Popular Posts

Sunday, February 11, 2007

Dánta is Geal Liom 3


Dánta is Geal Liom 3


Tá beirt fhile ón Mhumhain a thaithníonn go mór liom, sé sin, Seán Ó Ríordáin agus Seán Ó Tuama a d’éag timpeall sé mhí ó shin. Ba mhaith liom dán de chuid an Tuamaigh a chur thíos anseo. Gan dabht ar domhan d’fhoghlaimigh Ó Tuama a lán ó fhilíocht an Ríordánaigh. Go deimhin féin ceapaim go raibh Seán Ó Ríordáin mar fhile cónaithe i gColáiste na hÓllscoile le linn don Tuamach bheith ina léachtóir ag an gcoláiste céanna.

Rugadh Seán ó Tuama i gCathair Chorcaí sa bhliain 1926 agus bhásaigh sé sa bhliain 2006. Bhain sé amach dochtúireacht sa nuaGhaeilge agus bhí sé ina ollamh le fada i gColáiste na hOllscoile Chorcaí. Scríobh sé idir fhilíocht agus dhrámaí.

Seo dán luath dá pheann ina n-iarann an file ar Dhia gan ligean dó bás a fhail gan aithrí, ar eagla go bhfíorófaí an rud a samhlaíodh dó trén a thaibhreamh/thaibhrimh an la roimhe, sé sin, é a bheith scartha amach go deo ó gach rud álainn.


A Chríost ná scaoil orm an bás I ngan fhios
Mar scaoilis orm codladh inné,
Ach deonaigh dom an mhíogarnach ghnáthúil
Sula gcartfaidh siad an teampall cré –

Chun ná dúiseoinn, is gur díthreabh mo dhúchas,
Tír narbh eol dom bean ná gaol
Sceach-bhall ceoigh ‘nar shearg na finniúna
Mhilseodh an teanga, ramhar le scéan.

Go n-atfadh romham go sleamhain insa chiúineas
An abhainn dhubh le múnlach daol,
Go labharfadh chugham an eala le muc-ghnúsacht
‘S an gadhar bacach le tíogar-bhéic.

Gurb iad na hein a cheolfadh dom gan suaimhneas,
Ceirteacha uaigneacha le gaoth
Ag liobar-chaint’s ag seint go stracaithe
Ar sheanga teileafóin an aeir.

Go bhfliuchfaí me sa cheo, is fós na silfeadh
Aon bhraon le fuarthan ar mo bhéal,
Go siúlfainn is go siúlfainn I measc daoine
Ag prap-ghluaiseacht mar bhréagain ar théid –

A Chríost ná scaoil orm an codladh i ngan fhios
Mar scaoilis orm bás inné,
Ach deonaigh dom cnead-mhíogarnach ghnáthúil
An tseanduine I ndeireadh an lae.

Chun go leagfad fén gcathaoir mo léine chaite,
Oíche shailm-chiúin, tráth Tenebrae,
Is go bhfáiscfead fém chulaith suain mo chrios, le teannas
‘S go sínfead siar mo theampall cré.



Seo pictiúr thuas ar ghlac mo dheartháir Padraig de shean Chrois Cheilteach i mBaile an Fhéirtéirigh le linn an bhriseadh leath-théarma 2005. Ba i nGaeltacht Dhún Chaoin a d'fhoghlaimigh an Tuamach agus an Riordánach an Ghaolainn.