Díreach anois táim ag éisteacht leis an gcraoltóir iontach sin Áine Hensey ar a clár iontach dar teideal The Late Session. Dar ndóigh, is ar RTE Raidio 1 atá an clár san. Éistim leí agus le John Spillane ar Raidio na Gaeltachta oíche Dhomhnaigh go hiondúil agus mé ag obair liom ar mo ríomhaire. Tugann John Rogha John Spillane ar a chlár ceoil agus amhrán den sean agus den nua agus cuireann sé i láthair é ó Chorcaigh. Bíonn clár Sheáin ar craoladh idir 2100 agis 2300 agus clár Áine ar siúl idir 2200 agus 2300. Éistim le clár Áine ar dtús agus ansan casaim an cnaipe siar go Raidio na Gaeltachta chun éisteacht leis an nguth bog aneas ó chathair Chorcaí.
Ar aon nós, thosaigh Áine a clár anocht le amhrán breá binn ar an sean-nós á chanadh ag Ciarán Ó Concheanainn, ámhránaí iontach óg a chuaigh uainn le déanaí. Ní raibh Ciarán ach seacht mbliana fichead agus é ina scoláire agus léachtóir óg i Roinn na Nua Ghaeilge i gColáiste na hÓllscoile anseo i mBaile Átha Cliath. Bhí dhá chéim máistreachta gnóthaithe aige agus é ar tí críoch a chur lena thráchtas Ph. D. in ollscoil Dhún Éideann na hÁlban. Gan dabht b’ar ábhar na h-amhránaíochta traidisiúnta a bhí sé ag déanamh staidéir. Scoláire den scoth a bhí ann de réir dealraimh. Is mór an trua é go bhfuil sé básaithe chomh h-óg sin roimh mhórobair a shaoil a sholáthar agus a chur i gcrích. Eisean ab ea an t-amhranaí ab óige riamh a bhain Corn Uí Riada – an corn is iomráití a bhronntar ar ámhránaithe ar an sean-nós ag an Oireachtas – i gCorcaigh le fíordhéanaí.
Ar aon nós, tá iarscoláirí liom thall i gColaiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath agus an Ghaeilge á déanamh acu mar ábhar céime. Is uathasan a chualas an drochscéal faoi bhás a léachtóra óig. Bhíodar croíbhriste dubhach dobhrónach gan aon agó agus tuigim dóibh. Ní ceart do dhuine bás obann a fháil chomh h-óg san. Ach mar a deireadh na sean-Rómhánaigh – imíonn na daoine ar ansa leis na déithe iad uainn ró óg ar fad. Ar scor ar bith, chuir an drochscéala seo mé ag scríobh agus ag cumadh liom, agus seo thíos an dán a chum mé in onóir do gach duine a fhágtar fann lag i ndiaidh bhás obann a gcairde. Iadsan atá imithe uainn nílid faoi bhuairt ar bith.
Soilse Múchta
Iar gclos gur bhásaigh scoláire óg Gaeilge
Oíche dhorcha gheimhriúil
Agus sinne i halla fuar
Ag éisteacht le focail fhiala
Ó bhéal mórscoláire –
Ag iarraidh eanga a chaitheamh
Ar iasc geal na Gaolainne.
Níorbh shin an uair
Ar thiteas faoi dhraíocht na bhfocal
Ach na blianta roimhe
Is mé im’ dhalta bídeach
I seomra ranga
Na seascaidí bochta.
Seanfhear beag maol
Agus é i ndeireadh réime
Fé ndear’ mo chéad thitim
In iomar domhain na draíochta –
Fear beag le croí mór
Agus módh geal múinte.
Anois tá an mórscolaire úd ar lár
Is an seanmhúinteoir marbh leis na blianta
Ach an grá is an draíocht
Is an ghaois is an eagna
A bhí ag eitilt ar sciatháin aingeal
Táid fós ar foluain im’ chroí
Tuigim dóibh siúd go léir anois
A bhfuil a laochléachtóir
Sciobtha uathu go h-obann –
Tuigim an duibheagán inar thit siad,
An easnamh dubh dorcha
Is na soilse múchta.
B’shin agaibh é, a léitheoirí. Beannacht leis an scríbhinn agus le gach duine a léann í.
Fuaireas an pictiúr deas thuas ar an suiomh Beo ag an nasc seo: Beo