Popular Posts

Showing posts with label Aibítir. Show all posts
Showing posts with label Aibítir. Show all posts

Saturday, January 13, 2007

An tOchtú Litir Déag den Aibítir


An tOchtú Litir Déag den Seanaibítir – An t-Úr , an litir U

Tugann an Duinníneach “the heath tree” nó “the tree heath” mar mhíniú ar an litir U nó ar an Úr.  Níl eolas ar bith faoin gcrann nó faoin tor seo i leabhar Mhic Choitir, leabhar iontach suimiúil a dtagraím go minic dó sna leathanaigh seo.  Ach is tor síorghlas é an t-úr céanna a fhaightear go forleathan ar fud na Méanmhara.  An téarma laidine air ná Erica Arborea.  Fásann bláthanna bána cumhra ar an tor céanna i míonna Bealtaine agus Meithimh agus fásann sé go h-airde 3 mheadar ar a mhéid.   Is ait an t-ainm é mar mhíniú ar an litir U i nGaeilge mar ní fhaightear an tor seo go nadúrtha nó go dúchasach in Éirinn.  Caithfidh me níos mó staidéir a dhéanamh ar conas a tharlaíonn an rud ait seo.  Baintear úsaid as fréamhacha an úir chun píopaí a dhéanamh – píopaí i gcomhair chaitheamh tabac atá i gceist agam anseo dar ndóigh -na píopaí ar a dtugtar “Bruyère” nó “Briar”.


Seo dhaoibh thuas pictiúr beag den úr.

Thursday, January 04, 2007

An Seachtú Litir Déag




An Seachtú Litir déag den Seanaibítir

Is í an “teithne” nó an “teine” nó an T an seachtú litir déag den aibítir.   Ciallaíonn “teithne” “furze” i mBéarla dar leis an Duiníneach ach nílim in ann teacht ar ainm na litreach seo ná ar an bhfocal féin in aon cheann dena gnáthfhoclóirí.  Gan dabht tugann siadsan an focal “aiteann” ar “furze”.  Mar an gcéanna leis an foclóir idirlíne  www.focal.ie , níl sé ann ach an oiread.  Bíodh sin mar atá leanfad ar aghaidh le píosa beag scríbhinne ar an aiteann.

Tá trí fhocal ann i mBéarla ar “aiteann” mar atá: “gorse”, “whin” agus “furze.”  An rud is suntasaí faoin tor iontach álainn seo ná na bláthanna fíorbhuí atá beagnach faoi bhláth de shíor air.  Bhaintí úsáid as an adhmad dosna tinte sna seanlaethanta.  Fiú nuair a dhóitear nó nuair a ghearrtar go talamh é athfhásann sé tapaidh go leor.  Uaidh sin is siombal an tsaibhris agus na torrthúlachta é an t-aiteann.    

Tugann Mac Coitir seanfhocal nár chualas riamh im’ shaol go n-uige seo:  “An t-ór faoin aiteann, an t-airgead faoin luachair agus an gorta faoin bhfraoch: Gold under the furze, silver under the rushes and famine under the heather.”  Nach álainn é an seanfhocal sin, a chairde!  Seanfhocal, gar go leor don cheann seo ná ceann a fhaightear i gCo. Chiarraí:  “Mac rí an t-aiteann, mac bodaigh an fraoch: Furze is the son of a king, heather the son of a beggar.”

Luann an Coitireach trí nó ceithre cinn de scéalta béaloideasa faoin aiteann agus a shaibhreas.  Seo ceann an-ghairid ar fad:  Chuaigh fear in aimsir tráth chun aiteann a bhaint ar fheirm áirithe ar tuarastal scillinge don lá.  Chomh luath is a thosnaigh an fear oibre bocht ag obair ar an tor aitinn thit scilling amach ar an talamh roimhe.  Ní raibh air mar sin aon obair a dhéanamh an la úd!

Lá Bealtaine thugtaí bláthanna isteach sna tithe, chuirtí é ar an  bhfardhoras nó fiú sa tuí chun ádh a thabhairt do mhuintir an tí nó chun an samhradh a bhrostú isteach.  In áiteanna éagsúla ar fud na tíre chuirtí aiteann in áiteanna bainteach le bainne nó le h-im chun na síóga a choiméad ó chur isteach nó amach ar na táirgí seo!

D’úsáidí an t-aiteann chun na beithígh nó an stoc a chothú, chun leaba agus fothain a thabhairt dóibh.  In a lán áiteanna ar fud na hÉireann dhóití na toir aitinn san earrach nó i dtús an tsamhraidh chun na péacáin nó na buinneoga (young shoots -  feictear www.focal.ie ) óga a mhealladh chun saoil.  Thugtaí na buinneoga don stoc agus d’úsáidtí an luaithreach mar leasú talún.  Bhaintí úsáid as an adhmad chun camáin nó maidí siúil a dhéanamh.

Saturday, December 30, 2006

An tSail




An tSail, An Séú Litir Déag den tSeanaibítir

Ciallaíonn an tsail “sallow” nó “willow” i mBéarla.  Dar leis an Duinníneach thugadh na seanghramadóirí “banríon na litreach” (“Bainríoghan na litreach”) nó “méirdhreach” (meretrix) ar an litir ilghnéitheach seo. (Feictear lch 962 dá fhoclóir iontach).

Fásann an tsail go h-iondúil taobh le h-uisce agus nuair a chuirtear chomh tapaidh is a fhásann sí maille lena caitíní áille san áireamh is fuirist a fheiceáil gur siombal iontach í den torrthúlacht agus den bheatha.  Cloistear na focail seo go minic uirthi i mBéarla nuair a luaitear an tsail, sé sin, “sally” nó “sallow” agus tagann na focail seo chomh maith lena h-ainm Gaeilge ón bhfréamh Laidine i.e., “salix.”

