Popular Posts

Saturday, April 22, 2006

Iontas na bhFocal


Iontas na bhFocal.

Dob é san an rud a chuir iontas agus draíocht ar mo chroí agus mé i mo leaid óg – iontas na bhfocal.  Bhí suim agam riamh i bhfocail, ní amháin an míniú beacht a bhí ag aon fhocal áirithe ach fiú an fhuaim a dhéantar nuair a thugtar guth daonna dó.  Bhí mé riamh faoi dhraíocht na mbriathra.  Bhuel, cad a chuir an méid sin caint fhileata isteach im’ chloigeann, deir tú?  Bhuel inné chuas isteach ins an siopa leabhar is ansa liom i gcathair Bhaile Átha Cliath – sé sin, Hodges Figgis i Sráid Dawson – chaitheas tuairim is dhá uair a chloig taobh istigh dá bhallaí tarraingteacha ag láimhseáil na seod luachmhar seo – leabhar i ndiaidh leabhair a léim isteach i mo lámha!  Caithfidh me a rá go bhfuil raon maith leathan leabhar acu as Gaeilge agus chaitheas leathuair a’ chloig ag na seilfeanna céanna.  Cheannaigh me dhá leabhar bhreatha mhaithe – Foclóir Gaedhilge agus Béarla an Duinnínigh agus leabhar iontach machnamhach leis an bhfile is mó is fearr liom atá ag scríobh leis as Gaeilge na laethanta seo – Cathal Ó Searcaigh.  Seal i Neipeal atá mar theideal ar leabhar an tSearcaigh.

Arís iontas agus draíocht na bhfocal.  Dhera, is Bíobla é Foclóir an Duinnínigh leis an fhírinne a rá – tá sé ag cur thar maol le gaois na bhfocal agus le saíocht an bhéaloideasa.  Tá seoid i ndiadh seoide le fáil taobh istigh dá chlúdaigh bheannaithe.  Rud beag amháin anseo daoibh, a léitheoirí dílse, ná ainmneacha litreacha na h-aibítire féin – ainm chrainn is ea gach litir acu, mar shampla: A = Ailm nó elm as Béarla;B = Beith nó birch; Coll = hazel tree; D = Dair nó oak tree ; E = Ea(bh)dhadh = the aspen; F= Fearn = the alder tree 7rl.  Tabharfaidh me an liosta ina iomláine sa chéad phost eile.

Maidir le Cathal Ó Searcaigh bím de shíor faoi dhaíocht ag a bhinnbhriatharachas agus a dheisbhéalachas sa Ghaeilge.  Ní dóigh liom gur scríobh se dán dona ina shaol.  Tá a chuid scríbhneoirachta macánta, domhain, machnamhach agus spreagúil múscailte.  Críochnóidh me an post seo le cúpla focal ó mo Ghurú Gaelach Gaeilge: Ag caint dó faoin ndreapóireacht a rinne sé, i measc foireann dhreapadóirí, suas an Sliabh Ganesh Himal agus an barr bainte amach acu atá sé sa sliocht seo: “Bhí an spéir ina chaorchrith lonrach os ar gcionn, gach réalta ina aibhleog dhrithleogach sa chraos tine seo, iad chomh cóngarach sin dúinn go dtiocfadh leat, mheasfá, ceann acu a phiocadh as an ghríosach dá mbéadh maide briste agat...”Chuir se mé go dtí an foclóir agus bhí mé lán tsásta focail nua a fhoghliam.  Beannacht leat a Chathail Dheisbhéalaigh na nGael – is tú mo ghurú gan aon agó – gúrú maith agat fein!

Seo thuas agaibh, a léitheoiri, pictiúr a ghlac mé de Sliabh Etna dhá sheachtain ó shin agus mé ar mo laethanta saoire sa tSicil. Ceapaimse go bhfuil sé ar chomhchéim le Ganesh Himal ó thaobh an mhisteachais de.