Popular Posts

Thursday, July 29, 2010

Sos agus Saoire in Isca Marina

Ceann des na seanghiúirléidí ar taispeáint sna Due Casette
Tá an post seo á scríobh agam ó áit an-bheag d’arbh ainm Isca Marina, sráidbhaile beag iascaireachta timpeall deich gciliméadar ó dheas de chathair Soverato anseo ar chósta thiar Calabria, díreach ag bun an Mezzogiorno. Is anseo atá árasán ceannaithe agam fhéin agus mo bheirt dheartháireacha. Tá sé againn anois le bliain an mhí seo d’imigh tharainn agus táim cleachtaithe ar an timpeallacht máguaird um an dtaca seo. Tá na daoine dúchasacha an-chairdiúil ar fad mar is tuathánaigh iad go léir nach mór nó de bhunadh na tuaithe ar a laghad. Mar a dúirt bean an tí amháin a bhí i bhfeighil na cócaireachta i dteach Agriturismo ar a dtugtar Le Due Casette: “Sono Contadina,” sé sin, “Is tuathánach mé,” agus bhí sí ana-mhórtasach as sin. Caithfidh mé a rá go bhfuil meas mór agus cion nach beag agam ar a leithéid sin de dhaoine – daoine neamh-shoifisticiúil a chaitheann gnáthshaol agus a bhaineann an méid sin suilt agus súip as an saol gan bheith sa tóir ar an saibhreas as cuimse nó ar an rachmas.


Is amhlaidh go bhfuilim ag dul in aois, éirithe tuirseach de bheith sa tóir ar ardú céime i mo phost, nó dioplóma nua a bhaint amach nó carr níos fearr nó níos cumhachtaí a bheith agam nó pé rud nua eile atá sa bhfaisean ag an am seo. Ach, nuair a smaoiním air arís tá níos mó ná sin ag dul i bhfeidhm orm. Mar a deir na fealsaimh tá dhá mhódh ann chun an saol a chaitheamh – sé sin (i) rudaí a dhéanamh de shíor agus (ii) go simplí bheith beo, “to do” agus “to be” mar a thugtar orthu de ghnáth sa Bhéarla. I ndáiríre píre is é an chothromaíocht an rud is fearr – gach rud a bheith i gcothrom, gan a bheith ag dul thar fóir leis seo nó leis siúd. De ghnáth is é an chéad cheann a leanann an chuid is mó de dhaoine na nua h-aoise seo – daoine an aonú aois is fichead. Ta dearmad nach mór déanta acu ar an tarna módh maireachtála. Arís chun bheith praicticiúil agus réalaíoch caithfimid ár gcúraimí a chomhlíonadh, ár maireachtaint a thuilleamh, agus chucu-san caithfimíd bheith gníomhach agus ag déanamh. Admhaím sin ach caithfimid cothromaíocht a choiméad inár saol. Sin an fáth go mba cheart agus go mba chóir do gach éinne saoire mhaith a bheith acu, briseadh suntasach nó sos ó shaol na h-oibre d’fháilt go rialta. Sa tslí sin tugtar áird ar an sláinte mheabhrach

Friday, July 09, 2010

Árainn Mhór Abú

Bhuel, a chairde, táim díreach tar éis filleadh ar mo theach tar éis sos ró-bheag a chaitheamh istigh ar an oileán.  Bhí an áit bríomhar beomhar mar is gnách ag an am seo den bhliain le glórtha geala na scoláirí óga atá ag freastal ar an chéad chúrsa foghlamtha.  Bhí spiorad iontach, mar is gnách gan aon agó i measc na múinteoirí fosta.  Agus chuala mé nuacht ana-shuntasach gurbh í Gaeltacht Árainn Mhóir an t-aon Ghaeltacht a raibh méadú (as cuimse) ar líon na scoláirí inti, agus go raibh na huimhreacha titithe beagnach i ngach aon Ghaeltacht eile.  Bhuel, comhghairdeachas do Mhánas agus dá fhoireann iontach - tá sibh ag déanamh éachta thuas ansin.  Cathfidh mé a rá go mbraithim uaim an t-oileán, na daoine cairdiúla ón oileán agus gan dabht an fhoireann bhreá mhaith atá thuas ag Mánas - tá an t-ádh leis na scolairí múinteoirí den scoth sin a bheith acu -aon uair a fhágaim í.   Bím suite go brónach i mo charr ar an mbád farraingteoireachta ag amharc isteach ar an chloch ghalánta ghlas breactha le h-aol.

Is doiligh go leor na laethanta gruama seo nuair nach gcloistear aon rud ar na meáin seachas drochscéalta faoi oibrithe dá ligean chun siúil bheith in ísle brí.  Is rí-dhoiligh fosta éirí siniciúil faoin bpolaitíocht, faoi gheileagar na tíre, faoi chaimiléireacht na mbaincéirí, faoi fhíor-dhrochstaid an chórais leighis, fiú faoi staid na Gaeilge agus faoi fhabhanna eile gan aon agó.  Ach is amhlaidh gurb iad na daoine óga lena mbeocht, lena mbrí agus lena bhfuinneamh a choimeádann muid óg agus dearfach.  Chomh maith leis sin is rí-dheas a fheiceáil go bhfuil suim fós ag an méid sin daoine óga sa Ghaeilge.  Tugann sé instealladh dóchais dom tar éis beagnach ocht mbliana fichead a chaitheamh ag gabháil dá teagasc go bhfuil siad ann a bhfuil grá acu don Ghaeilge, seantheanga ár muintire.   Sin an fáth go bhfuil scoileanna samhraidh chomh tábhachtach sin dúinn go léir mar Ghaeil agus mar chultúr atá i bhfad níos difriúla ná an cultúr Béarla a roinnimid leis na Sasanaigh.  Agus nílim ag fáil aon lochta ar an dara cultúr sin atá againn.

Chun críoch a chur ar an bpost beag seo ba mhaith liom mo bheannachtaí a sheoladh siar ó thuaidh don Choláiste, dá fhoireann iontach uile agus do mhuintir an oileáin.  Chuir sé idir bhrón agus inspioráid i mo chroí bhocht nuair a ghlaoigh mé isteach ar Kathleen Boyle, bean uasal cróga lena bhfanainn sna seanlaethanta dom nuair bhí mé ag teagasc sa choláiste.  Mar is eol do chách tá Kathleen ag tabhairt togha na h-aire dá chéadmhac Neil sa bhaile.  Bheannaigh mé don leaid bocht.  Chaitheas uair a chloig léí agus caithfidh mé a rá go raibh mo chroí nach mór briste ar mo bhealach síos chun an bháid - a leithéid sin d'fhulaingt a fheiceáil ar láimh amháin agus a leithéid sin de ghrá máthara ar an láimh eile.  Gheall mé di go bhfillfinn sara i bhfad.

Caithfidh mé iarphost a chur lena bhfuil ráite agam thuas.  D'iarr Mánas orm léitheireacht bheag de mo chuid dhánta fein a thabhairt don dá ardrang i Scoil Athphoirt.  Caithfidh mé a rá gur bhain me an taithneamh agus sult as sin  a dhéanamh dó.  Pribhléid domsa ab ea é scaifte chomh béasach, tuisceanach, múinte a bheith mar lucht éisteachta, agus gan dabht ar domhan scaifte a raibh an méid suime sin acu sa Ghaeilge.  Bhí a fhios agam go raibh mé ar thalamh naofa an fhile dhúchais, talamh naofa Phroinsias Mhic an Bhaird, ach tá súil agam go maithfidh sé dom é.  Mar a dúirt mé sa teideal ar an bpíosa beag omóis seo:  Árainn Mhór abú!

Tuesday, June 01, 2010

Ar Ais Arís!!

Bhuel a chairde, ní thuigim cé chomh scioptha is a ghabhann na laethanta tharainn. Seo sinn agus mí an Mheithimh buailte linn agus muid ar thairseach an tsamhraidh. An uair dheiridh a scríobhas ar phár na blagchruinne bhí an domhan Gaelach faoi mhórbhrat bán an tsneachta. Sleamhnaíonn an t-am isteach ró-thapaidh ar fad. Ach sin mar a bhíonn cúrsaí i gcónaí is amhlaidh.

