Bhuel, a chairde, táim díreach tar éis filleadh ar mo theach tar éis sos ró-bheag a chaitheamh istigh ar an oileán. Bhí an áit bríomhar beomhar mar is gnách ag an am seo den bhliain le glórtha geala na scoláirí óga atá ag freastal ar an chéad chúrsa foghlamtha. Bhí spiorad iontach, mar is gnách gan aon agó i measc na múinteoirí fosta. Agus chuala mé nuacht ana-shuntasach gurbh í Gaeltacht Árainn Mhóir an t-aon Ghaeltacht a raibh méadú (as cuimse) ar líon na scoláirí inti, agus go raibh na huimhreacha titithe beagnach i ngach aon Ghaeltacht eile. Bhuel, comhghairdeachas do Mhánas agus dá fhoireann iontach - tá sibh ag déanamh éachta thuas ansin. Cathfidh mé a rá go mbraithim uaim an t-oileán, na daoine cairdiúla ón oileán agus gan dabht an fhoireann bhreá mhaith atá thuas ag Mánas - tá an t-ádh leis na scolairí múinteoirí den scoth sin a bheith acu -aon uair a fhágaim í. Bím suite go brónach i mo charr ar an mbád farraingteoireachta ag amharc isteach ar an chloch ghalánta ghlas breactha le h-aol.
Is doiligh go leor na laethanta gruama seo nuair nach gcloistear aon rud ar na meáin seachas drochscéalta faoi oibrithe dá ligean chun siúil bheith in ísle brí. Is rí-dhoiligh fosta éirí siniciúil faoin bpolaitíocht, faoi gheileagar na tíre, faoi chaimiléireacht na mbaincéirí, faoi fhíor-dhrochstaid an chórais leighis, fiú faoi staid na Gaeilge agus faoi fhabhanna eile gan aon agó. Ach is amhlaidh gurb iad na daoine óga lena mbeocht, lena mbrí agus lena bhfuinneamh a choimeádann muid óg agus dearfach. Chomh maith leis sin is rí-dheas a fheiceáil go bhfuil suim fós ag an méid sin daoine óga sa Ghaeilge. Tugann sé instealladh dóchais dom tar éis beagnach ocht mbliana fichead a chaitheamh ag gabháil dá teagasc go bhfuil siad ann a bhfuil grá acu don Ghaeilge, seantheanga ár muintire. Sin an fáth go bhfuil scoileanna samhraidh chomh tábhachtach sin dúinn go léir mar Ghaeil agus mar chultúr atá i bhfad níos difriúla ná an cultúr Béarla a roinnimid leis na Sasanaigh. Agus nílim ag fáil aon lochta ar an dara cultúr sin atá againn.
Chun críoch a chur ar an bpost beag seo ba mhaith liom mo bheannachtaí a sheoladh siar ó thuaidh don Choláiste, dá fhoireann iontach uile agus do mhuintir an oileáin. Chuir sé idir bhrón agus inspioráid i mo chroí bhocht nuair a ghlaoigh mé isteach ar Kathleen Boyle, bean uasal cróga lena bhfanainn sna seanlaethanta dom nuair bhí mé ag teagasc sa choláiste. Mar is eol do chách tá Kathleen ag tabhairt togha na h-aire dá chéadmhac Neil sa bhaile. Bheannaigh mé don leaid bocht. Chaitheas uair a chloig léí agus caithfidh mé a rá go raibh mo chroí nach mór briste ar mo bhealach síos chun an bháid - a leithéid sin d'fhulaingt a fheiceáil ar láimh amháin agus a leithéid sin de ghrá máthara ar an láimh eile. Gheall mé di go bhfillfinn sara i bhfad.
Caithfidh mé iarphost a chur lena bhfuil ráite agam thuas. D'iarr Mánas orm léitheireacht bheag de mo chuid dhánta fein a thabhairt don dá ardrang i Scoil Athphoirt. Caithfidh mé a rá gur bhain me an taithneamh agus sult as sin a dhéanamh dó. Pribhléid domsa ab ea é scaifte chomh béasach, tuisceanach, múinte a bheith mar lucht éisteachta, agus gan dabht ar domhan scaifte a raibh an méid suime sin acu sa Ghaeilge. Bhí a fhios agam go raibh mé ar thalamh naofa an fhile dhúchais, talamh naofa Phroinsias Mhic an Bhaird, ach tá súil agam go maithfidh sé dom é. Mar a dúirt mé sa teideal ar an bpíosa beag omóis seo: Árainn Mhór abú!