Nuair a luaitear an tsail séard a léimeann isteach de ghnáth inár n-intinn ná go bhfuil an tsail bainteach leis an mbrón agus leis an ologón agus leis an gcaoineadh.  Eascrann an nós seo againn dar le Roy Vickery ón salm iontach clúiteach sin Salm 137: “By the rivers of Babylon we sat down and wept/ when we remembered Zion./ There on the willow trees/ we hung up our harps.”  Uaidh sin go h-iondúil cloistear an téarma “weeping willow” i mBéarla ar aon nós.  Níl a fhios agam an bhfuil an téarma sa Ghaeilige nó in aon teanga eile.  

Ach dar leis an gCoitireach níl an tsail bainteach leis an mbrón nó leis an gcaoineadh i nGaeilge ná i seantraidisiúin na nGael.  Go deimhin glaonn Suibhne Geilt “sail ghlan grinn” uirthi.  Is crann uasal amach agus amach í an tsail.  Luaití go minic í sa tseanfhilíocht ó thaobh a h-áílleachta dhe.  Bhéadh an t-ádh leat dá dtabharfá slat saile leat ag dul ar aistear duit.  Dá gcuirfeá slat saile agus an craiceann bainte de timpeall ar chuinneog (churn) bhéadh im deas agat.

Ar nóta pearsanta is cuimhin liom m’athair a rá go raibh sé de nós ag na seanmhúinteoirí náisiúnta lena linn (na ficheadaí den fhichiú h-aois in Éirinn) slait nó bataí a ghearradh ón tsail.  Tá clú agus cáil ar an sail chéanna de bharr a solúbthachta – úsáidtear na péacáin (shoots) chun ciseáin a dhéanamh.

Dheintí an Chláirseach Éireannach go traidisiúnta as adhmad na saile – tá an chláirseach is mó clú in Éirinn, sé sin ceann Bhriain Bhorraimhe (an ceathrú h-aois déag) atá le feiceáil i gColáiste na Tríonóide i mBaile Átha Cliath déanta go huile is go hiomlán as adhmad na saile.

Thursday, December 28, 2006

An Ruis


An Ruis, An Cúigiú Litir Déag den tSeanaibítir

An litir ata faoi chaibidil agam anseo nó an litir “r” nó an ruis mar a ghlaoití uirthi.  Ciallaíonn an ruis “elder”i mBéarla.  Níl cruth ró-ghalanta ar an gcrann seo.  Chomh maith leis sin tugann sé boladh uafasach uaidh.  Is siombal é dá bharr don olc agus don draíocht nó don asarlaíocht (withcraft).  Ach chomh maith leis sin caithfimid a mheabhrú dúinn féin go bhfuil luibh agus leigheas ann in aghaidh gríos cnis nó gríos coirp.

Dar leis an gCoitireach, deirtear go mbaineann trí chomhartha shuntasacha le h-áit thréigthe viz., an Ruis fein, an neantóg agus an traonach/an gear goirt (corncrake).  Ós rud é go bfuil an ruis bainteach  le caillí agus le h-asarlaíocht tá sé thar a bheith mí-ádhúil cliabhán a dhéanamh as a h-adhmad – ar eagla go dtitfeadh an leanbh bocht tinn nó go ngoidfeadh na síóga é/í.  Ma bhuailtear páiste le slat ón Ruis nach bhfásfadh sé nó sí amach ansin.

Cosúil le crainn eile atá bainteach leis an olc – an sceach gheal agus an crann creathach – chreidtí gurbh é seo an crann ar ar cuireadh Íosa Críost chun báis.  In Éirinn uair amhain chreidí gur dhiúltaigh an Ruis fothain a thabhairt do Chríost agus uaidh sin amach dob í an crann ba mhoille a theacht faoi bhláth .

Níl tairbhe ar bith in adhmad na Ruise ach is féidir fíon bhreá a dhéanamh as a bláthanna agus as a caortha.

Peith nó an Litir "P"


An Ceathrú Litir Déag den tSeanaibítir – nó an pheith nó an litir “p”




Ciallaíonn an focal “peith” an tor darb ainm “dwarf elder” (Sambucus ebulus) sa Bhéarla.  Dar leis an suíomh idirlíne www.botanical.com tá comhchiallaigh eile uirthi, mar atá “danewort, walewort, blood hilder.”  Is planda luibheach nó planda lusach é (herbaceous) ar féidir a chur ag fás i gcuimhseog bhláthanna (herbaceous border) agus ní fhásann sí thar trí throigh ar airde.  Tá duilleoga, bláthanna agus sméartha na peithe cosúil le cinn an troim (The Elder Tree) féinig.  Dar leis an suíomh céanna go dtagann an seanainm “Daneswort” ón gcreideamh gur eascair an planda gránna seo ó fhuil na nDanar a bhí ina naimde ag Éireannaigh agus Sasanaigh araon.  Oibríonn an planda seo mar phurgóid (purgative), mar sheileachán (expectorant), agus mar fhualbhrostach (diuretic).  Faightear an planda seo go minic in áiteanna mar sheanfhothraigh nó seanfhoirgnimh.  

Tuesday, December 26, 2006

An Tri Litir Déag den Sean Aibítir




An Triú Litir Déag den tseanaibítir – an Oir – nó an litir “O”

Is mithid dom leanúint ar aghaidh leis an sraith ar na seanlitreacha  a thosnaíos na míonna ó shin.  An litir atá faoi chaibidil agam anseo nó an “Oir” nó an litir “O”.

