Is é seo mo chéad bhlag as Gaeilge. Beidh gach iontráil sa bhlag seo sa teanga sin - teanga ar náisiúin agus ár sinsear. Táim an-bhróidiúil ar fad as bheith i mo Ghael agus as an nGaeilge atá ar mo thoil agam. Is cuid thábhachtach dár bhféinaitheantas í an Ghaeilge agus tá súil agam cur leis an méid Gaeilge atá cheanna féin ar an mblagchruinne! Beannacht leat a scríbhinn agus beannachtaí breise ar gach a léann thú!
Popular Posts
-
Anois tá na h-uimhreacha de na daoine bochta a maraíodh to tubaisteach sa chrith talún in Abruzzo na hIodáile fós ag ardú. Ó scríobh mé sa ...
-
Seanbhád in Árainn Mhór Bhuel tá an iomarca ama sleamhnaithe isteach ó scríobhas puinn ar phár na blagchruinne anseo in Aisling! Déanta...
-
Dánta is Geal Liom 7 Táim ag filleadh arís san alt seo ar dhánta an Díreánaigh. Ní bhíonn sé ag plé mórán le cúrsaí achrannacha an anama a...
-
Mo choischéimeanna féin i gCoill Sheantraibh le déanaí Bhuel, a chairde dile, tá an aimsir atá againn anois ar a laghad feiliúnach don Sé...
-
Ins an bpost deireanach luaigh mé cé chomh doimhin, géarchúiseach, agus gan dabht tuisceanach, is atá léargas Nic Dhomhnaill ar chúrsaí ban...
-
De ghnáth ní dhéanaim fógraíocht ar an mblag seo, ach tá mé díreach tar éis ríomhphost molta cineálta a fháil ó bhean arb ainm dí Nóra Áine ...
-
Dánta is Geal Liom 4 Mar a dúirt mé i mo phost inné is breá liom dánta de chuid Sheáin Uí Ríordáin. “Cén fáth sin?” a deir tú. Bhuel tá me...
-
Is cuimhin liom na blianta ó shin bheith i láthair ag léacht iontach i gColáiste na hOllscoile , Baile Atha Cliath . Is amhlaidh gur tugadh ...
-
Alan Harrison (1943-2005) Is maith is cuimhin liom an sár-léachtóir le Gaeilge agus an cumarsáidí cumachtach sin Alan Harrison . Is cúis mh...
-
Dánta is Geal Liom 10 Ba mhaith liom caint faoi dhá dhán is ansa liom sa phost cuíosach fada seo. Is féidir leis an léitheoir an dá cheann ...
Friday, January 18, 2008
Is ar Scáth a chéile a Mhaireann na Daoine
Téigh siar chomh fada agus is féidir leat sa stair nó fiú níos faide siar sa réamhstair agus is amhlaidh a fhoghlaimeoidh tú nach féidir leis an duine daonna maireachtáil ina aonar. Braithimid ar a chéile. Mairimid i gcomhluadar áirithe, i bpobal faoi leith, in áit shuntasach – agus tugann na nithe go léir seo aitheantas nó féin-aithne dúinn mar dhaoine. Is Éireannach mé agus tugann sin aitheantas nó aithne faoi leith dom mar dhuine ar dhromchla an domhain seo. Is as baile beag darb ainm Ros Cré mé – mar sin is Tiobraid Árannach mé – díreach ó lár na tíre. D’fhág an baile beag sin blas na dúiche sin ar mo ghuth. Ach táim lonnaithe i mBaile Átha Cliath ó bhí me sé bliana d’aois. Mar sin, ar shlí d’fhéadfa a rá go bhfuil níos mó de Bh’láth Cliathach ionam seachas Tiobraid Árannach, ach bíodh sin is uile d’fhág an dá áit seo a rian féinig orm mar dhuine. Fuaireas mo chuid scoilíochta anseo i mBaile Átha Cliath agus is amhlaidh gur sheol an t-oideachas iontach san ar bhóthar mo leasa mé maidir le h-ollscoilíocht agus gairm bheatha.
Níos mó ná sin, áfach, braithimid ar a chéile i gcónaí. Mar a dúirt an Ministéir Anglacánach agus mórfhile Bhéarla John Donne – “Ní oileán aon duine dúinn” – “No man is an island.” “Is cuid den mhórthír sinn go léir agus nuair a fhaigheann éinne ar bith ar aithne dúinn bás cailltear cuid shuntasach dínn.” Sin a dúirt Tréadaí Ard-Eaglais Naomh Pól i seanamóir iontach a thug sé uair amháin san Ard-Eaglais chéanna. Is fíor dhó gan aon agó. Ar chomhchéim le bunsmaointe an Mhinistéara Anglacánaigh seo tá seanfhocal Gaeilge ann a deir – “is ar scáth a chéile is ea a mhaireann na daoine,” – agus tá an brí cheanann chéanna ag an dá insint. Is daoine sinn a mhaireann, ní amhain le chéile ach go mbraithimid ar a chéile, go gcónaímid i scáth agus ar scáth a chéile.
Is brónach agus fiú caointeach, tragóideach agus truamhéalach an rud é gurb in amanta na géirchéime, in amanna móra – cosúil le tubaistí móra ar thír nó ar mhuir mar bhás agus bá go dtuigimid an fhírinne atá sa seanfhocal cumasach tábhachtach seo. Is ansan a thuigimid go domhain istigh ionainn go mbraithimid go mór ar a chéile. Is fíor mar sin don síciatraí Harry Stack Sullivan nuair a deir sé nach ar an duine aonar ar cheart don saineolaí meabhrach staidéar a dhéanamh ach ar an duine i gcomhthéacs na teagmhála a bhíonn aige le daoine eile. Thug Dr Sullivan an téarma “síocanailís idirphearsanta” ar an sórt anailíse seo.
D'uaslódalas thuas pictiúr de sheandhriosúr a ghlacas in Ionad Dhún Chaoin le linn an bhriseadh leath-théarma 2005.
Labels:
An Léann Ceiltigh,
Bás,
Fealsúnacht Bhaile,
Gaeilge,
Seanfhocail,
Spioradáltacht