Bhuaileas leis an sárfhile - agus is sárfhile í gan aon agó - Nuala Ní Dhomhnaill timpeall sé bliana ó shin ar chuairt dom chuig lá oscailte i Roinn na Nua-Ghaeilge, i gColaiste na hOllscoile, Baile Atha Cliath. Ag an am bhí sí ina file cónaitheach ansin ar feadh bliana. Thug sí léacht bhreá dos na scoláirí - séú blianaigh onóracha ó na meánscoileanna mórthimpeall. Ba chuma liom ar nó nár thuig na scolairí í mar bhí a dúthracht agus a díograis inbhraite agus muna thuigeadar a raibh le rá aici bhraitheadar a paisean agus a grá don teanga. Sin é an príomhrud, ceapaim, maidir le teanga ar bith - an grá agus an paisean don teanga labhartha - agus scríofa gan dabht. Anseo is luachmhar an rud é a mheabhrú dúinn féin gur traidisiún béil a bhí i gceist maidir le filíocht i gcoiteann ar fud an domhain. Is leis na céadta is déanaí a ghlactar le filíocht mar chuid den chultúr scríofa. Bhíodh sin mar atá, is file í Nuala Ní Dhomhnaill ar dúil di an paisean agus an grá - an grá do theanga na Gaeilge agus an grá agus an paisean don chorp agus don ghnéas.
An Grá Corpartha:
Is cuimhin liom an téarma seo in úsaid againn ar coláiste na blianta ó shin maidir le saothar an mórúdair Gaeilge, Pádraig Ó Conaire - an chéad scríbhneoir ar bhonn uilíoch agus ar bhonn nua-aimsire in Éirinn ag deireadh na naoú h-aois agus ag tús an fichiú h-aois. Níorbh fhile é Ó Conaire ach gearrscéalaí agus údar próis. Úsáideadh na téarmaí seo ag an am: "an grá collaí" nó "ainmhianta nó pléisiúir na colainne." Is fíor agus is rí-fhíor é gur file mór an ghrá chorpartha nó an ghrá chollaí í Nuala ní Dhomhnaill agus sa mhéid sin tá sí mar mórfhile i dtraidisiún ársa ar fad a théann ar ais i gceobhráin mhisteacha an am atá caite.
Ta dlúthbhaint, ceapaim, idir an grá corpartha agus an grá spioradálta nach féidir a scarúint óna chéile ar bhonn domhain ar ndóigh. Ní le bheith garbh, gránna, salach nó gairsiúil nó fiú pornagrafach atá sí gan dabht ar domhan ach le bheith fíor, macánta agus ionraic don ghrá ina iomláine agus ina fhad agus ina leithead.
Mar sin, caithim a rá go n-aithním fírinne dhomhain ar leith i ndánta de chuid Ní Dhomhnaill, fírinne atá macánta agus ionraic do thaithí nó d'eispéaras an fhile. Tóg an dán iontach seo a leanas agus léigh agus athléigh é agus bualfaidh tú le macántacht agus ionraiceas ana-dhomhain ar fad. An teideal ata air ná: "Ní Féidir Liom Luí Anseo Níos Mó."
Ní Féidir Liom Luí Anseo Níos Mó
Ní féidir liom luí anseo níos mó
i do bholadh
tu béal faoi ar an bpiliúr
i do chodladh
do lámh go neafaiseach
thar mo chromán
faoi mar ba chuma leat sa deireadh
mé bheith as nó ann.
Ní hé d'easpa suime
a chuireann orm
ná cuimhní samhraidh aoibhinn
ag briseadh tharam
ní hé an próca bláth ag barr na leapa
a chuireann ar meisce mé
ach boladh do cholainne,
meascán fola is cré.
Éireod as an leaba
is cuirfead orm.
Goidfead do chuid eochracha
as do dhorn
is tiománfad chun na cathrach.
Amárach ar a naoi
gheobhair glaoch gutháin
á rá cár féidir leat dul
ag triall ar do ghluaisteán
ach ní feidir liom luí anseo níos mó
i do bholadh
nó titfidh me i ngrá leat, b'fheidir.
Wow! A leithéid de mhacántacht agus d'ionraiceas! Maith thú, a Nuala! Agus an píosa seo á scríobh agam táim ag éisteacht (agus ag síoréisteacht leis an fhírinne a rá - le guth fíor ionraic mácanta eile - le ceol Leonard Cohen. Ta an t-amhrán iontach dá chuid "Dance me to the end of Love" ar athsheint agam ar mo iTunes!!
Thuas, d'uaslódáil mé grianghraf a ghlacas den dealbh iontach sin "David" le Michelangelo. Gan dabht séard atá sa phictiúr thuas na cóip den dealbh bunaidh atá ar taispeáint sa Galleria dell'Accademia i Florence na hIodáile. Tá an mhacasamhail seo le fáil díreach ós comhair an Palazzo Vecchio, Florence.