Popular Posts

Saturday, June 21, 2008

Ardú Meanman




Ceithre Dhán

Uaireanta mar seo, téim i muinín mo theanga dhúchais chun ardú meanman a thabhairt dom féin; chun mé féin a dhúiseacht ón ísle brí is ón nduibheagán is ón ndorchadas a thithfeadh murab í agus a cúnamh draíochta misteach. Tagann focail chugham ceapaim ón neamhchomhfhios, áiteanna rúnda éigin mar a bhfuil na scáthanna ag lámhacháin i gcúinní dorcha iargúlta. Nuair a thagann na focail amach ó na cúinní damanta dearmata céanna taithníonn solas an fheasa agus an chomhfheasa orthu agus léimeann siad chun beochta i gcruth na gnáth-abairte ar dhromchla mo theangasa. Uaidh sin ardaítear m’anam is mo chroí – glacaim dóchas agus muinín nua as an saol místéireach ina gcaitear sinn go neamhthrócaireach mar a deir na fealsaimh chomhaoiseacha. Sin a tharlaíonn i mo chása ar aon nós.

Ba mhaith liom, mar sin, sraith eile de dhánta a chur ós bhur gcomhair amach arís an babhta seo. Anseo thíos gheobhfá ceithre cinn de dhánta a scríobh mé faoin tréimhse a chaitheas sa mhéanscoil. Seo dhaoibh iad. Bainigí sult nó a mhalairt astu. Beannacht libh a dhánta!


Méanscoil 1

Halla mór scrúdaithe
I lár an bhaile mhóir –
Cúpla céad macléinn
Scáfar roimh aineolas,
Buachaillí beaga bailithe
I gcomhair roghnaithe.
Bráthair uasal ag glaoch rolla
I nguth galánta –
Bhíomar i meánscoil ar dóigh –
“Ó Murchú, Maitiú,”
“Ó hÁinle, Eoghan,”
Agus “anseo” á fhreagairt
Ar fud na h-áite.

An príomhoide ag an ngeata
Dár ngríosadh ár ndícheall a dhéanamh.
“Beidh an lámh in uachtar agat air inniu!”
Ar seisean le buachaill beag tanaí
A raibh cuma intleachtúil air.
Ní raibh múinteoir tuata le feiceáil
Mar bhí na bráithre fós chun tosaigh
Ach i ndeireadh réime.

Ocáid mhór sholúnta ab ea é,
Cead isteach don mheánscoil
Ba mhó clú ar fud na cathrach,
Éalú ó na sráideanna beaga cúnga
Is ó na postanna gan todhchaí.

Lá breá i dtús Bealtaine,
Gach rud ina áit chuí,
Boladh úr an pháipéir scríofa,
Iontas mór an pháipéir scrúdaithe,
M’uncail sa bhaile ar saoire
Ó na Stáit Aontaithe –

An Domhan Mór faoi chaibidil aige
Is mise i mo thír bheag féinig.



Méanscoil 2


Arbh iad na réalta
Nó an chinniúint
Nó fiú an t-ádh
Nó an mí-ádh féin
A thug le chéile muid –
Breis is céad againn,
Chéadbhlianaigh,
Scáfar roimh
Todhchaí éiginnte?

Conas nach mbraithfeá
Caillte i measc an tslua mhóir sin?
Conas nach mbeifeá níos mó
Ná uimhir ar mheamram
Nó scríbhinn i leabhar rolla?
Fiú an dtabharfaidís faoi deara
Dá mbeifeá as láthair?

Ach lá liath cinniúnach amháin
Stopadh saol na scoile,
Saol mór neamhphearsanta na scoile
Le drochscéala –
Lá liath an fhómhair,
Cosúil le laethanta liatha eile an fhómhair,
Leagadh buachaill beag againn
Ar a shlí ar scoil,
Duine beag dár míle saighdiúir,
Buachaill nár chuimhin linn a ainm
Trasna na mblianta,
Chéadbhlianach nár tháinig chun críche
É buailte ar lár
I lár an fhómhair –
Lá liath an fhómhair –

Tá a ainm greanta ar leach áit éigin
Nó i gcroíthe anaithide,
I bhfad bhfad i gcéin
San imigéin.


