Popular Posts

Sunday, January 11, 2009

Ár sa Phailistín 2




Ceann de na scannáin is ansa liom ná Mississippi Burning (1988) leis an stiúrthóir clúiteach sin Alan Parker. Tá an scannán céanna feicthe agam níos mó deich n-uair. Is iad na h-aisteoirí iontacha Gene Hackman (Gníomhaire Anderson) agus Willem Dafoe (Gníomnhaire Ward) an bheirt charactar lárnacha. Ag pointe amháin den scannán drámatúil seo cuireann Gníomhaire Ward ceist ar an nGníomhaire eile: “Cad as a dtagann an fuath seo go léir, Mr. Anderson?” Freagraíonn Anderson é tré scéal a aithris faoina athair fhéin. Scéal ana-thábhachtach im’ thuairim. Sé croílár an scéil ó bhéal Anderson ná gur chuir a athair nimh i dtobar a chomharsan toisc go raibh sé in éad leis mar go raibh capall aigesean agus nach raibh aon ainmhí iompair aige féin. Gan dabht fear gorm a bhí sa chomharsa céanna. Agus mar a déarfá, ní raibh sé ceart ná cóir ag an am san go mbéadh fear gorm níos saibhre na fear geal. Sin mar a bhí na Stáit Aontaithe sna seascaidí agus níos luaithe roimh thráth na gCearta Sibhialta.

Caithfidh mé a rá anois agus é a rá go h-ard agus le treise nach bhfuil uaim tráchtas a dhéanamh ar aon scannán nó ar an scannánaíocht go ginearálta. Séard atá uaim anseo ná díriú isteach go cruinn ar cheist Ghníomhaire Ward agus ar fhreagra Ghníomhaire Anderson, sé sin, go dtagann an fuath go léir go bunúsach ó leithleas agus ó chíocras an duine dhaonna. Is daoine leithleasacha, amplacha, santacha, cíocrasacha sinn go léir.

Ins an post a scríobhas sna leathanaigh seo díreach roimh an bpíosa seo dhírigh mé m’aird ar an ghéarchéim pholaitíochta nó ar an gcogadh éagóireach sin idir Stát Iosraeil agus muintir bhocht na Palaistíne. Is cogadh éagóireach amach agus amach é agus ní feidir le h-aon pholaiteoir é a chosaint. I ndáiríre is cogadh éagóireach, míchothrom agus dochosanta é. Fiú tá uimhreacha na marbh as coibhneas agus as comhréir ar an dá thaobh. Éist leis na huimhreacha, níos mó ná ocht gcead Palaistíneach marbh agus trí chéad páiste san áireamh céanna. Ar thaobh na nIosraelach de níl ach triúr marbh. Chomh maith leis sin ní tír in aon chor í Gaza ach sórt campa mór géibhinn nach féidir leis na Palaistínigh gluaiseacht isteach nó amach as ar a dtoil. Táid mar phríosúnaigh ina “dtír” féinig! Taobh amuigh de sin tá ganntanas bídh is dí ann chomh maith – níl an gorta ró-fhada ó na Palaistínigh bhochta. Agus cuirigi san áireamh chomh maith an sórt lón cogaidh ata in úsáid ag an Iosreal - é go léir go mór mór mór as cuimse, as coibhneas as as comhréir ar fad! Ar dóigh amháin ní thuigim an fuath seo go léir agus ar dóigh eile tuigim go ró-mhaith é. Tagann an fuath seo go léir go bunúsach ó leithleas agus ó chíocras Stat Iosraeil. Is daoine leithleasacha, amplacha, santacha, cíocrasacha na hIosraelaigh go léir. B’fhéidir go bhfuilim ag dul thar fóir anseo. Ach maithigí dom é, mar níl mise ag marú éinne. Nílimse ag briseadh dlíthe idirnáisiúnta ná cearta daonna. Ná nílimse ag sarú coinbhinsiúin Geneva. Tá Iosraeil ag déanamh sin agus níos mó. Mó náire sibh, a Iosraelaigh. Tá sibh ag briseadh agus ag sárú gach dlí idirnáisiúnta agus cearta daonna bunúsacha. Níl aon leithscéal ar domhan agaibh ach an leithleas, an ampla, an tsaint agus an cíocras. Anois chun críoch a chur leis an bpost beag seo ba mhaith liom dán Mhichael Davitt a chur anseo agus é a thiomnú dos na Palaistínigh bhochta bhrúite i nGaza:

Ó mo Bheirt Phailistíneach

18/9/82, iar bhfeiscint dom tuairisc theilifíse
ar shlad na bPailistíneach i mBeirut


Bhrúigh mé an doras
oiread a ligfeadh solas cheann an staighre
orthu isteach:

na héadaí leapa caite díobh acu
iad ina luí sceabhach
mar ar thiteadar:

a gúna oíche caite aníos thar a mása
fuil ar a brístín lása,
as scailp i gcúl a cinn

a hinchinn sicín ag aiseag ar an bpiliúr,
putóg ag úscadh as a bholgsan
mar fheamainn ar charraig,

ae ar bhraillín,
leathlámh fhuilthéachta in airde.
Ó mo bheirt Phailistíneach ag lobhadh sa teas lárnach.

© Michael Davitt
From: Bligeard Bráide
Coiscéim, Dublin 1983


****************************************************************

Beannacht leat a scríbhinn agus beannacht ar gach éinne a léann thú!

****************************************************************
Thuas tá pictiúr a tógadh le déanai i nGaza - beirt pháiste ar thóir bia! Ár naire sibh, a Iosraelaigh!!!