Popular Posts

Thursday, June 19, 2008

Sraith de Dhánta




Réamhrá

Is oth liom a rá nach raibh deis agam scríobh sna leathanaigh seo le déanaí. Orm féinig a bhí an locht leis an fhírinne a rá mar ní dhearna mé iarracht am a chur ar fáil chuige. Ach sin mar a bhíonn cúrsaí sa saol againn – bímid sáite i rud amháin nó eile agus déanaimid faillí i gcúraimí áirithe. Gan dabht is cuid thábhachtach dem’ shaol í an Ghaeilge. Mar sin caithfidh mé blag a bheith agam chun mó ghrá don teanga ársa sin ár sinsir a léiriú nó a thaispeáint. Rud eile ar mhaith liom a admháil anseo nó go bhfuilim tuirseach traochta i ndiaidh bliain acadúil fhada a chur díom ag múineadh teanga nach bhfuil móran suime ag na leitheidí de leaids atá againne inti. I ndairíre píre nílim ag fáil aon locht orthusan nó fiú ormsa nó ar ar bhfoireann dhúthrachtach dhíograiseach atá ag treabhadh na mara rompu inár scoilín beag. Is ar an gcóras oideachais atá an locht. Ta líon na scolairí titithe inár scoil – níl ach tuairim ar dhá chéad dalta triochad sa scoil ina iomláine, agus is ó lár na cathrach don bhformhór acu. Nil móran suime acu sa léann – b’fhearr leotha príntíseacht de shaghas éigint a fháil seachas dul ar aghaidh agus freastal ar ollscoil. Leis an fhírinne a rá níl an curaclam atá curtha chun tosaigh againne in oiriúint do riachtanaisí na ndaltaí. Chomh maith leis sin tá dearcadh i gcoinne na Gaeilge acu chomh maith ón gcliabhán – “Dúirt mo dhaid nach raibh aon fhiúntas riamh sa Ghaeilge” agus ráitis eile cosúil leis sin ar a mbéal acu. Bíodh sin is uile is scata iontach iad ó thaobh iompair agus béasa dhe. I ndairíre píre tá sé deas go leor bheith leo agus a bheith á dteagasc ach tá an post dúshlánach agus tuirsiúil in a lán slite. Ar aon nós is faoin scoil nó faoin mbunscoil a chumas sraith de cheithre dhánta le deireannas – sé sin an bhunscoilíocht lem’ linnse. Ní gá ró-mhór a rá mar labhraíonn gach aon dán as a stuaim fhéinig. Seo dhíobh iad. Bainigí sult nó a mhalairt astu.



Bunscoil 1

Seanchlós stroighne,
Glaonna buachaillí
Is bualadh cloig
Is ord agus eagar
Na h-aoise imithe
Is an fhuacht gheimhriúil
Fiú sna seomraí.
An tsean-staighre iarainn
Mar uirlís ceoil
Faoi choischéimeanna
Scolairí na nglúnta caillte –
Daicheadaí, caogaidí,
Seascaidí ‘gus seachtóidí –
ní fios cá bhfuilid.
Amhail an tseaca
Tá na laethanta sin leáite,
Ach na cuimhní cinn
Fanfaidh siad fuar
Im’ chnámha.



Bunscoil 2

Seanbhráthair Críostaí
Ag barr ranga
Agus sinne buachaillí
Faoi dhraíocht aige,
Faoi chumhacht na scéalta
A dhoirt go fras
As a bhéal binn beacht,
Scéalta móráltachta
Don chuid is mó,
Ceachtanna ón gcaiticiosma,
Léirithe is mínithe
I scéalta beaga
A d’fhoghlaimigh sé
Thar na blianta dubha
Anseo is ansiúd
I seanscoil bhocht
Sula raibh aon ní ann
Seachas solas an dóchais
Go mbeadh cúrsaí
I bhfad bhfad níos fearr
San am a bhí le teacht.


Bunscoil 3

Fear beag galánta,
Feistithe i ndubh na mbráithre,
Gan ríb ghruaige in aimhréidh,
Fios a ghnó aige –
Dhéanfadh sé príomhoide maith –
Shílfeá.

