Popular Posts

Friday, February 23, 2007


Dánta is Geal Liom 9

Ta sé luaite ró-mhinic is dócha sna leathanaigh seo agam gurb iad Nuala Ní Dhomhnaill agus Cathal Ó Searcaigh an bheirt mhórfhile chomhaimseartha is fearr liom. Go bunúsach leathnaíonn nó síneann siad amach teorainneacha ár mbraithstintí. Chomh maith leis sin is daoine macánta ionraice an bheirt acu ina scríbhinní. Anuas air sin féadaimid a lua gan dabht go bhfuil cumas iontach na cruthaíochta agus cumhacht na bhfocal iontu beirt!

Bhuel, anois díreach ba mhaith liom dán beag de chuid Ní Dhomhnaill a athsrcríobh anseo daoibh. Dán iontach tíriúil, créiúil fiú, ceapaim, dán baineann, dán a théann go doimhin isteach i mbraithstintí an ghrá is an ghnéis.

Póg

Do phóg fear eile mé
i lár mo bheola,
do chuir sé a theanga
isteach i mo bhéal.
Níor bhraitheas faic.
Dúrt leis
“Téir abhaile a dheartháirín,
tán tú ólta
is ta do bhean thall sa doras
ag fanacht.”

Ach nuair a chuimhním
ar do phógsa
critheann mo chromáin
is imíonn
a bhfuil eatarthu
ina lacht.

Cumahachtach, cumasach, tíriúil, gnéasach agus macánta amach is amach. Ní féidir aon rud níos mó a rá. Is leor an dán féinig gan aon anailís! Beannacht leat a scríbhinn!!

Thuas ag barr an phoist seo tá grianghraf de shruthán cumhachtach a ghlac mé i nDelphi mi Marta 2006, ar thuras scoile le daltai na hEadarbhliana 's'againne. Cumhacht eile is amhlaidh - cumhacht chréiúil na n-eiliminti nó na ndúl!