Popular Posts

Wednesday, December 21, 2011

Beannachtaí na Nollag

Is ró-annamh a leagaim peann ar phár, a chairde, nó b'fhéidir go mba cheart dom a rá gur ró-annamh ar fad a leagaim mó lámha ar eochairchlár mo ríomhaire glúine is an Ghaeilge á scíobh agam.  Is mór an náire dom é gan roinnt chleachtaidh a dhéanamh ionas nach ndearmadfadsa mo chuid Ghaeilge.  Ar aon nós ta séisiúr na Nollag inár mullach aríst agus ró-thapaidh ar fad!  Ní fios cá n-imíonn an t-am ar chor ar bith.  Táim ag iarraidh gach rud a chur in ord agus in eagar sa bhaile anseo i gcomhair na Nollag.  Caithfidh mé a adhmháil nach bhfuil mórán suime agam sa tráth seo den bhliain.  Tuigim daoibh a bhfuil páistí agaibh mar is tráth iontach spéisiúil, tráth draíochta, fiú misteach ar bhealach dóibh siúd.  Is maith is cuimhin liom cé chomh mór is a bhíodh sceitimíní áthais agus ionaidh orm nuair a bhí mé an-óg.

Ar a laghad is briseadh ocáideach tráthúil é chun ár suaimhneas a ghlacadh ó fhrustrachas an ghnáthlá oibre.  Táimse féin is mo dheartháir ag dul soir ó dheas go dtí Soverato i gCalabria na hIodáile Lá 'le Stiofáin ar feadh coicíse.  De ghnáth nuair a ghluaisim go dtí an Mhór Roinn braithim i bhfad níos Gaelaí ná mar a bhraithimse ag a' baile.  Nuair a chloisim an Iodáilis mórthimpeall orm braithim gur Gael mé seachas duine a bhfuil Béarla ar a thoil aige.  Is amhlaidh go mb'fhearr liom mé fhéin a chur i iúl ar dóigh difriúil ón mBéarla.  Ar scor ar bith níl mo chuid Iodailise chomh maith le mo chuid Ghaeilge ach tá sí á feabhsú agam.  Is breá liom teangacha a fhoghlaim agus a labhairt.  Nuair a bhíonn duine sa chomhtháacs ceart, sé sin i measc comhluadair ar dúchas dó an teanga sin tagann na focail i bhfad níos éasca do theanga an fhoghlaimeora.  Sin mar a bhíonn cúrsaí nuair a théimse féin siar go dtí aon ceann dena Gaeltachtaí nó fiú soir ó dheas go dtí an Iodáil - tagann na teangacha éagsúla faoi seach chun chuimhne gan stró.

Maithigí dom nach bhfuil aon rud ró-dhomhain a rá seachas na rámhaillí cinn seo.  Go dtí go mbeidh rud éigint níos fiúntaí le rá agam, slán agaibh.

Ar aon nós sula scarfaidh mé libh, ba cheart dom Nollaig shona a bheannú le cách.  Go mbaine sibh sult is súp is 'chuile shórt áthais, craic is aoibhneas as an mbriseadh.