Táim díreach tagtha abhaile ó shocraid mo chol ceathar agus ualach an bhróin trom go leor ar mo ghuaillí. Fuair Briain bás go tobann an deireadh seachtaine seo d'imigh tharainn. Is amhlaidh gur bhuail taom titimis é - bhí an laige sin ann leis na blianta. Ní raibh sé ach cúpla bliain thar seasca agus é roinnt bhlianta éirithe as obair. Níor mhair sé fada go leor chun luach mhaith a shaothair a bhaint as a phinsean. Ach sin an saol.

Anois táim beagnach saor ó shrianta na bliana acadúla - faighimid laethanta saoire an tsamhraidh ar an Aoine seo. Bliain fhada thuirsiúil a bhí ann dom óir bhíos gafa le cúrsa acadúil - dioplóma san oideachas do dhaoine a bhfuil riachtanais speisialta orthu. Mar sin ní bhfuir mé deis aon rud a chumadh nó a scríobh sa bhlag Gaeilge seo agam. Caithfidh mé a admháil gur bhraitheas uaim an Ghaeilge. Chomh maith leis sin táim éirithe as an Ghaeilge a mhúineadh agus is amhlaidh go gcuireann sé sin isteach agus amach ar mo chumas sa teanga chéanna. Ar an láimh eile dhe bainim sásamh thar na bearta as an post nua atá agam ag teagaisc macléinn le Siondróm Asperger, Uathachas,nó iad siúd a bhfuil míchumais eile mar dhisléicse, diospraicse nó míchumais fhoghlama ginearálta orthu, bíodh sé sin éadrom nó meánach. (Asperger's Syndrome, Autism, dyslexia, dyspraxia, general learning disability, whether mild or moderate.)

Bhuel, táim druidte anois chun deiridh. Caithfidh mé críoch de shórt éigin a chur leis na smaointe fánacha seo agam. Caithfidh mé filleadh ar thobar na Gaeilge, bíodh sé sin sa léitheoireacht nó sa scríbhneoireacht féin. Gan dabht ba cheart agus ba chóir dom blaganna as Gaeilge a léamh agus fiú machnamh a dhéanamh orthu. Uatha san cuirfidh mé le mo stór focal gan aon agó.

Saturday, January 02, 2010

Athbhliain agus Athbheochan






Bhuel, a chairde, seo sinn agus bliain bhreá úr nua ós ár gcomhair amach agus áthas an domhain ar an bhformhór dúinn an bhliain dhubh dhorcha 2009 a adhlacadh i gcúinne breacscamallach ár n-aigní. Éinne a raibh an droch-ádh leis nó léi seal maith a chaitheamh in oispidéal - mar a chaitheas féin nuair a bhí mé in aois dhá scór dom - agus a éiríonn leo teacht slán sábháilte as an umar pianmhar sin - tugann siad faoin saol amhail is go rabhadar ag tosú as an nua. Ní réamhléiriú feistithe nó réamhchleachtadh atá i gceist againn ar dhromchla an phlainéid bhig ghoirm seo - ní fhaighimid ach seans amháin súp agus sult a fháisceadh as an mbeatha. Tagann an nath beag Laidine isteach im'aigne - "carpe diem" leis an seanfhile Rómánach Horáit a mhol dá léitheoirí gan ródhóchas a bheith acu as an todchaí éiginnte ach smaoineamh ar an am i láthair agus ar na buanna go léir ata againn anois díreach. ( = Carpe diem quam minimum credula postero). Dúirt seanchomhleacaí liom, atá éirithe as an mhúinteoireacht leis na blianta, go mbainimid an crannchur náisiúnta nó an lató gach lá nuair a éiríonn linn ár gcosa a leagadh ar an talamh fiú. B'fhíor dhó gan aon agó. Mhol seisean dom smathán uisce beatha a ól gach oíche. Mhol Horáit ina dhán clúiteach thuasluaite agam dul i muinín an fhíona. Gan dabht dob é Naomh Pól a mhol an rud ceannann céanna do na Críostaithe luatha chomh maith.

Bhuel, a chairde, táim i mo shuí in aice leis an bhfuinneoig thosaigh de mo theach ag breathnú amach anois is arís ar na páistí atá ag imirt leis an sneachta atá ina brat geal fíorbhán is grian leathchumasach an gheimhridh ag lonrú go dóchasach ann. Glacaim misneach agus dóchas as an bhliain úrnua atá ós ár gcomhair amach. Buíochas le Dia tá an Tíogar Ceilteach - miotas nimhneach na sainte is an chíocrais - básaithe agus adlactha. Táimid go léir, ceapaim, i bhfad níos réadúla faoi mhaoin agus saibhreas an tsaoil. Mar a deir an seanfhocal, agus bíonn neart gaoise agus eagna in sna seanfhocail chéanna - "Is fearr an tsláinte ná na táinte." Caithfidh mé deireadh a chur leis an bpost beag seo, cith d'fháilt agus m'aghaidh a thabhairt ar na bóithre sleamhaine geala agus cuairt a thabhairt ar mo mháthair ina teach banaltrais.

Guím athbhliain faoi shona is faoi mhaise oraibh go léir. Bainigí sult agus súp as an bhliain agus go raibh abheochan mhór in bhur saol agaibh!

Slán tamall.



Tá grianghraf den radhard ó m'fhuinneoig thosaigh curtha agam thuas ar barr an phoist

Monday, December 28, 2009

Fuinneamh an Fhocail


Is oth liom, a chairde, nach bhfuaireas aon deis scríobh ar bhlagchruinne na Gaeilge le linn thréimhse na Nollag. Mar sin, seolaim mo bheannachtaí chugaibh anois gidh is go bhfuil siad déanach go leor. Is séisiúr speisialta é an Nollaig, gan dabht ar domhan, séisiúr na síochána agus an dóchais, agus tá idir shíocháin agus dhóchas de dhíth ar an domhan seo i gcónaí.

Mar a dúras thuas is séisiúr speisialta é tréimhse na Nollag, agus is séisiúr é chomh maith atá lán d'fhilíocht agus de cheol - filíocht agus ceol an anama atá i gceist anseo agam. Ag an tráth seo den bhliain faighimid deis machnamh a dhéanamh ar ár saol tré chéile - ceisteanna doimhne a chur orainn féin faoin treo ina bhfuilimid ag druidim nó an bhfuil ár spriocanna áirithe pearsanta bainte amach againn. Sé mo bharúil gurb iad an ceol is an fhilíocht go h-áirithe a speagann sinn, a ardaíonn an spiorad is an mheanma, a thugann dóchas dúinn dul i ngleic le fadhbanna móra na linne agus fiú aghaidh a thabhairt ar an lá agus ar laethana uile na bliana romhainn amach.

Duine des na mórscríbhneoirí agus mórfhilí a chuaigh i bhfeidm go mór orm féin is mé i mo mhacléinn ar an ollscoil ná Samuel Taylor Coleridge, mórfhealsamh thréimhse na Rómánsaíochta i stair an Bhéarla. B'eisean a dúirt gurbh é an focal cuí san áit cuí croílár na stíle, "the right word in the right place," más buan mo chuimhne. Mar sin guím ceol is dánta agus cumhacht an cheoil is na ndánta oraibh go léir agus fuinneamh an fhocail don bhliain seo atá rohainn amach . I ndáiríre píre sin a thuigimse atá i geist i mBrollach Shoiscéal Naomh Eoin, agus gan dabht níos mó dóibhsin a chreideann i mBriathar Dé. Mar sin ba mhaith liom dán beag, lán d'fhuinneamh an fhocail agus lán de cheol a chur faoi bhúr mbráid anseo inniu, gídh is go bhfuil se pas beag déanach. Ach bíodh sin mar atá, teimís i muinín an fhocail fhileata: Seo dhaoibh dán beag de chuid Mháire Mhic an tSaoi duine de mhórfhilí na linne. Chomh maith leis sin tá nasc agam anseo ag bun an dáin do video beag ó YouTube leis an gcumadóir féin ag léamh an dáin:

OÍCHE NOLLAG

le Máire Mac an tSaoi

Le coinnle na n-aingeal tá an spéir amuigh breactha,
Tá fiacail an tseaca sa ghaoith ón gnoc,
Adaigh an tine is téir chun na leapan,
Luífidh Mac Dé ins an tigh seo anocht.