Tugann an Duinníneach trí chrann nó trí thor mar aistriúchán ar an bhfocal “Oir”, viz., “broom, furze, spindle tree; name of the letter o and the diphthong oi.” (p. 813) ach ar sheiceáil dhom na trí thor seo i leabhar iontach Mhic Choitir, Irish Trees: Myths, Legends and Folklore(The Collins Press, 2003) is é an “spindle tree” an t-aistriúchán is cruinne agus is beichte ar an oir.  Feictear leathanaigh 146-7 ach go h-airithe i leabhar an Choitirigh.  Luann Mac Coitir seanscéal amháin ón Dindshenchus (Dinnsheanchas) faoi character darbh ainm Cairpre Lifechair a bhí ciapaithe céasta ag ceithre éan Aonghusa – leanaidís é ‘chuile áit a théadh sé.  Chuaigh sé i gcomhairle le draoi darbh ainm Bicne.  D’fhiafraigh an draoi de cén treo as ar thainig na h-éin.  Dob é an freagra a fuair sé ná gurbh ón oirthear agus ó áit éirí na gréine a tháinig siad dá sciúirseáil.  Chuir Bicne an oir faoi dhraíocht tré ortha speisialta a chanadh.  D’fhás an oir seo suas thar barr na gcoillte uile agus rug sé ar an gceithre éan agus choiméad iad i ngéibheann ansan gan bheith ag cur isteach a thuilleadh ar Chairpre Lifechair bocht.  An rud is suimiúla sa mhéid seo ná go nasctar an oir leis an éanlaith agus leis an ngrian.

Ós rud e go bhfuil adhmad na h-oire an-chrua go deo déantar briogúin (skewers), bioranna fiacla (toothpicks), pionnaí (pegs) agus fearsaidí (spindles), agus is ón bfocal deiridh anseo a fhaigheann an crann a ainm féinig gan dabht.  Deir an Coitireach go bhfuil an “spindle tree” bainteach leis an an litir oghamach “Ór” a chiallaíonn “gold”.  (leathanach 147) N’fheadar an bhfuil sé sin fíor nó an bhfuil sé ag meascadh suas an “oir” leis an “ór”?  

Thursday, November 09, 2006

An Mhuin nó an tAonú Litir déag den tSean Aibítir


An t-aonú litir déag den seanaibítir – an Mhuin

Mar a deir an seanfhocal, “de réir a chéile is ea a thógtar caisleán.” Is amhlaidh an scéal leis an gcuntas atá á thabhairt agam ar litreacha na seanaibítire agus ar a gciall. Má tá leítheoirí ann dena postanna neamhchoiteanna seo amuigh ansin sa bhlagchruinne maithígí dul an mhoill le bhur dtoil!

An tseachtain seo is í an litir “m” atá idir chaibidil agam nó an mhuin mar a thugtaí air uair. Ciallaíonn an litir “m” seo an mhuin nó “vine” mar a thugtar air i mBéarla. Ach ní dóigh leis na scolairí gurb é sin an bplanda lena luaitear an litir “muin.” Is é is dóigh le Niall Mac Coitir gurb é an ramh-dhraighean nó an “buckthorn” an crann is mó atá bainteach leis an mhuin. An t-ainm as Laidin ata ar an gcrann seo ná Rhamnus catharticus. Dar leis an gCoitireach go gciallaíonn “muin” an téarma “thicket” as Béarla, agus aontaím leis. Molaim don léitheoir na leathanaigh seo leanas a léamh ina leabhar iontach galánta dar teideal Irish Trees: Myths, Legends and Folklore (The Collins Press, 2003): lch 90 – 91.

De réir an bhéaloideasa tá an crann seo, an ramh-dhraighean, bainteach leis an draighean (blackthorn) féinig, sé sin le rá gur crann a bhaineann leis an olc é an ramh-dhraighean. Sa Bhreatain sa seanaois bhí pisreog ann go raibh córóin spíne an tSlánaitheora déanta as adhmad an ramh-dhraighin. An paradacsa a bhí ann ná go raibh an crann ceanann céanna bainteach le cosaint in aghaidh an oilc chomh maith.

D’úsaidí caortha an ramh-dhraighin i leigheasanna áirithe, go speisialta mar phurgóid nuair a mheasctaí le mil iad.

Friday, November 03, 2006

An Luis







An Luis, nó an litir “l”, an deichiú Litir den Seanaibítir

Tugtar “quicken” ar an Luis de ghnáth i mBéarla ach ciallaíonn sé “rowan” chomh maith.  Mar sin is féidir dhá fhocal ar a laghad nó níos mó fiú a thabhairt air sa Bhéarla.  Sa bhéaloideas faighimid na h-aistriúchain seo ar an Luis: “Mountain Ash,” “Sorb Apple,” “Witchin,” “Wiggin Tree,”nó “Quicken.” Mar sin tá téarma eile, sé sin an caorthann, le fáil sa Ghaeilge mar ainm ar an gcrann clúiteach seo.  Faightear an crann seo go flúirseach ar fud na Breataine agus ar fud na hÉireann chomh maith le Mór Roinn na hEorpa.  O Bhealtaine go Meitheamh bíonn an luis faoi lánbhláth – bláthanna deasa bána a bhíonn air.  Tagraíonn an téarma Béarla “quicken”do chumhacht na beatha atá sa chrann seo agus tagraíonn an téarma eile sa Ghaeilge “an caorthann” do na caora breátha dearga a bhíonn ag fás air go luath san fhómhar.

