Popular Posts

Thursday, February 16, 2006

Faoiseamh an Ghairdín


Bhuel a chairde uilig ó gach cearn den domhan, fáilte rómhaibh go léir chuig mo bhlag!  Bhfuil sibh ag baint suilt agus súip as an saol?  Ta súil agam go bhfuil.  Táim im’ shuí anois ós comhair mo ríomhaire i mo sheomra staidéir – seomra lochta atá ann le dhá fhuinneog mhóra chun solas an lae a ligean isteach.  Táim tar éis a bheith ag garraíodóireacht, caitheamh aimsire atá gar dom’ chroí, amuigh faoin spéir, ag ligean don aer breá follán  mo scámhóga a líonadh.  Nuair a mhothaím faoi bhrú is faoi strus ag an saol mór téim i muinín an ghairdín cheanainn chéanna.  Níl rud is aoibhne ar dhromchla an domhain dar liom ná mothú na cré faoi ingne do mhéarachaí.  Coiméadann sé seo réalaíoch mé mar a deirtear na laethanta seo sa Bhéarla.  Bhuel, seo chugaibh dán a chum mé faoin ngaraíodóireacht timpeall dhá bhliain ó shin.  Mar a fheicfidh tú chum me é i séisiúr an fhómhair.  Bainigí uile sult agus súp as an saol agus fiú as an dá beag seo.  Beannacht leat a scríbhinn.




Faoiseamh an Ghairdín

Anois is an fómhar ar tí teacht
Agus an ghaoth sna crainn
Roimh thitim na nduilleog
Tugaim m’aghaidh ar an ngairdín
Chun an chré a bhraistint faoi m’ingne –
An chré dhonn thais ónar eascair muid
I gceobhráin an am atá caite
Sula raibh aon stair ann.
Tá an ráca is an rámhainn araon agam.
Ní deacair an rámhainn a láimhseáil –
Tá an chré bog agus géilleann sí go h-éasca
Agus osclaíonn sí a gob dos na bleibeanna.
Déanaim réidh iad le sáil mo bhróige.

Anois is an fómhar ar tí teacht
Glacaim chugam an ráca
Agus dírím m’aird agus m’fhuinneamh
Ar an gcaonach stuacach stalcach
A dhíothú nó a chloí
Sula gcuirim an síol.
Mothaím fein siar in aimsir an Bhíobla
Ag súil le síol.
Tá dóchas fós ar dhromchla an domhain mhóir
Má thugtar faoin saol le díograis.
Is deas an chuimilt is an chigilt
Agus na síolta beaga ag titim tríd na méaracha.

Anois is an fómhar ar tí teacht
Agus an ghaoth sna crainn
Roimh thitim na nduilleog
Fágaim slán ag an ngairdín
Agus beannaím na síolta beaga uile
Agus guím ráth ar a bhfás.
Tá deoir i mo shúile
Agus faoiseamh faighte –
Faoiseamh an gháirdín.







An grianghraf a chuireas ag barr an phoist seo ná ceann a thógas le déanai i ndiaidh dom an fál im' gháirdin cúil a ghearradh.

Saturday, February 11, 2006

"Téigí i Muinín na Samhlaíochta - Cad Eile?"


Leigheas na Samhlaíochta

Is ait an áit, is iontach an bealach,
Is aisteach an dóigh, is mílóighciúil an tslí
A thiteann cúrsaí amach, a tharlaíonn rudaí
Nár tuigeadh uair amháin, uair dá raibh,
Na blianta ó shin, na míonna ó shin,
Na seachtainí, fiú na laethanta tamall ó shin.
Tagann an tuiscint gan choinne, gan tnúth.
Briseann an ghrian trí na scamaill
Agus scríobhtar dóchas sa bhearna eatarthu.
Titeann an fhearraing throm ar an talamh thirim
Agus dúisítear na síolta, corraítear na fréamhacha,
Tagann borradh ar na gais is an fás tiubh faoi réir
Is mé agus tú, a chuisle, a stór anseo san áit cheart,
Ag an am ceart le h-aghaidh míorúilt na beatha.
Breathnaigh, a stór, ar na spéartha
Agus an chruinne ag at as cuimse go deo na ndeor,
Na réalta agus na grianacha – na billiúin díobh
Agus muidne mar phoncanna beaga i ndochuimseacht an spáis.
Tuigimid go maith go bhfuil an fhírinne
Idir mhilis agus shearbh, idir shearbh agus mhilis
San aistear is sa turas amháin,
San aistear is sa turas amháin,
Ní sa cheann scríbe,
Ní sa cheann scríbe.

Creidimid sa bheatha, i síoraíocht an tsaoil,
Go gcaithfimid fáil réidh leis an am atá caite,
Leis na seanbhotúin, leis an chac a thit amach
Inár mullach, i mullach gach duine daonna,
Go gcaithfimid sinn féin a mhaitheamh.
Creidimid i leigheas na samhlaíochta,
I mbeatha an tsaoil atá i láthair.
Bíodh fear sa ghealach,
Bíodh croí sa chléibh,
Fágtar an prós is an mhata i leataobh
Agus glactar leis an gcaillteanas diadh ar ndiaidh.


Sin agaibh thuas dán a chumas nios mó ná dhá bhliain ó shin. Ceapaim, agus nios treise agus nios tábhachtai fós, go gcaithfimid creidiúint sa tsamhlaiocht mar is tréna meán is féidir dul chun cinn ar agus fail réidh le gach rud a bhriseann an spiorad agus a cheannsaionn an misneach.

An grianghraf a chuireas thuas ar barr ná ceann a ghlacas Mi na Samhna 2005 in Ionad an Bhlascaoid, Dún Chaoin. Sin pictiúr den dorchla san Ionad ag féachaint i dtreo an oileáin chéanna. Seasann an t-iomhá seo don tsamhlaiocht, im' thuairimse!