Meánscoil 3

Dob é an t-eolas an chumhacht
Agus an fhoghlaim an eochair,
An eochair dhraíochta don fháistin.
Thuigeamarna sin,
Sinne mic na ndaoine bochta
Gurbh é seo an deis
A chaithfimis a thapú
Dá dtiocfadh linn dul chun cinn
Sa saol mór milteach mealltach scanrúil.
Bhíomar cúthail agus trína chéile
Os comhair na ndaltaí
A raibh níos mó de rachmas an tsaoil acu,
Ach bhíomar ar chomhchéim leo
In obair na leabhar
Má bhí an mheabhair chuige ionainn.
Is chuige sin a tháinig siad –
Na mic fheirmeoirí ó iarthar tire –
Bunmhúinteoirí is meanmhúinteoirí,
Is ó dheas is aniar aduaidh fosta
Chun buachaillí bochta na cathrach
A chur ar bhóthar a leasa.
Chuireamar gach rud go glanmheabhar.
Ní raibh áit ar bith ann don leisceoir.
Caithfeadh a leithéid an scoil a fhágáil
Agus post íseal umhal a fháil.
Úsaideadh an leathar cumhachtach
Go ró-mhinic monuar
Fiú chun eolas a dhoirteadh
I gcloigne folmha –
Ach b’iad sin na seachtóidí liatha duairce.
Má dúnadh doirse an tsaoil inár n-aghaidh
Bhéadh eochair dhraíochta don fháistin
In ár gceachtanna leadránacha againn.

Bhímís de shíor ag tnúth lena n-oscailt.


Méanscoil 4

Ba bheag nár
Leim sé as a chraiceann,
An seanmhúinteoir ag barr an ranga,
Mile naoi gcéad seachtó ceathair
Is sinne suite suaimhneach
Smachtaithe inár mbínsí scoile,
Bliain chinniúnach sin na mbuamaí,
Carrbhuamaí Átha Cliath is Mhuíneacháin.

Bhí gach éinne neirbhíseach
Is na gardaí cúramach faoi pháirceáil
Is sinne scáfar roimh charranna pairceáilte
Anseo is ansiúd ar fud na cathrach
Ach níor lean an t-imeagla ró-fhada –
D’éiríomar cleachtaithe aige
Bliain chinniúnach sin na mbuamaí,
Carrbhuamaí Átha Cliath is Mhuíneacháin.

Is cuimhin liom seanbhráthair,
“Pa”an t-ainm a baisteadh air
ag caint faoi na buamaí a thit
Trom tragóideach ar an Trá Thuaidh
Le linn an Dara Cogadh Domhanda,
Blianta, blianta roimhe sin
Is an t-eagla agus an fhuil,
An rí-rá agus an ruaille-buaille
Bliain chinniúnach sin na mbuamaí,
Carrbhuamaí Átha Cliath is Mhuíneacháin.




Thuas ta pictiúr a ghlac me le déanai nuair a bhi mé ar thuras deireadh seachtaine i gContae an Chláir - Aillteacha an Mhóthair ar ndóigh atá leirithe ann!