Fágfaidh an doras ar leathadh ina coinne,
An mhaighdean a thiocfaidh is a naí ar a hucht,
Deonaigh scíth an bhóthair a ligint, a Mhuire,
Luíodh Mac Dé ins an tigh seo anocht.

Bhí soilse ar lasadh i dtigh sin na haíochta,
Cóiriú gan caoile, bia agus deoch,
Do cheannaithe olla, do cheannaithe síoda,
Ach luífidh Mac Dé ins an tigh seo anocht.






Brúigh ar an nasc seo a leannas chun guth breá binn an fhile a chlos ag léamh an dáin iontaigh seo:
Oiche Nollag

Thuas tá pictiúr a ghlacas le mo fón póca i lár na cathrach cúpla lá ó shin.

Sunday, November 22, 2009

Randamacht agus Oirchill






Is amhlaidh gurb é ceann de na rudaí is mó a chuireann sceon orainn - agus uafás fiú - ná an randamacht neamhphearsanta a bhaineann leis an saol i gcoitinne. Tarlaíonn a lán rudaí de sheans nó de thaisme, ach táthar ann a deir nach dtarlaíonn aon rud faoin spéir saolta go randamach, gurb amhlaidh go dtiteann rudaí amach faoi stiúr phleananna doiléire dothuigthe rúndiamhaire Dé. Uair amháin agus mé im’ ógánach neamhurchóideach agus fiú im’ fhear óg soineanta chreid mé a leithéid siúd, sé sin nach dtarlódh aon rud de sheans nó de thaisme ar an saol seo ach go dtitfeadh gach rud amach ina am cuí féinig agus in a am cuí féinig arís faoi scáth diamhair mistéireach oirchill Dé. Séard atá i gceist ag na diagaithe le h-oirchill nó le deonú Dé ná go bhfuil plean nó cuspóir uileghábhálach ag an gCruthaithóir – cuspóir uileghabhálach nach bhfuilimid in inmhe a shamhlú fiú gan trácht ar é a thuiscint in aon chur. Sea cinnte, is daoine beaga neamhshuntasacha sinn i gcomparáid le fairsinge agus scóipiúlacht na cruinne féin. Tagann an rann clúiteach sin de chuid Shakespeare chun chuimhne dom, na focail a chuir sé i mbéal Gloucester i dtraigéide King Lear:
“As flies to wanton boys are we to th' gods,
They kill us for their sport.”

Bhuel bíodh sin nó na bíodh. Bíodh Dia ann nó ná bíodh. Is cuma sa tsioc ar shlí. Nílim chun Dia a dhiúltú nó a bhréagnú anseo mar a dhéanann a léitheidí mar Richard deisbhéalach binnbhriathrach Dawkins. Ar an láimh eile dhe nílim chun é nó í a chosaint ach an oiread – a rá go bhfuil oirchill de shaghas éigint taobh thiar den domhan tathagach seo ‘gainne.


Séard atá i gceist agam anseo ná an eispéireas dothuigthe, uafásach, scanrúil sin a bhriseann is a scriosann an duine daonna nuair a thiteann rudaí tragóideacha truamhéalacha amach cosúil leis an timpiste uafásach sin a tharla le déanaí ar bhóithre na Gaillimhe. Gan dabht tagraím don tionóisc chinniúnach sin (Feictear an nasc seo: Tragóid ) a tharla ar an mbóthar idir Baile an Mhuilinn agus Ballindine i gContae na Gaillimhe Dé Máirt seo caite a d’fhág ceathrar scolaire óga – cailíní óga iad go léir ins na ficheadaí luatha – chomh marbh le clocha fuara ar an ród fuarchúiseach. Ba mhicléinn iad uile in Ollcoil na Gaillimhe. Ní raibh siad ach ag tairseach an tsaoil. Ba randamach tragóideach an buille dóibhsan agus dá muintir uilig. Tháinig cailín bocht amháin slán ach tá an créatúr bocht fós i mbaol - í sínte gan aithne gan urlabhra ar chlár a droma in oispidéal Beaumont anseo láimh liom i mBaile Atha Cliath. Ba mhaith liom mo bheannachtaí a chur chuici agus chuig a muintir uilig in am seo a ngátair. Ní féidir linn a mbuairt ná a bhfulingt a thuiscint. Chuala mé nath éigint uair amháin a deir: "Scríobhann an Cruthaitheoir le línte cama nach féidir linn a léamh." Fágaim cíoradh an natha ait sin libh a leitheoirí díle.

Scriostar sinn i ndiaidh tragóide chomh h-uafásach leis an gceann a luaigh mé díreach ansin - agus ba cheart agus ba chóir go scriosfaí mar is fíor luachmhar leochailleach an bláth é an saol. Agus, a chairde croí, ní bláth ilbhliantiúil é ach an oiread.


Bainigí uile súp agus sult as an saol fad a mhaireann sibh! Mar a deir an seanrann sin:
“Maireann an chraobh ar an bhfál ach ní mhaireann an lámh do chur.”

Saturday, November 14, 2009

Féith na Cruthaíochta




De réir mar a théim in aois déanaim iarracht nach beag an tsiniciúlacht a sheachaint. Dar liom gurb í an tsiniciúlacht chéanna ceann de na míbhuntaistí a bhaineann le sleamhnú isteach na mblianta. Uair dá raibh is cuimhin liom siúl isteach i seomra foirne amháin i meánscoil chlúiteach ins na h-ochtóidí luatha den aois seo caite agus mé in ard-ghiúmar faoi rang maith a bhí tar éis bheith agam agus gurbh é an freagra a fuair mé ó sheanmhúinteoir a bhí suite i gcúinne amháin ná: "Foghlaimeoidh tú an fhírinne sar i bhfar!" Caithfidh mé a rá gur bhain an ráiteas sin uaidh siar asam ag an am. Bíodh sin mar atá, caithfidh mé a rá leis go dtuigim dó anois tar éis tríocha bliain dom a chaitheamh ag obair sa ghort, nó chun meafar eile a mhúnlú, tar éis tríocha bliain dom a chaitheamh ag treabhadh na mara.

Ní thugtar mórán cúrsaí traenála do mhúinteoirí le linn a saoil mhúinteoireachta. Go deimhin tá méid beag cúrsaí tacaíochta ann maidir le h-ábhair an churaclaim ach ní thugtar aon inseirbhísí ar an gcéird fhéinig maidir le cúrsaí proifisiúnta mar bhainistíocht ranga, iompar nó mí-iompar na ndaltaí, forbairt phearsanta agus forbairt phroifisiúnta an mhúinteora féin, módhanna nua teagaisc, athraithe móra sóisialta na linne, rangannaí ar an siceolaíocht nó ar an soceolaíocht féin. Is mithid dom stopadh mar tá go leor lochtanna ar an gcóras oideachais taobh amuigh de na cinn a bhaineann leis an gcéird fhéinig - na gearrthaí siar go léir 7rl.

Ar aon nós ní hí an tsiniciúlacht atá mar ábhar an phoist bhig seo dom ach a frithnimh, sé sin féith na cruthaíochta. Tar eis tríocha bliain dom ag treabhadh na mara mar a mhúnlaigh mé an meafar sin thuas, táim anois díreach sáite i gcúrsa mór maith inseirbhíse, nó leis an fhírinne a rá, cúrsa traenála nua - táim ag déanamh cleachtadh múinteioreachta arís, ag ullmhú pleananna ranga, pleananna téarma agus ag déanamh staidéir ar mhódhanna nua múinte, ar bhainistíocht ranga, ar chur chuige nua maidir le Mata, Béarla, Cumarsáid agus mar a bhaineann siadsan le múineadh daltaí laga. Ní mór dúinn go léir iniúchadh a dhéanamh ar ár saol proifisiúnta chun athbhrí a chur ann nó chun é úrú nó fiú a athbheoú.

Taobh amuigh de sin caithfimid go léir caithimh aimsire a bheith againn a scaoileann an strus is an brú chun siúil, is cuma sa tsioc cad iad na caithimh aimsire céanna. Téigh amach ag siúl fá na bóithre nó fa na cnoic má bhíonn an deis sin agat. Nó fiú bí ag ceol nó ag canadh nó ag scríobh. Le linn na tríocha bliain sin ata caite agam im' mhúinteoir thugas fé ndear gurbh iad na múinteoirí cruthaitheacha na daoine a bhí in ann coinneáil ar siúl, na daoine a bhí in ann an tsiniciúlacht a sheachaint, a bhí in inmhe iad fein a athbheoú bliain i ndiaidh bliana.

