Popular Posts

Wednesday, January 21, 2009

Na Blascaodaí




An Blascaod Mór 1

Bliain chasadh na mílaoise a bhí ann, ceapaim, nuair a chuas fhéin agus mo dheartháir siar ó dheas go dtí Contae Chiarraí agus siar cuid eile den bhóthar chuig Ghaeltacht Chorca Dhuibhe. Bhí mé riamh faoi dhraíocht na Gaolainne agus go h-áirithe Gaeilge Chiarraí. Cén fáth sin a deir tú? Bhuel, tháinig formhór na múinteoirí a bhí againn ar scoil ón gcontae sin. Smaoiním ar a leitheidí de shármhúinteoirí mar Pádraig Uasal Ó Súilleabháin (a bhásaigh roimh dhul ar pinsean dó) agus Mícheál Ó Muircheartaigh (atá fós i dtogha na sláinte agus fós ina thráchtaire ar RTE. Go maire tú an céad, a Mhíchíl!), Ciarraígh an bheirt acu a bhí ag múineadh i Scoil Uí Chonaill mar ar fhreastail mé ins na seachtóidí den chéad seo caite. Ba sinne an dream deireanach a rinne an Mhéanteistiméireacht tré mheán na Gaeilge. Is cuimhin liom go raibh mo dheartháir Pádraig ins an bhliain go díreach im’ dhiaidh. Bhí na múinteoirí ceanainne céanna aigesean ach amháin gur mhúineadar é tré mheán an Bhéarla.

Tháinig na bunmhúinteoirí go léir a bhí agam ón Mhumhain – a leitheidí mar An tUasal Ó Muirí a bhí ar tí dul amach ar pinsean, Seán Ó Sé agus na Bráithre Críostaí go léir. Tharla sé mar sin gurbh í Gaolainn na Mumhan agus go h-airithe Gaeilge Chorca Dhuibhne a d’ól mé isteach go nadúrtha. Ní nach ionadh nuair a bhí an dara leibhéal oideachais críochnaithe agam go ndeachaigh me le múinteoireacht agus go bhfuaireas cáilíocht sa Ghaeilge.

Ar aon nós ar ais anois chuig m’alt oscailte. Samhradh na bliana 2000 chuas fhéin agus mo dhearthair Gearóid siar ó dheas go Corca Dhuibhne. An rud ba shuntasaí amach is amach faoin turas iontach seo ná gur éirigh linn faoi dheireadh agus faoi dheoigh dul isteach ar an mBlascaod Mór – áit fíorálainn, chlochach, sceirdiúil agus áit iargiúlta ar láimh amháin de ach áit dhraíochta, fhileata, spioradálta agus mhisteach ar an láimh eile. B’ón oileán sin a tháinig mórshaothair dhírbheathaisnéise na Gaeilge le linn na hathbheochana sna blianta tosaigh den aois seo chaite.

Is scata oileáin iad na Blascaodaí píosa beag amach ó leithinis an Daingin, Contae Chiarraí. Is í An Blascaod Mór, ar a nglaotar freisin an t-Oileán Thiar, an t-oileán is mó díobh. Tá sé breis is trí mhíle ar fhad agus tá mile agus céad acra nó mar sin ann. Is turas trí mhíle farraige é ón chuan ag Dún Caoin ar an mórthír go dtí caladh an oileáin.

Ní raibh riamh níos mó ná dhá chéad duine nó mar sin ina gcónaí ar an mBlascaod Mór agus mhair siad ar ghabháltais de thrí nó ceithre acra ag cur lena slí beatha ón talamh le hiascaireacht agus sealgaireacht éanlaithe fiáine. Tá cur síos beacht ar shaol na n-oileánach déanta ag Tomás Ó Criomhthain ins an leabhar iontach sin a léamar ar an ollscoil, sé sin An tOileánach. Ní thuigim in aon chor cén fath nach raibh an leabhar iontach taitneamhach san ar an gcúrsa sa mheánscoil seachas an leabhar fíorleadránach úd Peig a mharaigh suim sa Ghaeilge in a lán daltaí trasna na mblianta.

