Is é seo mo chéad bhlag as Gaeilge. Beidh gach iontráil sa bhlag seo sa teanga sin - teanga ar náisiúin agus ár sinsear. Táim an-bhróidiúil ar fad as bheith i mo Ghael agus as an nGaeilge atá ar mo thoil agam. Is cuid thábhachtach dár bhféinaitheantas í an Ghaeilge agus tá súil agam cur leis an méid Gaeilge atá cheanna féin ar an mblagchruinne! Beannacht leat a scríbhinn agus beannachtaí breise ar gach a léann thú!
Popular Posts
-
Anois tá na h-uimhreacha de na daoine bochta a maraíodh to tubaisteach sa chrith talún in Abruzzo na hIodáile fós ag ardú. Ó scríobh mé sa ...
-
Seanbhád in Árainn Mhór Bhuel tá an iomarca ama sleamhnaithe isteach ó scríobhas puinn ar phár na blagchruinne anseo in Aisling! Déanta...
-
Dánta is Geal Liom 7 Táim ag filleadh arís san alt seo ar dhánta an Díreánaigh. Ní bhíonn sé ag plé mórán le cúrsaí achrannacha an anama a...
-
Mo choischéimeanna féin i gCoill Sheantraibh le déanaí Bhuel, a chairde dile, tá an aimsir atá againn anois ar a laghad feiliúnach don Sé...
-
Ins an bpost deireanach luaigh mé cé chomh doimhin, géarchúiseach, agus gan dabht tuisceanach, is atá léargas Nic Dhomhnaill ar chúrsaí ban...
-
De ghnáth ní dhéanaim fógraíocht ar an mblag seo, ach tá mé díreach tar éis ríomhphost molta cineálta a fháil ó bhean arb ainm dí Nóra Áine ...
-
Dánta is Geal Liom 4 Mar a dúirt mé i mo phost inné is breá liom dánta de chuid Sheáin Uí Ríordáin. “Cén fáth sin?” a deir tú. Bhuel tá me...
-
Is cuimhin liom na blianta ó shin bheith i láthair ag léacht iontach i gColáiste na hOllscoile , Baile Atha Cliath . Is amhlaidh gur tugadh ...
-
Alan Harrison (1943-2005) Is maith is cuimhin liom an sár-léachtóir le Gaeilge agus an cumarsáidí cumachtach sin Alan Harrison . Is cúis mh...
-
Dánta is Geal Liom 10 Ba mhaith liom caint faoi dhá dhán is ansa liom sa phost cuíosach fada seo. Is féidir leis an léitheoir an dá cheann ...
Friday, May 12, 2006
An Dair - an Ceathrú Litir d'Aibítir na Gaeilge
An Dair (D) nó an ceathrú litir d’Aibítir na Gaeilge
Tugann an dair adhmad maith áisiúil dúinn - adhmad atá an-láidir ar fad. Chomh maith leis sin, fásann a lán dearcán air a sholáthraíonn bia cothaitheach d’ainmhithe éagsúla. Freisin, is féidir a rá gur crann uasal galánta é a mhaireann na cianta. Uaidh sin is siombal é den neart, den torrthúlacht, den ríogacht agus den bhuanseasmhacht. Léitear sa Táin go leagann Cú Chulainn dair mhór ar a scríobhann sé litreacha ogham i mbearna chun arm Mhéadhbhe a shárú. Maille leis sin, léimid sa scéal iontach Fiannaíochta sin, Tóraíocht Dhiarmada agus Ghráinne gur stop na leannáin cháiliúla seo ag áit darb ainm Doire Dá Bhaoth. Nuair a ráinig an bheirt acu an áit san do ghearr Diarmuid seacht ndoirse as adhmad an doire (oakgrove) (Gan dabht ar domhan is ón bhfocal san a tháinig ainm na cathrach clúití “Doire”). Rinne Diarmuid an gníomh seo chun iad féin a chosaint ar a lucht leanta nó ar a dtóraitheoirí, sé sin Fionn agus an Fhian. Bhí cumhacht dhraíochta ag na doirse seo déanta as adhmad na daire – ní raibh na Fianna in ann dul tríothu. Bhí orthu fanúint taobh amuigh go dtí go dtiocfadh an laoch amach dá dheoin féin. Chomh maith leis sin feicimid láithreach go bhfuil imeartas focal in aigne an scríbhneora – “doire” agus “doirse”!
Is fada atá sé inghlactha gurb é an dair crann mór na ndraoithe. Is ón scríbhneoir agus ón staraí clúiteach Rómánach Pliny a fhaighimid an t-eolas iontach tábhachtach seo. Mar a deir sé fein: “The druids…held nothing more sacred than the mistletoe and the tree that bears it, always supposing that tree to be an oak. But they chose groves formed of oaks for the sake of the tree alone, and they never perform any of their rites except in the presence of a branch of it; so it seems possible that the priests themselves may derive their name from the Greek word for that tree.” (See Irish Trees: Myths, Legends and Folklore, Niall Mac Coitir, Collins Press, 2003, p. 60) A mhalairt ar fad a chreideann na saineolaithe nua-aimseartha faoi bhunús an fhocail “druid” nó “draoi”. Deir siad go dtagann an focal seo ón gCeiltis, “dru-vid”, focal a chiallaíonn “an-léannta ar fad.”
Gan dabht tuigimid inniu go raibh leanúnachas idir an phágántacht agus an Chríostaíocht in Éirinn – sé sin do bhaist na Críostaithe nua na sean áiteanna agus na sean rudaí, mar shampla – Bhaist siad Cruach Phádraigh ar an sliabh a bhí tiomnaithe do shean dia na gCeilteach, sé sin Lugh. Mar an gcéanna leis an dair i ndairíre píre, mar shampla “Daire Calgaich” nó “Doire” (Derry) a bhunaigh Naomh Colmcille. Bhí scoil mhainistreach ag Maigh Daireach (Oak Plain) nó Durrow. Áit chailiúil eile gan dabht ná Cill Dara nó Kildare a bhunaigh Naomh Bríd. Glacadh leis go raibh an seanchrann daireach beannaithe aici agus gur mhair sé leis na blianta mar fhoinse míorúiltí!
Ta pictiúr de dhilleoga na daire curtha ag barr an phoist seo agam!
Labels:
Aibítir,
An Léann Ceiltigh,
Crainn,
Eiceolaíocht,
Scríbhneoireacht