Popular Posts

Sunday, January 20, 2008

Is Fearr an tSláinte ná na Táinte




De réir mar a théimid in aois is ea a fhoghlaimímid – de ghnáth ar aon nós. Admhaím go bhfuilid ann nach ndéanann amhlaidh. Bíodh sin mar atá, foghlaimíonn formhór dínn de réir mar a shleamhnaíonn na blianta istigh. Caithfidh mé a rá gurb é an seanfhocal seo ceann des na cinn is fearr liom. Tá neart eagna agus mórán gaoise ann ceapaim: “Is fearr an tsláinte ná na táinte.” Uaireanta de réir an tSeabhaic, sé sin, Padraig Ó Siocfhradha, chuirtí dhá fhocal sa bhreis leis uaireanta, mar atá: “Is fearr an tsláinte ná na táinte (ar cnoc)”

Ciallaíonn an focal “táin” tread nó scata eallaigh le chéile. Is fuirist a thuiscint an dá fhocal sa bhreis más ea – sé sin d’fhéadfá fiú na táinte a fheiscint go soiléir ar na conic. Is rí-shoiléir agus so-fheicthe go gciallaíonn “táinte” saibhreas an tsaoil nó rachmas i dtír mar Éire atá bunaithe ar talamhaíocht.

Ar ais anois chuig smaointe mo chéad ailt. Ceann des na rudaí a fhoghlaimímid ná nach féidir le h-éinne aon bhlúire dá chuid mhaoine a thabhairt leis nó léí in am an bháis. Bhí seanfhocal Béarla ag m’athairse, sé sin, “There are no pockets in a shroud.” Is amhlaidh gur féidir é sin a aistriú go Gaeilge i bhfocail mar: “Níl aon phocaí i marbhfháisc.”

Mar sin múineann an seanfhocal seo ceacht maith tábhachtacht dúinn agus peirspictíocht thráthúil ar an saol.

Rud suntasach eile le tabhairt faoi deara inár seanfhocail ná gur féidir leis na h-eisteoirí sult agus súp a bhaint as draíocht na bhfocal. Bíonn imeartas focal nach beag ag baint leis na seanfhocail chéanna. Anseo, gan aon agó tá imeartas focal i gceist maidir leis an dá fhocal “tsláinte” agus “táinte.” Mar sin, ní amhain go mbíonn gaois agus eagna le fáil sna seanfhocail ach bíonn saibhreas teanga ag baint leo chomh maith.



Tá pictiúr beag uaslódáilte agam thuas, snap a ghlacas le linn dom féin agus dom' dheartháir Gearóid bheith ar saoire i dTuscán na hIodáile. Grianghraf de chraobhacha arda na gcrann ag Pistoia - Samhradh 2006.

Friday, January 18, 2008

Is ar Scáth a chéile a Mhaireann na Daoine





Téigh siar chomh fada agus is féidir leat sa stair nó fiú níos faide siar sa réamhstair agus is amhlaidh a fhoghlaimeoidh tú nach féidir leis an duine daonna maireachtáil ina aonar. Braithimid ar a chéile. Mairimid i gcomhluadar áirithe, i bpobal faoi leith, in áit shuntasach – agus tugann na nithe go léir seo aitheantas nó féin-aithne dúinn mar dhaoine. Is Éireannach mé agus tugann sin aitheantas nó aithne faoi leith dom mar dhuine ar dhromchla an domhain seo. Is as baile beag darb ainm Ros Cré mé – mar sin is Tiobraid Árannach mé – díreach ó lár na tíre. D’fhág an baile beag sin blas na dúiche sin ar mo ghuth. Ach táim lonnaithe i mBaile Átha Cliath ó bhí me sé bliana d’aois. Mar sin, ar shlí d’fhéadfa a rá go bhfuil níos mó de Bh’láth Cliathach ionam seachas Tiobraid Árannach, ach bíodh sin is uile d’fhág an dá áit seo a rian féinig orm mar dhuine. Fuaireas mo chuid scoilíochta anseo i mBaile Átha Cliath agus is amhlaidh gur sheol an t-oideachas iontach san ar bhóthar mo leasa mé maidir le h-ollscoilíocht agus gairm bheatha.