Gan dabht ar domhan is e féith na cruthaíochta íocshláinte nó frithnimh na siniciúlachta.



Thuas, grianghraf a ghlacas ar chiumhais abhainn an Arno - lungarno - Firenze cúpla blian ó shin. Dar liom is í cathair Firenze croílár na cruthaíochta

Sunday, September 27, 2009

Déjà vu




"Is amhlaidh go raibh mé díreach san áit cheannann chéanna seo uair dá raibh," arsa mise liom féin ar dul isteach dom tré gheata tosaigh Choláiste Phádraig an Luan seo caite. Go deimhin is maith is cuimhin liom dul faoi agallamh iontrála sa bhliain chinniúnach san, míle naoi gcéad is a seachtó sé - bliain m'ardteise. Ag an uair sin bhí ar an ábhar múinteora amhrán a chanadh mar ceapadh go mba chóir don teagascóir bheith in inmhe canadh. Bhí an t-ádh liom bheith in ann é a dhéanamh agus is cuimhin liom an t-amhrán clúiteach sin "Preab san Ól" a cheol. D' éirigh go geal liom san agallamh ach dhiúltaigh mé an an t-ionad sa choláiste sin mar theastaigh uaim bheith im' mheánmhúinteoir. Mar a dúirt mé cheana sna poist ar an mblag seo'gam bhí Micheál Ó Muircheartaigh (an tráchtaire clúiteach sin ar chluichí Chumann Lúthchleas Gael ar Raidio 1 gan aon agó atá faoi chaibidil agam anseo, agus é beagnach in aois a cheithre scór anois - go maire tú an céad, a Mhíchíl uasail) ó Chiarraí agus Mícheál Ó hEaráin ó Chontae Shligigh agam mar mhúinteoirí Gaeilge. Is maith is cuimhin liom an chéad Mhícheál díobh san á rá nár cheart d'éinne dul isteach sa bhunmhúinteoireacht gan bheith sásta a shaol oibre a chaitheamh le páistí beaga agus nár cheart d'éinne dul le méanmhúinteoireacht gan bheith in ann cur suas le déagóirí. Dob é sin an chomhairle ab fhearr a fuair mé riamh faoi chéird an oide. Fear fíorphraiticiúil é an Mícheal céanna. Bhí an scoth den Ghaeilge ag an mbeirt acusan. Iarbhunmhúinteoirí ab ea iad sula ndeachadar isteach sa dara leibhéal. Bhíodar bheirt anseo i gColáiste Phádraig sna caogaidí luatha.

Ar aon nós, séard a bhí ar siúl agam ná gur thosnaigh mé ar chúrsa eile iarchéime - Dioplóma Iarchéime sna Riachtanais Speisialta Oideachais. Bhraith mé gurbh amadán ceart mé bheith ag tosnú as an nua ar phleananna ranga, scéimeanna oibre, nótaí agus níos mó nótaí, gan trácht ar dhiabhal na téarmaíochta uafásaí atá ag baint leis an diabhal-rud céanna. Sea amadán ceart mé ach is fíor le rá gur tosú nua é i mbliain mo dhara bliain caogad dom. Mar sin ní dóigh liom go mbeidh a lán deiseanna agam scríobh ar phár na blagchruionne anseo mar ceapaim go mbeidh me ró-ghnóthach. Ach bíodh sin nó na bíodh leanfaidh mé ar aghaidh ag léamh an méid sin a scríobhann mo chairde dile ina mblaganna éagsúla. Slán beo leis na seanlaethe! Ní thiocfaidh siad ar ais choíche. Is maith is cuimhin liom an t-ógánach neamhurchóideach soineanta a bhí ionam na blianta ó shin agus mé ag siúl liom trén ngeata sin. Chuir sé ionadh, gliondar agus fiú sceon ar mó chroí an Luan cinniúnach seo caite go raibh an t-ógánach sin caillte leis na blianta agus é claochlóite anois ina fhear meánaosta le taithí na mblianta ar a sheanghuailne.




Thuas chuireas grianghraf den fheá mhaith mhór álainn a leagadh le déanaí. Bhí an fheá roinnt mhéadair lastuigh den gheata tosaigh. Moladh an leagadh toisc go raibh an crann ró-shean agus ana-chontúirteach. Feictear an nasc seo a leanas: Feá na Feasa

Saturday, September 05, 2009

Cad is Grá Ann?






Caithfidh mé a rá go bhfuil mé fada go leor ar dhomchla an phlainéid bhig seo agus nach dtuigim in aon chor cad tá i gceist nuair a luaitear an focal "grá." Is amhlaidh go luaitear go ró-mhinic an focal seo agus go laghdaíonn an mhinicíocht sin an bhrí. Ní h-é sin le rá nar léigh mé leabhair faoin ábhar - idir dhiagacht agus fhealsúnacht, gan trácht ar na dánta is na h-úrscéalta go léir. Lena chois sin, gan dabht, bhíos sáite i gcúpla caidreamh ó am go chéile im 'am ar an saol seo agus adhmhaím gur mhothaigh mé go rabhas i ngrá. Gan dabht ar domhan is rud é an rómánsúlacht a d'eascair agus a d'fhás ó aimsir na dTroubadours i leith agus ceapaim gur rud nó feiniméan siceolaíochta é a chruthaítear inár samhlaíocht fhéin. Bíodh sé sin nó na bíodh is amhlaidh go n-aithnímid feiniméan an ghrá nuair a mhothaímid é nó nuair a bheirtear orainn ina líon. Ar aon nós seo dhaoibh an dara dán a chumas ar laethanta saoire dhom san Iodáil. Níl ann ach focail ach is leor iad na focail. Bíonn an bhrí is an míniú de shíor sna focail seachas i gcoincheapanna teibí na meitifisice.






Iomar an Ghrá

Thíos ar thrá Isca
Trathnóna breá Lúnasa
Is páistí beaga ag léimt
In aghaidh na dtonnta
Tá beirt leannán ag pógadh -
Béal in aghaidh béil-
Ag tochailt go domhain
In iomar an ghrá.

Thíos ar thrá Isca
Is an ghrian fós go h-ard
Tá Iodálaigh dhonna dóite
Ag déanamh bolg le gréin.
Tá beirt fhear i mbád beag
Ag iomramh mar dhiabhail -
Ina bpáistí aríst.

Thíos ar thrá Isca
Trathnóna breá Lúnasa
Is sinn uilig ag iarraidh
Fuascailt ón mbuairt
Tá an fharraige mar mhantra
Dár saoradh ón mbrú.

Thíos ar thrá Isca
Trathnóna breá Lúnasa
Tá an ghrian is an gaineamh,
An t-uisce is an ghaoth
Ag tochailt go domhain
In iomar an ghrá.






Thuas - cúr na farraige ar thrá Isca Marina i gCalabria na hIodáile!

Saturday, August 29, 2009

Ní Bhíonn in aon rud ach Seal




Is í ceann de na mórfhabhanna a bhíonn againne mar dhaoine ná chomh tapaidh is a cheapaimid go sleamhnaíonn na laethanta uainn - is deacair i ndáiríre bhreith ar eireaball an am i láthair. Molann na daoine feasa dúinn conaí san am i láthair nó díreach i láthair na h-uaire gan a bheith caillte ar láimh amháin in aithreachas nó áiféala faoi rudaí a tharla san am atá caite agus nach féidir linn puinn a dhéanamh fúthu anois, agus ar an láimh eile dhe a bheith sáite in umar domhain na buartha faoin am atá le teacht. Má mhairimid faoi chathú nó faoi bhuairt nílimid saor dá laghad. Is é chroí-lár na saoirse é bheith in ann maireachtáil gan chathú agus gan bhuairt san am i láthair. Ach is fusa a rá ná a dhéanamh. Is obair saoil é i ndáiríre maireachtaint san am i láthair. Bhuel, ar aon nós, sin iad na smaointe a ritheann liom agus mé tagtha ar n-ais go hÉirinn tar éis cúig sheachtainí a chaitheamh san Iodáil Theas. Sin an fáth, i ndairíre, gur rith an seanfhocal sin thuas liom - Ní bhíonn in aon rud ach seal - mar theideal oiriúnach ar an bpost beag seo. Níor bhraith mé uaim an baile in aon chor mar is mó go mór a bhraithim mar Éireannach nó mar Ghael nuair a bhím thar lear. Níor scríobh mé mórán i nGaeilge nuair a bhí mé ann seachas cúpla dán. Seo ceann amháin díobh daoibh:

Im’ Aonar in Isca

Anseo in Isca na hIodáile
Is teanga mo dhúchais in easnamh
Is mé ag tóraíocht an fhocail iasachta
Braithim uaim aibítir mo chroí.