Baineadh úsáid leathan as le linn na meánaoiseanna chun boghanna a dhéanamh, chun lámha nó cosa a chur in uirlisí agus chun babhlaí agus plátaí a chruthú.  Chomh maith leis sin dheintí subh as na caortha agus fiú fíona éagsúla in áiteacha éagsúla ar an Mór Roinn.

Dar leis na seandraoithe in Éirinn bhí cumhacht draíochta faoi leith bainteach leis an Luis chun daoine agus ainmhithe a choinneáil slán ó thine agus ó thintreach.  Tá an crann seo bainteach chomh maith leis an gcumhacht fhireann, sé sin le fearúlacht (I dtéarmaí eile, séard atá anseo ná cumhacht Yang).  Ghlaoigheadh na draoithe ar na déithe Lugha nó an Daghda chun cosaint a thabhairt dóibh in am an ghátair.  Chrochtaí píosa beag den Luis sna tithe chun dóitean a sheachaint agus timpeall mhuinéal chú chun luas a thabhairt dó le linn bheith ag fiach.  Bhaintí úsáid fhorleathan as i gcrónna na mba chun an bainne a chosaint agus chun na ba a choinneáil slán ó thubaist ar bith.  Ós rud é go raibh an Luis bainteach le tine agus le béithígh ní haon ionadh mar sin go raibh éileamh nach beag air le linn mhí an Mheithimh.  Sa seanaois in Éirinn thiomántaí an stoc idir dhá thine mhóra chun iad a choinneail ó gach mí-ádh agus ó gach baol.  Chaití an chéad toit ó gach tine a bheith ó adhmad an chaorthainn aon mhaidin Mheithimh ar bith.

Sinne a léigh an sean scéal clúiteach sin “Tóraíocht Dhiarmada agus Gráinne”is maith is cuimhin linn an tagairt do “Chaorthann Dubhrois”nó fiú “Caora Chaorthainn Dubhrois.” Bhí go leor súáilcí ag baint le Caorthann Dubhrois mar shampla ní bhuailfeadh tinn eile a d’ith na caortha ón gcrann speisialta sin.  Dá mbeithfeá céad bliana d’aois is dá n-íosfá de na caora ceananna céanna d’athrófá thar n-ais go triocha bliana d’aois.  Bhí an crann chomh cailiúil sin go raibh fathach mór a raibh aon mhórshúil amháin aige ina chloigeann mar chosantóir fíochmhar air – Tugadh an Searbhán Lochlannach ar mo dhuine.  Bhí ar Dhiarmuid bocht an fathach seo a dhúnmharú chun teach ar na caortha seo a theastaigh le géarghá ó Ghráinne bhocht.

Tá finscéal cáiliúil eile ann faoi Naomh Pádraig, Pátrún Naofa na hÉireann gur dhíbir nó gur ruaig sé ollphéist nó cailleach uafásach a bhí in ann tine nó dóiteán a chur as a béal (sórt dragúin ar ndóigh) ó Chruach Phádraig.  Tugadh an Chaorthannach ar an ollphéist seo.

Friday, October 13, 2006

An Naoú Litir den Seanaibítir



An Naoú Litir den seanaibítir

Is mór an náire dom é go bhfuil achar fada imithe tharainn ó scríobh mé sna leathanaigh seo an uair dheireanach.   Tá go leor fáthanna nó cúiseanna leis an easnamh uafásach seo.  Ar an gcéad dul síos bhí mé as baile nó ar laethanta saoire san Iodáil agus in Éirinn, go raibh méachan mór oibre le déanamh agam sa bhaile agus ar scoil, agus go raibh me gnóthach leis an dá bhlag eile atá agam.

Ach caithfidh me a adhmháil gur cuid thábhachtach de mo shaol í an Ghaeilge.  Cé nach bhfaighim cleachtadh sa bhaile bainim úsáid aisti ar scoil.  Is múinteoir le Gaeilge mé a bhfuil tuairim agus aon cheathrú d’aon chéad amháin curtha isteach agamsa ag an gclár dubh.  Cén fáth nach mbeinn tuirseach den seomra ranga nó den mhúineadh i ndiaidh na tréimhse fada seo?  Ar shlí amháin tá an ráiteas seo thar a bheith fíor, ach ar an taobh eile den scéal is bréag cruthanta é!  Is bréag cruthanta é mar cé go bhfuilim tuirseach nílim bréan den mhúineadh.  Is geal liom bheith ag deighleáil le daoine óga, go h-áirithe iadsan idir ceithre bhliana déag d’aois agus ocht mbliana déag d’aois.  Chomh maith leis sin tá suim ag cuid bheag acu ina dteanga dhúchais agus tá meon cuíosach dearfach ag a lán acu ina leith.  Admhaím go bhfuil meon uafásach diúltach ag a lán eile ina h-aghaidh.  

Bíodh sin is uile tá sé mar aidhm agam anseo leanúint ar aghaidh ón áit ar chríochnaigh me leis an sean aibítir.  


An íodha nó an “i” nó an naoú litir den aibítir.   An t-aistriúchán Béarla ar an litir seo ná “The ivy tree" nó fiú "the yew tree". Ós rud é go dtugtar “gath” ar an  G gaelach uaireanta agus go  gciallaíonn an litir sin an planda“ivy” sa Bhéarla agus go bfuil béaloideas na litreach sin mínithe agam sa pbost a scríobh mé faoin “g” cheana féin  cloífidh me leis an míniú ar “ivy tree”.  Nuair a sheiceálann tú an Ghaeilge ar “yew tree” in aon nuafhoclóir faigheann tú an focal “iúr”.  Ach is breá liom an focal “íodha” mar fuaimíonn sé cosúil leis an litir féinig.  