Níos mó ná sin, áfach, braithimid ar a chéile i gcónaí. Mar a dúirt an Ministéir Anglacánach agus mórfhile Bhéarla John Donne “Ní oileán aon duine dúinn” – “No man is an island.” “Is cuid den mhórthír sinn go léir agus nuair a fhaigheann éinne ar bith ar aithne dúinn bás cailltear cuid shuntasach dínn.” Sin a dúirt Tréadaí Ard-Eaglais Naomh Pól i seanamóir iontach a thug sé uair amháin san Ard-Eaglais chéanna. Is fíor dhó gan aon agó. Ar chomhchéim le bunsmaointe an Mhinistéara Anglacánaigh seo tá seanfhocal Gaeilge ann a deir – “is ar scáth a chéile is ea a mhaireann na daoine,” – agus tá an brí cheanann chéanna ag an dá insint. Is daoine sinn a mhaireann, ní amhain le chéile ach go mbraithimid ar a chéile, go gcónaímid i scáth agus ar scáth a chéile.

Is brónach agus fiú caointeach, tragóideach agus truamhéalach an rud é gurb in amanta na géirchéime, in amanna móra – cosúil le tubaistí móra ar thír nó ar mhuir mar bhás agus bá go dtuigimid an fhírinne atá sa seanfhocal cumasach tábhachtach seo. Is ansan a thuigimid go domhain istigh ionainn go mbraithimid go mór ar a chéile. Is fíor mar sin don síciatraí Harry Stack Sullivan nuair a deir sé nach ar an duine aonar ar cheart don saineolaí meabhrach staidéar a dhéanamh ach ar an duine i gcomhthéacs na teagmhála a bhíonn aige le daoine eile. Thug Dr Sullivan an téarma “síocanailís idirphearsanta” ar an sórt anailíse seo.



D'uaslódalas thuas pictiúr de sheandhriosúr a ghlacas in Ionad Dhún Chaoin le linn an bhriseadh leath-théarma 2005.

Tuesday, January 15, 2008

Giorraíonn Beirt Bóthar





Is amhlaidh nach bhfuil aon mhódh múinte chomh cumhachtach tarraingteach agus fiú eifeachtach le scéal a insint nó a aithris. Na blianta ó shin leigh mé na leabhair iontacha a scríobh Bryan MacMahon, gearrscéalaí cumhachtach Éireannach. I leabhar amháin a scríobh sé, leabhar iontach dar teideal The Master, dúirt se gurbh é bua na scéalaíochta an bua ba mhó a bhí aige le linn a shaol múinteoireachta. Is maith is cuimhin liom chomh maith m’uncail Tomás, deartháir mo mhátharasa, ag insinst scéalta dúinn agus muid óg. Ní túisce é tosnaithe ar scéal nó go rabhamar bun ós cionn sáite i bpé eachtra a bhí á h-aithris aige.


Go deimhin níl aon rud chomh suimiúil tarraingteach le scéal béaloidis. Nuair a bhíos i mo leaid óg hhainainn an-taitneamh go deo as na seanscéalta a léimis sna seanleabhair scoile. Is maith is cuimhin liom a leithéidí mar Oisín i dTír na nÓg, Clann Lír Conas Mar a Fuair Diarmuid an Ball Seirce Uidhe Clann Uisnigh á n-aithris ag ár múinteoirí nó a léamh againn-ne ar scoil. Chuaigh na seanscéalta i gcionn go mór orainn mar bhí bua na scéalaíochta ag na seanscéalaithe nó ag na seanchaithe nó fiú ag ár seanmhúinteoirí féinig. D’fhoglaimíomar uathu cumhacht agus áilleacht na samhlaíochta. Chuaigh rithimí na bhfocal fiú i gcionn nó i bhfeidhm orainne. Ní gá bheith i do mhórscoláire amhail a leithéidí mar Joseph Campbell chun tuiscint a bheith agat ar cé chomh tábhachtach is a bhí na seanscéalta d’ár bhféinaithne nó d’ár bhféinaitheantas mar chine ar leith agus fiú d’ár bhféinmhuinín asainn féin mar náisiún leithleach i measc naisiún eile an domhain.


Léigh me seanscéal uair amháin faoi dhéagóir óg a bhí ag fás aníos. Uair amháin chuaigh an fear óg amach chuig tigh áirneáil “ag bothántaíocht” mar a thugtaí air seo ó dheas sna Gaeltachtaí sa tseanaimsir. Nuair a shroich sé an tigh d’éist sé leis na scéalta is na hamhráin ó bhéal na ndaoine a bhí bailithe, ach nuair a iarradh air scéal d’aithris, mo léan, ní raibh scéal ar bith aige. Séard a bhí i gceist leis an scéal suntasach suimiúil seo ná gur rud mór é scéal traidisiúnta nó amhrán ó na seanlaethanta a bheith ar eolas agat chun tú féin a chur in iúl sa chomhluadar nó chun féinaithne agus féinmhuinín a bhaint amach duit fhéinig.