Anseo in Isca na hIodáile
Is Luke Kelly dá sheint
Ar mo ríomhaire glúine
Braithim pas beag uaigneach.

Ach is cuma sin is uile:
Is breá liom mo chomhluadar fhéinig
Is an ghrian dom’ dhó
Ag ruaigeadh uaim allas na sáighe.

Anseo in Isca na hIodáile
Fad ó spéartha liatha na gruaime
Suím faoi bhrat gorm gan scamall
Is ardaítear m’anam.

Anseo in Isca na hIodáile
Is teach beag nua agam faoin ngrian
Airím fréamhacha mo dhúchais
Ag bogadh faoin talamh tirim.



Chomh maith leis sin, a leitheoirí dile, feicim go bhfuil níos mó agaibh ann anois. Failte rómhaibh go léir.

Slán tamall.





Thuas chuireas pictiúr a ghlacas dena cnoic thart fá Isca i gCalabria na hIódáile

Monday, July 20, 2009

Sos Beag




Níl a fhios agam cá dtéann an t-am in aon chor - sleamhnaíonn sé chomh gasta sin uainn. Ar aon nós caithfidh mé sos míosa nó níos mó a ghlacadh ón mblag seo. An fáth ná go bhfuilim ag dul síos go dtí an Iodáil Theas - Isca Marina - sráidbhaile beag ar chósta Mhuir Ionio. Anois, táimid chomh fada sin thíos ar mhéar na coise mar a déarfá nach bhfuil mórán fáil againn ar an idirlíon. Ar aon chaoi, níl an t-árasán ach tar éis a bheith tógtha.


Ansin, tá sé beartaithe agam briseadh a thógáil roimh fhilleadh ar obair - ag teagasc buachaillí a bhfuil Asperger's orthu. Is post é atá an-díocasach go deo, ach ar a shon san is obair an-sásúil í. Ós rud é go bhfuil cúpla galar nó tinneas orm - brú fola, airtríteas agus colaistéaról ard chomh maith leis an ghruaim, bíonn orm mám mór drugaí a thógáil in aghaidh an lae. Lena chois sin bíonn mo dhochtúir de shíor ag tathaint ort dhá chloch de mheáchan a bhaint díom, agus caithfidh mé éalú uaidh ar feadh míosa ar a laghad. Ar aon nós coinníonn na piollaí ag gluaiseacht mé ar scor ar bith. Anois, nílim ag gearáin in aon chor. Mar a deireadh mo dhaid, slán beo lena anam uasal, tá a lán sínte sa reilig a thabharfadh aon rud bheith beo ar an saol fós - fiú is dá mbéadh na tinnis éagsúla atá orainne orthu mar fhulaingt. Is amhliadh gurbh fhíor dhó.

Bhuel, ó bhí me an-óg bhí suim riamh agam i scríbhneoireacht - i mBéarla agus i nGaeilge, an dá ábhar arbh fhearr liom ar scoil. Nuair a bhíos sa mhéanscoil thosaigh mé ag scríobh d'irisleabhar na scoile, agus fós im' scoilse anois is mise eagarthóir an irisleabhair bhliantúla. Chomh maith leis sin tá grúpa beag scríbhneoireachta agam ar scoil agus é beartaithe agam blag a chur suas le nasc dár suíomh scoile. Ar aon nós sin an plean atá agam.

Bhuel, is oth liom a rá go gcaithfidh mé scarúint le pé duine atá amuigh ansin ag léamh na bhfocal seo. Gurab míle maith agaibh as bheith im' chomhluadar. Is mór agam é leis an fhírinne a rá. Mar a dúras roimhe seo caithfidh mé a lán nithe praicticiúla a dhéanamh, mar shampla, cistin a cheannach dár n-arasán nua san Iodáil, cúntais bhainc a oscailt, cúntais leictreachais, gáis agus uisce a oscailt agus a íoc astu, troscáin agus leabaí a ordú 7rl Anois níl ach an tríú chuid nó trian den chostas le h - íoc agam mar tá beirt deartháireacha agam agus roinnimid gach rud eadrainn. Is árasán teaghlaigh é i ndáiríre píre.

Anois caithfidh mé ullmhúcháin a dhéanamh don turas, siopadóireacht agus a leithéid, gan trácht ar an bpacáil uafásach nach maith liom ar chor ar bith.

Bhuel, fágaim agaibh mó bhuíochas, mo dea-ghuí agus mo bheannachtaí, chomh maith le mo chuid dhánta agus guím samhradh mór maith oraibh go léir. Slán tamall.

Tim.



Thuas, chuir mé pictiúr eile a ghlacas den nóinín mór, bláth simpli álainn siméadrach a thaitníonn go mór liom.

Sunday, July 19, 2009

Seandánta 13




Bhuel, caithfidh mé a rá, go dtarlaíonn míorúiltí ó am go chéile. Sé sin le rá, go bhfuil roinnt leitheoirí amuigh ansin ar an mblagchrinne a léann na blaganna éagsúla. Táim tar éis cuireadh a fháil ó Shéamas Ó Neachtain, eagarthóir irise breá nua as Gaeilge agus í siúd foilsithe sna Stáit Aontaithe. Táim ag déanamh tagairte don iris nua An Gael. Feic an nasc seo le do thoil: An Gael . Ós rud é go bhfuilim ag tabhairt tagairtí anseo bhéadh sé oiriúnach nasc a chur anseo leis chuig bhlag Shéamuis fhéin: brúigh anseo le do thoil: Séamus Ó Neachtain. Ar aon nós d'iarr an t-eagarthóir orm dha dhán a sheoladh chuige don chéad eagrán den iris ghalánta seo. Is féidir an chéad chóip a iniúchadh ag an nasc seo: brúigh anseo le do thoil: An Chéad Eagrán .


Bhuel, mar a dúirt mé cúpla uair roimhe seo, táim ag dul siar ar seandánta a scríobh mé agus á gcur i gcló anseo. Seo ceann eile dhaoibh:


Dathanna uile na mBláthanna

Bláthanna úra agus dhá shoitheach díobh,
Coinnle agus soilse ísle agus muidne ar an tolg
Agus guth iontach tarraingteach Luca Carboni sa chúlra,
An rithim bhreá rialta Iodáileach –
Gutaí oscailte agus dúnta
Agus muid ag éisteacht le fadhbanna a chéile agus eile
Agus screadaíl na ngirseach ag an gceolchoirm bheo –
Agus an t-amhránaí ag díol a anama leis an slua –
Anam ar díol, anam ar díol, anam ar díol,
Quanti colori di sassi e di fiori, di strade e di muri
Agus an guth éadrom ag mealladh an lucht éisteachta
An síol a ithe as a lámha.
Tú mar éinín beag bídeach eaglach i mo lámha
Agus mise dod’ chiúiniú, dod’ chur ar do shuaimhneas
Agus ár dteangacha ag cuimilt a chéile
Ar thóir an chompóird spiordálta,
Ag iarraidh breith ar an ngaoth.
Tá boladh breá úr óna bláthanna is óna coinnle.
Sar i bhfad múchfar iad agus rachfar a luí.
Sa dorchadas ní thabharfar faoi deara
Dathanna uile na mbláthanna.




Thuas tá pitiúr curtha agam de nóinín mór fiáin a ghlacas cúpla bliain ó shin.

