 |
Teach an tSolais, Árainn Mhór |
Is maith is cuimhin liom an chéad uair a tháinig an teilifíseán - an gléas iontach úrnua sin a d'fhógair tús an chultúir nua-aimseartha in Éirinn - chun an bhaile bhig inar rugadh mé - sé sin,
Ros Cré, Contae Thiobraid Árann sa bhliain 1962 nuair a bunaíodh
Teilifís Éireann. Ó thús tugadh áit speisialta don Ghaeilge - bíodh is go raibh sé sin beag go leor ó thaobh ama dhe - mar chuid thábhachtach d'ár n-oidhreacht agus d'ár gcultúr. Sa bhliain 1965 chraol
Teilifís Éireann sraith fhoghlamtha darbh ainm
Labhair Gaeilge Linn ina raibh
Eoin Ó Súilleabhain, aisteoir cáiliúil, mar láithreoir. Buail ar an nasc seo leanas chun breathnú ar chartlann
Amharclann na Mainistreach:
Eoin Ó Súilleabháin . Mac ab ea é den scríbhneoir cumasach cailiúil sin
Muiris Ó Súilleabháin a bádh go tobann tragóideach i mBá na Gaillimhe sa bhliain 1950. Sa bhliain 1967 craoladh sraith fhíor-thábhachtach eile de chláracha dar teideal
Buntús Cainte. Cheannaigh ár máthair na leabhair a bhí ag gabháil leis an tsraith dúinn. Tá na láimhleabhair sin fós ar mo sheilfeanna áit éigint. Chun blas a fháil ar an sórt ruda a bhí i gceist sa chlár sin breathnaigh ar an nasc seo:
Buntús Cainte .
An fáth go luaim na sraitheanna seo ná gurbh amhlaidh gur fhéach gach uile chlann a bhí ar aithne agam ar na cláracha sin. Fáth eile a luaim na cláracha seo ná go ndeachaigh leabhar a scríobh
Muiris Ó Súilleabháin (1904-1950) go mór i gcionn orm sé sin
Twenty Years a-Growing (1933) a léigh mé nuair nach raibh mé ach deich mbliana d'aois. Caithfidh mé a rá gur léigh mé an leagan Béarla den leabhar ar dtús mar ní raibh mo chuid Ghaeilge chomh snasta líofa sin chun Gaeilge shaibhir órga Uí Shúilleabhain a láimhseáil, ach is cuimhin liom gur léas an leagan Gaeilge dhe nuair a bhí mé sé bhliana déag d'aois. Bhí múinteoir iontach agam don Ghaeilge ar scoil ag an uair sin,
an tUasal Pádraig Ó Súilleabháin a raibh Gaeilge nádúrtha ó dhúchas aige - Ciarraíoch ab ea é ó bhaile beag éigint i gCorca Dhuibhne. Bhí a fhios agam ansin go raibh neart Gaeilge ar mo thoil agam chun dul i ngleic leis an mbunthéacs Gaeilge
Fiche Bliain ag Fás don dara h-uair. Blianta ina dhiaidh sin d'athléas an leabhar arís nuair a bhí an Ghaeilge á déanamh agam mar ábhar sa chéim B.A. i
gColáiste na hOllscoile Bhaile Átha Cliath.