Popular Posts

Wednesday, October 10, 2007

"Maireann an Chraobh ar an bhFál ach ní mhaireann an Lámh do chuir."




Maireann an Chraobh



Ta sé thar a bheith in am agam tosnú as an nua ar scríobh ar an mblag seo ‘gamsa. Sleamhnaíonn an t-am thart beagnach i ngan fhios dúinn, bímid chomh mór sin sáite i gcúrsaí ár saoil, bíodh na rudaí sin beag nó mór, sultmhar nó pianmhar nó fiú leamh don chuid is mó. Is amhlaidh gur chaitheas an iomad ama ag gabháil dom’ bhlag Béarla ón uair dheireanach a scríobhas ar na leathanaigh fhíorúla so. Mhothaíos uaim an Ghaolainn caithfead a admháil anseo, go mórmhór a cuid rithimí iontacha nach bhfaightear anois fiú mar bhlas ar an saghas Béarla a labhraítear in Éirinn anois. Tagraím anso don Hiberno-English gan aon agó. Tá an sórt sin Béarla beagnach caillte i gCathair Bhaile Átha Cliath ar a laghad i laethanta seo téacsanna fóin agus ríomhphostanna.




Ar aon nós tharla gur tháinig mé ar leabhar iontach ar sheanfhocail i siopa Easons i Stáisiún Heuston inniu san iarnóin agus mé ar mo shlí chun dul ar cuairt chuig chara liom san ospidéal. An teideal atá ar an leabhar iontach seo ná: Ireland of the Proverb, (Town House, 1998, 2007) leis an nGaeilgeoir agus craoltóir binn blasta iontach sin Liam Mac Con Iomaire a bhí mar theanglannaí agus léachtóir teanga againne nuair a bhí mé ag staidéar na Gaeilge i gColáiste ns hOllscoile, BÁC, sna luathochtóidí den chéad seo caite. Tá an leabhar léirithe ag grianghrafanna iontacha – grianghrafanna a glacadh san aois seo caite den chuid is mó, a bhformhór sna Gaeltachtaí éagsúla. Tugtar lérgas doimhin dúinn sna grianghrafanna chomh maith leis na seanfhocail. Cabhraíonn an focal leis an íomhá agus an t-íomhá leis an bhfocal agus cruthaítear domhan iontach inár samhlaíocht idir eatarthu.




Ta sé ar intinn agam anois tosú ar shraith de sheanfhocail a chur ar an mblag seo ‘gamsa agus roinnt “fealsúnacht bhaile” mar a déarfá a scríobh faoin cor cainte sin. An teideal a bhaist me ar an bpost so ná: “Maireann an chraobh.” Is é an seanfhocal in a iomláine ná “Maireann an chraobh ar an bhfal ach ní mhaireann an lámh do chuir.” Is sórt leathrann traidisiúnta é an seanfhocal so. Tagraíonn sé d'aon chrann ar bith atá aon áit ar bith ar dhromchla an domhain so agus deir sé, má tá an crann sin sean go leor, go gcaithfidh go bhfuil an té a chuir an síol nó an planda beag san ithir ar dtús, go bhfuil an té sin san ithir é fein, sé sin é nó í marbh um an dtaca so. Mar a dúirt mé thuas ag tús na sleachta seo - sleamhnaíonn an t-am thart beagnach i ngan fhios dúinn, bímid chomh mór sin sáite i gcúrsaí ár saoil, bíodh na rudaí sin beag nó mór, sultmhar nó pianmhar nó fiú leamh don chuid is mó. Sin is ciall don seanfhocal. Tá seanfhocal eile cosúil leis sa Ghaeilge ach níl sé i leabhair Mhic Con Iomaire: “Níl in aon rud ach seal,” sé sin le rá go dtéann gach rud, agus sinn-ne ina theannta, in aois ar ball, go bhfeonn sé ar ball agus go bhfaigheann sé bás sa deireadh thiar thall.




Thuas tá pictiúr beag de chrann a thógas ceithre bliana ó shin i dTeach Newbridge i nDomhnach Bat