Is é seo mo chéad bhlag as Gaeilge. Beidh gach iontráil sa bhlag seo sa teanga sin - teanga ar náisiúin agus ár sinsear. Táim an-bhróidiúil ar fad as bheith i mo Ghael agus as an nGaeilge atá ar mo thoil agam. Is cuid thábhachtach dár bhféinaitheantas í an Ghaeilge agus tá súil agam cur leis an méid Gaeilge atá cheanna féin ar an mblagchruinne! Beannacht leat a scríbhinn agus beannachtaí breise ar gach a léann thú!
Popular Posts
-
Anois tá na h-uimhreacha de na daoine bochta a maraíodh to tubaisteach sa chrith talún in Abruzzo na hIodáile fós ag ardú. Ó scríobh mé sa ...
-
Seanbhád in Árainn Mhór Bhuel tá an iomarca ama sleamhnaithe isteach ó scríobhas puinn ar phár na blagchruinne anseo in Aisling! Déanta...
-
Dánta is Geal Liom 7 Táim ag filleadh arís san alt seo ar dhánta an Díreánaigh. Ní bhíonn sé ag plé mórán le cúrsaí achrannacha an anama a...
-
Mo choischéimeanna féin i gCoill Sheantraibh le déanaí Bhuel, a chairde dile, tá an aimsir atá againn anois ar a laghad feiliúnach don Sé...
-
Ins an bpost deireanach luaigh mé cé chomh doimhin, géarchúiseach, agus gan dabht tuisceanach, is atá léargas Nic Dhomhnaill ar chúrsaí ban...
-
De ghnáth ní dhéanaim fógraíocht ar an mblag seo, ach tá mé díreach tar éis ríomhphost molta cineálta a fháil ó bhean arb ainm dí Nóra Áine ...
-
Dánta is Geal Liom 4 Mar a dúirt mé i mo phost inné is breá liom dánta de chuid Sheáin Uí Ríordáin. “Cén fáth sin?” a deir tú. Bhuel tá me...
-
Is cuimhin liom na blianta ó shin bheith i láthair ag léacht iontach i gColáiste na hOllscoile , Baile Atha Cliath . Is amhlaidh gur tugadh ...
-
Alan Harrison (1943-2005) Is maith is cuimhin liom an sár-léachtóir le Gaeilge agus an cumarsáidí cumachtach sin Alan Harrison . Is cúis mh...
-
Dánta is Geal Liom 10 Ba mhaith liom caint faoi dhá dhán is ansa liom sa phost cuíosach fada seo. Is féidir leis an léitheoir an dá cheann ...
Sunday, January 04, 2009
Seanfhocal na hAthbhliana: "Mair a chapaill agus Gheobhair féar!"
Dia eadrainn agus an t-olc, ach tá na blianta ag sleamhnú isteach ró-ghasta ar fad. Ní bhraithim ag imeacht iad agus mé saite ins na cúraimí idir bheag agus mhór a bhíonn idir lámha agam. Ach sin mar a bhíonn an saol. Díreach is an lá amárach beidh mé aon bhliain caogad d’aois. Tá sean leathrann sa traidisiún a deir: “Maireann an chraobh ar an bhfál ach ní mhaireann an lámh do chur.” Chomh maith leis sin tá seanfhocal ann beagnach ar chomhbhrí leis an leathrann úd, sé sin, “Ní bhíonn in aon rud ach seal.” Is amhlaidh gan aon agó gur féidir an rud céanna a rá faoin bheatha dhaonna.
Anois is píosa beag Gaolainne á scríobh agam ba mhaith liom chomhbhrón a dhéanamh le clann agus le muintir Tony Gregory, T.D. a bhásaigh dhá lá ó shin. Laoch iontach ar son na mbochtán agus ar son lucht lár na cathrach anseo i mBaile Átha Cliath ab ea an fear céanna. Throid sé i gcónaí ar son cearta sibhialta – agus gan amhras ar son cearta daonna – na ndaoine céanna i rith tuairim is tríocha bliain. Leaba i measc na laochra go raibh aige. (Níl’s agam ó thalamh an domhain an Críostaí nó aindiagaí agus is cuma – sin an fath a dúras laochra seachas naoimh ansin). Ní raibh ach aon bhliain seascad slánaithe aige ar an saol seo – díreach deich mbliana níos sine ná mé fhéin. Sin an rud a chuireannn isteach agus amach orm, sé sin le rá go bhfuil mo chomhleacaithe fhéinig ag fáil bháis – comhartha cumhachtach go bhfuilimse féin ag méadú in aois. Ach bíodh sin mar atá – ná dearmadaigh go gcaitear an saol a cheiliúradh agus a chaitheamh, agus dul ar aghaidh go cróga le dóchas. Muna ndéantar sin titear sa duibheagán, sa duairceas agus sa ghruaim.
Anois is an tóin tar éis titim as geileagar na tíre seo mothaímid go bhfuilimid caillte toisc ná fuilimid ábalta gach deis is nua a cheannach – Four Wheel Drives agus ceithre shaoire in aghaidh na bliana gan trácht ar an árasán faoin ngréin. Nach trua dhúínn má táimid chomh h-éadomhain amplach santach sin. Ní feidir le héinne a dhath de rachmas an tsaoil nó de shaibhreas saolta a thabhairt leis nó leí ar lá an bháis. Chuala mé mór-údar idirnáisiúnta a rá – agus ní chuimhin liom cé hé ach amhain gurbh fhear a bhí ann - gurb é an gnó atá ag litríocht ná sinn a theagasc i ngnóthaí an bháis, sé sin le rá chun cur in iúl dúinn nach mbíonn níos mó ná seal againn ar an taobh seo den uaigh agus go mba cheart dúinn caradas a dhéanamh leis an mbás céanna.
Nuair a smaoinímid agus nuair a mhacnaímid ar mhistéir an bháis níor cheart dhúinn éirí éadóchasach nó dubhach dubh-bhrónach nó duairc gruama. Ba cheart agus ba chóir dúinn an saol a chaitheamh go huile is go hiomlán. “Mair a chapaill, agus gheobhair féar.”
Thuas tá pictiúr a ghlacas de chapall i gCo an Chláir, Meitheamh, 2008
Labels:
Bás,
Fealsúnacht Bhaile,
Fógra Mairbh,
Litríocht,
Seanfhocail,
Spioradáltacht