Popular Posts

Friday, July 15, 2011

Filíocht 3

Sé mo bharúil gurb iad an ceol is an fhilíocht go h-áirithe a speagann sinn, a ardaíonn an spiorad is an mheanma, a thugann dóchas dúinn dul i ngleic le fadhbanna móra na linne agus fiú aghaidh a thabhairt ar an lá agus ar laethana uile na bliana romhainn amach. Duine des na mórscríbhneoirí agus mórfhilí a chuaigh i bhfeidm go mór orm féin is mé i mo mhacléinn ar an ollscoil ná Samuel Taylor Coleridge, mórfhealsamh thréimhse na Rómánsaíochta i stair an Bhéarla. B'eisean a dúirt gurbh é an focal cuí san áit cuí croílár na stíle, "the right word in the right place," más buan mo chuimhne.

Ceann des na ráitisí is fearr liom ó bhéal binnbhriathrach deisbhéalach dhuine dár bhfilí náisiúnta i mBéarla Patrick Kavanagh "The standing army of Irish poets never falls below 20,000! " B'fhíor dhó gan aon agó.  Cumann a lán dúinn dánta, gidh is nach gcuirtear i gcló a bhformhór.  Cén fáth go bhfuil an "standing army" d'fhilí ann in aon teanga ar bith?  Ar láimh amháin de deirtear nach léitear agus nach gceannaítear mórán leabhar filíochta sa domhan inniu nuair a chuirtear sin i gcomparáid leis an méid sin d'úrscéalta nó blockbusters a chuirtear i gcló agus a dhíoltar.  Ach mar a dúirt saoi éigint uair amháin:  "Is cuma sa tsioc mar i ndáiríre píre is sláintiúla sinn ó thaobh mheabhairshláinte dhe i ngeall ar an scríbhneoireacht chéanna."  Ach ar an láimh eile dhe is deas an rud é do chuid dhánta a fheiceáil curtha i gcríoch i bhfoirm fhisiciúil thathagach mar irisleabhar nó cnuasach éigint bainteach le comórtas nó grúpa cumtha scéalta nó filíochta.

Ar an ábhar sin ba mhaith liom bolscaireacht a thabhairt anseo d'éacht mhór ata curtha i gcrích ag Séamus Ó Neachtain in athbheochan na seanirise sin An Gael. (Buail an nasc seo: An Gael.)  Tuigim ar shlí gur poiblíocht leithleasach dom é ar bhealach óir gurb eisean, an tUasal Ó Neachtain a chuir a lán de mo chuid dhánta fein i gcló san iris cheanann chéanna.  Tá  buíochas ag dul dó as ucht an éacht mhór ata déanta aige maidir le dul chun chinn na Gaeilge sna Stáit Aontaithe agus fiú ar fud an domhain mhóir.  Baisteann Séamus "Irisleabhar Idirnaisiúnta" ar an iris chéanna agus is fíor dó.  Chaitheas féin ocht mbliana fichead ag gabhail do theagasc na Gaeilge agus tugann an éacht atá curtha i gcrích ag an bhfear seo - a d'fhoghlaimigh an Ghaeilge ina aonar ar dtús agus ansin i rangannaí go dtí go bhfuil an Ghaeilge ar a thoil aige anois - instealladh dóchais dom maidir le todhchaí na teanga.  Gan dabht is mionteanga í an Ghaeilge.  Ach tá  go leor mionteangacha ar fud an domhain agus is sinne mar chine daonna is daibhre agus is boichte nuair a théann siad in éag.

Tháinig mé ar an laithreán seo nuair a bhí me ag scimeáil ar an Idirlíon inné agus is fíorshuimiúil é ó thaobh  chur chun chinn mionteangacha tré leabhair iontu a chur i gcló Evertype. (clódóireacht, foilsitheoireacht, clóghrafaíocht.)