Popular Posts

Wednesday, January 07, 2009

Ár sa Phailistín




Ár Míthrócaireach

Bhuel, sa deireadh thiar, caithfidh mé mo thost a bhriseadh. De ghnáth ní luaim aon phioc den pholaitíocht in aon bhlag dá bhfuil agam. An fáth is cúis leis sin ná go mothaím go bhfuil an t-ábhar céanna ró-chonspóideach agus go bhfuil raidhse bhlaganna ann ar an idirlíon a phléann na ceisteanna ceanainne céanna.

Is í an troid uafásach mhíchothrom idir an Iosrael agus muintir bhocht na Palaistíne i nGaza an t-ár míthrócaireach a luaim thuas mar theideal. Ní thuigim i ndáiríre cén fáth go bhfuil na hIosraelaigh chomh fuilteach fealltach míthrócaireach sin. An t-íomha a thagann isteach im’ cheann ná bheith ag baint úsáid as tua ollmhór nó as casúr uafásach mór chun cnó beag a bhriseadh. Gan dabht ar domhan agus is fíorshoiléir seo do ‘chuile dhuine, sé sin, go bhfuil míchothrom mór le rá i gceist sa chogadh seo. Is an t-ár uafásach dochreidte – cailíní agus buachaillí óga agus iad séidte i smidiriníní ag buamaí ollmhóra nó ag roicéidí nó ag diúracháin threoirithe atá in ann sceimhlitheoir agus a chlann a ghlanadh de dhromchla an domhain. Ach ní mhairíonn na diúrachain threoirithe sceimhlitheoirí amháin ach scriosann siad a lán daoine neamhurchóideacha chomh maith – gnáthshaoránaigh atá ag iarraidh a mbealach a dhéanamh sa domhan agus séidtear iad chuig cheithre chúinní an domhain ag buamaí uafásacha.

Ní thuigim na hIosraelaigh. Ní dóigh liom go dtuigfidh mé choíche iad. Nárbh iadsan nó a máithreacha, a n-aithreacha nó a seanmháithreacha agus a seanaithreacha a fuair anbhás ins na campaí géibhinn cosúil le Dachau, Maidenek, Sobibor agus Auschwitz le linn an Dara Cogadh Domhanda? Nárbh iadsan a d’fhulaing go h-uafásach sna campaí céanna ach go raibh an t-ádh dearg leo gur thángadar slán? Agus cén fáth mar sin nach dtuigeann siad d’fhulaingt na bPailistíneach, nach dtuigeann siad dearóile, ainreo agus ainnis na bPailistíneach céanna? Ní thuigim an míchothrom. Ní thuigim mar níl i nGaza ach Campa Mór Géibhinn amhain, le bheith fíor. Deirtear go bhfuil an bochtannas ansan i bhfad níos measa ná an bochtannas a bhí riamh faoi lán tseoil san Aifric Theas le linn blianta an Apartheid.

Admhaím gur sceimhlitheoirí iad lucht Hamas. Ach sin admhaithe agam, toghadh iad go daonlathach i dtoghchán cothrom cóir. Chomh maith leis sin ní féidir iad a dhealú amach ón gcosmhuintir nó ós na gnathdhaoine. Conas is féidir sin a dhéanamh? Chomh maith leis sin is áit fíor bheag í Gaza le bheith macánta agus tá an áit plódaithe le daoine nach féidir leo iad fhéin a ghearradh amach ó na sceimhlitheoirí toisc go gcaifidh siad maireachtáil ar scáth a chéile in árasáin shuaracha millteannacha. Is maithreacha agus aithreacha sceimhlitheoirí iad. Is deirfiúireacha agus deartháireacha sceimhlitheoirtí iad. Leis an fhírinne a rá tá níos mó ná milliún go leith daoine i spás ar chomhmhéid leis an Mhumhan. Conas nach maireofar daoine soineanta maraon le paistí neamhurchóideacha i spás chomh beag sin?

Molaim príomhaire na Fraince, Nicolas Sarcosi atá ag déanamh sár-obair chun an fhadhb a réiteach. Is deacair fiú an focal “réiteach” a úsáid in aon chor ag trácht ar chúrsaí polaitíochta. Ach caithfimid bheith dearfach mar ní leanfaimid ar aghaidh gan dóchas a bheith againn as an saol is as an tsíoraíocht.

Mo náire sibh, a hIosraelaigh. Cheap mé gurbh fhéidir libh idirdhealú a dhéanamh idir bochtannas agus sceimhlitheoireacht! Cheap mé chomh maith go raibh sibh in inmhe idirdhealú a dhéanamh idir gnáthmhianta an chroí agus cumhacht na n-uirlisí uafásacha chun daoine a bhrú faoi chois chomh míthrócaireach, fuilteach, fealltach san. Cheap me go mbéadh sibh in ann fiú conarthaí Geneva a chomhlíonadh agus na mórchonarthaí idirnáisiúnta eile a leanúint. Ní thuigim an mhíthrócaire. Ní thuigim an foréigean. Ní thuigim an t-ár. Ní thuigim am feall. Ní thuigim an fuath is an ghráin. Ní thuigim an éagóir is ní thuigim ach an oiread an t-easpa cothromais is cómhréire.

Agus na diúrachain ag silleadh síos óna spéartha mar fhearraing dhearg uafásach ar scoileanna agus ar arasáin shuaracha tháinig dán de chuid Mhícheál Davitt isteach im’ cheann – an t-ainm ata air ná “Ó mo bheirt Phailistíneach.” Déanfaidh mé iarracht teacht ar an dán seo níos déanaí agus é a chur i gló anseo sa chéad phost eile uaim. Slán agus beannacht. Go maire na Pailistínigh bhochta buan inar gcroíthe na laethanta uafásacha seo!

Beannacht leat a scríbhinn agus ar ‘chuile dhuine a léann thú! Slan bóthar!



Thuas pictiúr den ár uafásach.