Wednesday, February 08, 2006

Machnamh 2


Machnamh 2

Tá nithe ar an saol a chuireann ag smaoineamh sinn.  Tá ceisteanna móra ann a chorraíonn ár n-intinn – idir cheisteanna fealsúnachta intleachtúla (mar atá:  An bhfuil Dia ann?  Cad is brí le saoirse? Cad a chiallaíonn an mhóráltacht? Agus mar sin de.) agus cheisteanna doimhne na beatha féin (mar atá: Cé sinn féin? Cad is brí leis an mbeatha agus leis an mbás? An féidir ceist na fulaingte neamhchiontaí a réiteach nó fiú a thuiscint?).  Ar shlí amháin no eile is féidir linn uilig machnamh nó smaoineamh domhain a dhéanamh ar na ceisteanna seo.  Ach níl an sórt seo imeachta intinne i gceist agam anseo maidir le machnamh.  Séard ata i gceist agam ná i ndáiríre ciúnas aigne, síocháin intinne, pointe shocair sa bheatha ancaire daingean.  I mBéarla tugtar “Still Point” nó “Pointe Shocair” air seo.  Má ta suim agat sa mhachnamh feictear mo bhlag Béarla Still Point ag an nasc seo: http://hugesponge.blogspot.com/  Tá post amháin post amháin ann dírithe ar cad is machnamh ann – Dé Céadaoin, an triochadú lá de Mhí na Samhna 2005.  

Má taimid sáite sa saol nua-aimseartha seo – mar atá formhór dúinn i ndáiríre píre - caithimid saol lán de strus is de bhrú.  Caithfimid deighleáil leis seo i slí éigin phraicticiúil mar shampla – am a chaitheamh sa halla gleacaíochta, nó ag snámh, ag imirt peile, ag rásaíocht, ag rith, ag siúl ar na sléibhte nó go simplí bheith ag siúl go dtí láthair ár n-oibre.  Taobh amuigh de sin uile caithfimid aire a thabhairt dár sláinte – dul go rialta chuig an dochtúir agus bia ceart agus fónta a ithe.  Seachas sin uilig is féidir linn machnamh ar dhóigh an Oirthir a dhéanamh.  Díríonn an saghas seo machnaimh ár n-aird ar an anáil; múineann sé don fhoghlaimeoir conas a anáil a tharraing i gceart agus conas an corp féin ina iomláine a chiúiniú.  Cuidíonn se linn an strus agus an brú a ruaigeadh as na matáin agus as na néaróga.  Ina dhiadh dúinn an corp a chiúniú éiríonn linn an aigne féin a chiúiniú – sé sin cuidíonn an machnamh linn na smaointe seachránacha a ruaigeadh as ár gceann.  Bhuel, a léitheoir, níl le déanamh agat anois direach ach suí ar ghnáthchathaoir, le do dhroim caol díreach le droim na cathaoireach, do dhá chois cothromach ar an urlár, do shúile druidte agus do anáil a tharraingt go mall agus pas beag níos doimhne ná mar is gnáthach duit.  Arís breathnaigh ar mo bhlag eile atá luaite thuas nó air leabhar liom, a bhfuil eolas agam faoi ag an nasc seo: http://www.veritas.ie/veritas/asp/section.asp?s=49

Beannacht leat a scríbhinn.  Táim ag cur grianghraif leis an bpost seo – ceann a ghlac mé i gCiarraí le déanaí.  

Ceol Anama


Ní scríobhfaidh mé níos mó

Ní scríobhfaidh mé níos mó faoin ngruaim,
Tá an saol ró-lán d’fhuaim –
Fuaim na cumhachta agus iad siúd a chreideann
Gur déithe iad le fios a ngnótha léir.

Ach cónaím in áit faoi leith faoi scáth m’anama,
Faoi scáth Jung agus a shiceolaíochta –
Creidim i gcumhacht an neamhchomhfheasa
Agus i gcumhacht na míchumhachta.

Ní scríobhfaidh mé níos mó faoin ngruaim,
Táim bréan d’ualach mór a trioblóidí,
Bréan den dubh is den duibheagán
De gach rud a scriosann an spiorad.

Cónaím anois i ndomhan nua an anama,
Nach bhfuil dubh ná geal an t-am go léir
Ach é lán de dhathanna idir eatartha –
Uaireanta an fhearthainn agus uaireanta an ghrian.

Ní scríobhfaidh mé níos mó faoin ngruaim
Ach faoi gach rud a mhúsclaíonn mo chroí
Agus a ardaíonn an míniú is an brí –
Saol lán de nua-eitilt éinín an ghuí.  



Iniata agam leis an bpost seo tá pictiúr diom a tógadh ag cúrsa samhraidh spioradálta de chuid Mount Oliver - cúrsa faoi stiúir an tsaoi is an tsagairt, Tom Hamill - fealsamh, diagai agus múinteoir den scoth é chomh maith - sa bhliain 1996.

Sunday, February 05, 2006

Machnamh 1




Ómós do Lionáird Cohen

Taim fós faoi dhraíocht agat, a Lionáird,
Do ghuth mall domhain cumhachtach dom mhealladh
Chuig thír rúnda fad’ ó bhuarthaí an am i láthair.
Is cuireadh dom do ghuth dul ar aistear spioradálta,
Dul ag tóraíocht na gaoise is na saoirse.
Cosúil le mantra ón Oirthear misteach
Na focail dhraíochta ag titim ó do bhéal.
Dúisítear m’anam agus téann sí ag eitilt
I bhfad níos airde ná aon scamall spéire,
I bhfad níos airde ná aon eitleán saolta.
Téim ar aistear inmheánach,
Ar oilithreach príobháideach
Agus titeann an ciúnas is an suaimhneas
Mórthimpeall ar mo chorp –
Agus fágtar socair mé,
Chomh socair le crann
Roimh theacht an fhómhair is an gheimhridh.


Na grianghraif a chuireas istigh ag barr an phiosa seo ná cinn de chrainn a ghlacas i Newbridge House roinnt mhionna ó shin. Mar a deirim i mo dhán thuas, "chomh socair le crann."

Wednesday, January 25, 2006

Brionglóidí!


Is amhlaidh go mbíonn aisling de shórt éigin ag chuile dhuine ar dhromchla an domhain seo.  Is truamhéalach agus is brónach iad siúd nach bhfuil aon bhrionglóid acu dóibh féin agus dá dtodhchaí.  Níl mórán dóchais ach an oiread ag an dream seo.  Bíonn an saol de ghnáth deacair agus crua orthu – luíonn an saol agus a thrioblóidí go trom ar a nguailgne.  Ní shiúlann said go h-éadrom ar an talamh.

