Popular Posts

Sunday, October 14, 2007

"Ní thagann Ciall roimh Aois"





Ciall agus Aois



De ghnáth foghlaimímid de réir mar a théimid in aois – ar a laghad an formhór dúinn! Mar sin ceapaim go dtiteann dualgaisí móra ar ghuaillne tuismitheoirí, sé sin a gclann mac agus a gclann iníon a thógadh le caighdeáin mhoráltachta mar dhea-iompar agus meas orthu féin agus ar dhaoine eile, sé sin le rá luachanna an phobail. Na laethanta seo is é mo thaithí féin agus taithí múinteoirí eile de mo chomhleacaithe go bhfuil ag clis ar thuismitheoirí smacht a choiméad ar a bpáistí, go h-áirithe ar a ndéagóirí. Bíodh sin is uile ba mhaith liom tagairt do dhá sheanfhocal ar chomhbhrí ins an bpost beag seo.


An chéad cheann ná “Ní thagann ciall roimh aois” agus is rí-fhíor an ráiteas seo ceapaim. An ceann eile atá ar chomhbhrí leis ná: “Ní féidir ceann críonna a chur ar cholainn óg.” Mar sin bhaist mé an teideal “gaois agus aois” ar an sliocht seo ‘gamsa. De ghnáth mar a dúirt me ag tús an phíosa seo go dtagann gaois le h-aois, sé sin go dtagann ciall le dul in aois dúinn. Slí eile chun e seo a rá ar ndóigh ná go bhfoghlaimímid ónár gcuid bhotún. Ach ó mo thaithí le déanaí is oth liom a rá go bhfuil daoine ann nach bhfoghlaimíonn óna gcuid bhotún. Is amhlaidh gurb é sin an chúis go bhfuil an méid chomh mór sin dúinn sna priosúin éagsúla ar fud an domhain!


Uaireanta nuair a fheicim droch-iompar na ndaltaí ar scoil smaoiním ar ceachtar den dá sheanfhocal seo agus glacaim píosa beag misnigh ar a laghad – á féach, níl iontu ach daoine óga agus b’fhéidir go bhfoghlaimeoidh siad amach anseo. Uaireanta eile bím níos réadúla agus glacaim leis go bhfuil siad imithe ó smacht a dtuismitheoirí agus go bhfuil siad drochbhéasach d’aonghnó. Uaireanta éirím éadóchasach faoin dtodhchaí. An bhfuil dul amú orm nó nach bhfuil? Ar aon nós is seanfhocail fhíora an dá cheann acu ar slithe áirithe.



Thuas ag barr an phoist seo d'uaslódail mé grianghraf diom féin agus de mo dhaltai ar thuras scoilego Delphi, Co Mhuigh Eo, Márta 2007. Tá súil agam go bhfuilim ar a laghad piosa beag nios ciallmhaire ná na buachailli óga agus gur thainig roinnt céille le h-aois.