Tá duilleoga síorghlasa an íodha an-nimhneach go deo  agus mar sin is siombal iontach é den bhás.  Ta an t-adhmad féin an-chrua agus is siombal maith é chomh maith den tsíoraíocht nó den saol atá le teacht.  Faightear an íodha (na h-íodhadha) go flúirseach sna reiligí agus gan dabht taobh le séipéil.  Cuireadh na h-íodhadha chun teoranacha an tséipéil a leagadh amach.  Tá an focal “íodha” bainteach leis an focal SeanGhaeilge “fid nemed” nó “sacred grove”.  San Albain deirtear go bhfaigheann an t-oileán beag “Iona” nó Oileán Í a hainm ó chrann an íodha.

Chomh maith leis an méid thuas tá traidisíun eile ann a deireann gur cuireadh Íosa Chríost chun báis ar an gcrann seo toisc go bhfuil sé chomh baintach sin leis an mbás agus leis an síoraíocht.  In Éirinn fadó dheintí bachaill na n-easpag as adhmad an íodha ar an gcúis seo.

Maireann an íodha sách fada, i bhfad níos mó na céad bliain.   Tá sé ráite is scríofa fiú gur chodlaíodh Suibhne Geilt nó "Mad Sweeney" sna crainn seo agus go h-áirithe sna h-iodhadha i nGleann Bolcáin.

Toisc gur deineadh soithigh, boghanna, saighid, sleánna, agus doirse, frámaí fuinneoige agus rl as an adhmad seo ba cheann de chrainn uaisle na coille é an íodha, ball dena Airig Fedo.

Monday, July 03, 2006

An t-ochtú litir d'Aibítir na Gaeilge: Uath



An t-ochtú litir d’Aibítir na Gaeilge:  Uath = h

Anois, a chairde, tá se in am dúinn leanúint ar aghaidh leis an ngnó atá idir lámha againn, sé sin cur síos ar na litreacha éagsúla den chló gaelach.  An babhta seo is í an litir “h” atá faoi chaibidil againn, nó “uath” mar a thugtar uirthi sa seanchóras. (h)

Seo mar a deir foclóir an Duinnínigh: “Uath, whitethorn (hawthorn) tree, auxiliary letter in the Irish Alphabet, used to express aspiration, prevent hiatus etc…”  Tugtar “an sceach gheal”ar an “uath”agus aistrítear go Béarla é mar “whitethorn” nó “hawthorn”nó fiú “Maybush.”Tá sé éasca go leor an crann seo a aithint mar fásann bláthanna bána go tiubh is go trom air le linn Mhí an Mheithimh agus feictear é go forleathan ar fud na hÉireann.  Sa bhéaloideas tá an crann seo bainteach leis an slua sí nó “na daoine beaga.” Uaidh sin luaitear mí-ádh, tinneas agus fiú bás leis an gcrann céanna, go h-áirithe leis an gcrann aonair.  Cloistear scéal bealoideasa faoi fhear a ghoid roinnt sceacha geala ón reilig i gCill Rialaig i gCo, Chiarraí.  Deirtear gur tháinig an slua sí ina dhiaidh agus go raibh air iad a athchur sa reilig.  Fágadh fear eile gan lúth na gcos is na lámh i ndiaidh an cleas céanna a dhéanamh.

Rinne an “Folklore Society”sa Bhreatain suirbhé le déanaí agus fuarthas amach go bhféachtar ar bhláthanna na sceiche gile mar chomharthaí an mhí-áidh fiú sa la inniu. (Féachtar, Irish Trees: Myths, Legends and Folklore le Niall Mac Coitir, Collins Press, 2003, pp. 52-3)

Rud coitianta fosta an milleán a chur ar an sceach gheal toisc gurbh aisti a rinneadh crois Chríosta agus gurbh óna dealga a rinneadh an chóróin spíne.

Bhí sa de nós i gCo. Chiarraí bláthanna na sceiche gile a fhágaint ar an ndríosúr le linn Mhí an Mheithimh chun na h-ainsprioraid a choiméad taobh amuigh den teach.



Thuas tá pictiúr den sceach gheal fé bhláth a ghlacas cúpla seachtain ó shin i Newbridge House.

Wednesday, June 21, 2006

An Seachtú litir d'Aibítir na Gaeilge


An Seachtú litir d’Aibítir na Ghaeilge.

Tá achar fada ann ó scríobh mé aon rud sa bhlag seo.  Maithigí dom é, a léitheoirí.  Bhíos ró-ghnóthach ar scoil ar ndóigh!  Chomh maith leis sin bhuail slaghdán samhraidh mé agus níor dhoiligh dom é a chur díom – tá cuid bheag de fós orm.  Anois ar aghaidh leis na h-iontrálacha ar ár n-aibítir cháiliúil.

Tugtar “gath” nó, níos minicí “gort” ar an  G gaelach.  Ciallaíonn an litir seo an planda“ivy” nó“field” sa Bhéarla.  Tugtar “eidhneán”nó “eidheann” ar an ngath nó ar an ngort sa nua-Ghaeilge agus san alt seo bainfidh me úsaid as an téarma nua-ghlactha seo.  Tá an t-eidhneán ana-áisiúil ar fad chun seanbhallaí gránna a chlúdach.  Is san Eoraip is mó a bhaintear úsaid as an bplanda úsáideach seo, sé sin le rá gur minic a fhéachtar ar an eidheann mar fhiaile sna Stáit Aontaithe mar ionsaíonn  sé na crainn ansin murab ionann agus san Eoraip mar a mbíonn na geimhrí níos measa.  