A mhalairt ar fad atá i gceist maidir leo siúd a bhfuil aisling nó brionglóid acu.  Bíonn dóchas acu sa saol.  Bíonn dearcadh dearfach acu go ginearálta.  Ní ligeann siad don diúltacht cur isteach orthu.  Bíonn iontaoibh acu as daoine, agus go h-áirithe astu féin.  Siúlann siad go h-éadrom ar thalamh an domhain.

Caithfidh gach éinne brionglóid a bheith aige nó aici – is cuma sa tsioc cén sórt aislinge í i ndáiríre píre amhail is nach bhfuil sí neamhréalaíoch agus seafóideach nó amaideach.  B’fhéidir go bhfuil aisling ag buachaill óg bheith ina pheileadóir sacair – gan dabht caithfidh sé bheith réalaíoch maidir lena chumais.  Ach ceapaimse féin gurb ar na daoine fásta a thiteann na cúraimí seo – is iad atá freagrach as na brionglóidí seo a chothú agua a choiméad réalaíoch.

Bíodh aisling agat, a léitheoir – is cuma cé chomh h-óg nó chomh sean is atá tú.  Bíódh sí réalaíoch cinnte, ach bíodh sí agat.  Muna sroichtear an ceann scribe nó muna mbuailtear an sprioc is cuma – mar beidh tú ar a laghad níos faide ar an mbóthar chuig an duais sin a bhaint nó a bhuachan.  B’fhéidir nach mbeidh 7 gcinn de A1-acha acu ach b’fhéidir ceann amháin agus sé chinn de B-eanna agus C-eanna.  

Tá buachaill amháin ar scoil s’againne agus is í an aisling atá aige ná bheith ina aisteoir.  B’fhéidir nach mbeidh sé riamh ar an scáileán mór ach b’fhéidir go siúlfaidh sé cláracha an stáitse ina thír féin nó fiú ina bhaile féin.  Tá brionglóid ag scoláire eile bheith ina thraenálaí pearsanta – duine deas aclaí é agus féinsmacht aige.  Creidim go mbainfidh sé an ceann scribe seo amach.

Is trua dó-san nó dí-sean ná fuil aon aisling nó brionglóid acu.  Beidh an saol dian orthu agus gheobhaidh siad leadránach agus fadálach é.          

An grianghraf a chuireas roimh an bpost seo ná ceann a ghlacas dhá bhliain ó shin de bhuachaill san eadarbhliain im' scoilse ag tabhairt aire do bhuachaill óg i naoinaire sa Phort Thoir. Beannacht leat a scribhinn!!

Monday, January 09, 2006

Tarraingt na Teanga


Tarraingt na Teanga

Ó bhí mé an-óg bhí me faoi dhraíocht ag na focail – focal ar bith i ndáiríre píre, bíodh sé in aon teanga ar bith sa domhan mór.  Is cuimhin liom mé im’ bhuachaill óg ag léamh mo chuid leabhair scoile ós ard sa chistin.  Bhíodh mo mham ag obair leí go gnóthach mar ba ghnách di gan áird ar bith ar thabhairt ormsa.  Séard a bhíodh ar siúl agam ná aithris á déanamh agam ar chaint agus ar bhfuaimiú mo mhúinteora ar scoil.  Bhí an t-ádh agam mar bhí múinteoir den scoth agam sa bhunscoil, an tUasal Ó Muirí, seanfhear a bhí ag teacht chun ceann scríbe ina shaol proifisiúnta, é ag fáisciú suas ar seasca cúig bliana d’aois.  Ach ba dhuine tuisceanach lách é agus an-mheas aige ar dhaltaí óga agus a ndul chun cinn sa domhan mór.  Is uaidhsean i ndáiríre a d’fhoghlaim mé mórán, agus ba óna shampla siúd agus sampla mhéanmhúinteora d’arbh ainm Mícheál Mac Lochlainn (a theagaisc Laidin agus Béarla dom i Scoil Uí Chonaill i mBaile Átha Cliath sna sechtóidí den aois seo caite) a theastaigh uaim a bheith i mo mhúinteoir.  Táim fíorbhuíoch don bheirt acu maidir le roghnú ceann dena  proifisiúin is sine ar dhromchla an domhain.  Is amhlaidh nach raibh a fhios ag ceachtar den mbeirt go ndeachaigh said chomh mór sin i bhfeidhm orm.  Ach sin mar a bhíonn an saol againn i gcónaí – ní bhíonn a fhios ag éinne cé chomh mór is a théann sé nó sí i bhfeidhm ar dhuine éigint eile. Leis an bpost seo táim ag cur pictiúr a ghlac mé bliain nó dhó ó shin de roinnt dena daltai im' scoilse. Gura fada buan sibh, a dhaltai, agus go mbainfidh sibh uile an méad suilt is a bhaineas féin as an saol mór agus go n-éireoidh go geal libh i bpé cheird a roghnaionn sibh sa saol. Beannacht leat a scribhinn.

Píosa eile athchóirithe agam - Gaois na seanfhocal


Ta seanfhocal iontach sa Ghaeilge agus téann sé mar seo; “mol an óige agus tiocfaidh sí; cáin an óige agus críonfaidh sí; buail sa tóin í agus titfidh sí!”

Is aoibhinn liom an ghaois atá taobh thiar den ráiteas seo. Ar an gcéad dul síos ní féidir le h-éinne rud ar bith fiúntach a dhéanamh ina s(h)aol gan spreagadh ó dhaoine eile. Fiú nuair atáimid ag plé le daoine fásta aibí, gan trácht ar dhaoine óga, tá sé seo thar a bheith fíor. Táimse don chéad uair im’ shaol ag teagaisc an Bhonnleibhéil sa Ghaeilge san Ardteist. Ta slua nach beag sa rang ’sagamsa – timpeall seachtar agus beidh sé seo ag méadú go deichniúr sar i bhfad - ag gabháil don chúrsa céanna. Caitfear a bheith fíor-fhoighneach ag deighleáil le daltaí laga malla. Chomh maith leis sin caithfidh tú bheith spreagúil agus fíor-thuisceanach. Níor cheart d’aon bhainistíocht (an príomhoide atá i gceist agam anseo ar ndóigh) múinteoir mí-thuisceanach mí-fhoighneach a chur isteach ag teagaisc grúpa lag. Má chuirtear déanfar an-dochar ar fad dona daltaí, dá bhféinmhuinín, dá gcumas sa teanga agus fiú d’fhéinmhuinín an mhúinteora!