Is é seo mo chéad bhlag as Gaeilge. Beidh gach iontráil sa bhlag seo sa teanga sin - teanga ar náisiúin agus ár sinsear. Táim an-bhróidiúil ar fad as bheith i mo Ghael agus as an nGaeilge atá ar mo thoil agam. Is cuid thábhachtach dár bhféinaitheantas í an Ghaeilge agus tá súil agam cur leis an méid Gaeilge atá cheanna féin ar an mblagchruinne! Beannacht leat a scríbhinn agus beannachtaí breise ar gach a léann thú!
Popular Posts
-
Anois tá na h-uimhreacha de na daoine bochta a maraíodh to tubaisteach sa chrith talún in Abruzzo na hIodáile fós ag ardú. Ó scríobh mé sa ...
-
Seanbhád in Árainn Mhór Bhuel tá an iomarca ama sleamhnaithe isteach ó scríobhas puinn ar phár na blagchruinne anseo in Aisling! Déanta...
-
Dánta is Geal Liom 7 Táim ag filleadh arís san alt seo ar dhánta an Díreánaigh. Ní bhíonn sé ag plé mórán le cúrsaí achrannacha an anama a...
-
Mo choischéimeanna féin i gCoill Sheantraibh le déanaí Bhuel, a chairde dile, tá an aimsir atá againn anois ar a laghad feiliúnach don Sé...
-
Ins an bpost deireanach luaigh mé cé chomh doimhin, géarchúiseach, agus gan dabht tuisceanach, is atá léargas Nic Dhomhnaill ar chúrsaí ban...
-
De ghnáth ní dhéanaim fógraíocht ar an mblag seo, ach tá mé díreach tar éis ríomhphost molta cineálta a fháil ó bhean arb ainm dí Nóra Áine ...
-
Dánta is Geal Liom 4 Mar a dúirt mé i mo phost inné is breá liom dánta de chuid Sheáin Uí Ríordáin. “Cén fáth sin?” a deir tú. Bhuel tá me...
-
Is cuimhin liom na blianta ó shin bheith i láthair ag léacht iontach i gColáiste na hOllscoile , Baile Atha Cliath . Is amhlaidh gur tugadh ...
-
Alan Harrison (1943-2005) Is maith is cuimhin liom an sár-léachtóir le Gaeilge agus an cumarsáidí cumachtach sin Alan Harrison . Is cúis mh...
-
Dánta is Geal Liom 10 Ba mhaith liom caint faoi dhá dhán is ansa liom sa phost cuíosach fada seo. Is féidir leis an léitheoir an dá cheann ...
Showing posts with label Brón. Show all posts
Showing posts with label Brón. Show all posts
Friday, July 09, 2010
Tuesday, June 01, 2010
Ar Ais Arís!!
Bhuel a chairde, ní thuigim cé chomh scioptha is a ghabhann na laethanta tharainn. Seo sinn agus mí an Mheithimh buailte linn agus muid ar thairseach an tsamhraidh. An uair dheiridh a scríobhas ar phár na blagchruinne bhí an domhan Gaelach faoi mhórbhrat bán an tsneachta. Sleamhnaíonn an t-am isteach ró-thapaidh ar fad. Ach sin mar a bhíonn cúrsaí i gcónaí is amhlaidh.
Táim díreach tagtha abhaile ó shocraid mo chol ceathar agus ualach an bhróin trom go leor ar mo ghuaillí. Fuair Briain bás go tobann an deireadh seachtaine seo d'imigh tharainn. Is amhlaidh gur bhuail taom titimis é - bhí an laige sin ann leis na blianta. Ní raibh sé ach cúpla bliain thar seasca agus é roinnt bhlianta éirithe as obair. Níor mhair sé fada go leor chun luach mhaith a shaothair a bhaint as a phinsean. Ach sin an saol.
