Popular Posts

Wednesday, January 21, 2009

Na Blascaodaí 2




Na Blascaodaí 2


Faoina ndraíocht a mhairim go deo – sé sin faoi dhraíocht na seanscéalta is na sean nathanna agus go mórmhór faoi anáil na h-eagna is na gaoise a d’fhás i measc pobail bhig ar dhromchla chloiche aonaire i bhfásach uaigneach an Atlantaigh mhíthócairigh ag tús an chéid seo caite. Is iontach go deo conas mar a mhaireadar nó conas mar ar thánadar slán ón gcruatan agus ón anró. Míorúilt ab ea sin gan aon agó! An rud a chuir idir ionadh agus ghliondar ormsa ná chomh sceirdiúil clochach is a bhí an Blascaod Mór and chomh mífhlaithiúil is a bhí an tírdhreach nuair a leagas cos air i samhradh na bliana 2000. Nuair a bhreathnaím amach ar an Aigéan Atlantach agus ar chomh h-uaigneach fuar is a shamhlaím í (ní derim ‘é’ anseo mar maireann sí mar bhean im’ intinn cé is go bhfuil inscne an ainmfhocail firinscneach) tagann ceol na bpíobaí uileann isteach im’ aigne. Tagann ceol na bpíobaí uileann ag casadh an tiúin iontaigh mhistigh corraithaigh sin “Port na bPúcaí” isteach im’ mheabhair agus bogtar mé agus corraítear mé go ceartlár mo bheatha agus bíonn deora im’ shúile. Tá aithne ar an bport iontach uaigneach agus corraitheach seo faoi theidil dhifiriúla “Caoineadh Na hInise”, “The Lament Of The Island” nó “The Music Of The Fairies.” Is féidir le láitheoir ar bith éisteacht le clár raidio faoin tiún seo ag an nasc seo: Port na bPúcaí – The Music of Ghosts Chomh maith leis sin féadtar éisteacht le Cillian Vallely á seinm anseo ar Youtube ag an nasc seo leanas: Port 1 Nach iontach misteach corraitheach an port céanna! Éist leis agus bí corraithe agus bogtha chun caointe.

Ta dlúthcheangal idir an tiún céanna agus an Blascaod Mór gan dabht ar domhan. Deirtear go h-áitiúil sa bhéaloideas gur tháinig an fonn seo ó fhuaimeanna a dhéanann na míolta móra agus na deilfeanna – créatúir leath-ósnádúrtha sa bhéaloideas féin – nó go dtagann sé ó fhuaim na gaoithe sa simléar nó fiú ó cheol na síóg – ceol sí. Is leor é sin mar mhíniú don leannán nó don t-é atá faoi dhraíocht ag an rómánsúlacht. Dúradh uair amháin gur chum Seán Ó Riada ach ní fíor sin agus tá sá cruthaithe ag staraithe nar chum. B'fhéidir gur chuir sé snas air!

Tá an taifead údarásh bunúsach de Phort na bPúcaí ar an dlúthdhiosca Beauty an Oileáin: Music and Songs of the Blasket Islands (Claddagh CC56CD, 1992). Castar ar an bhfidil é ag Seán Cheaist Ó Catháin, a rugadh agus a tógadh ar an mBlascaod Mór agus b’ann a d’fhoghlaim sé an chuid is mó dá cheol. Bhásaigh sé sa bhliain 1972. Dhein Muiris Ó Conghail an taifeadadh bunúsach sa bhlianin 1968. Deir an t-eolas ar chlúdach an dlúthdhioca seo gur tháinig an fonn nó an port seo ó Inis Mhic Uibhleáin (sé sin Inis Mhicealáin a bhí mar oileán pearsanta ag Séarlas Ó hEocaí, iar-thaoiseach na hÉireann uair amháin). Dúirt Sean Cheaist sular thosnaigh sé ar an bport a chasadh gurbh amhlaidh a chuala roinnt aoirithe nó tréadaithe é don chéad uair le linn oíche uaigní amháin amuigh ar an oileán beag sin agus gur bhaist siad Caoineadh na Síog air.

Deir Ríonach Uí Ógain ins na Nótaí ón gclúdach céanna go ndeireadh na seanfhundúirí gurbh é muintir Uí Dhálaigh agus muintir Uí Ghuithín a chuala an ceol uaigneach seo don chéad uair. Déanann sí tagairt do staidéar údarásach Sheoirse Mhic Thomáis: “Inis Mhic Uibhleáin, the most beautiful and most mystical of all the Blaskets. The old people said that it was enchanted up until our own time; and indeed
they had a tune, "Port na bPúcaí", which was learned from the fairies in the island about a hundred years ago. Oral accounts have been collected in which it is said that the music was first heard in the form of a song. One such account says: One day three boats from the Great Blasket went to the small Island. A woman called Neans Ni Dhálaigh was there. When they landed they brought up the boats. After a while two of the boats went to the big Island. One of them stayed and after a while the woman was sitting on a stone. She heard the song. She heard it twice. The third time she was singing the song herself along with the voice and the voice disappeared. The man heard it again and he was fearful and anxious. The woman met him and asked him if he had heard the song. He said he had. The other three came and they didn't hear any voice. They brought down the boat and they were going home. Neans was singing the song in the boat and the song is called 'The Tune of the Fairies'. The others were afraid when they heard it. It can still be heard on the Great Blasket.”

Is féidir leat níos mó eolais a fhoghlaim faoin bport traidisiúnta misteach seo ag an nasc seo a leanas: Port 2


Ar lean.

Thuas d'uaslódalas grianghraf a ghlacas de thinteán traidisúnta in Ionad an Bhlascaoid Mhóir. Ba thart fá thinteán cosúil leis seo a chloisti idir scéalta traidisiúnta agus na seanphoirt áille ar nós Phort na bPúcai chomh maith.