Caithfidh mé a rá gur maith liom an rang beag mall seo. Cén fáth? Bhuel, tuigeann said go bhfuilimse tuisceanach dóibh, go bhfuilim foighneach agus go bhfuil meas agam orthu. Tá dhá sheanfhocal eile ann a thaithníonn go mór liom chomh maith agús atá feilúnach sa chomhthéacs oideachasúil seo. Seo mar a deir siad: “I ndiaidh a chéile is ea a thógtar caislean” agus “bíonn gach tosú lag!” Má leagtar an tsraith bhunaigh nó an bhunsraith go maith éireoidh leat. Ná bí ag súil le míorúiltí – bí ag súil le caidreamh agus cumarsáid bhunúsach shimplí!

Is í an chumarsáid an rud is tabhachtaí in aon teanga ar bith. Coiméad i gcuimhne gur féidir le daoine ná fuil scríobh aon teanga ar bith acu cumarsáid a dhéanamh sa labhairt agus fiú tré úsaid a bhaint as comharthaí agus as geáitsí!!! Caitfear a bheith dearfach, dearfach agus dearfach. Is fiú an t-athrá anseo mar caithfimid a mheabhrú dhúinn féin go bhfuil na daltaí níos tabhachtaí na an t-ábhar, go bhfuil an chumarsáid i bhfad níos tabhachtaí na cruinneas teanga, go bhfuil an comhthéacs agus an próiséas níos tábhachtaí fós ná an t-ábhar, agus sa deireadh thiar gurb é an rud is tábhachtaí ar fad ná féinmhuinín an fhoghlaimeora lag agus meas an mhúinteora orthu! Tá pictiúr álainn de chrann iniata agam leis an bpost seo - pictiúr a ghlacas le déanaí i Newbridge House!

Beannacht leat a scríbhinn!!

Dán beag a chumas le déanaí in onóir do m'athair, Thomas Quinlan, (1913-1993). Go ndéana Dia trócaire ar a anam uasal!


Cúlghairdín

Na blianta ó shin,
Cúlgháirdín imithe ó smacht
Is na neantóga ag fás go tiubh
Is m’athair ag siúl go mall
Áit éigin san fhíántas,
Is a dheora ag titim go fras –
Bhí m’uncail Pat ar lár –
Sciobtha uainn ag an ailse.
Chuala mé mo mháthair á shólású
I gciúnas diamhrach an ghairdín –
Dúchas mná agus nádúr céile
Ag teacht le chéile le draíocht.

Mo shinseanaintín sna hochtóidí
Ag dul in aois diaidh ar ndiaidh,
Gar don uaigh ach lán de bheocht.
Thuig mé na blianta fada ó shin
Gur áit dhiamhrach é cúlghairdín,
Go gcaitear dul ann
Chun an racht sa scórnach a scaoileadh,
Chun na deora a shileadh –

An cúlghairdín céanna,
Cúpla lá i ndiaidh na sochraide
Is corráin againne buachaillí
Agus speal ag m’athairse
Ag ionsaí na neantóg is na bhfiailí
Ag smachtú romhainn ar ár ndícheall
Is mo mháthair áit éigin sa teach
Ag caint le seanbhean gar don uaigh…

Dúirt m’athairse gur mar sin a bhí an saol,
Go raibh rudaí ann ar chóir dúinn a dhéanamh
Agus nár cheart riamh faillí a dhéanamh iontu –
Go mba chóir cúlgáirdín a choinneáil faoi smacht
Agus leacht cuimhneacháin a thógáil
I ndílchuimhne na marbh.


Tá seanghrianghraf a tógadh na blianta ó shin iniata thuas ag barr an phoist seo! Grianghraf is ea é a glacadh ar dhroichead Ui Chonaill i mBaile Atha Cliath sna caogaidi den fhichiú haois déag. Beannacht leat a scribhinn is ar gach a léann thú!

