Popular Posts

Monday, July 11, 2011

Filíocht 1

Réamhrá

Bhuel, a chairde, is mithid dom um an dtaca seo post a scríobh anseo ó tharla go bhfuil trí mhí sleamhnaithe isteach ó leagas peann ar phár.  Is fíor-iontach an rud é go bhfuilimid in ann teacht chomh h-éasca sin ar ábhar scríofa as Gaeilge ar an idirlíon sna laethanta nua-aimseartha seo.  Mar sin níl aon leithscéal ag éinne a rá nach bhfuil deis aige nó aici an teanga a léamh, bíodh sé sin ar bhonn laethúil, seachtainiúil nó fiú míosúil.  Bíodh sin amhlaidh, caithfidh mé a admháil anseo go macánta nach léim go leor ábhar scríofa as Gaeilge na laethanta seo agus is cúis náire é sin dom gan aon agó.  Is brónach an rud é, fíorbhrónach i ndairíre nach bhfaighimid mórán deiseanna teanga ársa uasal ár sinsear a úsáid go rialta sa saol thart timpeall, orainn.  Ach sin mar atá cúrsaí.

Filíocht

Rud amháin a mbainim ana-thaitneamh go deo as na laethanta seo ná bheith ag cumadh liom san fhilíocht as Gaeilge.  Bhí mé timpeall fiche bliana d'aois nó tuairim sin nuair a chromas don chéad uair ar dhánta a scríobh, agus leanas ar aghaidh á gcumadh thar na blianta ach ba as Béarla amháin a chumas iad ag an am sin.

An file is mó a chuaigh i bhfeidhm orm sa Ghaeilge ná Seán Ó Ríordáin (1917-1977) toisc a dhoimhne is a bhí na dánta.  Chomh maith leis sin chuaigh rithimí a chainte fhíornadúrtha i gcion go mór orm, a mbinneas is a gceolmhaireacht.  Is cuimhin liom go geal a dhán den chéadscoth "Fill Arís" a léamh i gcomhair na hArdteiste sa bhliain chiniúnach sin, 1976, agus ag an am chuaigh na focail go ndúirt sé go fileata sa dán céanna "bain ded mheabhair//Srathar shibhialtacht an Bhéarla,//Shelley, Keats, is Shakespeare://Fill arís ar do chuid...// go mór i bhfeidhm orm ag an am.  Cén fath go dtabharfadh éinne droim don Bhéarla go h-áirithe dos na mórscríbhneoirí sin a luaigh sé? Ach is amhlaidh gurbh é an paisean is an grá a bhí ina chroí don Ghaeilge ba chúis leis an ráiteas sin uaidh, mar léiríonn a chuid scríbhneoireachta ina dhialanna chomh leathan is a léigh sé litríocht an domhain uilig - mórscríbhneoirí an Bhéarla agus fiú litríocht na Fraince is na Rúise chomh maith.

File eile a chuaigh go mór i bhfeidhm ar an mblagálaí seo ná Mícheál Ó hAirtnéide  (1941 – 1999) a chum a chuid dhánta as Béarla agus as Gaeilge araon.  Sa bhliain 1975 i gcnuasach ar bhaist sé an teideal Farewell to English air d'fhógair sé go soiléir go raibh sé ar intinn aige a dhroim a thabhairt go deo ar chumadh dhánta as Béarla, a rá nach raibh sa Bhéarla céanna ach teanga a bhí oiriúnach amháin do dhíol agus do cheannach muc.    Ina dhiaidh sin chum sé na cnuasaigh seo leanas as Gaeilge:  Adharca Broic (1978), An Phurgóid (1983) agus Do Nuala: Foighne Chrainn (1984). 