Friday, July 17, 2009

Seandánta 12







Seo dhaoibh thíos dán beag simplí iontuigthe ar ábhar an cheoil is ar an ndóigh ina gcoraíonn sé muid. Deirtear gurb í an ceol teanga an chroí nó teanga an ghrá. Is teanga idirnaisiúnta é gan focail mhínithe ar bith ag gabháil leis. Is créatúir muid a dhéanann fuaimeanna. Samhlaím gur eascair teangacha sna seana phluiseanna inar chónaigh ár sinsir. Rinneadar fuaimeanna éagsúla chun a mianta a chur in iúl agus chun eolas a fháil. De réir a chéile d'fhás agus d'eascair teangacha agus ceol. Is rud ana-bhunúsach é fuaimeanna an tsaoil nó fuaimeanna a dhéantar chun dul i dteagmháil le duine eile. Is rud fíor-álainn é an ceol a dhéantar chun leanbh a chur a chodladh. Is rud ana-chorraitheach e an ceol a dhéantar chun fuascailt a thabhairt do chroí atá faoi bhrú. Is rud fíor-thabhachtach é an ceol a dhéantar nuair a bhíonn meitheal ag obair ar fheirm nó i láthair oibre eile. Smaoinigh ar na h-amhráin a chantar le linn oibre mar rabhcáin mharaí nó rabhcáin háilléir. Is leor é seo mar réamhrá.





Tá an ceol ag tarraingt téada mo chroí

Tá an ceol ag tarraingt téada mo chroí –
Seanachruit na braistinte.
Táim cosúil le h-aindiúlach – tugtha dó,
Ceol na céille agus na díchéille,
Ceol an bhrí is ceol na h-easpa.
Seo mise agus Dylan Live­ ag fáisceadh a chroí
Agus mo chroí-se leis sa Royal Albert Hall 1965.
Blianta ó shin – na seascaidí agus mise im’ pháiste –
Deacair a chreidiúint go mbéinn bogtha ‘gus corraithe
Daichead bliana i ndiaidh an taifeadta.
Ach sin mar atá agus mar a bheidh go brách -
Is deacair na fáithe a dhiúltú nó a sheachaint.
Tá an ceol ag tarraingt téada mo chroí –
Seanachruit na braistinte.
Taim cosúil le deisceabal Rí an cheoil,
Le mac léinn an mhisteachais,
Le seanadraoi na págántachta,
Le leantóir Chríost an Damhsa,
Táim ar oilithreacht an cheoil –
Ag lorg brí nach bhfaighim san ól
Ná fiú i bhfreagraí na n-intleachtach
Ná i gcallán mór an domhain.
Tá an ceol ag tarraingt téada mo chroí –
Seanachruit na braistinte.





Seo dhíobh thuas grianghraf a ghlacas timpeall trí bhliana ó shin i gcathair Lucca i dTuscany na hIoldáile - Cláirseoir óg ag seinm i gceann des na cearnóga áilleacha na cathrach sin!

Seandánta 11




Tuigim go bhfuil an dán thíos go mór as séisiúr, ach táim ag cur na ndánta atá ar meamram agam ar mo p.c. in ord ama. Is amhlaidh mar sin nach bhfuil aon chomhfhreagras idir na dánta agus an t-am i láthair maidir le h-aimsir agus cúrsaí domhanda mar atáid ag titim amach go laethiúil. Ach bíodh sin uile amhlaidh, ceapaim go bhfuil uilíocht agus brí nach beag ag baint leo. Nílim ag déanamh aon ceartúcháin da laghad orthu. Seo mar atáid sa bhunleagan sa chomhad agam.

Titim an Fhómhair

Órga na duilleoga roimh mhallthitim an fhómhair
Agus an fhearthainn bhog ag fliuchadh mo chroí.
Tá an séisiúr ana fhionnuar don am seo den bhliain
Agus tá grá úrnua ag bogadh is ag leá m’anama.
Éistim le guth fíorbhinn corraitheach Luca Carboni
Agus glacaim misneach is dóchas arís sa saol,
Dóchas go bhfuil gach rud mar ba cheart is ba chóir dó,
Go dtagann is go n-imíonn gach neach san am cuí,
Go dtiteann na duilleoga buíthe,donna, órga,
Go siúltar tríotha le buillí éadroma an choisithe,
Go scríobhtar fútha i ndánta is i ngearrscéalta,
Go seasann siad do shíorghluaiseacht an tsaoil
Agus go mbailítear iad i málaí móra dubha,
Go bhfuil na páistí is na leannáin i ngrá leotha,
Go nglacann an garraíadóir leo go réidh
Agus go bhfuil gach rud in ord agus in eagar,
Go dtiteann siad fad is atá Dia ag siúl sa ghairdín.
Braithim cumhacht Genesis agus fionnuaire an lae
Fad is atáim ag ithe an úill ó lámha Éabha.
Ach is duine fásta mé agus glacaim le mo dhualgaisí,
Go bhfuilim ciontach mar chách,
Gur peacach mé is gur peacach mo stór,
Go bhfuil an bheirt againn i sáinn mhór –
Fadhb na míthuisceana agus easpa muiníne –
Na páistí gortaithe agus róghortaithe.
Ach glacaimid misneach i mallthitim na nduilleog
Agus téimid i muinín an mhachnaimh,
I muinín Gautama Siddharta ar thóir na gaoise
Ar thóir na céille is eagna na h-aoise.
Sa deireadh thiar titfidh gach rud amach
Ina shéisiúr, ina shéisiúr is ina shéisiúr féin.


Thuas chuireas pictiúr a thóg me de thitim na nduilleog le linn an fhómhair im' eastát tithíochta fhéinig. Thógas an grianghraf timpeall ceithre bhliana ó shin!

Thursday, July 16, 2009

Seandánta 10





Bainim an-sult go deo as an taisteal agus go h-áirithe bheith ag taisteal go dtí na Gaeltachtaí anseo in Éirinn nó chuig an Iodáil, an tír is fearr liom ar dhromhchla an domhain seo, gan Éire a bheith san aireamh ar ndóigh. Ins an dá áit sin bím in ann mo shuimeanna i gcultúir, i ndaoine éagsúla agus i dteangachaí a úsáid nó a chur i bhfeidhm. Fuaireas an seandán seo a leiríonn na suimeanna sin go deas i measc na meamram atá ar mo p.c. Ta súil agam go mbainfidh sibh sult as. Seo dhaoibh é. Agus...Slán tamall...


Teanga an Taistil

Is breá bheith suite ar thraein
Ag dul chuig Venezia Santa Lucia
Agus guthanna breátha binne na nIodálach óg
Ag moladh an tsaoil atá iontu le ceiliúradh.
Is breá bheith ag éisteacht
Le ceol gutaí oscailte agus dúnta na hIodáilise,
La bellissima lingua del mondo
Agus mé ag scríobh i nGaeilge bhreá bhinn na hÉireann
Lena gutaí gearra ’gus fada, caola ’gus leathana.
Molaim an óige iontu, ragazzi e ragazze,
Molaim an spiorad iontu,
Grá don saol iontu,
Grá don bheatha iontu,
Grá dona h-iontaisí iontu –
“C’e il mare, c’e il mare”
A deir leaid óg amhain arís is arís eile
Agus na cailíní óga ag screadaíl in ard a gcinn is a ngutha.
Cuimhním ar dhán de chuid Emily Dickinson,
Comrádaí croí agus spioraid dom:
“Exultation is the going of an inland soul to sea,”
Agus tá muidne uile ag dul chuig chathair ársa,
Venezia álainn na farraige is na gcanálach,
Venezia na ngondole ’gus na ngondolieri ,
Venezia, la bellissima cittá del mondo.
Ag binario a sé tá taoide na dturasóirí ag teacht i dtír
Agus léimeann una bella ragazza
Isteach i mbaclainn a ghrá ghil.
Táimid uile ar tháirseach na h-áilleachta is na fírinne
Agus táim féin ag tumadh ina ndoimhneacht.





Thuas d'uaslódálas pictiúr eile a ghlacas i Venezia timpeall cúig bhliana ó shin.