Sunday, January 08, 2006

Atchóiriú eile: Mise is Mo Chuid Dánta


Mise agus mo chuid dántaIs dual dúinn uile caidreamh a dhéanamh lenár gcomhdhaoine.  Déantar an caidreamh seo i móran slite – go fisiciúil, go spioradálta agus ar leibhéal na mothúchán.   Ar ndóigh baintear úsáid nach beag as bua na cainte is an chomhrá sa chumarsaid chéanna.  Ní gá ach smaoineamh ar an méid sin glaonna agus teachtaireachtaí téacsa a dhéantar gach lá sa domhan ar an bhfón póca.  Is nádúrtha dúinn fosta litreacha nó ríomhphoist a sheoladh ó dhuine go chéile chomh maith.  Tá scríbhneoirí proifisiúnta ann dála an iriseora agus scríbhneoirí cruthaitheacha idir phrós agus fhilíocht mar úrscéalaithe, gearrscéalaithe agus filí.  Cad is filíocht ann?  Is deacair a rá go baileach ach is fíor a rá go mbaineann sí le h-ord agus le h-eagar na bhfocal nó mar a deir Coleridge, “an focal ceart san áit cheart.”   Chomh maith leis sin baineann an fhilíocht go mór le ceol, le rím agus le rithim na bhfocal.  Cen fáth go mbíonn daoine againn in ann sleachta fada de dhánta a thabhairt chun chuimhne.  Bhuel, ’sé mo bharúil go mbímid in ann seift seo na cuimhne a dhéanamh toisc go bhfuil ceol iontach draíochta ag gabháil le filíocht ar bith.  Tagann an ceol seo díreach ón anam agus leanann sí an scríbhneoir mar chompánach ar oilithreach na beatha.Chuala Seán Ó Ríordáin glaoch an dúchais agus thuig sé go rímhaith gurbh í an Ghaeilge – nó Gaolainn bhreá bhinn na Mumhan – an teanga ba nádúrtha dhó cumadh inti agus mar a deir sé féin thug sé a dhroim ar “shrathar shibhialtacht an Bhéarla.”  Duine eile de mhórfhilí na Gaeilge ná Máirtín Ó Díreáin a bhí mar imirceach ina thír féin agus níobh fhéidir leis a ghrá dá áit dhúchais, Inis Mór, a chur as a chloigeann agus chaith sé an chuid is mó dá chuid fhilíochta ag caoineadh na seanlaethanta agus an tseansaoil ar an oileán céanna.  Bhí grá nach beag aige dá mhuintir féin go h-áirithe na seanfhundúirí a  bhí ag iarraidh “ceart a bhaint de neart na ndúl.”  Sarfhile ab ea Ó Díreáin a bhain a cheart féin as neart na bhfocal – na focail a thug sé leis ón gcliabhán agus a thuig sé go raibh ceol nó draíocht iontach ag roinnt leo.  Beirt mhórfhile chomhaimseartha a tháinig faoi anáil chumhachtach na teanga Gaeilge ná Cathal Ó Searcaigh agus Nuala Ní Dhomhnaill, fear agus bean beagnach ar chomhaois atá ag scríobh agus ag cumadh as canúintí Dhún na nGall agus Chiarraí faoi seach.  Is cumasach go mór an bheirt acu mar fhilí agus tá siad i gcónaí ag saothrú go dian is go dúthrachtach i ngort na filíochta.  Is dual don bheirt acu an obair seo -  ní daoine daonna lena n-aidhmeanna curtha i gcrích iad muna mbíonn siad ag cumadh leo sa Ghaeilge.  Ní féidir linn dánta le ceachtar acu a léamh gan bheith corraithe ag neart na Gaeilge ó dhá thaobh éagsúla na hÉireann.  Braithimid go bhfuilimid i láthair thraidisiún beo beathach seanfhilí na hÉireann nuair a léimid dánta leo.  Arís agus arís eile titimid faoi dhraíocht agus faoi chumhacht na bhfocal a thiteann ar pháipéar óna bpeann.  Tuigimid go bhfuilimid i ríocht fhíorthábhachtach thobar na Gaeilge.  Braithimid mar dheisceabaill agus tumaimid isteach i sruth beo beathach ár dteanga dhúchais.Cad tá sna dánta seo?  Leis an fhírinne a rá faightear ceol mo chroí iontu, ceol ar féidir le h-aon éisteoir nó léitheoir a chloisteáil nuair a théann sé nó sí i ngleic leo.  Ar shlí amháin no eile is aistear spioradálta iad mo dhánta, aistear ar thóir na féiniúlachta, ar thóir ghaois de shórt éigin, ar thóir bhrí nó míniú taobh thiar den domhan seo ina mairimid.  Is aistear fionnachtaine é chomh maith dom mar faightear léargas eile ar an saol agus aithne níos fearr agus níos doimhne orm féin.  Uaireanta bíonn an t-eolas breise seo iontach cabhrúil agus uaireanta eile bíonn an fhírinne searbh.  Ach ar dhóigh amháin nó eile caithfidh an scríbhneoir cruthaitheach glacadh le focail mar a fhaigheann sé iad agus mar a thiteann siad óna pheann a fhad is atá sé macánta agus ionraic ann féin.  Is í an mhacántacht nó an t-ionracas an bua is luachmhaire in aon saothar cruthaitheach.Tá trí leibhéal de chaidreamh sna dánta seo – caidreamh liom féin, caidreamh le leannán agus caidreamh le Dia nó leis an bhfórsa pearsanta nó neamhphearsanta taobh thiar den domhan is den chruinne.  Nílim ró-chinnte faoi cad nó cé is Dia ann – uaireanta braithim go bhfuil fórsa pearsanta ann agus uaireanta eile braithim uaim an phearsantacht sin agus is aindiagaí mé ansin.  Fágaim ceist Dé oscailte ar fad – níl a fhios agam leis an fhírinne a rá an bhfuil sé nó sí ann ar chor ar bith agus i ndáiríre is amhlaidh gur cuma sa tsioc.  Ach tá caidreamh eile sna dánta seo chomh maith, caidreamh leis an domhan mór, leis an chruinne féin, leis an timpeallacht, leis an dúlra - na sléibhte, na gleannta, na clocha, na crainn, na plandaí, na h-aibhneacha, an fharraige mhór agus leis na h-ainmhithe agus le gach a bhogann mé, le gach a cuireann ag gáire nó ag gol mé.  Ceist eile a chíoraim arís agus arís nó fadhb na péine agus fadhb na fulaingte.  An féidir iad a shárú?  Ní féidir ach féadtar glacadh leo.  Is amhail le machnamh spioradálta dom dán a chruthú.  An dreac nó an cruth a bhíonn ar aon dán, cuimsíonn sé mothú áirithe ag am faoi leith, ar ocáid faoi leith, in áit faoi leith.  Is cuimhim liom bheith ag léamh faoi na scuainí fada bia a bhí sa Rúis díreach tar éis titim don chumannachas.  D’fhiafraigh seanbhean de stróinséar a bhí in aice leí cad ba ghairm dó agus arna cloisteáil di gurbh fhile é d’fhiafraigh sí de an mbéadh sé ar a chumas an ganntanas, an easpa bia agus braistintí na ndaoine a bhí sa scuaine sin a chruthú.  D’fhreagair an file go mbéadh cinnte.  Sin an saothar is dual don fhile, d’aon scríbhneoir cruthaitheach i ndáiríre.

Tá pictiúr breá de thúirne a ghlac mé ar mo bhriseadh leath-théarma ón scoil iniata agam leis an bpost seo!  Ceapaim go bhfuil gairm an fhile cosúil ar dhóigh amháin nó eile le céird an tsníomhadóra!!  

