Is é seo mo chéad bhlag as Gaeilge. Beidh gach iontráil sa bhlag seo sa teanga sin - teanga ar náisiúin agus ár sinsear. Táim an-bhróidiúil ar fad as bheith i mo Ghael agus as an nGaeilge atá ar mo thoil agam. Is cuid thábhachtach dár bhféinaitheantas í an Ghaeilge agus tá súil agam cur leis an méid Gaeilge atá cheanna féin ar an mblagchruinne! Beannacht leat a scríbhinn agus beannachtaí breise ar gach a léann thú!
Popular Posts
-
Anois tá na h-uimhreacha de na daoine bochta a maraíodh to tubaisteach sa chrith talún in Abruzzo na hIodáile fós ag ardú. Ó scríobh mé sa ...
-
Seanbhád in Árainn Mhór Bhuel tá an iomarca ama sleamhnaithe isteach ó scríobhas puinn ar phár na blagchruinne anseo in Aisling! Déanta...
-
Dánta is Geal Liom 7 Táim ag filleadh arís san alt seo ar dhánta an Díreánaigh. Ní bhíonn sé ag plé mórán le cúrsaí achrannacha an anama a...
-
Mo choischéimeanna féin i gCoill Sheantraibh le déanaí Bhuel, a chairde dile, tá an aimsir atá againn anois ar a laghad feiliúnach don Sé...
-
Ins an bpost deireanach luaigh mé cé chomh doimhin, géarchúiseach, agus gan dabht tuisceanach, is atá léargas Nic Dhomhnaill ar chúrsaí ban...
-
De ghnáth ní dhéanaim fógraíocht ar an mblag seo, ach tá mé díreach tar éis ríomhphost molta cineálta a fháil ó bhean arb ainm dí Nóra Áine ...
-
Dánta is Geal Liom 4 Mar a dúirt mé i mo phost inné is breá liom dánta de chuid Sheáin Uí Ríordáin. “Cén fáth sin?” a deir tú. Bhuel tá me...
-
Is cuimhin liom na blianta ó shin bheith i láthair ag léacht iontach i gColáiste na hOllscoile , Baile Atha Cliath . Is amhlaidh gur tugadh ...
-
Alan Harrison (1943-2005) Is maith is cuimhin liom an sár-léachtóir le Gaeilge agus an cumarsáidí cumachtach sin Alan Harrison . Is cúis mh...
-
Dánta is Geal Liom 10 Ba mhaith liom caint faoi dhá dhán is ansa liom sa phost cuíosach fada seo. Is féidir leis an léitheoir an dá cheann ...
Friday, November 03, 2006
An Luis
An Luis, nó an litir “l”, an deichiú Litir den Seanaibítir
Tugtar “quicken” ar an Luis de ghnáth i mBéarla ach ciallaíonn sé “rowan” chomh maith. Mar sin is féidir dhá fhocal ar a laghad nó níos mó fiú a thabhairt air sa Bhéarla. Sa bhéaloideas faighimid na h-aistriúchain seo ar an Luis: “Mountain Ash,” “Sorb Apple,” “Witchin,” “Wiggin Tree,”nó “Quicken.” Mar sin tá téarma eile, sé sin an caorthann, le fáil sa Ghaeilge mar ainm ar an gcrann clúiteach seo. Faightear an crann seo go flúirseach ar fud na Breataine agus ar fud na hÉireann chomh maith le Mór Roinn na hEorpa. O Bhealtaine go Meitheamh bíonn an luis faoi lánbhláth – bláthanna deasa bána a bhíonn air. Tagraíonn an téarma Béarla “quicken”do chumhacht na beatha atá sa chrann seo agus tagraíonn an téarma eile sa Ghaeilge “an caorthann” do na caora breátha dearga a bhíonn ag fás air go luath san fhómhar.
Baineadh úsáid leathan as le linn na meánaoiseanna chun boghanna a dhéanamh, chun lámha nó cosa a chur in uirlisí agus chun babhlaí agus plátaí a chruthú. Chomh maith leis sin dheintí subh as na caortha agus fiú fíona éagsúla in áiteacha éagsúla ar an Mór Roinn.
Dar leis na seandraoithe in Éirinn bhí cumhacht draíochta faoi leith bainteach leis an Luis chun daoine agus ainmhithe a choinneáil slán ó thine agus ó thintreach. Tá an crann seo bainteach chomh maith leis an gcumhacht fhireann, sé sin le fearúlacht (I dtéarmaí eile, séard atá anseo ná cumhacht Yang). Ghlaoigheadh na draoithe ar na déithe Lugha nó an Daghda chun cosaint a thabhairt dóibh in am an ghátair. Chrochtaí píosa beag den Luis sna tithe chun dóitean a sheachaint agus timpeall mhuinéal chú chun luas a thabhairt dó le linn bheith ag fiach. Bhaintí úsáid fhorleathan as i gcrónna na mba chun an bainne a chosaint agus chun na ba a choinneáil slán ó thubaist ar bith. Ós rud é go raibh an Luis bainteach le tine agus le béithígh ní haon ionadh mar sin go raibh éileamh nach beag air le linn mhí an Mheithimh. Sa seanaois in Éirinn thiomántaí an stoc idir dhá thine mhóra chun iad a choinneail ó gach mí-ádh agus ó gach baol. Chaití an chéad toit ó gach tine a bheith ó adhmad an chaorthainn aon mhaidin Mheithimh ar bith.
Sinne a léigh an sean scéal clúiteach sin “Tóraíocht Dhiarmada agus Gráinne”is maith is cuimhin linn an tagairt do “Chaorthann Dubhrois”nó fiú “Caora Chaorthainn Dubhrois.” Bhí go leor súáilcí ag baint le Caorthann Dubhrois mar shampla ní bhuailfeadh tinn eile a d’ith na caortha ón gcrann speisialta sin. Dá mbeithfeá céad bliana d’aois is dá n-íosfá de na caora ceananna céanna d’athrófá thar n-ais go triocha bliana d’aois. Bhí an crann chomh cailiúil sin go raibh fathach mór a raibh aon mhórshúil amháin aige ina chloigeann mar chosantóir fíochmhar air – Tugadh an Searbhán Lochlannach ar mo dhuine. Bhí ar Dhiarmuid bocht an fathach seo a dhúnmharú chun teach ar na caortha seo a theastaigh le géarghá ó Ghráinne bhocht.
Tá finscéal cáiliúil eile ann faoi Naomh Pádraig, Pátrún Naofa na hÉireann gur dhíbir nó gur ruaig sé ollphéist nó cailleach uafásach a bhí in ann tine nó dóiteán a chur as a béal (sórt dragúin ar ndóigh) ó Chruach Phádraig. Tugadh an Chaorthannach ar an ollphéist seo.
Labels:
Aibítir,
An Léann Ceiltigh,
Crainn,
Eiceolaíocht,
Spioradáltacht