Seandánta 9




Seandán eile thíos daoibh, a léitheoirí díle. Má bhíonn sibh ag léamh na leathanaigh seo agam, bíodh a bhfuil le rá agam i mBéarla, Gaeilge nó fiú in Iodáilis, tuigfidh sibh go bhfuilim buailte bun ós cionn ag teangachaí, go dtéann cumhacht na bhfocal, pé teanga ina bhfuaimnítear iad, go mór i bhfeidhm orm. Chomh maith leis sin, feicfidh sibh gur iarracht gach a scríobhaim agus a chumaim ord agus eagar a chur ar mo dhomhan príobhaideach féin agus iarracht é sin leis, roinnt chéile a bhaint as an saol go coitianta. De réir mar a théim in aois athraíonn nó fiú claochlaíonn mo thuairimí. Suas go dtí go raibh mé a daichead bhí mé im' Chaitliceach ach ansin buaileadh tinn mé agus uaidh sin amach is amhlaidh gur chailleas aon chreideamh ceartchreidmheach a bhí agam. Is amhlaidh anois gur Búdaíoch de shórt éigin mé. Creidim go domhain sa saol, sa spioradáltacht, go h-áirithe i spioradáltacht an am anois nó an am í lathair. Mollann gach spioradáltacht dúinn maireachtáil san am i láthair. Ta an an t-am caite imithe gan filleadh agus an todhchaí, bhuel, níl sé ann in aon chor. Mar a deir an sean-nath Laidine: "Carpe diem""beir ar an am i láthair" nó éalóidh sé uait! Mar sin, creidim go domhain sna focail thíos: "Téigh ag siúl sa ghrian thart fán chósta//Is gheobhaidh tú faoiseamh aigne is consiasa."

Siúlóid Fhómhair

Siúlóid mall i ngrian an fhómhair
Uair nó dhó roimh an eadarsholas.
Neamhghnách don Mhéan Fomhair
An teocht ag marcaíocht sna fichidí.
Téigh ag siúl sa ghrian thart fán chósta
Is gheobhaidh tú faoiseamh aigne is consiasa.
Sin a deir m’anam istigh arís is arís eile.
Tá cumhacht an leighis i ngaethe na gréine
Is beocht na cruinne sa ghaoth ón bhfarraige.
Níl néal fearrthainne ná scamall amháin na gruaime
Sa spéir gorm ós mo chionn ná ós bhur gcionn.
Cheapfá nach raibh bás ar dhromchla an domhain –
Nach bhfuil ann ach beatha i mullach beatha
Agas éiníní na mara ag canadh is ag canadh
Is an ghrian dá dtéamh is an fharraige dá gcothú.
Tá leigheas ann má lorgaítear é –
Ní gá ach dul dá thóraíocht –
Lean an t-anam agus a bhrionglóidí
Agus éist go géar agus go cúramach lena gcomhairle:
Téigh ag siúl sa ghrian thart fán chósta
Is gheobhaidh tú faoiseamh aigne is consiasa.





Thuas d'uaslódálas grianghraf a thóg me blianta ó shin de chaladh Bhinn Éadair, ceann des na aiteanna a dtéim ag siúl go minic - déanann an áit fhíorálainn sin maitheas agus leigheas dom chroí.

Seandánta 8




Anois táim ar mo shuaimhneas i mó shuí dom ós comhair scáileán mo p.c. ag éiteacht le guth fíorbhinn fíorálainn Nina Simone, ceoltóir agus amhranaí ar ansa liom í. Cuireann sí an ghruaigh ina sheasamh ar dhroim mo mhuineáil lena paisean. Bíodh sin mar atá. Táim ag dul siar ar sheandánta a scríobh mé, agus i ndáiríre rinne me dearmad ar a lán acu. Is amhlaidh go scríobhann agus go gcumann muid dánta nuair a bhogtar sin ag an ngrá nó ag mórbhraitstint eile dar ndóigh. Is e an scéal céanna é maidir liom fhéinig gan aon agó. Fuair mé ceann eile a scríobh mé do sheanghrá liom - Aine gheal mo chroí. Rud amháin a dhéanann an grá dúinn nó go gclaochlaíonn sé muid go dtí go mbímíd sáite ina ghreim. Sin mar a bhíonn sé ar aon nós dar liom. Ar scor ar bith sin agaibh an dán thíos. Scríobh mé é timpeall cúig bhliana ó shin.

Stazione Venezia Mestre
(Dán d’Áine, Gile mo Chroí)

Im shuí dom i Venezia Mestre
Tá an ghrian ag téamh mo chroí.
Is cuma saibhir nó daibhir mé
Mar tá mo ghrá ina cónaí lastuigh.
Ta an Orient Express tar éis imeacht,
Traein bhreá shlachmhar gan smál –
Í glanta snasta ó bhun go barr,
Dubh galánta órga ar thóir an neamhghnáiche.
Is fearr liom i bhfad bheith mar atáim
Ag scríobh im leabhar dubh nótaí –
Nótaí faoi mo bhraistintí is mo smaointe
Ó thobar saibhir m’anam’ is mo chroí.
Im shuí dom i Venezia Mestre
Tá an ghrian ag téamh mo chroí.
Cloisim go bhfuil traein Padova in attesa
Is ceann eile chuig Bologna in partenza a binario tre.
Is cuma saibhir nó daibhir mé
Mar tá mo ghrá ina cónaí lastuigh.





Sin pictiúr díom fhéinig ag beathú na gcolúr i gCearnóg San Marco i Venezia mar ar scríobhas an dán thuas. Slán beo leis na seanlaethanta - ní thiocfaidh siad arís!!

Wednesday, July 15, 2009

Seandánta 7




Bhuel is í an fhírinne lom í a rá nach bhfuil cinnteacht nó dearfacht ag baint le h-aon rud ar an saol seo. Sa Sean Tiomna nuair a chuaigh sólásaithe Iób, sé sin, Bildad, Zophar agus Eliphaz chuige tháinig siad leis na seanfhreagraí, an t-eagna nó an ghaois mar a chualadar é sa traidisiún. Bhíodar cinnte dearfa gurbh amhlaigh gur pheacaigh Iób agus gur pheacaigh sé go trom mar sciobadh gach uile ní faoin spéir ón bhfear bocht - a ghabháltas uile, a ainmhithe, na barraí go léir a bhí aige sna goirt, a shaibhreas agus fiú a chlann. Ní raibh rud ar bith faoin ngrian fágtha aige ach é ag fulaingt go pianmhar ar ualach brúscair. Thug siad na freagraí traidisiúnta dó i ndáiríre agus níor shólás nó faoiseamh iadsan dó. Bhí a fhios ag Iób nár pheacaigh sé in aghaidh Dé nó in aghaidh duine ar bith. Níor thuig sé cén fath gurbh éigean dó an méid sin péine a fhulaingt in aon chor - agus fulaingth neamhchionntach a bhí i gceist gan aon agó. Scrúdaigh mé go mion fadhb na fulaingte neamhchionntaí i mo bhlag as Béarla agus mar sin, más suim libh ceist an oilc téigí chuige sin agus cuir isteach na focail "olc" nó "fulaingt" - as Béarla ar ndóigh - agus gheobhaigh tú a lán postanna uaim ar an ábhar suimiúil sin.

Is fíor a rá mar sin go raibh neamhchinnteacht nó fiú amhras ar Iób bocht roimh chothrom nó cóir Dé. Dhealraigh sé go raibh Dia féin míchothrom agus éagóireacht ins an slí ar chaith sé le daoine. Bíodh is gur ghearáin sé go truamhéalach agus go searbh in ard a chinn is a ghutha le Dia níor chaill se riamh a chreideamh i nDia. Ag deireadh an scéil faigheann sé a ghabháltas uile ar ais agus caitheadh go maith leis as sin amach.

Tuigeann sibh anois, a leitheoirí, go bhfuilim ag caint faoi neamhchinnteacht nó éiginnteacht na beatha nó an tsaoil. Chumas dán ar an ábhar sin trí bliana ó shin. Sula gcuirfidh mé an dán fé bhun a bhfuil scríofa agam anseo, déanfaidh mé pointe suntasach amháin eile faoin éiginnteacht. Deir an fealsamh agus siceolaí, Eugene T. Gendlin, Ph. D., nach dtéann na cliaint a thagann chuige le fios nó le cinneacht réiteach a bhfadhbanna i bhfeabhas in aon chor. Iadsan atá neamhchinnte, caillte gan treo - iadsan a thagann biseach de shórt éigint orthu agus a éiríonn níos fearr.