Píosa eile athfhoilsithe - Féinaitheantas


Ós rud go bhfuilimse ag dul in aois is cosúil go bhfuil na ceisteanna móra ag cur isteach agus amach orm. Táim ag tnúth le gaois na h-aoise a theacht go luath ar ndóigh!! Leabhar breá a cheannaigh mé inniu - leabhar fealsúnachta ó pheann fhealsaimh ón bhFrainc - a chuir ag smaoineamh mé. (The Little Book of Philosophy an teideal atá air, leis an bhfealsamh André Comte-Sponville). Níl ann i ndáiríre ach leabhar beag don tosaitheoir - réamhrá a thosaigh mar chuidiú do dhéagóirí a bhí de shíor ag cur ceisteanna ar an údar. Mhol an fealsamh clúiteach cailiúil sin Kant na ceisteanna seo leanas a chur orainn féin: Cad is féidir linn a thuiscint? (an t-eolas) Cad ba cheart dúinn a dhéanamh (an mhoráltacht), Cén dóchas ata ionainn? Cad is duine daonna ann? Cad tá i ndán dúinn sa saol? (Bhí an fhealsúnacht mar ábhar céime agam na blianta ó shin agus cé nár lean mé leis ar aon bhonn proifisiúnta níor ligeas an tsuim inti le sruth. Sin an fáth gur bhaist mé "Féin-aitheantas" ar an bpíosa scríbhneoireachta seo thuas. An cheist ar mhaith liom a chur orm féin ná "Cé mise gan an Ghaeilge a bheith agam?" nó "Cé mé féin leis an Ghaeilge ar eolas agam?" "An dtugann sé seo aon rud sa bhreis dom mar dhuine?" Séard ata sa bhfealsúnacht ná módh smaointe i ndáirire - seans do gach éinne na mórcheisteanna a chur air féin nó uirthi féin. Léim fairsing go leor sa dhiagacht, san fhealsúnacht, sa siceolaíocht agus sa spiordáltacht. Tá iarchéim STL, Licentiatus Sacrae Theologiae, agam, sé sin céim mháistreachta ar chomhchéim le M.Phil seachas M.A. Tá ainm mo thráchtais le breathnú anseo http://www.milltown-institute.ie/spirituality/theologythesis.html. Chomh maith leis an bhfealsúnacht níor chleacht mé an diagacht ar aon bhonn proifisiúnta ach an oiread. Chaitheas mo shaol ag múineadh Gaeilge don chuid is mó, mata, reiligiún agus scileanna beatha (life skills) agus CSPE - sórt Jack-of-all-trades mé! Ar aon nós is breá liom bheith ag smaoineamh agus fiú ag machnamh - déanaim machnamh nach mór gach lá. Tá leabhar beag curtha i gcló agam dar teideal Still Point Meditations. Feictear http://http://www.veritas.ie/veritas/asp/section.asp?s=49?... Ar aon nós tá an t-iomad fúmsa ansin.Anois an Ghaeilge. Cen fáth a bhfuilim ag scríobh seo as Gaeilge in aon chor? Is amhlaidh gur spreag an blagadóir An tImeall mé - http://imeall.blogspot.com Go raibh maith agat, a chara, chuir tú ag scríobh as Gaeilge mé! Chuaigh mé ar Scoil Uí Chonaill i mBaile Atha Cliath ina raibh líon mór daltaí - 1014 dalta nuair a bhíos mar mhacléinn ann. Seanscoil na mBráithre Críostaí é a bunaíodh sa bhliain 1828. Agus ins na seachtóidí den aois seo caite bhí a lán Gaeilge le cloisteáil ins na ranganna na blianta sin - rinne sraith amháin dúinn na hábhair go léir tré mhéan na Gaeilge don Mhéanteist agus don Ardteist. Is oth liom a rá go mba sinne an dream deireanach chun seo a dhéanamh. Bhí mo dheartháir bliain amháin i mo dhiaidh ar scoil agus rinne se gach ábhar as Béarla. Slán beo leis na seanlaethanta. Anois tá timpeall 400 dalta sa scoil céanna agus níos mó ná 50% ó thíortha iasachta. Is rud maith sin go nglactar le h-inimircigh chun na tíre seo. Táim lán i bhfábhar sochaí ollchultúrtha (?) (multicultural society), agus cinnte diaidh ar ndiaidh sochaí mheasctha atá i ndán dúinn in Éirinn agus ceapaim gur rud iontach é sin. Ta Gaeilge mhaith ag a lán dena h-inimircigh i mo scoil féin ar ndóigh. Fiú amhain b'fhéidir go spreagfaidh seo sinn chun ár dteanga féin a labhairt níos mó.Bhuel, ceist mhór a chuirtear orainn mar Éireannaigh ná cé sinn féin? Más tír ar leith sinn nár ceart teanga dár gcuid fein a bheith againn? Cé againn a bhfuil Gaeilge? Cé a bhaineann úsaid aisti? Leis an fhírinne a rá an bhfuil teipthe glan ar an bhfeachtas chun í a chur chun cinn? Cad a thugann an teanga ársa shaibhir seo dúinn mar chine? Faic nó cúpla rud nó gach rud? Nach dtugann sé aitheantas faoi leith dúinn? Is duine mé a d'fhoghlaim mo chuid Ghaeilge ar scoil, ar an Ollscoil (UCD 1980-83 an cúrsa oíche sa B.A.) Bhí mé ag múineadh de ló agus ag freastal ar an gColáiste Ollscoile istoíche chun Gaeilge agus mata a fhoghlaim. Ní cainteoir ó dhúchas mé. Is foghlaimeoir mé, ach tuigim gur foghlaimeoirí sinn uile, pe ábhar atá faoi chúram againn. Is síorfhoghlaimeoir gach foghlaimeoir de cheart dar leis na h-oideachasóirí agus is fíor dhóibh.I mBéal Feirste tá sórt Gaeltachta cruthaithe glan as an nua agus daoine a chónaíonn ar shráideanna áirithe ag labhairt na teanga ar bhonn laethúil agus is daoine iad uile a d'fhoghlaim an Ghaeilge mar dara teanga. Ní bhainim féin aon úsáid aisti i mo shaol phearsanta mar níl an Ghaeilge ag a lán de mo chairde agus mo chomhaimsirigh. Cinnte bainim úsaid aisti ar bhonn profisiúnta ar scoil agus go h-áirithe nuair a théim ó thuaidh go hArainn Mhór mar a bhfuil coláiste samhraidh ag múinteoir atá ar an bhfoireann sa scoil s'againne i bhFionnradharc. Tá sé ar intinn agam dul go hAlbain ar feadh seachtaine agus cinnte rachaidh mé isteach ar na Hebrides chun an Ghaidhlic a chlos.Rud beag a chuireann as dom ó am go chéile na go bhfuil "hodge podge" nó meascán de Ghaeilge gach uile Ghaeltacht agam chomh maith leis an gcaighdeán oifigiúil. Ach nuair a smaoiním go doimhin air is cuma. Ní féidir liom faic a dhéanamh mar gheall ar an gclann nó ar an gcathair inar tógadh mé. Foghlaimím a lán ó bheith ag éisteacht le Raidio na Gaeltachta. Is amhlaidh go bhfuil na Gaeilgeoirí dúchasacha ag foghlaim óna cheile chomh maith. Is amhlaidh go bhfuilid ag foghlaim focail nua ó Ghaeltachtaí éagsúla.Ar aon nós, ceisteanna, ceisteanna agus tuilleadh ceisteanna. Cé mise? Cé muidne? Cé sinn i ndáiríre gan aon Ghaeilge? Nach dtugann an Ghaeilge aitheantas faoi leith dúinn, doras eile isteach ar cé sinn féin, doras eile isteach ar an stair, doras eile isteach sa bhéaloideas, doras isteach sa mhiotaseolaíocht, doras eile isteach i gcroí an Eireannaigh? Tugann, agus seachas sin nílim in ann bheith níos soiléire faoi. Gan an Ghaeilge beimid níos boichte go mór. Cé nach mbeidh sí riamh ach ina a dara teanga, úsaidte ag mionlach tábhachtach dínn, tabharfaidh sé dóigh nó slí dhifriúil eile chun sinn féin a chur in iúl agus fiú sinn féin a chruthú i slí shamhailteach.

