Bhuel is í an fhírinne lom í a rá nach bhfuil cinnteacht nó dearfacht ag baint le h-aon rud ar an saol seo. Sa Sean Tiomna nuair a chuaigh sólásaithe Iób, sé sin, Bildad, Zophar agus Eliphaz chuige tháinig siad leis na seanfhreagraí, an t-eagna nó an ghaois mar a chualadar é sa traidisiún. Bhíodar cinnte dearfa gurbh amhlaigh gur pheacaigh Iób agus gur pheacaigh sé go trom mar sciobadh gach uile ní faoin spéir ón bhfear bocht - a ghabháltas uile, a ainmhithe, na barraí go léir a bhí aige sna goirt, a shaibhreas agus fiú a chlann. Ní raibh rud ar bith faoin ngrian fágtha aige ach é ag fulaingt go pianmhar ar ualach brúscair. Thug siad na freagraí traidisiúnta dó i ndáiríre agus níor shólás nó faoiseamh iadsan dó. Bhí a fhios ag Iób nár pheacaigh sé in aghaidh Dé nó in aghaidh duine ar bith. Níor thuig sé cén fath gurbh éigean dó an méid sin péine a fhulaingt in aon chor - agus fulaingth neamhchionntach a bhí i gceist gan aon agó. Scrúdaigh mé go mion fadhb na fulaingte neamhchionntaí i mo bhlag as Béarla agus mar sin, más suim libh ceist an oilc téigí chuige sin agus cuir isteach na focail "olc" nó "fulaingt" - as Béarla ar ndóigh - agus gheobhaigh tú a lán postanna uaim ar an ábhar suimiúil sin.
Is fíor a rá mar sin go raibh neamhchinnteacht nó fiú amhras ar Iób bocht roimh chothrom nó cóir Dé. Dhealraigh sé go raibh Dia féin míchothrom agus éagóireacht ins an slí ar chaith sé le daoine. Bíodh is gur ghearáin sé go truamhéalach agus go searbh in ard a chinn is a ghutha le Dia níor chaill se riamh a chreideamh i nDia. Ag deireadh an scéil faigheann sé a ghabháltas uile ar ais agus caitheadh go maith leis as sin amach.
Tuigeann sibh anois, a leitheoirí, go bhfuilim ag caint faoi neamhchinnteacht nó éiginnteacht na beatha nó an tsaoil. Chumas dán ar an ábhar sin trí bliana ó shin. Sula gcuirfidh mé an dán fé bhun a bhfuil scríofa agam anseo, déanfaidh mé pointe suntasach amháin eile faoin éiginnteacht. Deir an fealsamh agus siceolaí, Eugene T. Gendlin, Ph. D., nach dtéann na cliaint a thagann chuige le fios nó le cinneacht réiteach a bhfadhbanna i bhfeabhas in aon chor. Iadsan atá neamhchinnte, caillte gan treo - iadsan a thagann biseach de shórt éigint orthu agus a éiríonn níos fearr.
Ar aon nós, seo dhaoibh an dán:
Neamhchinnteacht
Bliain nua, rang nua, aghaidheanna úra
agus muidne mar an gcéanna ach dulta in aois,
gan trácht ar an ghaois ba cheart a bheith ionainn
ach sin scéal eile agus muid mar mhangairí
ag díol eolais do dhaltaí nach bhfuil suim rómhór acu inár n-earraí caite – seanbhalcaisí an eolais.
Slán beo leis na seanlaethanta, leis an neamhshoifisticiúlacht,
leis an fhírinne shoiléir, leis na seanchinnteachtaí agus an dubh agus an bán
agus na seanmhúinteoirí ina bhfeisteas múinte – clócaí fada dubha.
B’shin uair eile, an aimsir atá caite, caite, caite gan filleadh go deo.
Buíochas le Dia, má tá sé nó sí ann, má tá fórsa taobh thiar den domhan,
a bhuí leis an bhfórsa sin, leis an stuif ónar eascair muid,
na blianta, blianta cairbreacha ó shin i gceo tiubh na staire is na réamhstaire.
Cé muid? Cá bhfuil muid ag dul? Cén fáth ann muid? Cad a chiallaíonn an bheatha, fiú an comhfhios?
Mórcheisteanna, mórcheisteanna i mullach a chéile agus muid fós ag múineadh
cinnteachtaí, cinnteachtaí, cinnteachtaí nach bhfuil muid ró-chinnte fúthu níos mó.
Ach sin ceist eile, ceist eile ar fad ar gá a chur fiú muna bhféadtar a fhreagairt.
Thuas chuireas suas grianghraf a ghlacas roinnt bhlianta ó shin i bPáirc Fhaiche Stíofáin. Nach deas an saol atá ag na lacha?