Popular Posts

Tuesday, April 18, 2006

Dán ar thóir an Mhisnigh


Salann ar Eireaball Spideoige

Uaireanta braithim uaigneach agus gruama
Is titim in umar domhain an éadóchais.
Uaireanta níl aon dul as agam mar tá an laige sin ionam.
Diaidh ar ndiaidh braithim an t-anam ionam ag titim
Síos, síos, síos agus mé caillte scanraithe i dtír anaithnid.
Ar ocáidí mar seo téim amach ag siúl ar thóir faoisimh bhig,
Cé chomh sealadach is a bheadh sé.

Tagann an ghruaim aniar aduaidh orm
Mar namhaid ceilte taobh thiar den chlaí –
Pléasc an luíocháin obann dom’ scanrú,
Dom leanúint mar scáth dorcha i gciúnas na hoíche,
Mar scamall dubh ceangailte dem chroí.
Cá bhfuil fuascailt nó faoiseamh le fáil?
Téigh i muinín an mhachnaimh is tóg go bog é

A deirim liom féin arís is arís – bog, bog, bog.
Glac cúrsaí go réidh, réidh, réidh,
Éist leis an gcorp is leis an anam.
Téigh amach le do chairde agus ól deoch nó dhó.
Téigh go dtí an dochtúir agus lean leis an leigheas.
Ach níor tháinig an ghaois seo ró-shaor.
Is coimlint cheart í an saol scaití.

Gach rud i mullach a chéile is dóigh –
Droim láimhe óna foilsitheoirí,
Diúltú ó dhuine amháin dena moltóirí –
Nár thuig sé i ndáiríre go scríobhaim le fuil mo chroí?
Á rá nach bhfuaireas mo ghuth féin fós –
A leithéid de ráiméis nach bhfuilim sásta glacadh leis
Agus ansin an diúltú mór ó ghrá mo chroí

Áine gheal ghortaithe mo chroí – ró-ghortaithe
Leis an fhírinne a fheiceáil go bhfuil sí i ngéibhinn intinne
Ag teaghlach smachtúil, smachtúil, smachtúil –
Iad go léir gortaithe is ag gortú a chéile gan chiall
Agus ansin slaghdán samhraidh is trom-ualach na h-oibre
Go léir ina luí ar mo ghuaillí ach glacaim guaim, guaim, guaim
In áit na gruaime, gruaime, gruaime

Agus buailim amach ag siúl,
Bím ag comhaireamh mo choiscéimeanna,
Ag éisteacht leis na h-éiníní.
Glacaim cithfholcadh,
Suím mar Ghautama Siddartha le mo chosa crosáilte
Agus súim isteach anáil fhada mhór –
Doirtfidh mé salann m’anama ar eireaball spideoige.

N.B. Scriobh mé an dán seo timpeall dhá bhliain ó shin ach ceapaim anois go mba chóir dom é a chur i gcló ós comhair an phobail anseo. Cé go mbaineann sé le galar na gruaime, tá go leor pointi dóchais ann, mar shampla, an machnamh, an cleachtadh coirp, siúlóid, an nádúr, ag siúl cois farraige 7rl. Mar sin ceapaim gur dán ar mheá cothrom é.

An grianghraf atá curtha agam leis an bpost seo ná ceann a ghlacas le déanai de loscann is mé ar thuras scoile chuig Delphi le mo chuid daltai.