Sa traidisiún tá an t-eidhneán bainteach leis an bhfiniúin – tá a gcuid dhuilleoga ar an gcruth ceanann céanna – i bhfoirm triantáin nó fiú I bhfoirm an chroí ar ndóigh.  Go deimhin, is amhlaidh go bhfuil an carúl Nollag san “The Holly and The Ivy” cloiste go min-minic againn uilig. Gan dabht ar domhan tuigimid go h-éasca go bhfuil caora an chuilinn bainteach le dath na fola – dath dearg fhuil Chríost.  Ach tuigtear go forleathan go bhfuil siombalachas ársa págánach i bhfad níos sine sa chúlra chomh maith.  San aimsir réamhchríostúil bhíodh garsún gléasta i gculaith déanta as duilleoga an chuilinn agus an cailín gléasta is ceann déanta as duilleoga an eidhneáin agus do théidís timpeall an bhaile gléasta mar sin – sé sin ag tabhairt an nádúr mar a déarfá díreach tríd an chuid is dorcha den bhliain – am na Nollag.

Sa dá traidisiún – sa Phágántacht agus sa Chríostaíocht – tá an t-eidhneán ( agus an cuileann ar ndóigh) fite fuaite leis an síoraíocht agus leis an aiséirí ó na mairbh. Deir saineolaithe áirithe go bhfuil Íosa Críost féin bainteach leis an seandia Rómánach san Bacchus nó leis an dia Gréigeach Dionysus – déithe araon na fíona agus an óil alcólaigh.  Deir siad go bhfuil baint ag an eidhneán agus an cuileann leis an mbeirt acu.  In Éirinn deirtear go gcónaíonn an dreoilín bocht, a ndéantar fiach air go traidisiúnta lá Fhéile Stíofáin, san eidhneán.

Chomh maith leis an méid atá luaite agam thuas tá traidisiún eile ann – traidisiún ceangailte le hOíche Shamhna.  In áiteanna in Éirinn sna seanlaethanta chuireadh gach duine sa teaghlach duilleog amháin den eidhnéan i mbáisín uisce thar oíche agus an mhaidin dar gcionn thagadh siad ar ais féachaint an raibh aon athrú tagtha ar na duilleoga.  Na daoine nár tháinig aon athrú dá laghad ar a nduilleoga mhairfidís le bliain nó níos mó gan ghalar ar bith.  Na daoine eile, bhuel, fágfaidh mé fúibh an cheist sin a fhreagairt.  

Saturday, May 20, 2006

An Séú Litir d'Aibítir na Gaeilge



An Séú Litir den Aibítir

Fearn (F) : The Alder Tree.  

Uaireanta tugtar an fhearnóg ar an bhfearn.  Bhaintí úsáid as adhmad an fheárna sna seanlaethanta chun sciatha (=shields) a dhéanamh.  Nuair a ghearrtar adhmad na fearnóige athraíonn an dath ó bhán go fuil-dhearg agus mar sin tá an crann seo bainteach leis an mbás agus leis an gcogadh.  Tá baint aige, chomh maith, leis an tine ós rud é go bhfuil an t-adhmad dearg agus leis an uisce toisc go bhfásann sé taobh le haibhneacha agus taobh le portaigh.

De ghnáth is crann mí-ádhúil é an fearn dar leis an mbéaloideas – go speisialta má ghabhtar thar an gcrann seo ar aistear nó ar thuras duit.  
Creidtear gurb í an fhearnóg “An Chraobh Rua” den traidisiún ársa scéalaíochta sin ar an nglaotar “An Rúraíocht”.  Is in Uladh a d’fhás an traidisiún seo agus b’ Ultaigh iad na saighdiúirí agus na laochra a bhí bainteach leis.  Clann Ruai(dh)rí a tugadh ar an gclann ónar eascair “An Chraobh Rua.”  Gan dabht ar domhan ciallaíonn an focal “Rua(dh)” “dearg” nó “red” i mBéarla.

Baineadh úsáid as adhmad an fhearna chun sciatha a dhéanamh chomh maith le babhlaí agus soithigh eile an tí.  Úsáideadh é, maille leis sin, chun gualach (=charcoal) a dhéanamh.  Baineadh úsáid as na caitíní (catkins) agus as an gcoirt (bark) le haghaidh dathacháin.

Saturday, May 13, 2006

An Cúigiú Litir: An Eadhadh

An Cúigiú Litir d’Aibítir na Gaeilge:



An Eadhadh: E :

I mBéarla tugtar an “Aspen” ar an gcrann seo nó an “Populus tremula” sa Laidin.  Ciallaíonn an aidiacht“tremula”rud a bhíonn ag croitheadh.  Mar sin uaireanta cloisimid an leagan Gaeilge seo ar an gcrann, sé sin, An Crann Creathach.

Nuair a bhíonn fiú leoithne bheag ghaoithe ann tosaíonn duilleoga an eadhadh ag croitheadh agus ag siosarnach.  Mar sin deirtear gur comhartha é de theacht an bháis agus do ghiorracht an domhain atá le teacht nó don ósnádúr!  Deirtear chomh maith go bhfuil baint ó thaobh na fuaime dhe le ceol na mara.

