Popular Posts

Monday, January 05, 2009

I dtosach na haicíde is ea is fusa í a leigheas.




Agus an ghéarchéim eacnamaoíchta idir chamáin agam an lá faoi dheireadh tháinig seanfhocal eile isteach i mo cheann, sé sin, “I dtosach na haicíde is ea is fusa í a leigheas.” Ceisteanna gur féidir sinn a chur mar gheall ar láimhseáil na géarchéime céanna ná cén fáth nach bhfaca na daoine i gcumhacht – an rialtas, na bainc agus na h-eagraíochtaí oifigiúla leis na saineolaithe and na comhairleoirí go léir – an traein uafásach seo ag teacht síos an báthar iarainn, má maitheann sibh dom an meafar uafásach seo. Nach ait an mac an tsaoil? Go n-uige seo níor chaill na boic mhóra a bhí ag stiúradh long an Stáit a gcuid phostanna. Cén fáth sin in aon chor? An bhfuil dlí amháin ann don chosmhuintir nó dona gnáthdhaoine agus dlí speisialta eile ann do na mórbhoic seo? Is amhlaidh go bhfuil.

Cloisimid faoin gcathaoirleach nó faoin bpríomhoifigeach feidhmiúcháin sin – Seán Fitzpatrick an t-ainm ata air, más buan mo chuimhne – ar an mBanc conspóideach úd darb ainm an Anglo Irish Bank. Cad faoi? Bhuel, d’éirigh sé as a phost ceart go leor ach fuair sé gach aon phribhléid dá raibh sé i dteideal idir phinsin agus suim mhór scarrtha. Agus ni bhfuair an boc mór seo ach iasacht de sheacht is ceithre scór milliún d’ Euro agus nochtadh an fhianaise sna meáin chumarsáide gur cheil sé an fhíric seo ar an bpobal ocht h-uair as a chéile ar feadh ocht mbliana trén é a mhalartú ó bhanc go banc. Mar sin is amhlaidh go raibh sé idirbheart déag feicthe ag na coistí riaracháin sna bainc éagsúla. Deirtear nach ndearna sé aon rud mídhleathach, ach nach fíor go ndearna sé gníomh mímhoralta agus mí-eiticiúil? Is cinnte agus is ró-chinnte, dearfa agus ró-dhearfa gur ghníomh mí-mhóralta a bhí agus atá i gceist. Sin an fáth go ndearna sé an méad sin oibre chun na h-idirbhearteanna a cheilt orainn. Ár náire thú a Mhic Ghiolla Phádraig!

Anois, ag filleadh ar bhrí an tseanfhocail dom, cén fáth nach bhfaca na saineolaithe is na comhairleoirí iontacha sin a fhaigheann neart airgid i gcomhair a gcuid eolais agus a gcuid chomhairle a roinneann siad go fiail ar pholaiteoirí agus ar lucht stiúrtha na mbanc an ghéarchéim ag teacht inar dtreo? Nó an bhfaca siad traein uafásach seo an mheathluithe geileagraigh ag teacht agus gur scanraíodh iad? Nó an raibh eagla orthu an fhírinne a scéitheadh ar a gcomhleacaithe cumhachtacha a bhí bun ós cionn sáithe sa mheathlú céanna. Bhí a lán le cailliúint acu agus leanadar ar aghaidh leis an gcur i gcéill. Anois tá an port seinte; tá an cluiche thart; tá an t-am istigh agus tá an rún scéithe. Taimid i bponc mór; i sáinn uafásach, i bpoll gan tóin agus an ghéarchéim gheilleagrach seo sa mhullach orainn. Agus ní dhearna na polaiteoirí a bhí i gcumhacht aon dhath chun an fhadhb a leigheas. Lean siad leis an gcur i gcéill; lean siad leis na h-iasachtaí morá ; lean siad leis an mbréag.

Anois is orthusan atá an milleán agus is orainne atá an cúram chun íoc as na fiacha nó fiú as na drochfhiacha. Ár náire sibh, a pholaiteoirí, a shaineolaithe, a chomairleoirí agus a bhaincéirí. Ach is é an ár léan agus ár gcreach nach n-airaíonn sibh náirithe in aon chor. Táimid i ndeireadh na h-aicíde agus ní fusa í a leigheas ar chor ar bith.



D'uaslódálas thuas pictiúr a ghlac mé de dhul faoi na gréine ar thrá Laytown, Co na Mi, Lúnasa 2008.