Thursday, June 19, 2008

Sraith de Dhánta




Réamhrá

Is oth liom a rá nach raibh deis agam scríobh sna leathanaigh seo le déanaí. Orm féinig a bhí an locht leis an fhírinne a rá mar ní dhearna mé iarracht am a chur ar fáil chuige. Ach sin mar a bhíonn cúrsaí sa saol againn – bímid sáite i rud amháin nó eile agus déanaimid faillí i gcúraimí áirithe. Gan dabht is cuid thábhachtach dem’ shaol í an Ghaeilge. Mar sin caithfidh mé blag a bheith agam chun mó ghrá don teanga ársa sin ár sinsir a léiriú nó a thaispeáint. Rud eile ar mhaith liom a admháil anseo nó go bhfuilim tuirseach traochta i ndiaidh bliain acadúil fhada a chur díom ag múineadh teanga nach bhfuil móran suime ag na leitheidí de leaids atá againne inti. I ndairíre píre nílim ag fáil aon locht orthusan nó fiú ormsa nó ar ar bhfoireann dhúthrachtach dhíograiseach atá ag treabhadh na mara rompu inár scoilín beag. Is ar an gcóras oideachais atá an locht. Ta líon na scolairí titithe inár scoil – níl ach tuairim ar dhá chéad dalta triochad sa scoil ina iomláine, agus is ó lár na cathrach don bhformhór acu. Nil móran suime acu sa léann – b’fhearr leotha príntíseacht de shaghas éigint a fháil seachas dul ar aghaidh agus freastal ar ollscoil. Leis an fhírinne a rá níl an curaclam atá curtha chun tosaigh againne in oiriúint do riachtanaisí na ndaltaí. Chomh maith leis sin tá dearcadh i gcoinne na Gaeilge acu chomh maith ón gcliabhán – “Dúirt mo dhaid nach raibh aon fhiúntas riamh sa Ghaeilge” agus ráitis eile cosúil leis sin ar a mbéal acu. Bíodh sin is uile is scata iontach iad ó thaobh iompair agus béasa dhe. I ndairíre píre tá sé deas go leor bheith leo agus a bheith á dteagasc ach tá an post dúshlánach agus tuirsiúil in a lán slite. Ar aon nós is faoin scoil nó faoin mbunscoil a chumas sraith de cheithre dhánta le deireannas – sé sin an bhunscoilíocht lem’ linnse. Ní gá ró-mhór a rá mar labhraíonn gach aon dán as a stuaim fhéinig. Seo dhíobh iad. Bainigí sult nó a mhalairt astu.



Bunscoil 1

Seanchlós stroighne,
Glaonna buachaillí
Is bualadh cloig
Is ord agus eagar
Na h-aoise imithe
Is an fhuacht gheimhriúil
Fiú sna seomraí.
An tsean-staighre iarainn
Mar uirlís ceoil
Faoi choischéimeanna
Scolairí na nglúnta caillte –
Daicheadaí, caogaidí,
Seascaidí ‘gus seachtóidí –
ní fios cá bhfuilid.
Amhail an tseaca
Tá na laethanta sin leáite,
Ach na cuimhní cinn
Fanfaidh siad fuar
Im’ chnámha.



Bunscoil 2

Seanbhráthair Críostaí
Ag barr ranga
Agus sinne buachaillí
Faoi dhraíocht aige,
Faoi chumhacht na scéalta
A dhoirt go fras
As a bhéal binn beacht,
Scéalta móráltachta
Don chuid is mó,
Ceachtanna ón gcaiticiosma,
Léirithe is mínithe
I scéalta beaga
A d’fhoghlaimigh sé
Thar na blianta dubha
Anseo is ansiúd
I seanscoil bhocht
Sula raibh aon ní ann
Seachas solas an dóchais
Go mbeadh cúrsaí
I bhfad bhfad níos fearr
San am a bhí le teacht.


Bunscoil 3

Fear beag galánta,
Feistithe i ndubh na mbráithre,
Gan ríb ghruaige in aimhréidh,
Fios a ghnó aige –
Dhéanfadh sé príomhoide maith –
Shílfeá.

Fear mór gramadaí
Le spéaclaí an intleachtaí
A scríobh go cruinn
Ar chlár ar thacas,
Sárghramadóir,
Sármhúinteoir –
Shílfeá.