Thuas ag barr an phoist seo tá pictiúr eile curtha agam – pictiúr dom féin in aice le naomhóg nó currach!

Píosa beag eile athfhoilsithe: An Treo Ceart


Tá sé thar am dom cúpla abairt a scríobh as Gaeilge. 'Sé an teideal a bhreacas thuas ná "An Treo Ceart." Bhí mé ag éisteacht le RTE 1 ar maidin agus ghlac mé misneach as an méid a bhí le rá ag an Aire Oideachais agus Eolaíochta mar gheall ar chúraí oideachais go ginearálta, ar na scrúdaithe oifigiúla agus go h-áirithe ar a tuairim go mba cheart curaclam na Gaeilge a athrú chun suim sa Ghaeilge a spreagadh i measc doine óga na tíre. Is iar-mhúinteor í féin - múinteoir le Gaeilge agus Stair. Bhí an t-ádh liom le déanaí bualadh léi nuair a tháinig sí chun na scoile s'againne chun dhá shaotharlann nua a oscailt go h-oifigiúil. Caithfidh me a rá go bhfuil fios a gnó agus a h-oifige ag an mbean chéanna - ar a cumas ceisteanna a fhreagairt go macánta agus go tuisceanach. Thugas faoi deara go raibh caidreamh maith aici chomh maith leis na daltaí - rud nach ionadh ós iar-mhúinteoir í. (Ach ní leanann sé sin go lóighciúil mar bhí Ó Diomsaigh ina Aire roimpi agus ní raibh caidreamh maith aige fiú leis na múinteoirí, bíodh is gur mhúinteoir gairmthreorach é roimh bheith ina theachta dála dó) Sea, Tá Mary Hanafin ag dul sa treo ceart agus tá sí ag taispeáint an bhealaigh dá comhleacaithe sa Roinn. Maith thú a Mháire!Ceapaimse féin go mba cheart níos mó béime a chur ar an teanga labhartha. Ceart go leor tá Cluastuiscint agis fiú Scrúdú Cainte sa Ghaeilge san Ardteist le tamall maith de bhlianta, ach tá a fhios agam gur sádh na rudaí seo isteach ar shiollabas seanbhunaithe, siollabas nach ndearnadh mórán leasaithe air i ndáiríre píre. Tá an siollabas Gaeilge curtha as racht le h-ualach mór litríochta. Sea, is maith liom féin litríocht - tá suim thar an gnáth agam inti agus léim go leathain sa Bhéarla, leathain go leor sa Ghaeilge, píosaí beaga san Iodáilis agus sa bhFraincís, ach ní h-ionann an lítríocht agus an teanga. Ceart go leor is féidir le múinteoir cuíosach maith feidhm iontach a bhaint as an lítríocht ar mhaithe leis an teanga. Glacaim leis sin go h-uile is go h-iomlan. Ta go leor cairde agam a bhfuil cumas maith acu san Iodailis nó sa bhFraincís agus nach fiú a lua an méid beag suarach Gaeilge ata ar a dtoil acu. Is mór an trua é seo. Ní thuigeann na gnáth scoláirí sna scoileanna gur teanga laethúil, labhartha í an Ghaeilge mar ní raibh siad riamh i nGaeltacht ar bith, mar níor chuala siad riamh an Ghaeilge á labhairt i gcomhthéacs nádúrtha.Leasaithe ar an siollabas nó ar an gcuraclam - sea, tá sé thar am ach caithfimid dul cuíosach mall sa mhéid sin - mar a deirtear sa Laidin: "Festina lente" nó " "make haste slowly".Leasaithe nó moltaí a thagann isteach im' aigne: (1) siollabais na dteangacha nua-aimseartha uile a scrúdú féachaint cad iad na rudaí ó thaobh cur chuige de a oibríonn (ii) go mba cheart marcanna a thabhairt do dhaltaí as dul go dtí an Ghaeltacht. Ba cheart go rachadh gach dalta go dtí an Gaeltacht uair amháin roimh an Teastas Sóisearach agus uair amháin eile roimh an Ardteist. Nuair a bhí mé ag déanamh cúrsa san Iodáilis le déanaí cuireadh an-bhéim ar chúrsa Iodáilise a dhéanamh i dtír a labhartha agus fuaireamar "credits" no creidiúintí chuige seo. Dá scrúdófai scéim mar seo thabharfadh sé níos mó airgid dos na Gaeltachtaí, gan trácht ar an instealladh dóchais. (iii) níos mó cúraim a thabhairt do scríobh nótaí, litreacha, ríomhphostanna 7rl (iv) Feidhm a bhaint as aistriúchán ó Bhéarla go Gaeilge agus ó Ghaeilge go Béarla, (v) scrúdaithe cloze, (vi) na meáin chumarsáide - Raidio na Gaeltachta agus TG4 - scannánaíocht - a laghad nó a mhéad ata ann a úsáid.Is rudaí fánacha na moltaí sin agam - gan dianmhachnamh nó iniúchadh ceart déanta agam, ach tagann siad ó mo thaithí féin - níos mó ná 25 bliana.Rudaí eile a chuir ag machnamh agus ag smaoineamh mé ná bheith ag éisteacht leis an sár-amhránaí agus sárchumadóir John Spillane ar maidin. Tá neart Gaeilge ag an bhfear céanna agus clár iontach uilíoch aige ar RnaG - is breá liom bheith ag éisteacht leis. Tugtar "Rogha John Spillane" ar a chlár ar RnaG. Seo "rap" iontach a scríobh sé dá chlár: "TÁ FÁILTE IS FICHE ROMHAIBH A ÉISTEOIRÍ GO CLÁR NA HOÍCHE ANOCHT DE ROGHA JOHN SPILLANE AGUS IS MISE JOHN AN SPEAL SPILLANE TUGAIGÍ I MO THEANNTA A CHÁIRDE SEAL LEIS AN SPEAL SEAL FÁNACH LEIS AN SPEALÁNACH TAMALL EILE AG ÉISTEACHT LE CEOL NA SPEILE GAOLUINN NA GALLTACHTA AR RAIDÍÓ NA GAELTACHTA STÁISIÚN AN NÁISIÚIN AG TEACHT CHUGHAIBH ANOCHT Ó CHEARTLÁR NA CRUINNE CORCAIGH NA GCLOG NA GCUAN IS NA GCNOC AGUS BOSCA SEODA ATÁ AGAM DAOIBH AR AN GCLÁR ANOCHT BOSCA SEODA LE SCAIPEADH FÉ BHÚR GCOSA FÉ BHÚR GCLUASA IS FÉ BHÚR GCROÍTHE.......... " Tá suíomh maith aige ar an Idirlíon ag www.johnspillane.ie
Tá pictiúr eile a ghlacas le déanai i Newbridge House iniata agam leis an bpost seo - pictiúr de chrainn le linn an fhómhair!! Táimid ag tnúth leis an Earrach agus an fás nua!!!

