

An Tríú Litir den Aibítir
Táim tar éis an cló a athrú don phost seo. Anocht táim ag baint úsaid as Cló Gaelach (Twomey). Mar a fheiceann sibh tá “s” (s) agus “r” (r) faoi Leith ag an gcló seo. Taobh amuigh de sin níl mórán difríochtaí idir an cló seo agus sin de chuid Mhorley. Feicim go bhfuil fadhb bheag leis an gcló féin, sé sin go bhfágtar spás litreach amháin díreach I ndiaidh “ú” i bhfocal ar bith!
Is é Coll an tríú litir den sean-aibítir. Ciallaíonn coll “hazel tree” i mBéarla. Tugtar “Corylus avellana” ar an gcoll i dtéarmaíocht eolaíochta na Laidine. Arís faightear an coll taobh le haibhneacha nó locha agus mar sin is siombal é de thorthúlacht, d’aigne nó de ghaois, d’ionspioráid an fhile agus den eolas misteach. Bhí ceangal nach beag ag Fionn Mac Cumhaill leis an gcoll, go háirithe le cnónna an choill. Fuair Fionn a chuid eolais agus a chuid aigne tar éis dó a mhéar a dhó agus é ag cócaireacht an bhradáin fheasa. Deirtear go raibh cnónna an choill mar bhia ag an mbradán ceanann céanna. Fiú amháin deirtear go raibh sciath Fhinn déanta as adhmad an choill. Na trí rudaí a chuir lucht Dé Danann muinín mhór iontu ná an Chéacht, an Ghrian agus an Coll. Go deimhin is iad seo a leanas ainmneacha na dtrí ríthe deiridh den Tuatha Dé: Mac Cecht, Mac Gréine agus Mac Cuill. Mar bhuille scoir ba mhaith liom an bhaint le hOíche Shamhna a lua – toisc go mbíonn cnónna an choill aibí um Shamhain. I seandlíthe na mBreithiumhan luaitear an coll mar ceann de na “Airig fedo” nó crainn uaisle na coille.