Popular Posts

Wednesday, January 14, 2009

Tuiscint don Dúlra




Bá leis an Nádúr

Léiríonn filíocht thraidisiúnta na Gaeilge, idir Dhánta na nGnáthdhaoine agus Fhilíocht na Sgol, báidh mhór leis an nádúr agus tuiscint dhomhain don dúlra. Mar sin ní bhíonn aon ionadh orainn go bhfuil na tréithe shuntasacha chéanna fós mar theáma tábhachtach idir théamaí eile fiú sna dánta a scríobhtar sa lá atá inniu ann.

Is fíor an ráiteas go dtéann an timpeallacht fhisiciúil nó an tírdhreach go mór i bhfeidhm ar mhuintir aon tir ar bith sa domhan mór. Ar shlí féadtar a rá go bhfáisctear sinn nó go múnlaítear sinn ón tírdhreach ceanann céanna. Uair amháin, léigh mé faoi eachtra bheag a bhain le Liam Ó Flaithearta. Tráth amháin ar filleadh dó ar a oileán dúchais, séard a dúirt sé leis an oileán céanna: “A Chloich Mhóir aithním thú!” Is é sin le rá i ndáiríre píre ná go raibh dúlra an oileáin go smior ina chnámha agus go domhain in a chroí. Is rí-dheacair sinn a scarúint nó a dhealú amach ón dtimpeallacht inár tógadh muid.

Chaith mé féin is mo dhearthaireacha roinnt laethanta i gContae an Chláir an Meitheamh seo thart. Chuaigh Aillteacha Mhóthair agus an aolchloch a fhaightear go fairsing timpeall an cheantair chéanna go mór i gcionn orainne. I mBoireann Chontae an Chláir agus in Oileán Árann is í an aolchloch is cloch bhunaigh iontu. Go deimhin féin is beag ithir ná cré a fhaightear i gceachtar den dá áit seo, ach is aoibhinn aisteach go deo na luibheanna agus na bláthanna a fhásann sa dúthaigh seo go léir – bláthanna agus luibheanna nach bhfaightear aon áit eile in aon chor ar fud na hÉireann. Is bláthanna and luibheanna Alpacha iad, ceapaim - ní saineolaí mé i gcúrsaí bitheolaíochta nó san nádúr, is mar sin b’fhéidir go bhfuil dul amú orm anseo.

Aisteach go mór ba i mBéarla a scríobh an Flaitheartach formhór a shaothair, ach d'fhoilsigh sé leabhar gearrscéalta, Dúil, mar aon le roinnt dánta ó am go chéile as Gaeilge. Tugtar Liam Ó Flaithearta, nó Liam O'Flaherty as Béarla, air freisin. Ba nia leis an scríbhneoir, iriseoir agus craoltóir Gaeilge mór le rá Breandán Ó hEithir (1930-1990).

Ós rud é go bhfuilim ag móradh agus ag moladh an dúlra ba mhaith liom dán beag nó liric bheag de chuid an Fhleathartaigh (1896 - 1984) féin a athscríobh anseo. Ar scor ar bith is liric bheag cheolmhar iontach é dar teideal Na Blátha Craige :

Na Blátha Craige

Adúirt mé leis na blátha:
“Nach suarach an áit a fuair sibh
Le bheith ag déanamh aeir,
Teannta suas anseo le bruach na haille,
Gan fúibh ach an chloch ghlas
Agus salachar na n-éan,
Áit bhradach, lán le ceo
Agus farraige cháite,
Ní scairteann grian aneo
Ó Luan go Satharn
Le gliondar a chur oraibh.”
Adúirt na blátha craige:
“Is cuma linn, a stór,
Táimid faoi dhraíocht
Ag ceol na farraige.”

Liam Ó Flaithearta

Tá an liric seo thar a bheith simplí ach ana-dhomhain, ceapaim, ar a shon san. Bíodh is go bhfuil simplíocht ann tá an doimhneacht ann chomh maith. Sé mo bharúilse go dtarlaíonn a leithéid de rud i ndánta na bhfilí móra i dtráth úd na Rómánsaíochta sa Bhéarla – a lethéidí mar William Wordsworth agus S.T. Coleridge, gach trácht ar an mbeirt mhórfhile eile John Keats agus Percy Byshe Shelley.

Is iontach simplí an tslí ina n-úsáideann Ó Flaithearta bua an chomhrá agus bua an agallaimh chun dul i ngleic le tarraingt dhraíochta an nádúir. Sé sin le rá go mbaineann an file úsáid phraiticiúil as pearsantú chun beocht agus fisiciúlacht nó saol a thabhairt don na bláthanna beaga áille. Labhraíonn sé go díreach leo agus cuireann sé focla simplí draíochta ina mbéal.

Caithfidh mé a rá go bhfuil an liric bheag iontach seo ar cheann de na dánta is ansa liom sa Ghaeilge. Tá sí thar a bheith simplí ach ana dhraíochta dá bharr san. Tá ceol diamhrach fiú ag baint leis na focail bheaga shimplí, ceapaim. Nach breá agus nach iontach agus nach draíochta, mioriúlta, spleoidreach agus misteach an freagra uathasan ar a cheist faoi cén fáth gur thogh siad áit chomh h-iargúlta, chomh suarach, chomh fuar feannaideach sin le bheith ag fás? :

“Is cuma linn, a stór,
Táimid faoi dhraíocht
Ag ceol na farraige.”







Mar léiriú ar an dán seo chuir mé pictiúr breá a thógas den saghas sin bláthanna a luaigh Ó Flaithearta sa dán a chuireas i gcló thuas. Is pictiúr é a thógas Mí an Mheithimh 2008 sa Bhoireann i gContae an Chláir.