Ach ó 1985 d'fhill sé ar chumadh a chuid dhanta as Béarla.  Is amhlaidh gur theastaigh pobal leite i bhfad ní b'fhairsinge uaidh.  Chomh maith leis sin ní raibh rudaí go ró-mhaith ina shaol féin - chuaigh sé ar an drabhlás i ndairíre - alcólaí cruthaithe a bhí ann agus chlis ar a phósadh.  Inchicore Haiku, a chéad cnuasach nua as Béarla a foilsíodh sa bhlian 1985.  Ina dhiadh sin thainig na cnuasaigh Bhéarla seo óna pheann: A Necklace of Wrens (1987), Poems to Younger Women (1989) and The Killing of Dreams (1992).

Ach níor thug sé a dhroim go h-uile is go h-iomlán ar scríobh as teanga ársa a shinsear mar thosnaigh sé ar aistriúchán a dhéanamh ón nGaeilge mar atá: Ó Bruadair: Selected Poems of Dáibhí Ó Bruadair (1985) and Ó Rathaille:The Poems of Aodhaghán Ó Rathaille (1999).  Foilsíodh a dhánta cnuasaithe i ndá imleabhar i 1984 agus i 1987 faoi seach. Bhásaigh an Hairtnéideach ar an tríú la déag de Mhéan Fómhair, 1999 ón alcólachas.

Caidreamh

Is dual dúinn uile caidreamh a dhéanamh lenár gcomhdhaoine. Déantar an caidreamh seo i móran slite – go fisiciúil, go spioradálta agus ar leibhéal na mothúchán. Ar ndóigh baintear úsáid nach beag as bua na cainte is an chomhrá sa chumarsáid chéanna. Ní gá ach smaoineamh ar an méid sin glaonna agus teachtaireachtaí téacsa a dhéantar gach lá sa domhan ar an bhfón póca. Is nádúrtha dúinn fosta litreacha nó ríomhphoist a sheoladh ó dhuine go chéile chomh maith. Tá scríbhneoirí proifisiúnta ann dála an iriseora agus scríbhneoirí cruthaitheacha idir phrós agus fhilíocht mar úrscéalaithe, gearrscéalaithe agus filí.


I dtreo Sainmhínithe

Cad is filíocht ann? Is deacair a rá go baileach ach is fíor a rá go mbaineann sí le h-ord agus le h-eagar na bhfocal nó mar a deir Coleridge, “an focal ceart san áit cheart.” Chomh maith leis sin baineann an fhilíocht go mór le ceol, le rím agus le rithim na bhfocal. Cen fáth go mbíonn daoine againn in ann sleachta fada de dhánta a thabhairt chun chuimhne. Bhuel, ’sé mo bharúil go mbímid in ann seift seo na cuimhne a dhéanamh toisc go bhfuil ceol iontach draíochta ag gabháil le filíocht ar bith. Tagann an ceol seo díreach ón anam agus leanann sí an scríbhneoir mar chompánach ar oilithreach na beatha.

Beirt mhórfhile chomhaimseartha a tháinig faoi anáil chumhachtach na teanga GaeilgeCathal Ó Searcaigh agus Nuala Ní Dhomhnaill, fear agus bean beagnach ar chomhaois atá ag scríobh agus ag cumadh as canúintí Dhún na nGall agus Chiarraí faoi seach. Is cumasach go mór an bheirt acu mar fhilí agus tá siad i gcónaí ag saothrú go dian is go dúthrachtach i ngort na filíochta. Is dual don bheirt acu an obair seo - ní daoine daonna lena n-aidhmeanna curtha i gcrích iad muna mbíonn siad ag cumadh leo sa Ghaeilge. Ní féidir linn dánta le ceachtar acu a léamh gan bheith corraithe ag neart na Gaeilge ó dhá thaobh éagsúla na hÉireann. Braithimid go bhfuilimid i láthair thraidisiún beo beathach seanfhilí na hÉireann nuair a léimid dánta leo. Arís agus arís eile titimid faoi dhraíocht agus faoi chumhacht na bhfocal a thiteann ar pháipéar óna bpeann. Tuigimid go bhfuilimid i ríocht fhíorthábhachtach thobar na Gaeilge. Braithimid mar dheisceabaill agus tumaimid isteach i sruth beo beathach ár dteanga dhúchais.

Ar lean