D’admhaigh an Criomthánach fhéinig nuair a chuiridís chun fharraige sna naomhóga go mba “lánmhinic an fharraige ag gabháil lastuas dínn gan radharc againn ar thír ná ar thalamh — oíche mhór fhada fhuar mar seo ag comhrac na mara agus go lánmhinic ar bheagán fáltais ach ó uair go huair ag tnúth le cabhair Dé.”

Ba fhíorphobal iad muintir na mBlascaodaí i gcónaí, d'ainneoin an bhochtanais a d'fhulaing siad le linn a saoil. Tá an bochtanas san le feiscint go soiléir i ngach leabhar a tháinig faoi bhlath ón oileán clochach sceirdiúil sin.

Ach taobh amuigh den chruatan, nó b’fhéidir de bharr an chruatain chéanna cá bhfios, d’fhás saibhreas iontach Gaeilge agus saibhreas iontach scribhneoireachta. Bhain saibhreas traidisiúin agus béalaoidis le pobal an oileáin seo. Bhí a saol agus a slite maireachtála, bunaithe ar an talamh agus ar an bhfarraige, mar cheangal leis an sean saol a bhfuil suim agus tábhacht thar na bearta ag gabháil leis. Ar ámharaí an tsaoil, tá eolas faoin slí mhaireachtála sin caomhnaithe dúinn ag mórchuid scoláirí agus lucht litríochta, fir cosúil le John Millington Synge, Karl Marstrander, scoláire ón Ioruaidh a bhaist muintir an oileáin “An Lochlannach” air, agus Robin Flower, a thug siad Bláithín air go ceanúil. Chuaigh siad go dtí na hoileáin nuair a bhí athbheochan mhór suime sa Ghaeilge agus i rudaí Gaelacha sa dara leath den naoú haois déag. An rud is tábhachtaí, áfach, nó go ndearnadh saol an oileáin a chaomhnú dúinn i scríbhinní sainiúla na n-oileánach féin. Is fear an-tábhachtach duine de na scoláirí a tháinig ar chuairt viz., Brian Ó Ceallaigh, mar is eisean a spreag an chéad scríbhneoir de chuid an Bhlascaoid, agus an duine is tábhachtaí díobh, Tomás Ó Criomhthain, chun a dhírbheathaisnéis, a scéalta agus a smaointí a chur ar phár nó ar pháipéar. Thug scoláire eile, George Thomson, treoir do Mhuiris Ó Súilleabháin i ndáil le “Fiche Bliain ag Fás” a scríobh.

Níl aon áit chomparáideach ar éadan na cruinne, le líon chomh beag sin daoine ina gcónaí ann, ina raibh bláthú chomh hiontach sin ar fhéith na litríochta. Scríobh Tomás Ó Criomhthain, Peig Sayers agus Muiris Ó Súilleabháin leabhair atá tábhachtach ní h-amháin mar mhórshaothair litríochta ach freisin mar thuairiscí ar shaol speisialta an oileáin. Cáipéisí fíoriontacha iad ina bhfaightear an-leiriú ar nósanna agus ar ghnásanna sóisialta pobail bhig a bhí scartha amach ón mórthír.

Do chabhraigh saothar na scríbhneoirí sin go mór chun ceangal a choimeád idir scríbhneoireacht an lae inniu i nGaeilge agus na modhanna cainte a bhí nádúrtha dár sinsir; agus is féidir a mhaíomh freisin gur choimeád an saothar sin ceangal idir scríbhneoireacht an lae inniu i mBéarla agus na modhanna sin. Bhí baint mhór, mar sin, ag a saothar le caomhnú na Gaeilge mar theanga bheo agus mar theanga traidisiúnta agus len í a choimeád i lár an tsrutha, fiú dár scríbhneoireacht i mBéarla.

Tugadh saothar Hóiméarach ar leabhar Uí Chriomhthain agus cinnte is saothar den chineál sin é mar, cosúil le Hóiméar, aimsíonn sé a chuid filíochta i ngnáth-imeachtaí an tsaoil — saol a caitheadh leis an bhfarraige agus leis na dúile ach go minic i mbaol uatha.


Ar lean.



Thuas chuireas pictiúr a ghlac me de shamail den "bhaile" ar an Mblascaod Mór - samhail atá ar taispeaint in Ionad an Bhlascaoid, Dún Chaoin, Contae Chiarri.