Saturday, January 07, 2006

Sean-phíosa in eagar agam anseo:

Níor smaoiníos air seo a scríobh as Gaeilge i ndáiríre. B'fhéidir go bhfuilim éirithe ró-shiniciúil!! Ach níl sé sin fíor in aon chor, mar anois táim tar éis é a dhéanamh. Táim tar éis níos mó ná fiche bliain a chur isteach ag teagasc Gaeilge, Mata agus Béarla do bhuachaillí óga nach bhfuil mórán suime acu in aon abhár gan trácht ar an nGaeilge. Leis an fhírinne a rá, agus mar atá ráite agam sa bheathaisneis bheag ar dheis an scáileáin seo thuas, táim éirithe tuirseach. Éinne atá ag gabháil do ghairm na muinteoireachta tuigfidh sé a bhfuil a rá agam. Go simplí táim éirithe tuirseach agus uaireanta maidir le dul chun cinn na Gaeilge i scoil mar a bhfuilim ag múineadh - scoil cathrach le buachaillí a bhfuil a n-aird dírithe ar an saol mór, ar phríntíseachtaí, ar obair, ar ghrá agus ar a mbeatha phearsanta atá ró-lán de thrioblóidí agus d'fhulaingt!!Le déanaí táim tar éis dioplóma a bhaint amach san Iodáilis - una lingua bella, penso che l'italiano sia la piu' bella lingua del mondo - agus téim go dti an Iodail 'chuile bhliain nach mór chun an teanga iontach seo a chleachtadh. Dhéanainn an rud ceanann céanna leis an nGaeilge sna sean laethanta. Théinn siar o thuaidh go Dún na nGall agus isteach ar Oileán Arainn Mhór. Ceapaim go mba cheart módhanna múinte na dteangacha iasachta a chleachtadh maidir leis an nGaeilge. Tá sé soiléir nach raibh agus nach bhfuil aon fhiúntas ná éifeacht sa chóras mar atá.

Tosú maith leath na hoibre


Bliain nua, bliain úr, tosú maith! Sin agaibh é, a chairde. Agus é sin ráite agam, bliain nua faoi mhaise dhaoibh uilig! Go raibh sláinte agaibh agus ádh mór oraibh san athbhliain!! Scriobhas i mo bhlag Béarla Still Point seachtain nó nios mó ó shin go raibh sé mar aidhm agam blag a chruthú as Gaeilge! Seo agaibh é!! Tá an blag eile sin,Still Point,!! dátheangach agus uaireanta tri-theangach - Béarla, Gaeilge agus piosa beag d'Iodáilis atá á foghlaim agam i láthair na huaire. Bheadh sé i bhfad nios fearr tri bhlag éagsúla a bheith agam ar mhaithe le soiléireacht. Agus sin direach atá á dhéanamh agam anois. Tosú lag b'fhéidir leis an iontráil bheag seo - braithim nach bhfuil móran d'aon substaint anseo, ach tá mé ag déanamh athbhreithniú ar na h-iontrálacha éagsúla Gaeilge a bhreacas i Still Point le súil iad a chur in oiriúint don bhlag seo. Caithfidh an léitheoir bheith foighneach liom sa saothar seo! Tá pictiúr breá de naomhóg (nó currach) a ghlacas le déanai in Ionad an Bhlascaoid iniata leis an bpost seo. (Ta fadhb agam anois, agus nil a réiteach faighte go fóill agam - sé sin gur féidir liom sinte fada a chur ar gach guta seachas ar an "i" agus ni thuigim cén fáth. Nuair a bhainim úsaid as an gcnaipe "alt Gr" leis an "i" fagtar an diabhal litir iomlán amach) Beannacht leat a scribhinn