Ní ligfeadh sé aon rud ó smacht,
Gach rud in ord,
Gach rud in eagar,
Gach rud ina áit chuí,
Gach dalta ina bhínse féin
Faoi scáth an bhráthar bhig.
Rang suaimhneach –
Shílfeá.

Fear mór na seanfhocal,
Fear mór an ghinidigh,
Ach ní mar a shíltear bítear –
Fear mór na rangabhálacha
Is an leabhair ghramadaí
Ach ní mar a shíltear bítear.

Fear beag searbh a bhí ann,
Searúsach fiú,
Fios a ghnó aige,
Fios an leathair aige,
Fios an leathair chumhachtaigh,
Fios an leathair ró-chumhachtaigh
Fios an leathair ró-ró-chumhachtaigh.

Is cuimhin liom na deora,
Is cuimhin liom na lámha dearga,
Is cuimhin liom na daltaí malla,
Na daltaí fíorlaga
Nár thuill a fhíor-dhroch-íde
Is fuaim olc an leathair
Ag teacht ina dtreo.


Ba sinne na buachaillí
A raibh an t-ádh dearg leo
Ar theacht thar n-ais dúinn
An bhliain dar gcionn –
Bhí an ollphéist imithe,
Ardú céime faighte aige
Mar phríomhoide
I scoil níb’ fhearr.
Fios a ghnó aige,
Fios an leathair aige,
Fios an leathair chumhachtaigh,
Fios an leathair ró-chumhachtaigh
Fios an leathair ró-ró-chumhachtaigh.
Ardfhear,
Sárghramadóir,
Sarmhúinteoir –
Shílfeá.



Bunscoil 4

Seanfhear anois
Ag teacht chun ceann scríbe,
Tuirseach is amhlaidh
Ach ba chuma dhúinne –
Daltaí ar dúil dóibh ord is eagar
Faoi chúram seanchaptaena
Nár lig aon rud ó smacht.
Is cuimhin liom a rialacha
Dearfa, dochta, daingne
A bhí chomh soiléir le grian
La breá samhraidh gan scamall.
Ansin na garanna beaga bídeacha
Ag gach éinne againn
A choimeád sinn socair –
Dalta á dhéanamh seo,
Dalta á dhéanamh siúd,
Duine ag glaoch “paidreacha”
Agus sinne ag éirí inár seasamh,
Seanchlár dubh na bhfocal marcálta,
Ceann eile dá chéimseatan chruinn
Ag bun an ranga
Is sinne ‘nár suí ar barr bhínse.
An seanrothar Raleigh
Ina sheasamh i leataobh
Ní rófhada ón tacas –
Dob’ é mo ghnósa
É a shiúil chun an dorais
Ag am lóin
Ionas go n-éalódh seanoide
Óna chúraimí ranga
Go lár na cathrach.

Ach b’fhathach cineálta é
In ainneoin an bhata fhíochmhair
Nar úsáideadh go ró-mhinic.
Is cuimhin liom é á bhualadh
I gcoinne bharr a bhínse
Chun meadarachtaí na ndánta
A chomhaireamh is a chúntas –
Is uaidhsean a d’fhoghlaimíos
Áilleacht is binneas na filíocht’.

Blianta ina dhiaidh sin
Is mé fásta im’ mhúinteoir féinig
Chonaiceas é ina ochtóidí
Seanfhear cromtha críonna
In ollmhargadh nua-aimseartha
Ag pacáil a mhálaí plaisteacha.
Ní raibh sé de mhisneach agam
Mé féin a chur in aithne
Mar b’fhearrde go mór
Go bhfanfadh sé fós
Ina fhathach
Im’ chuimhne.





Thuas d'uaslódalas pictiúr a ghlacas le déana de sheanscoil naisiúnta na mbuachailli i Ros Cré, Co. Thiobraid Árann, scoil ar ar fhreastal mo dhearthair mór Gearóid.