Anois táim beagnach saor ó shrianta na bliana acadúla - faighimid laethanta saoire an tsamhraidh ar an Aoine seo. Bliain fhada thuirsiúil a bhí ann dom óir bhíos gafa le cúrsa acadúil - dioplóma san oideachas do dhaoine a bhfuil riachtanais speisialta orthu. Mar sin ní bhfuir mé deis aon rud a chumadh nó a scríobh sa bhlag Gaeilge seo agam. Caithfidh mé a admháil gur bhraitheas uaim an Ghaeilge. Chomh maith leis sin táim éirithe as an Ghaeilge a mhúineadh agus is amhlaidh go gcuireann sé sin isteach agus amach ar mo chumas sa teanga chéanna. Ar an láimh eile dhe bainim sásamh thar na bearta as an post nua atá agam ag teagaisc macléinn le Siondróm Asperger, Uathachas,nó iad siúd a bhfuil míchumais eile mar dhisléicse, diospraicse nó míchumais fhoghlama ginearálta orthu, bíodh sé sin éadrom nó meánach. (Asperger's Syndrome, Autism, dyslexia, dyspraxia, general learning disability, whether mild or moderate.)
Bhuel, táim druidte anois chun deiridh. Caithfidh mé críoch de shórt éigin a chur leis na smaointe fánacha seo agam. Caithfidh mé filleadh ar thobar na Gaeilge, bíodh sé sin sa léitheoireacht nó sa scríbhneoireacht féin. Gan dabht ba cheart agus ba chóir dom blaganna as Gaeilge a léamh agus fiú machnamh a dhéanamh orthu. Uatha san cuirfidh mé le mo stór focal gan aon agó.
Táim díreach tagtha abhaile ó shocraid mo chol ceathar agus ualach an bhróin trom go leor ar mo ghuaillí. Fuair Briain bás go tobann an deireadh seachtaine seo d'imigh tharainn. Is amhlaidh gur bhuail taom titimis é - bhí an laige sin ann leis na blianta. Ní raibh sé ach cúpla bliain thar seasca agus é roinnt bhlianta éirithe as obair. Níor mhair sé fada go leor chun luach mhaith a shaothair a bhaint as a phinsean. Ach sin an saol.
Anois táim beagnach saor ó shrianta na bliana acadúla - faighimid laethanta saoire an tsamhraidh ar an Aoine seo. Bliain fhada thuirsiúil a bhí ann dom óir bhíos gafa le cúrsa acadúil - dioplóma san oideachas do dhaoine a bhfuil riachtanais speisialta orthu. Mar sin ní bhfuir mé deis aon rud a chumadh nó a scríobh sa bhlag Gaeilge seo agam. Caithfidh mé a admháil gur bhraitheas uaim an Ghaeilge. Chomh maith leis sin táim éirithe as an Ghaeilge a mhúineadh agus is amhlaidh go gcuireann sé sin isteach agus amach ar mo chumas sa teanga chéanna. Ar an láimh eile dhe bainim sásamh thar na bearta as an post nua atá agam ag teagaisc macléinn le Siondróm Asperger, Uathachas,nó iad siúd a bhfuil míchumais eile mar dhisléicse, diospraicse nó míchumais fhoghlama ginearálta orthu, bíodh sé sin éadrom nó meánach. (Asperger's Syndrome, Autism, dyslexia, dyspraxia, general learning disability, whether mild or moderate.)
Bhuel, táim druidte anois chun deiridh. Caithfidh mé críoch de shórt éigin a chur leis na smaointe fánacha seo agam. Caithfidh mé filleadh ar thobar na Gaeilge, bíodh sé sin sa léitheoireacht nó sa scríbhneoireacht féin. Gan dabht ba cheart agus ba chóir dom blaganna as Gaeilge a léamh agus fiú machnamh a dhéanamh orthu. Uatha san cuirfidh mé le mo stór focal gan aon agó.