Fear mór gramadaí
Le spéaclaí an intleachtaí
A scríobh go cruinn
Ar chlár ar thacas,
Sárghramadóir,
Sármhúinteoir –
Shílfeá.

Ní ligfeadh sé aon rud ó smacht,
Gach rud in ord,
Gach rud in eagar,
Gach rud ina áit chuí,
Gach dalta ina bhínse féin
Faoi scáth an bhráthar bhig.
Rang suaimhneach –
Shílfeá.

Fear mór na seanfhocal,
Fear mór an ghinidigh,
Ach ní mar a shíltear bítear –
Fear mór na rangabhálacha
Is an leabhair ghramadaí
Ach ní mar a shíltear bítear.

Fear beag searbh a bhí ann,
Searúsach fiú,
Fios a ghnó aige,
Fios an leathair aige,
Fios an leathair chumhachtaigh,
Fios an leathair ró-chumhachtaigh
Fios an leathair ró-ró-chumhachtaigh.

Is cuimhin liom na deora,
Is cuimhin liom na lámha dearga,
Is cuimhin liom na daltaí malla,
Na daltaí fíorlaga
Nár thuill a fhíor-dhroch-íde
Is fuaim olc an leathair
Ag teacht ina dtreo.


Ba sinne na buachaillí
A raibh an t-ádh dearg leo
Ar theacht thar n-ais dúinn
An bhliain dar gcionn –
Bhí an ollphéist imithe,
Ardú céime faighte aige
Mar phríomhoide
I scoil níb’ fhearr.
Fios a ghnó aige,
Fios an leathair aige,
Fios an leathair chumhachtaigh,
Fios an leathair ró-chumhachtaigh
Fios an leathair ró-ró-chumhachtaigh.
Ardfhear,
Sárghramadóir,
Sarmhúinteoir –
Shílfeá.



Bunscoil 4

Seanfhear anois
Ag teacht chun ceann scríbe,
Tuirseach is amhlaidh
Ach ba chuma dhúinne –
Daltaí ar dúil dóibh ord is eagar
Faoi chúram seanchaptaena
Nár lig aon rud ó smacht.
Is cuimhin liom a rialacha
Dearfa, dochta, daingne
A bhí chomh soiléir le grian
La breá samhraidh gan scamall.
Ansin na garanna beaga bídeacha
Ag gach éinne againn
A choimeád sinn socair –
Dalta á dhéanamh seo,
Dalta á dhéanamh siúd,
Duine ag glaoch “paidreacha”
Agus sinne ag éirí inár seasamh,
Seanchlár dubh na bhfocal marcálta,
Ceann eile dá chéimseatan chruinn
Ag bun an ranga
Is sinne ‘nár suí ar barr bhínse.
An seanrothar Raleigh
Ina sheasamh i leataobh
Ní rófhada ón tacas –
Dob’ é mo ghnósa
É a shiúil chun an dorais
Ag am lóin
Ionas go n-éalódh seanoide
Óna chúraimí ranga
Go lár na cathrach.

Ach b’fhathach cineálta é
In ainneoin an bhata fhíochmhair
Nar úsáideadh go ró-mhinic.
Is cuimhin liom é á bhualadh
I gcoinne bharr a bhínse
Chun meadarachtaí na ndánta
A chomhaireamh is a chúntas –
Is uaidhsean a d’fhoghlaimíos
Áilleacht is binneas na filíocht’.

Blianta ina dhiaidh sin
Is mé fásta im’ mhúinteoir féinig
Chonaiceas é ina ochtóidí
Seanfhear cromtha críonna
In ollmhargadh nua-aimseartha
Ag pacáil a mhálaí plaisteacha.
Ní raibh sé de mhisneach agam
Mé féin a chur in aithne
Mar b’fhearrde go mór
Go bhfanfadh sé fós
Ina fhathach
Im’ chuimhne.





Thuas d'uaslódalas pictiúr a ghlacas le déana de sheanscoil naisiúnta na mbuachailli i Ros Cré, Co. Thiobraid Árann, scoil ar ar fhreastal mo dhearthair mór Gearóid.