Is é seo mo chéad bhlag as Gaeilge. Beidh gach iontráil sa bhlag seo sa teanga sin - teanga ar náisiúin agus ár sinsear. Táim an-bhróidiúil ar fad as bheith i mo Ghael agus as an nGaeilge atá ar mo thoil agam. Is cuid thábhachtach dár bhféinaitheantas í an Ghaeilge agus tá súil agam cur leis an méid Gaeilge atá cheanna féin ar an mblagchruinne! Beannacht leat a scríbhinn agus beannachtaí breise ar gach a léann thú!
Popular Posts
-
Anois tá na h-uimhreacha de na daoine bochta a maraíodh to tubaisteach sa chrith talún in Abruzzo na hIodáile fós ag ardú. Ó scríobh mé sa ...
-
Seanbhád in Árainn Mhór Bhuel tá an iomarca ama sleamhnaithe isteach ó scríobhas puinn ar phár na blagchruinne anseo in Aisling! Déanta...
-
Dánta is Geal Liom 7 Táim ag filleadh arís san alt seo ar dhánta an Díreánaigh. Ní bhíonn sé ag plé mórán le cúrsaí achrannacha an anama a...
-
Mo choischéimeanna féin i gCoill Sheantraibh le déanaí Bhuel, a chairde dile, tá an aimsir atá againn anois ar a laghad feiliúnach don Sé...
-
Ins an bpost deireanach luaigh mé cé chomh doimhin, géarchúiseach, agus gan dabht tuisceanach, is atá léargas Nic Dhomhnaill ar chúrsaí ban...
-
De ghnáth ní dhéanaim fógraíocht ar an mblag seo, ach tá mé díreach tar éis ríomhphost molta cineálta a fháil ó bhean arb ainm dí Nóra Áine ...
-
Dánta is Geal Liom 4 Mar a dúirt mé i mo phost inné is breá liom dánta de chuid Sheáin Uí Ríordáin. “Cén fáth sin?” a deir tú. Bhuel tá me...
-
Is cuimhin liom na blianta ó shin bheith i láthair ag léacht iontach i gColáiste na hOllscoile , Baile Atha Cliath . Is amhlaidh gur tugadh ...
-
Alan Harrison (1943-2005) Is maith is cuimhin liom an sár-léachtóir le Gaeilge agus an cumarsáidí cumachtach sin Alan Harrison . Is cúis mh...
-
Dánta is Geal Liom 10 Ba mhaith liom caint faoi dhá dhán is ansa liom sa phost cuíosach fada seo. Is féidir leis an léitheoir an dá cheann ...
Sunday, November 12, 2006
An Nuin
An Dara Litir Déag den tSeanaibítear – an Nuin nó an “N”
Ciallaíonn an nuin “ash tree” i mBéarla nó an fhuinseog sa nuaGhaeilge. Ta clú agus cáil ar an nuin mar gheall ar láidreacht agus solúbthacht a adhmaid. Tá an fhuinseog nó an nuin bainteach le torrthúlacht agus leigheas. Chomh maith leis sin deirtear go bhfuil an crann galánta seo gaolta leis an uisce. Má fheictear crann ard fuinseoige ina sheasamh i lár gabháltais ar bith deirtear gur siombal é de thorrthúlacht na talún ansin.
Deirtí sa bhéaloideas gurbh í an nuin an chéad chrann a bhuailtí le tintreach in Éirinn agus sa Bhreatain féin. I gContae Aontroma dheintí maidí stiúrtha ba as adhmad na nuine mar chosnaíodh an t-adhmad na beithígh saor ó gach uile olc.
Arís tá paradacsa ann sa mhéid is go ndeirtí go gcosnaíodh an t-adhmad seo daoine soar ó chailleacha ach ar an láimh eile dhe deirtí go raibh a scuaba déanta as an adhmad ceanann céanna. Deirtí chomh maith gur bhain an Mhaighdean Mhuire féin úsáid as an adhmad seo chun tine a lasadh i gcomhair an leanbh Íosa a ní. D’úsáidí an t-adhmad chomh maith ar an Mhór Roinn chun na nathracha nimhe a choiméad amach ó na tithe.
Rud suntasach eile ná go raibh baint nach beag ag an bhfuinseog leis na toibreacha beannaithe – í féin agus an sceach gheal an dá chrann ba mhó a d’fhaightí timpeall ar thobar ar bith.
Baintear úsáid as adhmad na fuinseoige chun camáin a dhéanamh leis na blianta cairbreacha – de dheasca a sholúbthachta agus a láidreachta.
De réir mar a deir an Coitireach bhí cúig mhórchrann ann in Éirinn tráth agus ba fhuinnseoga trí chinn den chúig viz., Bile Uisnigh, díreach i lár ríocht Uisnigh, Bile Tortan i gContae na Mí agus Craobh Dhaithí i gContae na hIarmhí. (op.cit., pp 125-126)
Mar a dúirt me roimhe thuas d’úsáidí an t-adhmad chun camáín a dhéanamh agus mhúnlú. Chomh maith leis sin dheintí sleánna, claíocha nó fálta, baill troscáin agus báid as adhmad an chrainn ghalánta seo.
Labels:
An Léann Ceiltigh,
Crainn,
Eiceolaíocht,
Spioradáltacht