Is é seo mo chéad bhlag as Gaeilge. Beidh gach iontráil sa bhlag seo sa teanga sin - teanga ar náisiúin agus ár sinsear. Táim an-bhróidiúil ar fad as bheith i mo Ghael agus as an nGaeilge atá ar mo thoil agam. Is cuid thábhachtach dár bhféinaitheantas í an Ghaeilge agus tá súil agam cur leis an méid Gaeilge atá cheanna féin ar an mblagchruinne! Beannacht leat a scríbhinn agus beannachtaí breise ar gach a léann thú!
Popular Posts
-
Anois tá na h-uimhreacha de na daoine bochta a maraíodh to tubaisteach sa chrith talún in Abruzzo na hIodáile fós ag ardú. Ó scríobh mé sa ...
-
Seanbhád in Árainn Mhór Bhuel tá an iomarca ama sleamhnaithe isteach ó scríobhas puinn ar phár na blagchruinne anseo in Aisling! Déanta...
-
Dánta is Geal Liom 7 Táim ag filleadh arís san alt seo ar dhánta an Díreánaigh. Ní bhíonn sé ag plé mórán le cúrsaí achrannacha an anama a...
-
Mo choischéimeanna féin i gCoill Sheantraibh le déanaí Bhuel, a chairde dile, tá an aimsir atá againn anois ar a laghad feiliúnach don Sé...
-
Ins an bpost deireanach luaigh mé cé chomh doimhin, géarchúiseach, agus gan dabht tuisceanach, is atá léargas Nic Dhomhnaill ar chúrsaí ban...
-
De ghnáth ní dhéanaim fógraíocht ar an mblag seo, ach tá mé díreach tar éis ríomhphost molta cineálta a fháil ó bhean arb ainm dí Nóra Áine ...
-
Dánta is Geal Liom 4 Mar a dúirt mé i mo phost inné is breá liom dánta de chuid Sheáin Uí Ríordáin. “Cén fáth sin?” a deir tú. Bhuel tá me...
-
Is cuimhin liom na blianta ó shin bheith i láthair ag léacht iontach i gColáiste na hOllscoile , Baile Atha Cliath . Is amhlaidh gur tugadh ...
-
Alan Harrison (1943-2005) Is maith is cuimhin liom an sár-léachtóir le Gaeilge agus an cumarsáidí cumachtach sin Alan Harrison . Is cúis mh...
-
Dánta is Geal Liom 10 Ba mhaith liom caint faoi dhá dhán is ansa liom sa phost cuíosach fada seo. Is féidir leis an léitheoir an dá cheann ...
Monday, January 09, 2006
Tarraingt na Teanga
Tarraingt na Teanga
Ó bhí mé an-óg bhí me faoi dhraíocht ag na focail – focal ar bith i ndáiríre píre, bíodh sé in aon teanga ar bith sa domhan mór. Is cuimhin liom mé im’ bhuachaill óg ag léamh mo chuid leabhair scoile ós ard sa chistin. Bhíodh mo mham ag obair leí go gnóthach mar ba ghnách di gan áird ar bith ar thabhairt ormsa. Séard a bhíodh ar siúl agam ná aithris á déanamh agam ar chaint agus ar bhfuaimiú mo mhúinteora ar scoil. Bhí an t-ádh agam mar bhí múinteoir den scoth agam sa bhunscoil, an tUasal Ó Muirí, seanfhear a bhí ag teacht chun ceann scríbe ina shaol proifisiúnta, é ag fáisciú suas ar seasca cúig bliana d’aois. Ach ba dhuine tuisceanach lách é agus an-mheas aige ar dhaltaí óga agus a ndul chun cinn sa domhan mór. Is uaidhsean i ndáiríre a d’fhoghlaim mé mórán, agus ba óna shampla siúd agus sampla mhéanmhúinteora d’arbh ainm Mícheál Mac Lochlainn (a theagaisc Laidin agus Béarla dom i Scoil Uí Chonaill i mBaile Átha Cliath sna sechtóidí den aois seo caite) a theastaigh uaim a bheith i mo mhúinteoir. Táim fíorbhuíoch don bheirt acu maidir le roghnú ceann dena proifisiúin is sine ar dhromchla an domhain. Is amhlaidh nach raibh a fhios ag ceachtar den mbeirt go ndeachaigh said chomh mór sin i bhfeidhm orm. Ach sin mar a bhíonn an saol againn i gcónaí – ní bhíonn a fhios ag éinne cé chomh mór is a théann sé nó sí i bhfeidhm ar dhuine éigint eile. Leis an bpost seo táim ag cur pictiúr a ghlac mé bliain nó dhó ó shin de roinnt dena daltai im' scoilse. Gura fada buan sibh, a dhaltai, agus go mbainfidh sibh uile an méad suilt is a bhaineas féin as an saol mór agus go n-éireoidh go geal libh i bpé cheird a roghnaionn sibh sa saol. Beannacht leat a scribhinn.