An seanfhocal a chuir ag smaoineamh anseo mé na an ceann sin a deir: “giorraíonn beirt bothar” Chuirtí an seanfhocal seo i mbéal an Ghobáin Saoir – soar chloiche mór cailiúil a bhí ins an nGobán céanna a d’iarr ar a mhac an bothar a ghiorrú lá dá ndeachadar amach ar thuras áit eigin. Níor thuig an mac cad a bhí i gceist ag a athair. Is ansin a mhínigh an t-athair an seanfhocal cumhachtach seo, sé sin nuair a thosaíonn beirt nó níos mó ag caint is ag comhrá is ag cur tré cheile nó ag insint nó ag aithris seanscéalta is amhlaidh go ngiorraíonn siad an turas. I bhfocail eile, sé sin le rá, nach mothaíonn siad an t-am ag sleamhnú isteach nuair a bhíonn siad ag caint is ag malartú scéalta le chéile. D’fhoghlaim an mac scéal cumhachtach agus seanfhocal cumasach an lá sin. Bígí ag insint scéalta is ag giorrú na mbóithre mar sin!!




Thuas ag barr an phoist seo ta beirt de mo chairde a bhfuil suim acu sa Ghaeilge. Glacadh an grianghraf gar do Ghleann Choilm Chille i nDún na nGall cúpla bliain ó shin!

Muna bhfuil ach poc gabhair agat bí i lar an aonaigh leis!




Féinmhuinín agus Féiniúlacht


Bhí féinmhuinín ariamh ag na Meiriceánaigh astu féin. Is amhlaidh gurb é an fáth búnúsach leis sin ná gur naisiún ollmhór í inar chuir go leor náisiúnaithe ó chuile chearn den domhan fúthu chun éalú ó ghéarchéim éigin nó ó bhochtannas ainnis a dtíortha dúchasacha. Caitheadh le gach éinne go cothrom sa Domhan Nua. Má bhí fonn oibre orthu d’éirigh go rí-gheal leotha. Muna raibh chlis orthu dul chun cinn ar bith a dhéanamh, ach ní raibh mórán leisceoirí i dteannta na gcéad-imirceach. Ba náisiún ollmhór muiníneach cruthanta é an náisiún úrnua seo – Stáit Aontaithe Meiriceá. B’imircigh chuig an Domhan Nua a lán de ghaolta mo Dhaid – clann Uí Chaoinleáin – ag deireadh an naoú h-aois déag. Is ansin a d’fhoghlaimigh siad féinmhuinín agus féiniúlacht úrnua cumhachtacht cosúil leis na mílte mílte eile Éireannaigh a d’fhág an tOileán Glas gan filleadh riamh ar a dtír dhúchais.


Deirtear agus ceapaim go bhfuil an ráiteas seo rí-fhíor, sé sin go mbíodh coimpléasc ísleachta ar na hÉireannaigh ariamh. Duine de chomhleacaithe Freud, síciatraí darbh ainm Alfred Adler, a chum an téarma iontach úsáideach seo. Is cuimhin liom staraí Éireannach, an tOllamh Hayes-McCoy, á rá i seactóidí na haoise seo caite, go raibh coimpléasc ísleachta comhchoiteann (“collective inferiority complex) ar na Gaeil mar dhaoine nó mar chine ariamh toisc gur rabhadar brúite fá chois leis na cianta ag náisiún eachtrannach – an Bhreatain Mhór. Is amhlaidh go bhfuil an coimpléasc comhchoiteann céanna ar tí a dhíothaithe ó rugadh an Tíogar Ceilteach sna luath-nóchaidí den aois seo d’imigh tharainn. Ó na nóchaidí i leith tá glúin nua éirithe suas in Éirinn a bhfuil féinmhuinín úrnua láidir acu iontu féin agus féiniúlacht chumhachtach acu mar chine iontach leithleach i measc na náisiún eile ar an domhan.

Spreag seanfhocal beag ar ar smaoinigh mé le déanaí an méid a scríobhas thuas, sé sin:

“Mura bhfuil ach poc gabhair agat, bí i lar an aonaigh leis!”

Is amhlaidh go bhfuil an seanfhocal seo intuigthe agus nach gá é a mhíniú.


Thuas ag barr an phoist seo chuir mé grianghraf de phoc gabhair a ghlacas le mo chéad cheamara digiteach sa bhliain 2001.