Ar aon nós, seo dhaoibh an dán:

Neamhchinnteacht

Bliain nua, rang nua, aghaidheanna úra
agus muidne mar an gcéanna ach dulta in aois,
gan trácht ar an ghaois ba cheart a bheith ionainn
ach sin scéal eile agus muid mar mhangairí
ag díol eolais do dhaltaí nach bhfuil suim rómhór acu inár n-earraí caite – seanbhalcaisí an eolais.
Slán beo leis na seanlaethanta, leis an neamhshoifisticiúlacht,
leis an fhírinne shoiléir, leis na seanchinnteachtaí agus an dubh agus an bán
agus na seanmhúinteoirí ina bhfeisteas múinte – clócaí fada dubha.
B’shin uair eile, an aimsir atá caite, caite, caite gan filleadh go deo.
Buíochas le Dia, má tá sé nó sí ann, má tá fórsa taobh thiar den domhan,
a bhuí leis an bhfórsa sin, leis an stuif ónar eascair muid,
na blianta, blianta cairbreacha ó shin i gceo tiubh na staire is na réamhstaire.
Cé muid? Cá bhfuil muid ag dul? Cén fáth ann muid? Cad a chiallaíonn an bheatha, fiú an comhfhios?
Mórcheisteanna, mórcheisteanna i mullach a chéile agus muid fós ag múineadh
cinnteachtaí, cinnteachtaí, cinnteachtaí nach bhfuil muid ró-chinnte fúthu níos mó.
Ach sin ceist eile, ceist eile ar fad ar gá a chur fiú muna bhféadtar a fhreagairt.




Thuas chuireas suas grianghraf a ghlacas roinnt bhlianta ó shin i bPáirc Fhaiche Stíofáin. Nach deas an saol atá ag na lacha?

Seandánta 6


Seandán eile daoibh, a chairde. Ni dóigh liom go bhfuil sé iontuigthe ar an gcéad léamh, agus mar sin ba cheart, dar liom, cúpla focal a rá faoi. Éinne a léann mo bhlag as Béarla beidh a fhios aige nó aici go bhfuil an dúlagar nó an ghruaim orm. Rinneadh an diagnóis sin níos mó ná deich mbliana ó shin. Bhuail sé mé go tobann nuair a shroich mé daichead bliain d'aois agus b'éigean dom tréimhse de sheacht seachtainí a chaitheamh in ospidéal síciatrach - ospidéal Naomh Pádraigh anseo i mBaile Atha Cliath - ceann des na h-ospidéil shíciatracha is fearr sa chuid seo den domhan. Ar aon nós, táim i mbarr mo shlainte ó shin i leith. Gan dabht ar domhan caithim piollaí frithdhúlagráin a thógáil - ceann amháin in aghaidh an lae. Níl aon dul as agam mar tá an galar atá orm cliniciúil. Ó na pointí sin tuigfidh siad an chuid is mó den dán thíos, mar shampla: línte 1-2, 7-10 agus 15-16. Ag an am sin chuaigh mé chomh fada sin thíos sa duibheagán nach raibh aon dul as agam ach iarracht a dhéanamh teacht suas arís. Bhuel - is amhlaidh go raibh slí éalaithe amháin eile agam - sé sin mo lámh a chur im' bhás féin, ach, buíochas le Dia, níor thógas an bealach sin. Rinne mé tréan-iarracht mo chosa a bhualadh de bhun an linn snámha agus mo chorp a thiomáint suas go dromchla an uisce chun aer úr na céille a shú isteach i mo scámhóga. Thuig mé ansin go raibh láidreacht, neart nó treise ionam nach raibh a fhios agam a bheith ionam roimhe sin. Míníonn sé sin línte 3 - 6.

Ní déarfaidh mé níos mó faoi anois, mar ceapaim go dtagann na píosaí beaga go léir le chéile uaidh sin amach. Ar scor ar bith, seo daoibh an dán, bíodh sé maith nó eile. Slán tamall.



Uaireanta briseann an ghrian.

Uaireanta briseann an ghrian tríd na scamaill
Is ruaigtear an ghruaim is fuaim an tsaoil.
Uaireanta beirtear orm gan choinne,
Fágtar ag machnamh mé ar cé chomh láidir is atáim,
Is cé chomh cumhachtach ‘tá spiorad na saoirse ionam
Nuair a thagann an treise aniar aduaidh orm.
Smaoiním anois is arís ar an tromluí uafásach sin,
Oíche dhorcha na bhfuarallas roimh theacht an leighis
Is mé sínte frithlag i bpianta gan mhianta
Ach bheith slán sábhailte i mbroinn mo mháthar.
Thosaigh an láir ag éirí ionam roimh dhúiseacht na súl
Is chuimhnigh mé ar Nietzsche bocht i gCathair Geneva –
É cloíte briste brúite agus a lámha timpeall ar mhuinéal an chapaill bhoicht.
Thuig mé díreach ansin praghas na céile is na míchéile araon.
Uaireanta briseann an ghrian tríd na scamaill
Is ruaigtear an ghruaim is fuaim an tsaoil
Mar a tharla nuair a léim comhleacaí dom’ ionsaí
Á rá nach raibh ionam ach duine leáite gan feidhm
Agus mallacht i mullach mallachta ag titim anuas orm
Is mé fágtha gan fhreagra, gan fhios, gan fhocal.
Ach le h-imeacht na laethanta d’éirigh Dáibhéad ionam
Is ghlac sé chuige a chrann tábhaill is mharaigh sé an fathach
A bhí dom chrá, dom chéasadh is dom chíapadh.
Theith gach sceoin is scéin, uamhan is uafás
Roimh Dhaithí beag a sheas an fód,
Roimh Dháibhéad mór an neamhchomhfheasa.



Thuas chuireas pictiúr eile a ghlacas le déanaí ar thrá Dhomhnach Bat - dul faoi na gréinne agus é frithchaite go tréan san uisce atá ina luí ar an tráigh.

Tuesday, July 14, 2009

Seandánta 5


Níl's agam ó thalamh an domhain síos go dtí an t-ifreann fhéinig, má tá sé ann, conas is féidir liom mo chuid dánta a chur i gcló go h-oifigiúil. Bhuel, is é seo an meán is fearr chun iad a scaoileadh nó fiú a chraobhscaileadh ar an domhan mór. Gan dabht táim ag jócáil nó ag cothú grinn anseo. Bíodh sin mar atá, seo dhaoibh seandán eile ó mo pheann.


San Airdeall
(Aistriúchán ón Iodáilis ar Di Guardia le Umberto Fiori)

Tá aithne mhaith acu orm agus an ceart acu:
táim cosúil le madra,
ceann dena beithígh dhubha úd a chodlaíonn
i gclós monarchan –
má théann tú thar bráid, léimeann siad
i gcoinne an tsreangsconsa,
agus cé chomh minic is a deir tú “Síós leat!”
is é is mó a leanann siad ar aghaidh ag tafann
go dtí go mbíonn siad ar piachán.

Cé dhéanfaidh comhbhrón leo anois?
Bíonn a gcuid fola ar fiuchadh
go dtí go gcasann tú an coirnéal.
Bíonn gach éinne bodhraithe acu.
Taispeánann siad a bhfiacla is baineann siad greim
fiú as an sreang dheilgneach ach is iad na súile
is mó a chuireann sceoin orainn: iad ciúin suaimhneach
agus chomh geal leo siúd den nuabheirthe
nó iad siúd de dhealbh.

Tá fios a ngnó acu: an clós a choimeád slán.
Cé acu dhéanann siad é seo de dhualgas nó de dhúchas,
nach mbogtar thú, fiú ar feadh nóiméid
leis an eachtra sin a chuireann ar mire iad
fad a mhaireann siad?

Ar mo shon féin, tuigim an argóint seo
i bhfad níos fearr ná na cinn eile
a chuala mé tríd na blianta.
Aithním go soiléir
an guth fanaiceach a screadann amach –
go díreach mar seo, de thoradh an éid –
chun clós a ghéibhinn a chosaint.

Ní fios duit cad tá i gceist le bheith san airdeall,
bagairt dod’ chríoch a bhraistint
i ngach aon bholadh,
screadaíl in éadan an domhain mhóir
go dtí go bhfuil tú ar piachán
agus gan a fhios agat
cad é go díreach a chosnaíonn tú
nó cad is cúram duit.


Tá's 'am nach madra fíochmhar cosanta an madra thuas. Is é seo ceann den chúpla ceann de ghrianghrafanna atá glactha agam de mhadraí. Ghlacas an ceann thuas taobh amuigh de thig tabhairne The Summit Inn, Beann Éadair, Feabhra 2007.