Popular Posts

Tuesday, February 06, 2007

Dánta is Geal Liom 2



Mar is eol don léitheoir is maith liom dánta Chathail Uí Shearcaigh. Ceapaim gur sárfhile é agus is dóigh liom nach bhfuilim i m’aonar maidir leis an mbreithiúnas seo. Is breá liom nadúrthacht agus simplíocht a chuid chainte agus foirfeacht a chuid Ghaeilge. Is cainteoir ó dhúchas é agus tá saibhreas a shinsear ina fhocail.


Is file cumhachtach cumasach é an Searcach. Tá ar a chumas focail a mhúnlú agus íomhánna soiléire a bhreacadh ar phár. Ceapaim gurb é seo príomhghnó aon fhile ar bith – bheith in ann pictiúir nó íomhánna a chruthú go h-éifeachtach in aigne an léitheora. Cruthaíonn sé meafair go h-an nádúrtha ar fad. Fáisceann sé na meafair seo as ghnáthfhocail agus coraíonn sé sin go doimhin istigh inar gcroí! Maith thú, a Chathail, tá tú mollta is mé i mo thost.


Anois, a leitheoirí, dán simplí cumachtach cumasach daoibh.




Séisiúir


Bailc shamhraidh sna cnoic –
i dtitim throm thréan na fearrthainne
cloisim míle bó bainne á mblí.

I mbáine an gheimhridh sna cnoic
bíonn na bunsoip trom le sioc –
as a gcuid síní sileann tost.



Nach iontach go deo na híomhánna cumasacha anseo. Ar dtús féadaimid na mile bó bainne á mbleán a chloisteáil i dtitim throm na baistí ar dhíon theach an fhile – íomhá cloiste nó cluaise é seo – cluasíomhá nó cluasmheafar. Leanann sé ar aghaidh leis an meafar céanna sa dara véarsa – meafar na mbó á mbleán ach anseo cuirtear meafar feicthe nó súile ós ár gcomhair – amharcíomhá nó amharcmheafar is dócha an téarma a bheadh air seo! Abair na focail sa dán seo os ard agus cloisfidh tú binneas na binne!