Popular Posts

Sunday, March 29, 2009

Iontaisí an tSaoil




Agus a thriail eagóireach ag teacht chun deiridh deirtear go ndúirt Socrates (469-399 B.C.E.): "Ní fiú saol gan iniúchadh nó gan mhachnamh a chaitheamh." Sean-ráiteas eile a chloisinn go min-mhinic nuair a bhí mé óg ná go n-eascrann féith na fealsúnachta san iontas. Gan dabht ar domhan is cuma diagaithe nó aindiagaithe, creidmhigh nó neamhchreidmhigh sinn, faighimid an saol iontach go leor ann féin; mistéireach nó rún-diamhrach go leor ann féin. Ní thuigimid é. Ní fios dúinn ó thalamh an domhain cén bhrí a bhaineann leis. Is rud iontach é a chuireann iontas na n-iontas orainn. Is cuimhin liom go ndúirt Samuel Taylor Coleridge (1772-1834) gurbh é a athair fhéinig a shíolraigh féith an ionaidh nó an iontais ann tré bheith ag dul ar siúlóidí leis i ndorchadas na h-oíche is a bheith ag breathnú ar na spéartha a bhíodh breactha le réalta. Is brea liom an frás a dúirt se i mBéarla: "My mind became habituated to the vast!"

Ba gheal liom riamh an dán beag cumhachtach sin ó pheann an Ríordainigh, sé sin, Tír na nÓg. Ta an dán ana-shimplí ach ana-chumachtach ar a shon san. De gnáth faighimid go mbíonn iontas ag gabháil leis an simplíocht níos minicí ná a chéile, agus is é sin an cás go deimhin sa dán cumhachtach seo. Is ionann sa chomhthéacs seo Tír na nÓg agus Tír na nIontas:


Cúl a' Tí

- le Seán Ó Ríordáin

Tá Tír na nÓg ar chúl an tí,
Tír álainn trína chéile,
Lucht cheithre chos ag súil na slí,
Gan bróga orthu ná léine,
Gan Béarla acu ná Gaeilge.

Ach fásann clóca ar gach droím
Sa tír seo trína chéile,
Is labhartar teanga ar chúl a' tí
Nár thuig aon fhear ach Aesop,
Is tá sé siúd sa chré anois.

Tá cearca ann is ál sicín,
Is lacha righin mhothaolach,
Is gadhar mór dubh mar namhaid sa tír
Ag drannadh le gach éinne,
Is cat ag crú na gréine.

Sa chúinne thiar tá banc dramhaíl,
Is iontaisi an tsaoil ann,
Coinnleoir, búclaí, seanhata tuí,
Is trúmpa balbh néata,
Is citeal bán mar ghé ann.

Is ann a thagann tincéirí
Go naofa, trína chéile,
Tá gaol acu le cúl a' tí,
Is bíd ag iarraidh déirce
Ar chúl gach tí in Éirinn.

Ba mhaith liom bheith ar chúl a' tí
Sa doircheacht go déanach
Go bhfeicinn ann ar cuairt gealaí
An t-ollaimhín sin Aesop
Is é in phúca léannta.



Thuas, d'uaslódáileas pictiúr breá a ghlac mé de dhul faoi na gréine ar thrá Bettystown le déanaí.