá méadaithe as cuimse. Sa mhéid seo de tá an bás nó réaltacht an bháis á brú orainn in éadan ár mianta. Go gearr nó go bunúsach ní feidir an bás a dhiúltú nó fiú a shárú.


Ta seanfhocal ann ar maith liom agus deir sé go simplí: “Is iomaí lá sa chill orainn,” agus bhí leagan Béarla de ag m’athairse a théann: “We’ll be a long time dead.” Déarfadh m’athair seo nuair a bhí air, b’fhéidir íoc as saoire nó as rud mór nua. Bhí go leor leaganacha eile ar an sean ráiteas sin mar, “There are no pockets in a shroud,” nó, “You cannot take it with you.” Seanfhocal eile a d’fhoghlaimíos ar scoil ná, “Níl luibh ná leigheas in aghaidh an bháis.” Agus tá an fhírinne iontu mar sheanfhocail, nach bhfuil?



Leac cuimhneacháin na gCaoinleán i Roscré, Co Tiobraid Arann