Popular Posts

Tuesday, August 17, 2010

Grá don Ghaeilge 2

An Loch Thoir, Árainn Mhór, Iúl 2010
Is cuimhim liom nach ndearnamar mórán Gaeilge leis an múinteoir a bhí againn sa séú rang sa bhunscoil - an tUasal Mac Diarmada.  Cé go raibh neart Gaeilge aige bhí ní ba mhó spéise aige sa Mhata agus chaitheamar go leor ama ar an ábhar sin agus ar na h-ábhair eile seachas an Ghaeilge.  Ach dob'iad na Bráithre Críostaí a bhí i mbun na scoile sin - Scoil Ceanach Naofa, An Cuarbhóthar Thuaidh, BÁC, 1 - agus cuireadh Bráthair éigint nach cuimhim liom a ainm anois isteach chugainn cúpla h-uair in aghaidh na seachtaine chun cur leis an méid Gaeilge a bhí á teagasc ag an nDiarmadach.  Rinneamar na ceachtanna go léir nach mór sa leabhar clúiteach sin gramadaí a bhí ag na Bráithre Críostaí ag an am - Nua Chúrsa Gaeilge.  Tá an leabhar sin fós agam agus bhain me úsaid aisti ag tús mo shaol múinteoireachta.  Beidh togha na Gaeilge ag éinne a deir gur fhoghlaim sé a chuid ghramadaí ón téacleabhar iontach críochnúil sin!  Bhí an leabhar ceannann céanna againn nuair a d'aistríomar isteach sa mheánscoil  - Scoil Uí Choanaill sa bhliain 1971.  Chomh maith leis sin is maith is cuimhim liom go ndearamar gach ceist Ghaeilge ó na h-iarpháipéirí scrúdaithe den sean Teastas Bunscoile.

Sa mheánscoil rinneamar na h-ábhair go leir as Gaeilge don Mheán Teist.  Bhí se sin cosúil le tumadh isteach i gceann domhain linn snámha gan cumas snámha ionat.  Ach ba ghearr gur fhoghlaimíomar na téarmaí éagsúla a bhí bainteach le Mata, le Laidin, le Fraincís, le h-Eolaíocht agus le Tráchtáil i dteanga ár sinsear.  Sar i bhfad bhíomar go léir ag labhairt Ghaeilge go nádúrtha.  Go dtí an lá inniu fanann téarmaí mar thacair uilechumachtacha, fo-thacair, triantáin chomhshleasacha, ús, brabús, crios measartha, iompó Cancer, iompó Capricorn, an Mol Thuaidh is an Mol Theas agus a lán eile nach iad ar bharr mo theangan agam. 

Bhí a lán múinteoirí iontacha againn dona h-ábhair go léir nach mór.  Ba neamhghách ag an am drochmhúinteoir a bheith agat i Scoil Uí Chonaill a bhí mar long na brataí i measc scoileanna na mBráithre i mBaile Átha Cliath.  Na múinteoirí Gaeilge a bhí ann lem' linnse ná Mícheál Ó Muircheartaigh - an mórthráchtaire ar chluichí de chuid an Chumann Lúthchleas Gael - Mícheál Ó hEaráin ó Chontae Shligigh, agus Pádraig Uas. Ó Súilleabháin ó Chontae Chiarraí.  Ba ó na sármhúinteoirí críochnúla seo a d'fhoghlaim mé mo chuid Ghaeilge go léir is fíor a rá.

Seanbhád Iascaigh, Árainn Mhór, Iúl 2010
Ní cuimhin liom go baileach an t-ainm a bhí ar scoil ina ndéanadh sraith amháin na scrúdaithe as Gaeilge agus na ranganna go léir eile na scrúdaithe as Béarla.  Ach bhí na h-amanta ag athrú áfach agus ba sinne an rang deireannach a rinne ár scrúdaithe stáit as Gaeilge i Scoil Uí Chonaill.  Bhí mo dheartháir Pádraig sa rang díreach fúmsa ar scoil agus rinne seisean a scrúdaithe as Béarla agus bhí na múinteoirí ceannanna céanna aigesean is a bhí agamsa.