Sa bhéaloideas deirtear go bhfuil an crann seo mí-ádhúil toisc é a bheith bainteacht leis an mbás.  Mar sin d’fhás nós traidisiúnta suas I measc an phobail go raibh Crois Chríosta déanta as adhmad an Eadhadh.  Sin an fáth go mbíonn an Eadhadh ag croitheadh – mar tá an méid sin náire air de bharr an drochghnímh seo! I nGluais Chormaic léimid faoin slat draíochta ar a dtugadh “An Fé”a bhí déanta as adhmad an Eadhadh.  Baineadh úsáid as an diabhal rud seo chun corpáin na marbh a mheá nó a thomhas.  Chomh maith leis sin leimid ins na scéalta fiannaíochta go raibh na seanlaochra úd, Oscar, mac Oisín, agus Oisín féin ag croitheadh ar a gcosa cosúil leis an Eadhadh nuair a bhuail an seanaois iad!  Leimid fosta sa scéal iontach san “Uidheadh Clainne Uisnigh”gur thosnaigh Deirdre ag croith cosúil leis an Eadhadh nuair a leag sí a súile don chéad uair ar Naoise Mac Uisnigh!  Is amhlaidh go raibh an mbás nó an chinniúint ins an braistint seo!  Ta an Eadhadh gaolmhar leis an Phoibleog (Poplar) agus tá traidisiún an chaointe bainteach leosan chomh maith.  Tá adhmad an Eadhadh ana-bhog ar fad agus mar sin níor baineadh mórán úsáide as le haghaidh aon rud don teach ná don fheirm!

Friday, May 12, 2006

An Dair - an Ceathrú Litir d'Aibítir na Gaeilge



An Dair (D) nó an ceathrú litir d’Aibítir na Gaeilge



Tugann an dair adhmad maith áisiúil dúinn - adhmad atá an-láidir ar fad. Chomh maith leis sin, fásann a lán dearcán air a sholáthraíonn bia cothaitheach d’ainmhithe éagsúla.  Freisin, is féidir a rá gur crann uasal galánta é a mhaireann na cianta.  Uaidh sin is siombal é den neart, den torrthúlacht, den ríogacht agus den bhuanseasmhacht.  Léitear sa Táin go leagann Cú Chulainn dair mhór ar a scríobhann sé litreacha ogham i mbearna chun arm Mhéadhbhe a shárú.  Maille leis sin, léimid sa scéal iontach Fiannaíochta sin, Tóraíocht Dhiarmada agus Ghráinne  gur stop na leannáin cháiliúla seo ag áit darb ainm Doire Dá Bhaoth.  Nuair a ráinig an bheirt acu an áit san do ghearr Diarmuid seacht ndoirse as adhmad an doire (oakgrove) (Gan dabht ar domhan is ón bhfocal san a tháinig ainm na cathrach clúití “Doire”).  Rinne Diarmuid an gníomh seo chun iad féin a chosaint ar a lucht leanta nó ar a dtóraitheoirí, sé sin Fionn agus an Fhian.  Bhí cumhacht dhraíochta ag na doirse seo déanta as adhmad na daire – ní raibh na Fianna in ann dul tríothu.  Bhí orthu fanúint taobh amuigh go dtí go dtiocfadh an laoch amach dá dheoin féin.  Chomh maith leis sin feicimid láithreach go bhfuil imeartas focal in aigne an scríbhneora – “doire” agus “doirse”!

Is fada atá sé inghlactha gurb é an dair crann mór na ndraoithe.  Is ón scríbhneoir agus ón staraí clúiteach Rómánach Pliny a fhaighimid an t-eolas iontach tábhachtach seo.  Mar a deir sé fein: “The druids…held nothing more sacred than the mistletoe and the tree that bears it, always supposing that tree to be an oak.  But they chose groves formed of oaks for the sake of the tree alone, and they never perform any of their rites except in the presence of a branch of it; so it seems possible that the priests themselves may derive their name from the Greek word for that tree.” (See Irish Trees: Myths, Legends and Folklore, Niall Mac Coitir, Collins Press, 2003, p. 60)  A mhalairt ar fad a chreideann na saineolaithe nua-aimseartha faoi bhunús an fhocail “druid” nó “draoi”.  Deir siad go dtagann an focal seo ón gCeiltis, “dru-vid”, focal a chiallaíonn “an-léannta ar fad.”

Gan dabht tuigimid inniu go raibh leanúnachas idir an phágántacht agus an Chríostaíocht in Éirinn – sé sin do bhaist na Críostaithe nua na sean áiteanna agus na sean rudaí, mar shampla – Bhaist siad Cruach Phádraigh ar an sliabh a bhí tiomnaithe do shean dia na gCeilteach, sé sin Lugh. Mar an gcéanna leis an dair i ndairíre píre, mar shampla “Daire Calgaich” nó “Doire” (Derry) a bhunaigh Naomh Colmcille.  Bhí scoil mhainistreach ag Maigh Daireach (Oak Plain) nó Durrow.  Áit chailiúil eile gan dabht ná Cill Dara nó Kildare a bhunaigh Naomh Bríd.  Glacadh leis go raibh an seanchrann daireach beannaithe aici agus gur mhair sé leis na blianta mar fhoinse míorúiltí!

Ta pictiúr de dhilleoga na daire curtha ag barr an phoist seo agam!

Tuesday, May 02, 2006

An Coll nó an Tríú Litir den Aibítir






An Tríú Litir den Aibítir

Táim tar éis an cló a athrú don phost seo.  Anocht táim ag baint úsaid as Cló Gaelach (Twomey).  Mar a fheiceann sibh tá “s” (s) agus “r” (r) faoi Leith ag an gcló seo.  Taobh amuigh de sin níl mórán difríochtaí idir an cló seo agus sin de chuid Mhorley.  Feicim go bhfuil fadhb bheag leis an gcló féin, sé sin go bhfágtar spás litreach amháin díreach I ndiaidh “ú” i bhfocal ar bith!