Labels:
Bás,
Brón,
Dobhrón,
Fealsúnacht Bhaile,
Gaeilge,
Machnamh,
Scríbhneoireacht
Sunday, November 22, 2009
Randamacht agus Oirchill
Is amhlaidh gurb é ceann de na rudaí is mó a chuireann sceon orainn - agus uafás fiú - ná an randamacht neamhphearsanta a bhaineann leis an saol i gcoitinne. Tarlaíonn a lán rudaí de sheans nó de thaisme, ach táthar ann a deir nach dtarlaíonn aon rud faoin spéir saolta go randamach, gurb amhlaidh go dtiteann rudaí amach faoi stiúr phleananna doiléire dothuigthe rúndiamhaire Dé. Uair amháin agus mé im’ ógánach neamhurchóideach agus fiú im’ fhear óg soineanta chreid mé a leithéid siúd, sé sin nach dtarlódh aon rud de sheans nó de thaisme ar an saol seo ach go dtitfeadh gach rud amach ina am cuí féinig agus in a am cuí féinig arís faoi scáth diamhair mistéireach oirchill Dé. Séard atá i gceist ag na diagaithe le h-oirchill nó le deonú Dé ná go bhfuil plean nó cuspóir uileghábhálach ag an gCruthaithóir – cuspóir uileghabhálach nach bhfuilimid in inmhe a shamhlú fiú gan trácht ar é a thuiscint in aon chur. Sea cinnte, is daoine beaga neamhshuntasacha sinn i gcomparáid le fairsinge agus scóipiúlacht na cruinne féin. Tagann an rann clúiteach sin de chuid Shakespeare chun chuimhne dom, na focail a chuir sé i mbéal Gloucester i dtraigéide King Lear:
“As flies to wanton boys are we to th' gods,
They kill us for their sport.”
Bhuel bíodh sin nó na bíodh. Bíodh Dia ann nó ná bíodh. Is cuma sa tsioc ar shlí. Nílim chun Dia a dhiúltú nó a bhréagnú anseo mar a dhéanann a léitheidí mar Richard deisbhéalach binnbhriathrach Dawkins. Ar an láimh eile dhe nílim chun é nó í a chosaint ach an oiread – a rá go bhfuil oirchill de shaghas éigint taobh thiar den domhan tathagach seo ‘gainne.
Séard atá i gceist agam anseo ná an eispéireas dothuigthe, uafásach, scanrúil sin a bhriseann is a scriosann an duine daonna nuair a thiteann rudaí tragóideacha truamhéalacha amach cosúil leis an timpiste uafásach sin a tharla le déanaí ar bhóithre na Gaillimhe. Gan dabht tagraím don tionóisc chinniúnach sin (Feictear an nasc seo: Tragóid ) a tharla ar an mbóthar idir Baile an Mhuilinn agus Ballindine i gContae na Gaillimhe Dé Máirt seo caite a d’fhág ceathrar scolaire óga – cailíní óga iad go léir ins na ficheadaí luatha – chomh marbh le clocha fuara ar an ród fuarchúiseach. Ba mhicléinn iad uile in Ollcoil na Gaillimhe. Ní raibh siad ach ag tairseach an tsaoil. Ba randamach tragóideach an buille dóibhsan agus dá muintir uilig. Tháinig cailín bocht amháin slán ach tá an créatúr bocht fós i mbaol - í sínte gan aithne gan urlabhra ar chlár a droma in oispidéal Beaumont anseo láimh liom i mBaile Atha Cliath. Ba mhaith liom mo bheannachtaí a chur chuici agus chuig a muintir uilig in am seo a ngátair. Ní féidir linn a mbuairt ná a bhfulingt a thuiscint. Chuala mé nath éigint uair amháin a deir: "Scríobhann an Cruthaitheoir le línte cama nach féidir linn a léamh." Fágaim cíoradh an natha ait sin libh a leitheoirí díle.
Scriostar sinn i ndiaidh tragóide chomh h-uafásach leis an gceann a luaigh mé díreach ansin - agus ba cheart agus ba chóir go scriosfaí mar is fíor luachmhar leochailleach an bláth é an saol. Agus, a chairde croí, ní bláth ilbhliantiúil é ach an oiread.
Bainigí uile súp agus sult as an saol fad a mhaireann sibh! Mar a deir an seanrann sin:
“Maireann an chraobh ar an bhfál ach ní mhaireann an lámh do chur.”
Labels:
Bás,
Brón,
Dobhrón,
Fealsúnacht,
Fealsúnacht Bhaile,
Fulaingt,
Grá,
Macántacht,
Olc,
Seanfhocail,
Slad,
Taisme,
Timpiste,
Tionóisc,
Truamhéil,
Uafás
Subscribe to:
Posts (Atom)
