Popular Posts

Tuesday, July 12, 2011

Filíocht 2

Cén fath a gcumann éinne dánta ar chor ar bith?  Tuigimid go furasta cen fáth a gcumtar altanna próis and leabhair próís agus fiú úrscéalta - chun eolas faoi rud éigint a chur in iúl do dhaoine eile, chun cur leis an eolaíocht agus leis an teicneolaíocht i gcoitinne, nó chun caitheamh aimsire nó faoiseamh aigne a thabhairt do leitheoirí.  Ceapaimse féin go gcumtar filíocht ar bhealach cosúil leis, nó ar a laghad comhthreomhar leis an dóigh ina gcumtar ceol.  Tagann an inspioáid ó áit fhíordhomhain sa chroí nó san anam, agus níos minicí ná a chéile ón neamhchomhfhios.  Sé sin, go bunúsach is rudaí  draíochta, fiú misteacha iad iad filíocht agus ceol araon - tagann siad ó shiombóis iontach idir an comhfhios agus an neamhchomhfhios.  Sin an fáth nach feidir le h-aon chumadóir, bíodh sé ina fhile nó ina cheoltóir miniú a thabhairt ar bhrí a bhfuil cumtha aige.

Mar a dúirt me sa phost inné bím ag scríobh liom as Gaeilge.  Ní chumaim dánta anois as Béarla in aon chor, cé go scríobhaim prós an t-am ar fad as an teanga san.  Ceapaimse go bhfeileann rithmeacha agus rímeanna na Gaeilge i bhfad níos éifeachtaí dona smaointe a thagaim chugham ó am go chéile i bhfoirm dáin nó ar a laghad i gcruth roinnt línte fileata.

Mar sin cuirim roinnt cheisteanna orm fhéin ó am go cheile ar chéard atá sna dánta sin a chruthaím ar phár?    Leis an fhírinne a rá faightear ceol mo chroí iontu, ceol ar féidir le h-aon éisteoir nó léitheoir a chloisteáil nuair a théann sé nó sí i ngleic leo. Ar shlí amháin no eile is aistear spioradálta iad mo dhánta, aistear ar thóir na féiniúlachta, ar thóir ghaois de shórt éigin, ar thóir bhrí nó míniú taobh thiar den domhan seo ina mairimid. Is aistear fionnachtaine é chomh maith dom mar faightear léargas eile ar an saol agus aithne níos fearr agus níos doimhne orm féin. Uaireanta bíonn an t-eolas breise seo iontach cabhrúil agus uaireanta eile bíonn an fhírinne searbh. Ach ar dhóigh amháin nó eile caithfidh an scríbhneoir cruthaitheach glacadh le focail mar a fhaigheann sé iad agus mar a thiteann siad óna pheann a fhad is atá sé macánta agus ionraic ann féin. Is í an mhacántacht nó an t-ionracas an bua is luachmhaire in aon saothar cruthaitheach.


Tá trí leibhéal de chaidreamh, ceapaim, sna dánta seo – caidreamh liom féin, caidreamh le leannán agus caidreamh le Dia nó leis an bhfórsa pearsanta nó neamhphearsanta taobh thiar den domhan is den chruinne. Nílim ró-chinnte faoi cad nó cé is Dia ann – uaireanta braithim go bhfuil fórsa pearsanta ann agus uaireanta eile braithim uaim an phearsantacht sin agus is aindiagaí mé ansin. Fágaim ceist Dé oscailte ar fad – níl a fhios agam leis an fhírinne a rá an bhfuil sé nó sí ann ar chor ar bith agus i ndáiríre is amhlaidh gur cuma sa tsioc.

Ach tá caidreamh eile sna dánta seo chomh maith, caidreamh leis an domhan mór, leis an chruinne féin, leis an timpeallacht, leis an dúlra - na sléibhte, na gleannta, na clocha, na crainn, na plandaí, na h-aibhneacha, an fharraige mhór agus leis na h-ainmhithe agus le gach a bhogann mé, le gach a cuireann ag gáire nó ag gol mé. Ceist eile a chíoraim arís agus arís nó fadhb na péine agus fadhb na fulaingte. An féidir iad a shárú? Ní féidir ach féadtar glacadh leo. Is amhail le machnamh spioradálta dom dán a chruthú. An dreac nó an cruth a bhíonn ar aon dán, cuimsíonn sé mothú áirithe ag am faoi leith, ar ocáid faoi leith, in áit faoi leith. Is cuimhim liom bheith ag léamh faoi na scuainí fada bia a bhí sa Rúis díreach tar éis titim don chumannachas. D’fhiafraigh seanbhean de stróinséar a bhí in aice leí cad ba ghairm dó agus arna cloisteáil di gurbh fhile é d’fhiafraigh sí de an mbéadh sé ar a chumas an ganntanas, an easpa bia agus braistintí na ndaoine a bhí sa scuaine sin a chruthú. D’fhreagair an file go mbéadh cinnte. Sin an saothar is dual don fhile, d’aon scríbhneoir cruthaitheach i ndáiríre.
Más cumadóir d'aon sórt thú, ar aghaidh leis an obair agus bail ó Dhia ort agus ar do chuid shaothair.