Is é Coll an tríú litir den sean-aibítir.  Ciallaíonn coll “hazel tree” i mBéarla.  Tugtar “Corylus avellana” ar an gcoll i dtéarmaíocht eolaíochta na Laidine.  Arís faightear an coll taobh le haibhneacha nó locha agus mar sin is siombal é de thorthúlacht, d’aigne nó de ghaois, d’ionspioráid an fhile agus den eolas misteach.  Bhí ceangal nach beag ag Fionn Mac Cumhaill leis an gcoll, go háirithe le cnónna an choill.  Fuair Fionn a chuid eolais agus a chuid aigne tar éis dó a mhéar a dhó agus é ag cócaireacht an bhradáin fheasa.  Deirtear go raibh cnónna an choill mar bhia ag an mbradán ceanann céanna.  Fiú amháin deirtear go raibh sciath Fhinn déanta as adhmad an choill.  Na trí rudaí a chuir lucht Dé Danann muinín mhór iontu ná an Chéacht, an Ghrian agus an Coll.  Go deimhin is iad seo a leanas ainmneacha na dtrí ríthe deiridh den Tuatha Dé: Mac Cecht, Mac Gréine agus Mac Cuill.  Mar bhuille scoir ba mhaith liom an bhaint le hOíche Shamhna a lua – toisc go mbíonn cnónna an choill aibí um Shamhain.  I seandlíthe na mBreithiumhan luaitear an coll mar ceann de na “Airig fedo” nó crainn uaisle na coille.

Monday, May 01, 2006

An Dara Litir den Aibítir



Beith nó “Birch”
Beith = B = an dara litir d’ aibítir na Gaeilge.

Tugtar an t-ainm “Betula pendula” ar an “Silver Birch” agus an t-ainm “Betula pubescens” ar an “Downy Birch” sa Laidin – sé sin na hainmneacha  beachta eolaíochta atá orthu araon.  Tá an bheith bainteach le breith agus le páistí óga.  Baintí úsaid as an gcrann seo sna seanlaethanta chun scuaba a dhéanamh toisc  a leithéid de chraobhacha beaga is atá aici.   Bhíodh scuab beithe nach mór i ngach tigh sna seanlaethanta. Is siombal í an bheith mar sin den bhreith agus den athbhreith, den tsíoraíocht, den óige, den ghrá agus den ghlaineacht (= purity).  Sa scéal iontach sin a d’fhoghlaimíomar ar scoil – “Tóraíocht Dhiarmada agus Ghrainne” – léigheamar go ndearna Diarmaid leaba as luachair (rushes) agus as barr chraobhacha na beithe mar leaba grá dó fhéin agus do Ghráinne.

I bhfilíocht na Gaeilge sna sean laethanta tugtaí “finnbhean na coille” nó “the fair woman of the woods” ar an mbeith chéanna.  Chomh maith leis an leamhnán nó an ailm luaitear an bheith mar “aithig fedo” nó gnáthchrainn na coille.

Ag barr an phoist seo tá pictiúr de dhuilleog na beithe iniata agam.

Sunday, April 30, 2006

An Ailm nó an Leamhnán



  nó   a     an Ailm



Bheartaigh mé an post seo a scríobh sa bhunchló gaelach Bunchló GC le Vincent Morley.  Is féidir le h-éinne an cló seo a íoslódáil saor in aisce ón suíomh seo ar an idirlíon:

http://www.smo.uhi.ac.uk/~oduibhin/mearchlar/fonts.htm

Mar a fheiceann sibh níor fhoghlaimigh mé fós conas nasc beag galánta gan an méid uafásach sin d’ fhocail a úsáid.  Chomh maith leis sin feicim nach bhfuil aon eochair ann chun an ponc a úsaid in áit an tséimhiú (nó ar cheart dom a scríobh “in áit an tséimhithe” – an mbeadh sé seo i bhfad níos cirte? – níl a fhios agam).  

Mar a dúirt mé i bpost roimhe seo baistear “ailm” nó “elm” (sa Bhéarla) ar an gcéad litir san aibítir Ghaelach.  Crann iontach uasal é an ailm chéanna.  Ghlaoigh seanfhundúirí na Stáit Aontaithe “Bean Uasal na Foraoise” ar an ailm Mheiriceánach.

Tugtar “Leamhnán” ar an “ailm” chomh maith sa Ghaeilge.  Tá an leamhnán nó an ailm bainteach leis an torthúlacht (fertility).  Is é an “Wych Elm” nó an “Ulmus glabra” (Ainm Laidine) an t-aon sórt ailme atá in Éirinn ó dhúchas.  I seandlí na mBreitheamhan ba cheann tábhachtach é des na “Aithig fedo” nó de ghnathchrainn na coille.  Is crann é an leamhnán atá bainteach le cosaint agus le cothú daoine agus ainmhithe maille leis sin – go h-áirithe d’fhaightí iad in aice na dtobar beannaithe.  Baintí úsaid leathain as adhmad an leamhnáin chun báid a dhéanamh nó chun foirgnimh a  thógáil in áiteacha taise.  Deineadh na chéadphíobaí uisce as adhmad na h-ailme ar an gcúis chéanna.


Tá bláthléaraid curtha agam thuas ag barr an phoist seo a léaraionn duilleoga an leamhnáin. Chomh maith leis sin tá litir ornáideach den "a" Gaelach curtha isteach agam - nil a fhios agam ce hé no cé hi an cruthaitheoir nó an dearthóir. Caithfidh me é sin a sheiceáil chun aitheantas a thabhairt dó nó di.